Foclóir Tráchtais v1.7

Jeffrey Seathrún Sardina
Eanáir 2025

Achoimre na dTéarmaí

Béarla Gaeilge
0-shot 0-sonra
ablation experiment turgnamh ionadaithe
to abstract teibigh
abstraction teibiú
activation function feidhm ghníomhachtaithe
adjacency matrix maitrís chóngarachta
aggregate tionól
algorithm algartam
alignment ailíniú
antecedent réamhthéarma
application (in practice) úsáid (phraiticiúil)
application domain réimse úsáide
to approximate meastachán a dhéanamh (ar)
approximation meastachán
arbitrary treallach
architecture dearadh
artificial intelligence (AI) (concept) intleacht shaorga (IS) (coincheap)
artificial intelligence (AI) (system) córas intleachta saorga (córas IS)
assumption foshuíomh
atomic adamhach
to attend to aird a thabhairt ar
attention aird
attention head ceann airde
attention layer ciseal airde
attention mechanism oibriú airde
baseline model samhail bhunlíne
batch baisc
batch size méid na mbaisceanna
Bayesian Bayes
benchmark dataset tacar sonraí comparáide
bin eatramh
binary dénártha
binary cross entropy loss (BCEL) pionós tras-eantrópachta dénártha (PTED)
block modúl
to bound cuimsigh
class aicme
classification aicmiú
classifier aicmitheoir
to classify aicmigh
Closed World Assumption Foshuíomh an Domhain Dhúnta
cluster braisle (pointí)
to cluster aicmiú ionduchtach a dhéanamh
clustering aicmiú ionduchtach
co-frequency cóimhinicíocht
coefficient comhéifeacht
computer network líonra ríomhairí
computer science ríomheolaíocht
connectivity (frása le 'ceangailte')
consequent iarmhairt
constant buan-
correct fitting foghlaim cheart
to correlate comhghaolaigh
correlation comhghaol
correlation coefficient comhéifeacht comhghaolúcháin
to corrupt malartaigh
counterexample frith-shampla
cross entropy loss (CEL) pionós tras-eantrópachta (PTE)
cross-attention tras-aird
cross-entropy tras-eantrópacht
curve cuar
data sonraí
data leak sceitheadh sonraí
database bunachar sonraí
dataset tacar sonraí
decision boundary teorainn chinnidh
decision tree crann cinnte
deep learning foghlaim dhomhain
degree céim
dense dlúth
dense layer ciseal lán-cheangailte
density dlús
dependency graph graf spleáchais
DIKW Pyramid Pirimid SFEE
dimension toise
dimensionality (frása le 'toise')
directed dírithe
distribution dáileadh
domain fearann
dropout layer ciseal nialas
edge ceangal
efficiency éifeachtacht (ama, fhuinnimh)
element ball
to embed leabaigh
embedding leabú
end condition coinníoll críochnaithe
entity aonad
entity alignment ailíniú aonad
entropy eantrópacht
environment comhthéacs cóid
epoch seal
equation cothromóid
error earráid
estimate meastachán
to estimate (about) meastachán a dhéanamh (ar)
to evaluate measúnaigh
evaluation measúnú
expression slonn
family (frása le 'gaolmhar')
feature airí
few-shot cúpla-sonra
filter scagaire
to filter scag
filtering scagaireacht
to finetune mion-fheabhsú
foundation model samhail fhorais
framework creatlach
to freeze buanaigh
frequency minicíocht
function feidhm
generality ginearáltacht
generative cumadóireachta
genetic algorithm algartam géiniteach
global uilíoch
global maximum uasluach uilíoch
global minimum íosluach uilíoch
graph graf
graph foundation model samhail fhorais ghraf
graph neural network (GNN) líonra néarach graif (LNG)
grid search cuardach ar eangach
ground truth bun-fhírinneach
ground truth (data) bun-fhírinne
histogram histeagram
hits@k (H@k) fíricí@k (F@k)
hop coiscéim
hyper-graph hipear-ghraf
hyperparameter hipear-pharaiméadar
hyperparameter combination teaglaim hipear-pharaiméadar
hyperparameter grid eangach hipear-pharaiméadar
hyperparameter search cuardach hipear-pharaiméadar
implementation leagan infheidhmithe
information content lucht faisnéise
input ionchur
to input (into) cuir isteach (i)
to instantiate cruthaigh
instantiation (concept) leagan
instantiation (object) réad
instantiation (process) cruthú
interface comhéadan
intersection idirmhír
interval eatramh
inverse inbhéartach
inverse (relation) inbhéarta
knowledge graph (KG) graf eolais (GE)
knowledge graph embedding (KGE) leabú graif eolais (LGE)
knowledge graph embedding model (KGEM) samhail leabaithe graif eolais (SLGE)
Kullback-Leibler (KL) divergence dibhéirseacht Kullback-Leibler (KL)
label lipéad
labelled le lipéad
language model (LM) eanga (ST)
large language model (LLM) samhail teanga mhór (STM)
latent folaigh
layer ciseal
learning rate ráta foghlama
library leabharlann (chóid)
linear líneach
link prediction (LP) réamhinsint nasc (RN)
link prediction query ceist réamhinsinte nasc
link prediction task tasc réamhinsinte nasc
link predictor réamhinsteoir nasc
linked data (LD) sonraí nasctha (SN)
linked open data (LOD) sonraí nasctha saor-rochtana (SNSR)
to load lódáil
local logánta
local maximum uasluach logánta
local minimum íosluach logánta
logic loighic
loss pionós (foghlama)
loss function feidhm phionóis
machine ríomh-
machine learning ríomhfhoghlaim
to map mapáil
mapping mapa
margin bearna
margin ranking loss (MRL) pionós rangaithe le bearna (PRB)
matrix maitrís
maximum uasluach
