grid search | cuardach ar eangach
grid search (ainmfhocal): cuardach ar eangach
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs cuardaithe hipear-pharaiméadar, cuardach a dhéantar ar eangach hipear-pharaiméadar agus ina mbíonn gach uile theaglaim hipear-pharaiméadar measúnaithe.
Sainmhíniú (en): In the context of a hyperparameter search, a search that is done on a grid of hyperparameters and in which every possible combination of hyperparameters is evaluated.
Tagairtí:
Nótaí Aistriúcháin:
- Cé go bhfuil an focal 'eangach' i bhFoclóir Uí Dhónaill agus Uí Mhaoileoin agus i bhFoclóir Uí Dhuinín, is le brí neamhchosúil atá sé luaite iontu.
- Is é 'cuardach ar eangach' a roghnaíodh, seachas 'cuardach eangaí', toisc nach í an eangach atá á cuardach, ach an teaglaim hipear-pharaiméadar is fearr dá bhfuil inti.
- Féach chomh maith ar an téarma 'hyperparameter search / cuardach hipear-pharaiméadar'.