environment | comhthéacs cóid
environment (ainmfhocal): comhthéacs cóid
Sainmhíniú (ga): Comhthéacs a úsáidtear chun tionscadal cóid a scaradh ó thionscadal eile, agus ina bhfuil leaganacha áirithe de gach uile leabharlann chóid atá in úsáid stóráilte agus sainmhínithe.
Sainmhíniú (en): A context that is used to keep various coding projects isolated, and in which specific versions of coding libraries are stored and defined.
Tagairtí:
- comhthéacs: De Bhaldraithe (1978), Ó Dónaill et al. (1991), Ó Dónaill (1977)
- cód: De Bhaldraithe (1978), Dineen (1934)*, Ó Dónaill et al. (1991), Ó Dónaill (1977)
Nótaí Aistriúcháin:
- * Tá an focal 'cód' i bhFoclóir Uí Dhuinín, ach is le brí 'a code, a codex, a book' atá sé luaite. Ní dócha go rabhthas ag trácht ar cód ríomhaireachta sa bhFoclóir sin, toisc é a bheith níos sine, agus aidhm níos ginearálta (seachas teicniúil) a bheith aige.
- Tá 'timpeallacht' ar Focloir.ie agus ar Téarma.ie lena aghaidh seo. Sin ráite, meastar go mbeadh sé sin rud beag ró-litriúil -- tá an cuma ar an scéal ó Fhoclóir Uí Dhónaill agus Uí Mhaoileoin (mar shampla) go mbíonn 'timpeallacht' úsáidte chun trácht ar chúrsaí a bhaineann leis an saol. Luann Foclóir Uí Dhónaill le 'surroundings' é -- sin le rá, baineann sé leis an rudaí atá timpeall ar rud. Ní shin atá i gceist le 'environment' cóid. Is éard atá i gceist le 'environment' cód ná cnuasach leabharlanna atá úsáidte mar chuid de thionscadal cóid amháin. Ní hé go bhfuil siad 'timpeall' air. An choincheap is tábhachtaí ná, i gcomhthéacs cóid amháin, is ionann an t-ordú 'python' agus Python 3.7. I gcomhthéacs eile, is ionann an t-ordú 'python' agus Python 3.9. Agus ar eile. Mar sin, séard a dhéanann comhthéacs cóid ná comhthéacs a thabhairt don ríomhaire le go dtuigfeadh sé na horduithe atá tugtha dó.