mean meán- nó meánach
mean (statistic) meán
mean rank (MR) meán-rang (MR)
mean reciprocal rank (MRR) meán na ranganna deilíneacha (MRD)
mean squared error (MSE) meán na n-earráidí cearnaithe (MEC)
measure tomhas
to measure tomhais
median airmheánach
median (statistic) airmheán
message passing seachadadh teachtaireachtaí
metric tomhas
minimum íosluach
to model samhlaigh
model samhail
modular modúlach
module modúl
motif móitíf
multi-headed attention aird il-cheannach
n-shot n-sonra
negative (of number) diúltach
negative (sample) frith-shampla
negative sampler frith-shamplóir
negative sampling frith-shampláil
neighbour comharsa
network líonra
neural néarach
neural network (NN) líonra néarach (LN)
neuro-symbolic néar-shiombalach
node nód
noise torann
noisy torannach
non-linear neamh-líneach
object cuspóir
object corruption malartú an chuspóra
object prediction réamhinsint an chuspóra
one-hot encoding códú aon-innéacs
ontology ointeolaíocht
open source saor-rochtana
Open World Assumption Foshuíomh an Domhain Oscailte
operation oibriú
operator oibreoir
optimisation feabhsúchán
to optimise feabhsaigh
optimiser córas feabhsúcháin
outlier asluiteach
output aschur
to output cuir amach
overfitting ró-fhoghlaim
pairwise function feidhm de phéire (pointí)
parameter paraiméadar
percentile peircintíl
performance éifeachtacht (ama, taisc)
plausibility inchreidteacht
plausibility score scór inchreidteachta
pointwise function feidhm de phointe
positive (of number) deimhneach
positive (triple) fíor-abairt (thriarach)
predicate faisnéis
to predict réamhinis
prediction réamhinsint
predictor réamhinsteoir
to pretrain réamh-thraenáil
pretraining réamh-thraenáil
probability dóchúlacht
proportion comhréir
pseudotype aicme chumtha
pseudotyped le haicme chumtha
qualitative cineálach
to quantify cainníochtaigh
quantitative cainníochtúil
query ceist
random randamach
random number generator gineadóir uimhreacha randamacha
random sample sampla fánach
random search cuardach randamach
random seed fréamh randamach
random walk siúlóid fhánach
range raon
rank rang
to rank rangaigh
ranked list liosta ranganna
ranking rangú
ratio cóimheas
to reason (on) réasúnaíocht a dhéanamh (ar)
reasoner córas réasúnaíochta
reasoning réasúnaíocht
reference implementation leagan infheidhmithe caighdeánach
region réigiún
to regress cúlaigh
regression cúlú
regressor cúlaitheoir
regularisation tabhairt chun rialtachta
to regularise tabhair chun rialtachta
regulariser córas rialtachta
reification tearcú
to reify tearcaigh
relation(ship) ceangal
relative entropy eantrópacht choibhneasta
ReLU ReLU
repository stór (cóid)
representation leagan
representative ionadaíochta
reproducible in-athdhéanta
rule (in logic) riail (loighce)
rule-based bunaithe ar rialacha
to run cuir ar siúl
running ar siúl
to sample sampláil
sample sampla
sampler samplóir
scalar scálach
scatter plot (or diagram) scaipléaráid
to score scóráil
score scór
scoring function feidhm scórála
self-attention féin-aird
self-supervised faoi fhéin-mhaoirseacht
semantics séimeantaic
semi-supervised faoi leath-mhaoirseacht
set tacar
setwise function feidhm de thacar (pointí)
sigmoid function feidhm shiogmóideach
signal comhartha
to simulate insamhail
simulation insamhladh
social network líonra cairdis
softmax softmax
source code (bun-)chód
sparse éadlúth
sparsity éadlús
standard deviation diall caighdeánach
state of the art (best) scoth an réimse
state of the art (current) staid an réimse
state of the art (the literature) litríocht an réimse
structural alignment ailíniú struchtúir
structural alignment framework creatlach ailínithe struchtúir
structural alignment hypothesis hipitéis ar ailíniú struchtúir
structure struchtúr
subgraph fo-ghraf
subject ainmní
subject corruption malartú an ainmní
subject prediction réamhinsint an ainmní
subset fo-thacar
supervised faoi mhaoirseacht
supervision maoirseacht
support vector veicteoir tacaíochta
support vector classifier aicmitheoir bunaithe ar veicteoirí tacaíochta
support vector machine (SVM) samhail (bunaithe ar) veicteoirí tacaíochta (SVT)
support vector regressor cúlaitheoir bunaithe ar veicteoirí tacaíochta
symbol siombail
symbolic siombalach
symbolic logic loighic shiombalach
symmetric siméadrach
symmetry siméadracht
to test teisteáil
testing teisteáil
testing set tacar teisteála
topology toipeolaíocht
to train traenáil
training traenáil
training loop timthriall traenála
training set tacar traenála
transfer learning tras-fhoghlaim
transform trasfhoirm
to transform trasfhoirmigh
transformation trasfhoirmiú
transformer trasfhoirmeoir
transitive aistreach
tree crann
triple abairt thriarach
underfitting foghlaim easnamhach
union aontas
universe domhan
unseen gan feiceáil
unsupervised gan mhaoirseacht
to validate deimhnigh
validation deimhniú
validation set tacar deimhnithe
variance athraitheas
vector veicteoir
walk siúlóid
to weight ualaigh
weight ualach
weighted ualaithe
weighted random search cuardach randamach ualaithe
world domhan
z-score scór-z

