weight | ualach
weight (ainmfhocal): ualach
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama nó matamaiticiúil, uimhir scálach a mhéadaítear le slonn (go háirithe chun raon na luachanna aschuir ón slonn sin a athrú nó a shrianadh); nó, uimhir scálach a úsáidtear mar lipéad (mar shampla, ar chodanna de ghraf).
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning or mathematics, a scalar number that is multiplied with an expression (especially to change or restrict the range of values output by that expression); or, a scalar value used as a label (such as on elements of a graph).
Tagairtí:
- ualach: De Bhaldraithe (1978), Dineen (1934), Ó Dónaill et al. (1991)*, Ó Dónaill (1977), Williams et al. (2023)
Nótaí Aistriúcháin:
- Luann Foclóir Uí Dhónaill agus Stórchiste 'ualaigh' (briathar) mar théarma staitistiúil, ach ní luann siad 'ualach' sa gcomhthéacs céanna. Sin ráite, tá an fréamh céanna acu araon, agus ní féidir frása eile le 'ualach' (m.sh. uimhir ualaithe) a chumadh toisc go mbeadh ciall ar leith leis sin (.i. uimhir a bhfuil ualach curtha leis, seachas an t-ualach é féin).
- Tá ciall leis an téarma 'ualach' -- ní Béarlachas é. I gcomhthéacs an meicnice staitistiúla, tá baint díreach idir ualaigh (mar uimhreacha) agus ualaigh mheicniúla. Ní hé gur aistriúchán ar fhocal Béarla é 'ualach', ach gur leagan Gaeilge de choincheap eolaíochta atá ann.
- Tá 'weight -> ualach' ar fáil ar Téarma.ie -- agus tá ciall leis sin toisc go nglacann Foclóir Uí Dhónaill leis an téarma 'ualaigh' mar théarma staitistiúil.
- Cé go bhfuil focail le bríonna comhchosúla leis seo (uimhir, uimhir scálach, paraiméadar, srl), ní oireann ceann ar bith acu don bhrí shainmhínithe atá de dhíth anseo. Is féidir iad a úsáid in ionad an téarma seo go minic, ach ní i gcónaí.
- Athrú ó v1.1 alfa -- bhí an téarma seo aistrithe mar 'uimhir ualaigh' cheana, as 'uimhir' agus 'ualach'. Ní shin an téarma ceart, áfach, agus rinneadh é a chur i gceart don leagan seo den Fhoclóir Tráchtais.