cluster | braisle (pointí)
cluster (ainmfhocal): braisle (pointí)
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, grúpa pointí atá gar dá chéile, nó cosúil lena chéile, de réir tomhais éigin.
Sainmhíniú (en): In the context of mathematics, a group of points that are close to each other, or similar to each other, according to some metric.
Tagairtí:
- braisle: De Bhaldraithe (1978), Ó Dónaill (1977)
- pointe: De Bhaldraithe (1978), Dineen (1934), Ó Dónaill et al. (1991), Ó Dónaill (1977), Williams et al. (2023)
Nótaí Aistriúcháin:
- De réir Fhoclóir Uí Dhuinín, is éard is braisle ann ná 'mass, lump, nó cluster'. Luaitear é i measc roinnt focal eile (.i. triopall, mogall, crobhaing, clibín, agus cloigín) a bhfuil an bhrí chéanna (nó chomhchosúil) luaite leo. Astu siúd, bíonn 'triopall' luaite i comhthéacs plandaí (m.sh. triopall caor), agus gan a bheith luaite i gcomhthéacs níos leithne. Bíonn 'mogall' luaite mar théarma teicniúil na luibheolaíocht, agus mar fhocal níos ginearálta le brí eile. Bíonn na focail eile luaite i gcomhthéacsanna níos ginearálta. Sin ráite, bíonn 'mass' luaite le 'braisle' mar bhrí eile -- brí a luíonn le húsáid 'braisle' mar 'mass of points' (a deirtear uaireanta chun trácht ar 'clusters'). Níl a leithéid de bhrí luaite leis na téarmaí eile. Meastar gurb é 'braisle' is fearr mar sin chun 'cluster' a chur in iúl.
- Ní gá 'braisle pointí' a rá, ach is dócha gur léire é mar théarma, toisc nach bhfuil 'braisle' luaite mar théarma matamaitice cheana sna foclóirí thuas.
- Tá 'pointe' le fáil mar théarma matamaitice i bhFoclóir Uí Dhónaill agus i Stórchiste, agus le brí níos leithne sna foclóirí eile.