Téarmaí

Téigh chuig: # A B C D E F G H I K L M N O P Q R S T U V W Z

#

0-shot (aidiacht): 0-sonra
Sainmhíniú (ga): Cur chuige mion-fheabsaithe ina dteisteáiltear samhail réamh-thraenáilte ar thacar sonraí nua gan mion-fheabsú ar bith.
Sainmhíniú (en): A finetuning protocol in which a pretrained model is directly tested on a new dataset without any finetuning.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

A

ablation experiment (ainmfhocal): turgnamh ionadaithe
Sainmhíniú (ga): Turgnamh a dhéantar ar shamhail ríomhfhoghlama ina mbíonn gach aon mhodúl sa tsamhail bainte nó ionadaithe le modúl eile. Déantar é seo chun fáil amach cén tionchar atá ag gach uile mhodúl ar chumas foghlama na samhla.
Sainmhíniú (en): An experiment performed on machine learning models in which each module in the model is removed or replaced with another module. This is done to determine the exact effects of each module on the model's performance.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: to abstract (ainmfhocal): teibigh
Sainmhíniú (ga): Ginearálú a dhéanamh ar bhun-choincheap chun teacht ar choincheap nua ar leibhéal níos airde. Nó, i gcomhthéacs ríomheolaíochta, comhéadan simplí a chur timpeall ar phróiseas nó ar réad casta chun rochtain air a éascú.
Sainmhíniú (en): To generalise a base concept to arrive at a higher-order concept. Or, in the context of computer science, to put a simple interface around a complex process or object to facilitate access to it.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: abstraction (ainmfhocal): teibiú
Sainmhíniú (ga): Ginearálú ar bhun-choincheap chun teacht ar choincheap nua ar leibhéal níos airde. Nó, i gcomhthéacs ríomheolaíochta, comhéadan simplí a chuirtear timpeall ar phróiseas nó ar réad casta chun rochtain air a éascú.
Sainmhíniú (en): Generalisation of a base concept to arrive at a higher-order concept. Or, in the context of computer science, a simple interface put around a complex process or object to facilitate access to it.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: activation function (ainmfhocal): feidhm ghníomhachtaithe
Sainmhíniú (ga): Feidhm neamh-líneach, m.sh. softmaxReLU, a úsáidtear idir chisil i líonra néarach.
Sainmhíniú (en): A non-linear function, such as softmax or ReLU, that is used between layers in a neural network.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: adjacency matrix (ainmfhocal): maitrís chóngarachta
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif, Maitrís ina bhfuil gach uile nód mar lipéad ar cholúin agus ar shraitheanna, agus ina léiríonn luachanna na maitríse cén ceangal atá idir gach péire nód (má tá cheangal ar bith ann).
Sainmhíniú (en): In the context of graphs, a matrix in which every node is a column and row label, and in which the matrix values describe what sort of connection (if any) exists between each pair of nodes.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: aggregate (ainmfhocal): tionól
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs sonraí, staitistic amháin atá mar fheidhm de roinnt pointí sonraí ar leith.
Sainmhíniú (en): In the context of data, a single statistic that is a function of multiple data points.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: algorithm (ainmfhocal): algartam
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomheolaíochta, próiseas sainmhínithe a bhfuil déanamh taisc mar aidhm aige.
Sainmhíniú (en): In the context of computer science, a fully-defined process that aims to solve some task.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: alignment (ainmfhocal): ailíniú
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, cé chomh maith is a luíonn dhá thomhas / dhá cháilíocht lena chéile ar leibhéal ginearálta.
Sainmhíniú (en): In a mathematical context, how well two measures / quantities relate to each other in general terms.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: antecedent (ainmfhocal): réamhthéarma
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs rialach loighce A -> B, an téarma A atá mar thús ag an riail.
Sainmhíniú (en): In the context of a logical rule A -> B, the term A that is the beginning of the rule.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: application (in practice) (ainmfhocal): úsáid (phraiticiúil)
Sainmhíniú (ga): Úsáid ruda sa bhfíorshaol, i gcontrárthacht le húsáid theoiriciúil gan chur-i-bhfeidhm.
Sainmhíniú (en): The real-world use of something, as contrasted with theoretical use that is not put into practice.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: application domain (ainmfhocal): réimse úsáide
Sainmhíniú (ga): An réimse taighde, tionscail, nó eile ina bhfuil córas úsáidte.
Sainmhíniú (en): The research, industry, or other domain in which a system is used.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: to approximate (ainmfhocal): meastachán a dhéanamh (ar)
Sainmhíniú (ga): Luach a mheas.
Sainmhíniú (en): To estimate a value.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: approximation (ainmfhocal): meastachán
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, luach a dhéanann cur síos cainníochtúil ar fheiniméan éigin, gan a bheith iomlán cruinn.
Sainmhíniú (en): In a mathematical context, a value that gives a quantitative description of some phenomenon, but which may not be entirely exact.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: arbitrary (aidiacht): treallach
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs luacha, roghnaithe gan chúis léirithe, go háirithe más féidir an luach a ionadú le rogha threallach ar bith eile gan an ráiteas / cothromóid / feidhm / srl ina bhfuil sé a athrú go mór. Is féidir le rogha threallach a bheith randamach nó a bheith déanta gan a bheith randamach.
Sainmhíniú (en): In the context of a value, chosen without a given justification, especially if the value can be replaced with any other arbitrary value without significantly changing the statement / equation / function / etc it is in. An arbitrary choice can be random or non-random.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: architecture (ainmfhocal): dearadh
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, an struchtúr matamaiticiúil atá ar líonra néarach.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, the mathematical structure of a neural network.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: artificial intelligence (AI) (concept) (ainmfhocal): intleacht shaorga (IS) (coincheap)
Sainmhíniú (ga): An coincheap taobh thiar de chórais intleachta saorga; nó, an intleacht atá acu mar choincheap teibí.
Sainmhíniú (en): The concept behind artificial intelligence systems; or, the intelligence they have as an abstract concept.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: artificial intelligence (AI) (system) (ainmfhocal): córas intleachta saorga (córas IS)
Sainmhíniú (ga): Córas ríomhaireachta a bhfuil mar aidhm aige gníomhú ar nós go bhfuil intleacht nó cumas smaointe aige. Ní bhíonn intleacht shaorga bunaithe ar chórais ríomhfhoghlama i gcónaí, ach is sórt intleachta saorga iad chuile chóras ríomhfhoghlama.
Sainmhíniú (en): A computational system that aims to act as though it has intelligence or the ability to think. Artificial intelligence is not always based on machine learning, but all machine learning systems are forms of artificial intelligence.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: assumption (ainmfhocal): foshuíomh
Sainmhíniú (ga): Ráiteas a chuirtear i gcás gur fíor é.
Sainmhíniú (en): A statement that is taken to be true.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: atomic (aidiacht): adamhach
Sainmhíniú (ga): Gan a bheith in ann a bheith briste síos a thuilleadh chun teacht ar aonad níos bunúsaí.
Sainmhíniú (en): Unable to be broken down further to arrive at a more basic unit.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: to attend to (ainmfhocal): aird a thabhairt ar
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs oibrithe airde i líonra néarach, díriú ar chodanna ar leith den ionchur de réir an oibrithe airde.
Sainmhíniú (en): In the context of an attention mechanism in a neural network, to focus on some parts of the input based on the attention mechanism.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: attention (ainmfhocal): aird
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, córas a dhéanann meastachán ar thábhacht gach uile airí i veicteoir chun ligean do shamhail ríomhfhoghlama díriú ar an hairíonna is tábhachtaí ann.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, a mechanism that estimates the importance of every feature in a vector, so as to allow a machine learning model to focus on the most important features.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: attention head (ainmfhocal): ceann airde
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs trasfhoirmeora (nó modúl airde eile), cuid den mhodúl inar féidir sonraí ionchuir a chur isteach.
Sainmhíniú (en): In the context of a transformer (or other attention block), a part of the block in which data can be input.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: attention layer (ainmfhocal): ciseal airde
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, ciseal i líonra néarach a chuireann oibriú airde i gcrích.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, a layer in a neural network that implements attention.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: attention mechanism (ainmfhocal): oibriú airde
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, na hoibrithe a úsáidtear chun ciseal airde a chur i bhfeidhm.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, the operations used to implement an attention layer.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

