implementation | leagan infheidhmithe
implementation (ainmfhocal): leagan infheidhmithe
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomheolaíochta, cód infheidhmithe de shamhail ríomhfhoghlama nó d'algartam eile i dteanga ríomheolaíochta.
Sainmhíniú (en): In the context of computer science, executable code of a machine learning model or other algorithm in a coding language.
Tagairtí:
- leagan: De Bhaldraithe (1978), Dineen (1934), Ó Dónaill et al. (1991), Ó Dónaill (1977)
- feidhmigh: De Bhaldraithe (1978), Ó Dónaill et al. (1991), Ó Dónaill (1977)
Nótaí Aistriúcháin:
- Is féidir an-chuid leaganacha ar leith a chruthú de gach uile shamhail ríomhfhoghlama (i dteangacha ríomheolaíochta ar leith, mar shampla). Ní bhíonn leagan ar bith 'níos cirte' ná leagan eile -- déanann siad an rud céanna. Is mar seo a chinneadh an focal 'leagan' a úsáid -- tugann sé le fios gur féidir leaganacha eile, atá ar chomhchéim lena chéile, a chruthú.
- Ar an leibhéal is bunúsaí, bíonn feidhm le gach uile 'implementation'. Ní 'implementation' gan bheith in ann é a chur ar siúl ar ríomhaire. Mar sin, baineann feidhmiú mar choincheap go díreach le 'implementation' mar théarma.