epoch | seal
epoch (ainmfhocal): seal
Sainmhíniú (ga): Geábh iomlán feabhsaithe ina fheiceann an tsamhail ríomhfhoghlama chuile shonra sa tacar traenála aon uair amháin.
Sainmhíniú (en): A full pass of optimisation in which the machine learning model sees every data point in the training set exactly once.
Tagairtí:
- seal: De Bhaldraithe (1978), Dineen (1934), Ó Dónaill et al. (1991), Ó Dónaill (1977)
Nótaí Aistriúcháin:
- Is iomaí focal ar féidir a úsáid chun an bhrí seo a chur in iúl (geábh, babhta, timthriall, sealad, srl). Roghnaíodh 'seal' toisc é a bheith ag tagairt ar geábh foghlama agus ar tréimhse ama, díreach mar a bhíonn lucht ríomhaireachta ag samhlú 'epoch' ríomhfhoghlama.
- Bíonn cúpla focal luaite le bríonna comhchosúla ar Téarma.ie: 'tardhul' agus 'sealad'. Ní léir cad as a thagann 'tardhul', agus níl rian air mar fhocal i bhfoclóir dúchasach ar bith. Ní ghlactar leis mar sin. Tá 'sealad' le feiceáil ar Téarma.ie chomh maith, ach ní luíonn sé le comhthéacs ríomheolaíochta. Déanann “sealad” trácht ar thréimhse ama de réir Fhoclóir Uí Dhónaill. Tá an-chiall leis sin i gcomhthéacs 'epoch' na Geolaíochta. Ach i gcomhthéacs ríomheolaíochta, is ionann 'epoch' agus 'iteration' amháin tríd an tacar traenála. Sin an bhrí atá luaite le 'seal' ar Teanglann, agus is mar sin a ghlactar leis thar 'sealad' mar théarma.