B

baseline model (ainmfhocal): samhail bhunlíne
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, samhail (chaighdeánach) a úsáidtear chun comparáid a dhéanamh le samhlacha (nua) eile agus iad á meas.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, a (standard) model that is used to compare to other (new) models to evaluate them.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: batch (ainmfhocal): baisc
Sainmhíniú (ga): Tacar sonraí tógtha as an tacar traenála a thugtar do shamhail ríomhfhoghlama agus í ag foghlaim (.i. le linn an phróisis traenála). Uaireanta, úsáidtear fo-thacar de thacar teisteála / deimhnithe le linn an phróisis teisteála / deimhnithe chomh maith.
Sainmhíniú (en): A set of data points taken from the training set that is given to a machine learning model as it is learning (i.e. as a part of the training process). Sometimes, batches of the testing and validation sets are used during testing and validation as well.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: batch size (ainmfhocal): méid na mbaisceanna
Sainmhíniú (ga): Cé mhéid pointí sonraí atá i chuile fho-thacar den tacar traenála / teisteála / deimhnithe.
Sainmhíniú (en): How many data points are in each batch of the training / testing / validation set.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: Bayesian (aidiacht): Bayes
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs staitistice, bunaithe ar Theoirim Bayes.
Sainmhíniú (en): In the context of statistics, based on Bayes' Theorem.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: benchmark dataset (ainmfhocal): tacar sonraí comparáide
Sainmhíniú (ga): Tacar sonraí a úsáidtear chun samhlacha ríomhfhoghlama a mheasúnú agus a chur i gcomparáid lena chéile.
Sainmhíniú (en): A dataset that is used to evaluate and compare machine learning models.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: bin (ainmfhocal): eatramh
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs histeagraim, ceann ar bith de na raonta luachanna atá úsáidte chun luachanna a bhailiú le chéile agus chun a minicíocht a chomhaireamh.
Sainmhíniú (en): In the context of a histogram, any one of the intervals that is used to group values and calculate their frequency.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: binary (aidiacht): dénártha
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomheolaíochta, bunaithe ar dhá luach / rogha / aicme / srl amháin (0 agus 1, go hiondúil).
Sainmhíniú (en): In the context of computer science, based on only two values / choices / classes / etc (typically 0 and 1).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: binary cross entropy loss (BCEL) (ainmfhocal): pionós tras-eantrópachta dénártha (PTED)
Sainmhíniú (ga): Feidhm phionóis bunaithe ar thras-eantrópacht dénártha. Úsáidtear go minic í i gcomhair an taisc aicmithe agus an taisc réamhinsinte nasc.
Sainmhíniú (en): A loss function based on binary cross entropy. It is typically used in classification and link prediction.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: block (ainmfhocal): modúl
Sainmhíniú (ga): Cuid de shamhail nó de phróiseas a bhfuil feidhm ar leith aici agus ar féidir í a úsáid i samhail nó i bpróiseas eile, gan í athrú, chun an tasc céanna a dhéanamh.
Sainmhíniú (en): Part of a model or process that has a specific function and that can be used in other models or processes, without changing it, to do the same task.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: to bound (briathar): cuimsigh
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, aschur feidhme a choinneáil ar eatramh.
Sainmhíniú (en): In the context of mathematics, to keep the output of a function on an interval.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

