library | leabharlann (chóid)
library (ainmfhocal): leabharlann (chóid)
Sainmhíniú (ga): Cnuasach cóid caighdeánach a chuirtear le chéile chun cuidiú le tionscadail chóid eile, agus atá ar fáil (den chuid is mó) go poiblí agus saor in aisce.
Sainmhíniú (en): A collection of standardised code that is put together to help with other coding projects, and that is (typically) available publicly and for free.
Tagairtí:
- leabharlann: De Bhaldraithe (1978), Dineen (1934), Ó Dónaill et al. (1991), Ó Dónaill (1977)
- cód: De Bhaldraithe (1978), Dineen (1934)*, Ó Dónaill et al. (1991), Ó Dónaill (1977)
Nótaí Aistriúcháin:
- * tá an focal 'cód' i bhFoclóir Uí Dhuinín, ach is le brí 'a code, a codex, a book' atá sé luaite. Ní dócha go rabhthas ag trácht ar chód ríomhaireachta sa bhFoclóir sin, toisc é a bheith níos sine, agus aidhm níos ginearálta (seachas teicniúil) a bheith aige.
- Luann na foclóirí eile 'cód' le brí chomhchiallach le 'code' ríomhaireachta.
- Is trí analach a cruthaíodh an téarma Béarla 'library', toisc leabharlann chóid a bheith úsáidte mar chnuasach cóid caighdeánach a bhfuil rochtain go forleathan (agus saor in aisce) air chun córais ríomhaireachta a fhorbairt. Ní droch-analach é sin -- agus ní bhraitheann sé ar choir chainte an Bhéarla ach ar choincheap teibí. Glactar leis mar sin, agus úsáidtear 'leabharlann' anseo.
- Cuirtear an focal 'cód' leis seo (.i. 'leabharlann chóid', seachas 'leabharlann') toisc nach bhfuil an úsáid seo an-choitianta i nGaeilge, agus toisc gur léire é mar théarma leis an sainmhíniú sin. Sin ráite, ní gá an focal 'cód' a choinneáil leis más léir ón gcomhthéacs cad atá i gceist (agus go háirithe má tá an téarma 'leabharlann chóid' luaite cheana).
- Tá an-chathú le téarma a chuma as nua -- 'códlann'. Cé go bhfuil 'cód' agus '-lann' in úsáid go forleathan i nGaeilge, ní cainteoir dúchais mé, agus ní mhothóinn compordach téarma mar sin a chruthú nuair atá téarma eile (.i. 'leabharlann chóid') in ann an bhrí cheannann chéanna a chur in iúl gan focal ar leith a chumadh as nua.