representation | leagan
representation (ainmfhocal): leagan
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs leabuithe graif eolais, leabú nó veicteoir a dhéanann ionad (ar leibhéal matamaiticiúil) réada nó coincheapa sa ngraf.
Sainmhíniú (en): In the context of knowledge graph embeddings, an embedding or vector that (at a mathematical level) stands for an object or concept in the graph.
Tagairtí:
- leagan: De Bhaldraithe (1978), Dineen (1934), Ó Dónaill et al. (1991), Ó Dónaill (1977)
Nótaí Aistriúcháin:
- Ní i gcomhthéacs eolaíochta a luaitear an téarma seo, ach is le brí chomhchosúil atá sé luaite.
- Is minic a úsáidtear an téarma 'representation' i gcomhthéacs nach bhfuil teicniúil / matamaiticiúil; m.sh. 'Each node in a knowledge graph is a representation of a real-world object or concept'. Cé go bhfuil an frása sin an-teicniúil ann féin, ní gá téarma sainmhínithe a úsáid chun 'representation' a chur in iúl ann. Ina leithéid sin de chás, is leor 'cur síos' (nó frása eile cosúil leis sin) chun an bhrí sin a chur in iúl. Mar shampla, 'Déanann gach uile nód i ngraf eolas cur síos ar réad nó ar coincheap a bhaineann leis an domhan'.
- Ina theannta sin, is minic gur féidir an focal 'léiriú' a úsáid. Cé go mbeifeá in ann 'léiriú' a úsáid seachas 'leagan' anseo, glactar le leagan toisc go bhfuil brí níos cúinge leis, rud a ligeann dó trácht ar rud díreach ar leith gan mearbhall a chur ar an léitheoir.
- Más leagan briathair (.i. 'to represent') atá uait, moltar: 'déan ionad (ruda)', 'seas do', frása le 'cur síos / léiriú', nó mar sin (féach ar Fhoclóir De Bhaldraithe chun tuilleadh samplaí a fháil).