database | bunachar sonraí
database (ainmfhocal): bunachar sonraí
Sainmhíniú (ga): Bailiúchán sonraí ar ríomhaire a bhfuil struchtúr loighciúil righin leis.
Sainmhíniú (en): A collection of data on a computer with a strict logical structure.
Tagairtí:
- bunachar*: Dineen (1934), Ó Dónaill (1977)
- sonra: féach ar an téarma 'data / sonraí'
Nótaí Aistriúcháin:
- * Úsáidtear 'bunachair' mar leagan iolra den téarma seo, cé nach bhfuil leagan iolra den fhocal 'bunachar' luaite i bhFoclóir Uí Dhónaill.
- Tá 'bunachar sonraí' ar fáil mar aistriúchán ar 'database' ar Focloir.ie agus ar Téarma.ie, ach níl i bhfoclóir ar bith eile a úsáidtear sa tráchtas seo (.i. Ó Dónall, Ua Duinnín, srl). Sin ráite, tá idir 'bunachar' agus 'sonra' ar fáil i go leor foclóirí eile, agus níl fianaise ar bith ann go mbeadh an téarma 'bunachar sonraí' mí-nádúrtha dá bharr sin. Móide sin, níl cúis ar bith téarma eile le brí gaolmhar (m.sh. 'foras sonraí') a chumadh nuair atá téarma cuí ann cheana féin. Glactar le 'bunachar sonraí' mar sin.
- Féach chomh maith ar an téarma 'data / sonraí'.