instantiation (concept) | leagan
instantiation (concept) (ainmfhocal): leagan
Sainmhíniú (ga): Sampla de choincheap nó de chreatlach, nach ionann agus réad matamaiticiúil / ríomhaireachta.
Sainmhíniú (en): An instance or example of a concept or framework, other than a mathematical / computational object.
Tagairtí:
- leagan: De Bhaldraithe (1978), Dineen (1934), Ó Dónaill et al. (1991), Ó Dónaill (1977)
Nótaí Aistriúcháin:
- Ní i gcomhthéacs eolaíochta a luaitear an téarma seo, ach is le brí chomhchosúil atá sé luaite.
- Más gá a léiriú gur rud coincréiteach atá i gceist le 'leagan', seachas rud teibí, moltar 'coincréiteach' a úsáid, i dtaca le Foclóir Uí Dhónaill agus Foclóir De Bhaldraithe.
- Tá an t-aistriúchán céanna luaite i dtéarma eile sa bhfoclóir seo. Sin ráite, tá an bhrí a bhaineann le 'leagan' i nGaeilge leathan go leor le go bhfuil sé in ann seasamh isteach sa dá chás. Beidh sé léir go leor ón gcomhthéacs cén ceann acu atá i gceist.
- Is é 'ascú' atá ar Téarma.ie Ní ghlactar leis sin toisc nach bhfuil fiansise dó sna foclóirí dúchasacha. Thairis sin, is cosúil go dtagann sé an an bhfréamh 'ásc' atá luaite i bhFoclóir Uí Dhónaill mar fhocal nach mbíonn úsáid leis ach amháin i gcúpla frása áirithe ar leith. Ní mheastar go bhfuil sé oiriúnach mar théarma mar sin.
- Féach chomh maith ar an téarma 'representation / leagan'.