mean reciprocal rank (MRR) | meán na ranganna deilíneacha (MRD)
mean reciprocal rank (MRR) (ainmfhocal): meán na ranganna deilíneacha (MRD)
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs liosta ranganna, an tomhas meán(1 / rang_i) a chomhairtear air (do gach uile rang rang_1...rang_i...rang_n).
Sainmhíniú (en): In the context of a ranked list, the metric mean(1 / rank_i) that is calculated on it (for every rank rank_1...rank_i...rank_n).
Tagairtí:
Nótaí Aistriúcháin:
- Cé gurb é 'meán-rang deilíneach' an leagan is litriúil ann, bheadh sé rud beag aisteach an leagan sin a úsáid, toisc go bhféadfaí é sin a léamh mar deilín den meán-rang (.i. 1 / (meán-rang)), seachas mar mheán na ranganna deilíneacha ar fad (.i. meán(1 / rang_i)). Is é an dara rud, cinnte, atá i gceist anseo (meán na ranganna deilíneacha). Ní bhíonn an fhadhb seo i mBéarla -- is ionann 'mean reciprocal rank' agus meán(1 / rang_i) toisc struchtúr theanga an Bhéarla, nach ionann agus struchtúr na Gaeilge. Toisc gur rud amháin é 'meán-rang', is éard is 'meán-rang deilíneach' ann ná 1 / (meán-rang) -- rud nach bhfuil i gceist leis an téarma seo. Ní féidir glacadh le 'meán-rang deilíneach' mar sin.
- Tá cúpla roghanna ar leith ann chun meán(1 / rang_i) a chur in iúl -- 'rang deilíneach meánach, nó 'meán na ranganna deilíneacha'. Meastar go mbeadh meán na ranganna deilíneach níos léire dá bhfuil i gceist, agus glactar leis mar sin.
- Tá cosúlacht idir 'mean rank' agus 'mean recirpocal rank' i mBéarla. Níl sna leaganacha Gaeilge anseo -- déantar é sin d'aon ghnó. Is cuma an bhfuil cosúlacht theangeolaíochta idir an dá théarma, ach amháin go gcuireann siad araon an bhrí cheart in iúl.
- Féach chomh maith ar an téarma 'mean (statistic) / meán'.
- Féach chomh maith ar an téarma 'rank / rang'.