ablation experiment | turgnamh ionadaithe
ablation experiment (ainmfhocal): turgnamh ionadaithe
Sainmhíniú (ga): Turgnamh a dhéantar ar shamhail ríomhfhoghlama ina mbíonn gach aon mhodúl sa tsamhail bainte nó ionadaithe le modúl eile. Déantar é seo chun fáil amach cén tionchar atá ag gach uile mhodúl ar chumas foghlama na samhla.
Sainmhíniú (en): An experiment performed on machine learning models in which each module in the model is removed or replaced with another module. This is done to determine the exact effects of each module on the model's performance.
Tagairtí:
- turgnamh: De Bhaldraithe (1978), Ó Dónaill et al. (1991), Ó Dónaill (1977)
- ionadaigh: De Bhaldraithe (1978), Ó Dónaill et al. (1991), Ó Dónaill (1977)
Nótaí Aistriúcháin:
- Tá 'eisídiú' ar Téarma.ie. Ach i bhFoclóir Uí Dhónaill, tá 'eisídiú' luaite mar théarma geolaíochta amháin. Thairis sin, is brí iomlán ar leith atá ag 'ablation' i gcomhthéacs na geolaíochta i gcomparáid le comhthéacs na ríomheolaíochta. Ní ghlactar le 'eisídiú' mar sin.
- Toisc nach bhfuil téarma ar fail dó seo ó na foclóirí dúchasacha, cruthaíodh téarma as nua chun an bhrí seo a chur in iúl. Is é 'ionadú' seachas 'ionadaíocht' an fréamh a úsáideadh toisc an turgnamh a bheith ag baint le próiseas an ionadaithe -- seachas le hionadaíocht mar choincheap.
- Tá 'turgnamh' luaite i bhFoclóir Uí Dhónaill mar théarma eolaíochta, agus sna foclóirí eile i gcomhthéacs níos ginearálta.
- Is é 'ionadú' seachas 'ionadaigh' atá i bhFoclóir Uí Dhónaill agus Uí Mhaoileoin.
- Tá am téarma 'ionadaigh' i bhFoclóir Uí Dhuinín, ach ní luann sé 'replace / substitute' mar bhrí leis.