training | traenáil
training (ainmfhocal): traenáil
Sainmhíniú (ga): An próiseas a bhaineann le feabhsú samhla ríomhfhoghlama trí shonraí a thabhairt di.
Sainmhíniú (en): The process of optimising a machine learning model by giving it data to learn from.
Tagairtí:
- traenáil: De Bhaldraithe (1978), Ó Dónaill et al. (1991), Ó Dónaill (1977)
Nótaí Aistriúcháin:
- Ní bhíonn an téarma seo luaite i gcomhthéacs ríomhaireachta sna foclóirí thuas. Cé is moite de sin, luaitear é i gcomhthéacs cosúil go leor (.i. ainmhí nó duine a thraenáil).
- Tá 'oiliúint' ar Téarma.ie, ach ní ghlactar leis an téarma sin. De réir Fhoclóir Uí Dhónaill, bíonn tréitheanna níos daonna ag baint le hoiliúint seachas le traenáil. Thairis sin, is minic agus “oilte” úsáidte chun “skilled” a chur in iúl -- ach ní hionann samhail ríomhfhoghlama a bheith traenáilte agus scil ar bith a bheith aici -- teipeann ar an bpróiseas traenála torthaí maithe a fháil go minic. Ní bhíonn an chlaontacht sin ag baint le 'traenáil', agus glactar leis mar sin.