generative | cumadóireachta
generative (aidiacht): cumadóireachta
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs intleachta saorga, in ann aschur casta (m.sh. téacs fada, íomhánna, srl), a bhfuil cosúlacht éigin aige le healaín nó saothar duine, a chruthú.
Sainmhíniú (en): In the context of artificial intelligence, able to create complex output (such as long text or images) that has some resemblance to human works or art.
Tagairtí:
- cumadóireacht: De Bhaldraithe (1978), Dineen (1934), Ó Dónaill et al. (1991), Ó Dónaill (1977)
Nótaí Aistriúcháin:
- Tá giniúnach ar Téarma.ie os a chomhair seo, ach ní léir ó Fhoclóir Uí Dhónaill, Uí Dhónaill agus Uí Mhaoileoin, Uí Dhuinín, ná De Bhaldraithe go bhfuil bunús leis sin. De réir na bhfoclóirí sin, bíonn 'giniúint' níos cosúla le giniúint páistí ná le hiarracht ar chruthú ealaíne / téacs. Ach luann siad uilig 'cumadóireacht' mar théarma a bhfuil an bhrí sin go díreach leis, agus glactar leis sin mar sin.
- Is focal sa tuiseal ginideach é seo; an fréamh atá leis ná 'cumadóireacht'.
- Cé go bhfuil cathú ann 'cruthaitheach' nó 'cruthaíocht' a úsáid (as an bhfréamh 'cruthú'), tá ciall ar leith acu siúd cheana nach n-oireann don téarma seo.