C

class (ainmfhocal): aicme
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs an taisc aicmithe, ceann ar bith de na lipéad ar féidir é a chur le sonraí ionchuir le linn aicmithe. I gcomhthéacs cliarlathais, ointeolaíochta, nó tacsanomaíochta, sórt nó cineál réada sa gcliarlathas / san ointeolaíocht / sa tacsanomaíocht.
Sainmhíniú (en): In the context of classification, any one of the labels that can be given to input data during classification. In the context of a hierarchy, ontology, or taxonomy, a sort or type of object present in the hierarchy / ontology / taxonomy.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: classification (ainmfhocal): aicmiú
Sainmhíniú (ga): Tasc ríomhfhoghlama a bhfuil mar aidhm aige lipéad ('aicme') a chur le chuile phointe sonraí ionchuir. Mar shampla, íomhánna a bhfuil madra nó cat iontu a aicmiú de réir an t-ainmhí atá san íomhá.
Sainmhíniú (en): The machine learning task that aims to assign a label ('class') to every input data point. For example, classifying images of dogs or cats based on the animal in the image.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: classifier (ainmfhocal): aicmitheoir
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, samhail a chuireann aicmiú i gcrích.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, a model that performs classification.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: to classify (ainmfhocal): aicmigh
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, an tasc aicmithe a chur i gcrích.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, to perform the classification task.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: Closed World Assumption (ainmfhocal): Foshuíomh an Domhain Dhúnta
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graf eolais, an foshuíomh a deir go bhfuil gach uile fhíric i réimse graif eolais sa ngraf cheana.
Sainmhíniú (en): In the context of knowledge graphs, the assumption that says that all facts in the domain of the knowledge graph are already in it.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: cluster (ainmfhocal): braisle (pointí)
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, grúpa pointí atá gar dá chéile, nó cosúil lena chéile, de réir tomhais éigin.
Sainmhíniú (en): In the context of mathematics, a group of points that are close to each other, or similar to each other, according to some metric.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: to cluster (briathar): aicmiú ionduchtach a dhéanamh
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, an tasc aicmithe ionduchtaigh a chur i gcrích.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, to perform the clustering task.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: clustering (ainmfhocal): aicmiú ionduchtach
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, an próiseas a bhaineann le pointí sonraí a aicmiú nuair nach bhfuil eolas ar bith céard iad na haicmí cearta (ná ar an méid aicmí fiú) ar fáil roimh ré, sa gcaoi gur gá iad sin a fhoghlaim go hionduchtach.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, the process related to assigning a class to data points when there is no knowledge in advance of what the correct labels are (or even how many there are), such that the learning must be done inductively.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: co-frequency (ainmfhocal): cóimhinicíocht
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif eolais, cé chomh minic is a bhíonn dhá nód / cheangal (nó níos mó) le chéile sna habairtí triaracha céanna sa ngraf.
Sainmhíniú (en): In the context of a knowledge graph, how often two (or more) nodes / edges are part of the same triples in the graph.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: coefficient (ainmfhocal): comhéifeacht
Sainmhíniú (ga): Uimhir scálach a úsáidtear chun uimhir nó athróg eile a mhéadú fúithi.
Sainmhíniú (en): A scalar value multiplied with another number or variable.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: computer network (ainmfhocal): líonra ríomhairí
Sainmhíniú (ga): Graf nó graf eolais ina gcuireann nóid ríomhairí in iúl, agus ina mbíonn ceangail ann a léiríonn gur féidir le dá ríomhaire nascadh lena chéile.
Sainmhíniú (en): A graph or knowledge graph in which nodes represent computers, and edges represent the that two computers can connect to each other.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: computer science (ainmfhocal): ríomheolaíocht
Sainmhíniú (ga): an réimse staidéar atá dírithe ar algartaim, ar bhogearraí, agus ar ríomhchlárúchán.
Sainmhíniú (en): the field of study that focuses on algorithms, software, and computer programing.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: connectivity (ainmfhocal): (frása le 'ceangailte')
Sainmhíniú (ga): Cé chomh ceangailte is atá cuid de ghraf eolais (.i. nód nó ceangal) le codanna eile den ghraf céanna.
Sainmhíniú (en): How connected one part of a knowledge graph (i.e. a node or edge) is with other parts of the same graph.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: consequent (ainmfhocal): iarmhairt
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs rialach loighce A -> B, an téarma B atá mar chuid dheireanach den riail.
Sainmhíniú (en): In the context of a logical rule A -> B, the term B that is the ending part of the rule.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: constant (aidiacht): buan-
Sainmhíniú (ga): Ag trácht ar luach éigin, gan athrú.
Sainmhíniú (en): Regarding a value, unchanging.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: correct fitting (ainmfhocal): foghlaim cheart
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, foghlaim réasúnta iomlán atá in ann patrúin ghinearálta an tacair thraenála a fhoghlaim gan a bheith ag ró-fhoghlaim ná an foghlaim go heasnamhach.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, reasonably complete learning that can extract general patterns from the training set without overfitting or underfitting.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: to correlate (briathar): comhghaolaigh
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, comhghaol a fháil idir dhá shraith sonraí.
Sainmhíniú (en): In a mathematical context, to find the correlation between two datasets.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: correlation (ainmfhocal): comhghaol
Sainmhíniú (ga): Cáilíocht mhatamaiticiúil a dhéanann cur síos ar cé chomh maith is a luíonn dhá shraith uimhreacha lena chéile.
Sainmhíniú (en): A mathematical quantity that describes how well two lists of numbers relate.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: correlation coefficient (ainmfhocal): comhéifeacht comhghaolúcháin
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, luach (a scríobhtar go minic mar 'r') idir -1 agus 1 léiríonn cé chomh mór, agus i cén treo, is atá an comhghaol idir dhá shraith sonraí.
Sainmhíniú (en): In a mathematical context, a value (often written as 'r') between -1 and 1 that describes how strong, and in what direction, correlation is between two datasets.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: to corrupt (briathar): malartaigh
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs frith-shamplála, frith-shampla a chruthú trí nód (an t-ainmní nó an cuspóir) in abairt thriarach bhun-fhírinneach a athrú go nód eile.
Sainmhíniú (en): In the context negative sampling, to create a negative sample by changing a node (the subject or object) in a triple to a different node.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: counterexample (ainmfhocal): frith-shampla
Sainmhíniú (ga): Sonra a úsáidtear chun cur in iúl do shamhail ríomhaireachta rud atá mícheart nó nár cheart dó a fhoghlaim.
Sainmhíniú (en): A data point that is used to instruct a machine learning model about something that is incorrect or that should not be learned.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: cross entropy loss (CEL) (ainmfhocal): pionós tras-eantrópachta (PTE)
Sainmhíniú (ga): Feidhm phionóis bunaithe ar thras-eantrópacht. Úsáidtear go minic í i gcomhair an taisc réamhinsinte nasc (i measc tascanna ríomhfhoghlama eile).
Sainmhíniú (en): A loss function based on cross entropy. It is often used in link prediction, among other machine learning tasks.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: cross-attention (ainmfhocal): tras-aird
Sainmhíniú (ga): Oibriú airde ina dtagann an t-ionchur ar fad ó fhoinsí éagsúla.
Sainmhíniú (en): An attention operation in which inputs come from different sources.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: cross-entropy (ainmfhocal): tras-eantrópacht
Sainmhíniú (ga): Tomhas ar cé chomh neamhordaithe is atá dáileadh staitistiúil (de réir dáileadh tagartha eile).
Sainmhíniú (en): A measure of disorder in statistical distributions (in comparison to a reference distribution).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: curve (ainmfhocal): cuar
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, breacadh cothromóide nó tacair phointí a leanann patrún éigin.
Sainmhíniú (en): In the context of mathematics, a plot of an equation or of various points that follow some pattern.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

