mean squared error (MSE) | meán na n-earráidí cearnaithe (MEC)
mean squared error (MSE) (ainmfhocal): meán na n-earráidí cearnaithe (MEC)
Sainmhíniú (ga): Feidhm phionóis a fhaigheann earráid gach uile réamhinsinte, a chearnaítear an earráid sin, agus a chomhaireann ar deireadh meán na n-earráidí cearnaithe.
Sainmhíniú (en): A loss function that finds the error of every prediction, squares that error, and then calculates the mean of all of those squared errors.
Tagairtí:
Nótaí Aistriúcháin:
- Cé nach bhfuil an téarma iomlán ar fáil sna foclóirí thuas, táthar in ann é a chumadh go díreach as focail a bhfuil an bhrí chéanna, nó brí chomhchosúil, leo.
- Is é 'earráid mheán na gcearnóg' atá ar Téarma.ie. Ní ghlactar leis sin toisc gur cosúil gurb ionann sé sin agus earráid(mheán an gcearnóg) -- sin le rá, go bhfuil tomhas earráide comhairthe ar mheán na gcearnóg. Ní shin atá i gceist le 'mean square error' ach meán(earráid^2). Meastar go bhfuil 'meán na n-earráidí cearnaithe' níos oiriúnaí mar sin sa gcás seo.
- Beadh 'earráid chearnaithe mheánach' go maith chomh maith mar théarma, ach roghnaíodh 'meán na n-earráidí cearnaithe' toisc é a bheith níos léire.
- Féach chomh maith ar an téarma 'error / earráid'.
- Féach chomh maith ar an téarma 'mean / meán- nó meánach'.