random seed | fréamh randamach
random seed (ainmfhocal): fréamh randamach
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomheolaíochta, uimhir a thugtar do ghineadóir uimhreacha randamacha lena bheith úsáidte ina algartam chun sraith uimhreacha randamacha a chumadh.
Sainmhíniú (en): In the context of computer science, a number that is given to a random number generator to be used in its algorithm to generate a series of random numbers.
Tagairtí:
- fréamh: De Bhaldraithe (1978), Dineen (1934), Ó Dónaill et al. (1991), Ó Dónaill (1977)
- randamach: féach ar an téarma 'random / randamach'
Nótaí Aistriúcháin:
- Ní bheadh ciall ar bith ag dul le 'síol randamach' (nó mar sin) toisc nach síol litriúil é 'random seed'. Is uimhir í a úsáidtear chun sraith ollmhór uimhreacha randamacha a chruthú. I bhfocail eile, is é an 'random seed' fréamh na sraithe randamaí. Glactar leis an bhfocal 'fréamh', mar sin, seachas lena leithéid de 'síol'.
- Bheadh ciall le téarmaí eile (m.sh 'bunús randamach'). Roghnaíodh 'fréamh' ní toisc go bhfuil sé níos fearr ná na roghanna eile, ach toisc gur téarma léir (amháin) é sa gcomhthéacs seo.
- Féach chomh maith ar an téarma 'random / randamach'.