relation(ship) | ceangal
relation(ship) (ainmfhocal): ceangal
Sainmhíniú (ga): Cuid de ghraf a nascann (nó a cheanglaíonn) dhá nód le chéile.
Sainmhíniú (en): An element of a graph that serves to connect two nodes.
Tagairtí:
- ceangal: De Bhaldraithe (1978), Dineen (1934), Ó Dónaill et al. (1991), Ó Dónaill (1977)
Nótaí Aistriúcháin:
- Is mar thagairt d'fheistiú (le rópa) a úsáidtear an téarma seo den chuid is mó sna foclóirí thuas. Sin ráite, is féidir a rá chomh maith go bhfuil dhá nód a bhfuil ceangal eatarthu 'feistithe' lena chéile. Ní mheasann an t-údar gur bac ar bith é sin ar úsáid an fhocail 'ceangal' leis an mbrí nua seo.
- Seo an téarma céanna is a úsáidtear chun 'edge' a chur in iúl, toisc go bhfuil an bhrí chéanna le 'edge' agus 'relationship' i gcomhthéacs graf eolais i mBéarla.