neuro-symbolic | néar-shiombalach
neuro-symbolic (aidiacht): néar-shiombalach
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, bunaithe ar úsáid feabhsúchán uimhriúil agus ar rialacha / ar loighic i gcaoi éigin.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, based on the use of numeric optimisation as well as logic / rules in some manner.
Tagairtí:
- néar(a)-: Ó Dónaill et al. (1991), Ó Dónaill (1977), Williams et al. (2023)
- siombalach: féach ar an téarma 'symbolic / siombalach'
Nótaí Aistriúcháin:
- Tá go leor téarmaí teicniúla cruthaithe as an bhfréamh 'néar-' le feiceáil i bhFoclóir Uí Dhónaill agus i Stórchiste. Cé go luann Foclóir Uí Dhónaill agus Uí Mhaoileoin 'néar-' agus 'néara-' mar réimíreanna, is é 'néar-' a fheictear i gcónaí i bhFoclóir Uí Dhuinín agus i Stórchiste (m.sh. sna focail 'néarshnáithín' agus 'néar-ríog'). Is dá bharr seo a roghnaíodh 'néar-shiombalach' seachas '* néara-shiombalach'.
- Is é 'néar-shiombalach' a roghnaíodh seachas 'ríomh-shiombalach' (nó mar sin) toisc go mbaineann mórchuid na modhanna ríomhfhoghlama 'neuro-symbolic' le líonraí néaracha.
- Féach chomh maith ar an téarma 'symbolic / siombalach'.