D

data (ainmfhocal): sonraí
Sainmhíniú (ga): léiriú cainníochtúil nó cineálach ar rud.
Sainmhíniú (en): a quantitative or qualitative description of something.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: data leak (ainmfhocal): sceitheadh sonraí
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, an rud a tharlaíonn nuair atá sonraí ón tacar deimhnithe / teisteála le feiceáil le linn an phróisis thraenála, rud a bhfuil ró-fhoghlaim mar thoradh air.
Sainmhíniú (en): In the context machine leaning, what happens when data from the validation / testing set can be seen during the training process, leading to overfitting.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: database (ainmfhocal): bunachar sonraí
Sainmhíniú (ga): Bailiúchán sonraí ar ríomhaire a bhfuil struchtúr loighciúil righin leis.
Sainmhíniú (en): A collection of data on a computer with a strict logical structure.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: dataset (ainmfhocal): tacar sonraí
Sainmhíniú (ga): Grúpa sonraí curtha le chéile, go háirithe chun samhlacha ríomhfhoghlama a thraenáil nó a mheasúnú.
Sainmhíniú (en): A set of data that is gathered together, especially to be used for training or evaluating machine learning models.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: decision boundary (ainmfhocal): teorainn chinnidh
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs aicmithe, cuar a scarann dhá aicme nó níos mó óna chéile. I gcomhthéacs ríomhfhoghlama níos leithne, cuar a scarann dhá shórt réamhinsint (nó níos mó) óna chéile.
Sainmhíniú (en): In the context of classification, a curve that separates two or more classes from each other. In the context of machine learning more generally, a curve that separates two (or more) sorts of predictions from each other.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: decision tree (ainmfhocal): crann cinnte
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomheolaíochta, uirlis ríomhfhoghlama a dhéanann réamhinsintí (nó 'cinntí') de réir rialacha atá samhlaithe ar chraobhacha an chrainn.
Sainmhíniú (en): In the context of computer science, a machine learning tool that makes predictions (or 'decisions') based on rules modelled on the branches of the tree.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: deep learning (ainmfhocal): foghlaim dhomhain
Sainmhíniú (ga): Cur chuige ríomhfhoghlama a úsáideann líonraí néaracha móra (a bhfuil an-chuid ciseal iontu).
Sainmhíniú (en): A machine learning approach that uses large neural networks (with many layers).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: degree (ainmfhocal): céim
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs nóid i ngraf eolais, ca mhéad ceangal atá aige le nóid eile sa ngraf.
Sainmhíniú (en): In the context of a node in a knowledge graph, how many connections it has with other nodes in the graph.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: dense (aidiacht): dlúth
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif eolais (nó fo-ghraif), an-cheangailte le codanna eile den ghraf / den fho-ghraf.
Sainmhíniú (en): In the context of a knowledge graph (or subgraph), highly connected with other parts of the same graph / subgraph.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: dense layer (ainmfhocal): ciseal lán-cheangailte
Sainmhíniú (ga): Ciseal i líonra néarach ina bhfuil chuile néaróg ionchuir ceangailte le chuile néaróg aschuir.
Sainmhíniú (en): A layer in a neural network in which every input neuron is connected to every output neuron.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: density (ainmfhocal): dlús
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif eolais (nó fo-ghraif), cé chomh dlúth is atá sé.
Sainmhíniú (en): In the context of a knowledge graph (or subgraph), how dense it is.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: dependency graph (ainmfhocal): graf spleáchais
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomheolaíochta, graf a léiríonn ceangail spleáchais idir a chuid nód.
Sainmhíniú (en): In the context of computer science, a graph that shows dependency relationships among its nodes.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: DIKW Pyramid (ainmfhocal): Pirimid SFEE
Sainmhíniú (ga): Pirimid ceithre chisil ina bhfuil ann, ó bhun go barr, sonraí, faisnéis, eolas, agus eagna.
Sainmhíniú (en): A four-layer pyramid which contains, from the base to the top, data, information, knowledge, and wisdom.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: dimension (ainmfhocal): toise
Sainmhíniú (ga): Ag trácht ar spás veicteora, líon na n-uimhreacha atá i ngach uile veicteoir sa spás céanna; nó, ais amháin den spás sin.
Sainmhíniú (en): Regarding a vector space, the number of elements contained in each vector in that space; or, one axis of that space.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: dimensionality (ainmfhocal): (frása le 'toise')
Sainmhíniú (ga): Ag trácht ar spás veicteora, líon na n-uimhreacha atá i ngach uile veicteoir sa spás céanna; nó, an t-airí a bhaineann le rud a bhfuil toisí aige.
Sainmhíniú (en): Regarding a vector space, the number of elements contained in each vector in that space; or, the property of having dimensions.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: directed (aidiacht): dírithe
Sainmhíniú (ga): Ag tagairt ar ceangal in abairt thriarach, ag ceangal an nód tosaigh (an ainmfhocal) leis an nód deiridh (an cuspóir) in ord.
Sainmhíniú (en): Regarding an edge in a triple, providing an order-aware mapping of a source node (the subject) to a target node (the object).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: distribution (ainmfhocal): dáileadh
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs tacar / liosta uimhreacha, léiriú staitistiúil ar mhinicíocht na luachanna atá ann.
Sainmhíniú (en): In the context of a set / list of numbers, a statistical description of how often each value occurs.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: domain (ainmfhocal): fearann
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, tacar luacha ar féidir iad a úsáid mar ionchur ar fheidhm éigin. I gcomhthéacs faisnéise i ngraf eolais, tacar nód ar féidir leo bheith mar ainmnithe in abairtí triaracha leis an bhfaisnéis sin.
Sainmhíniú (en): In the context of mathematics, the set of values that can be input into some function. In the context of a predicate in a knowledge graph, the set of nodes that can be used as subjects in triples with that predicate.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: dropout layer (ainmfhocal): ciseal nialas
Sainmhíniú (ga): Ciseal i líonra néarach ina bhfuil luach roinnt néaróg ionadaithe le 0 go randamach.
Sainmhíniú (en): A layer in a neural network in which the value of some neurons is randomly replaced by 0.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

