data leak | sceitheadh sonraí
data leak (ainmfhocal): sceitheadh sonraí
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, an rud a tharlaíonn nuair atá sonraí ón tacar deimhnithe / teisteála le feiceáil le linn an phróisis thraenála, rud a bhfuil ró-fhoghlaim mar thoradh air.
Sainmhíniú (en): In the context machine leaning, what happens when data from the validation / testing set can be seen during the training process, leading to overfitting.
Tagairtí:
- sonra: féach ar an téarma 'data / sonraí'
- sceith: De Bhaldraithe (1978), Dineen (1934), Ó Dónaill (1977)
Nótaí Aistriúcháin:
- Téarmaí díreach ar fáil leis an mbrí chéanna (ach i gcomhthéacs neamh-theicniúil).
- Is é 'scéith' seachas 'sceith' atá i bhFoclóir Uí Dhuinín, ach glactar leis gurb in an focal céanna.
- Tá an frása 'rún a sceitheadh, to divulge a secret' i bhFoclóir Uí Dhónaill. Tá sceitheadh sonraí díreach cosúil le sceitheadh rúin -- ba cheart go mbeadh sonraí teisteála rúnda le linn an phróisis thraenála. Muna bhfuil, is sceitheadh rúin atá ann -- agus an rún ná na sonraí teisteála iad féin.
- Féach chomh maith ar an téarma 'data / sonraí'.