E

edge (ainmfhocal): ceangal
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graf nó graf eolais, cuid de ghraf a nascann (nó a cheanglaíonn) dhá nód le chéile.
Sainmhíniú (en): In the context of graphs or knowledge graphs, an element of a graph that serves to connect two nodes.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: efficiency (ainmfhocal): éifeachtacht (ama, fhuinnimh)
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomheolaíochta, cé chomh maith is atá samhail nó próiseas ar thaobh an ama / úsáid fhuinnimh de.
Sainmhíniú (en): In the context of computer science, how effective a model is according to time taken or energy used.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: element (ainmfhocal): ball
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs tacar, uimhir nó réad atá i dtacar.
Sainmhíniú (en): In the context of sets, a number or object in a set.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: to embed (briathar): leabaigh
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, leabuithe a chruthú i gcomhair nód / ceangal / focal, srl.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, to ceate embeddigns for nodes / edges / words / etc.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: embedding (ainmfhocal): leabú
Sainmhíniú (ga): Próiseas ríomhfhoghlama a dhéanann nód nó ceangal a chur i spás veicteora; nó, an veicteoir é féin sa spás veicteora a chuireann nód nó ceangal in iúl.
Sainmhíniú (en): A machine learning process that places nodes or edges into a vector space; or, the vector itself in embedding space that represents a node or edge.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: end condition (ainmfhocal): coinníoll críochnaithe
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomheolaíochta, coinníoll a chinneann cathain ar cheart próiseas a stopadh.
Sainmhíniú (en): In the context of computer science, a condition that determines when a process should be stopped.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: entity (ainmfhocal): aonad
Sainmhíniú (ga): Coincheap nó réad amháin, go háirithe agus é samhlaithe mar nód i ngraf eolais, mar shonra i mbunachar sonraí, nó mar ainm i dtéacs scríofa go nádúrtha.
Sainmhíniú (en): A single concept or object, especially when represented by a node in a knowledge graph, a data point in a database, or a name in a natural language text.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: entity alignment (ainmfhocal): ailíniú aonad
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, tasc a bhfuil i gceist aige réamhinsint a dhéanamh ar cén aonaid ar leith i dtacar sonraí atá dáiríre ag seasamh don choincheap nó don réad céanna.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, the task of predicting which distinct entities in a dataset actually stand for the same concept or object.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: entropy (ainmfhocal): eantrópacht
Sainmhíniú (ga): Tomhas ar cé chomh neamhordaithe is atá dáileadh staitistiúil.
Sainmhíniú (en): A measure of disorder in statistical distributions.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: environment (ainmfhocal): comhthéacs cóid
Sainmhíniú (ga): Comhthéacs a úsáidtear chun tionscadal cóid a scaradh ó thionscadal eile, agus ina bhfuil leaganacha áirithe de gach uile leabharlann chóid atá in úsáid stóráilte agus sainmhínithe.
Sainmhíniú (en): A context that is used to keep various coding projects isolated, and in which specific versions of coding libraries are stored and defined.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: epoch (ainmfhocal): seal
Sainmhíniú (ga): Geábh iomlán feabhsaithe ina fheiceann an tsamhail ríomhfhoghlama chuile shonra sa tacar traenála aon uair amháin.
Sainmhíniú (en): A full pass of optimisation in which the machine learning model sees every data point in the training set exactly once.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: equation (ainmfhocal): cothromóid
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs na matamaitice, abairt matamaiticiúil scoilte ina dhá leath ag an gcomhartha '=', agus a deir go bhfuil an luach céanna ag dá thaobh.
Sainmhíniú (en): In the context of mathematics, a mathematical statement split into two parts by the sign '=', and that says that the two halves of the statement on either side have the same value.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: error (ainmfhocal): earráid
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, luach a dhéanann tomhas ar cé chomh minic is a dhéanann samhail ríomhfhoghlama réamhinsint mícheart, agus ar cé chomh mícheart is atá na réamhinsintí sin.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, a value that measures how often a machine learning model errs in its predictions, and how bad those predictions are.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: estimate (ainmfhocal): meastachán
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, luach a dhéanann cur síos cainníochtúil ar fheiniméan éigin, gan a bheith iomlán cruinn.
Sainmhíniú (en): In a mathematical context, a value that gives a quantitative description of some phenomenon, but which may not be entirely exact.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: to estimate (about) (ainmfhocal): meastachán a dhéanamh (ar)
Sainmhíniú (ga): Luach a mheas.
Sainmhíniú (en): To estimate a value.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: to evaluate (briathar): measúnaigh
Sainmhíniú (ga): Próiseas teisteála nó deimhnithe a dhéanamh ar shamhail ríomhfhoghlama.
Sainmhíniú (en): To perform testing or validation on a machine learning model.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: evaluation (ainmfhocal): measúnú
Sainmhíniú (ga): Próiseas a úsáidtear chun fáil amach cé chomh maith (nó cé chomh dona) is a fheidhmíonn samhail ríomhfhoghlama le linn a traenála, nó tar a éis sin.
Sainmhíniú (en): A process that is used to determine how well (or how poorly) a machine learning model works during its training, or after it has been trained.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: expression (ainmfhocal): slonn
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, abairt a bhfuil luach nó brí mhatamaiticiúil léi.
Sainmhíniú (en): In the context of mathematics, a statement that has a value or mathematical meaning attached to it.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

F

family (ainmfhocal): (frása le 'gaolmhar')
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, grúpa samhlacha atá cosúil lena chéile, agus a thagann ón smaoineamh / ón mbun-samhail chéanna.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, a group of models that are similar to each other, and that come from the same idea / base model.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: feature (ainmfhocal): airí
Sainmhíniú (ga): Ionchur amháin ar shamhail ríomhfhoghlama, nó cuid uimhriúil den tsamhail chéanna, a sheasann do shonra nithiúil nó folaigh den tacar sonraí atá á fhoghlaim.
Sainmhíniú (en): A single input to, or numerical element of, a machine learning model that represents a concrete or latent element of the dataset being learned.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: few-shot (aidiacht): cúpla-sonra
Sainmhíniú (ga): Cur chuige mion-fheabsaithe ina bhfuil an tsamhail réamh-thraenáilte in ann cúpla sonra ó thacar sonraí nua a fheiceáil le linn á mion-fheabhsaithe.
Sainmhíniú (en): A finetuning protocol in which the pretrained model is able to see a few data points from the new data set during finetuning.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: filter (ainmfhocal): scagaire
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs próiseála sonraí, córas nó próiseas a scagann sonraí -- sin le rá, a bhaineann roinnt sonraí ó thacar mór sonraí.
Sainmhíniú (en): In the context of data processing, a system or process that filters data -- that is, that removes some data from a larger dataset.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: to filter (briathar): scag
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs próiseála sonraí, roinnt sonraí ó thacar sonraí a bhaint de de réir tomhais nó algartaim éigin.
Sainmhíniú (en): In the context of data processing, to remove some data from a dataset based on some metric or algorithm.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: filtering (ainmfhocal): scagaireacht
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs próiseála sonraí, próiseas a úsáidtear chun cuid de na sonraí ó thacar sonraí a bhaint de réir tomhais nó algartaim éigin.
Sainmhíniú (en): In the context of data processing, a process that is used to remove some of the data from a dataset based on some metric or algorithm.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: to finetune (briathar): mion-fheabhsú
Sainmhíniú (ga): Samhail ríomhfhoghlama atá traenáilte cheana a thraenáil ar shonraí nua.
Sainmhíniú (en): To take a pre-trained machine learning model and train it further on new data.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: foundation model (ainmfhocal): samhail fhorais
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomheolaíochta, samhail ríomhfhoghlama amháin ar féidir í a úsáid mar fhoras foghlama i réimse leathan, agus a mbíonn cur chuige tras-fhoghlama bunaithe uirthi chuige sin.
Sainmhíniú (en): In the context of computer science, a single machine learning model that can be used as the foundation of learning in a broad domain, and which is applied in the transfer learning setting to do so.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: framework (ainmfhocal): creatlach
Sainmhíniú (ga): Struchtúr teibí a úsáidtear chun feiniméan a léiriú nó a thuiscint i bhfoirm ghinearálta.
Sainmhíniú (en): An abstract structure used to describe or understand a phenomenon in a general form.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: to freeze (briathar): buanaigh
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs líonraí néaracha, cuid de na paraiméadair i líonra néarach a dhéanamh buan, gan ligean dóibh athrú le linn traenála.
Sainmhíniú (en): In the context of neural networks, to make some of the parameters in the neural network constant, not allowing them to change during training.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: frequency (ainmfhocal): minicíocht
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif eolais, cé chomh minic is a bhíonn nód / ceangal mar chuid d'abairtí triaracha sa ngraf.
Sainmhíniú (en): In the context of a knowledge graph, how often a node / edge is part of triples in the graph.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: function (ainmfhocal): feidhm
Sainmhíniú (ga): Próiseas nó cur chuige ríomhaireachta atá sainmhínithe (m.sh. mar chód).
Sainmhíniú (en): A computational process or algorithm that can be precisely defined (i.e. in code).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

G

generality (ainmfhocal): ginearáltacht
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, cé chomh ginearálta is atá cothromóid nó slonn.
Sainmhíniú (en): In the context of mathematics, how general an equation or statement is.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: generative (aidiacht): cumadóireachta
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs intleachta saorga, in ann aschur casta (m.sh. téacs fada, íomhánna, srl), a bhfuil cosúlacht éigin aige le healaín nó saothar duine, a chruthú.
Sainmhíniú (en): In the context of artificial intelligence, able to create complex output (such as long text or images) that has some resemblance to human works or art.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: genetic algorithm (ainmfhocal): algartam géiniteach
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomheolaíochta, algartam ríomhfhoghlama bunaithe ar oibrithe géineolaíochta.
Sainmhíniú (en): In the context of computer science, a machine learning algorithm based on genetic operations.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: global (aidiacht): uilíoch
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif, sonraí, samhla, nó eile, ag trácht ar airíonna an graif / na sonraí / na samhla mar aonad amháin ar leibhéal leathan. Frithchiallach leis an téarma 'logánta'.
Sainmhíniú (en): In the context of a graph, data, a model, etc, relating to features of the graph / data / model as a whole at a very broad level. Antonym to the term 'local'.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: global maximum (ainmfhocal): uasluach uilíoch
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs feabhsaithe nó ríomhfhoghlama, an luach is airde ar féidir é a fháil riamh.
Sainmhíniú (en): In the context of optimisation or machine learning, the highest value that can ever be obtained.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: global minimum (ainmfhocal): íosluach uilíoch
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs feabhsaithe nó ríomhfhoghlama, an luach is ísle ar féidir é a fháil riamh.
Sainmhíniú (en): In the context of optimisation or machine learning, the lowest value that can ever be obtained.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: graph (ainmfhocal): graf
Sainmhíniú (ga): Struchtúr sonraí ina shamhlaítear sonraí mar nóid agus mar cheangail eatarthu.
Sainmhíniú (en): A data structure in which data is modelled as nodes and the connections between them.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: graph foundation model (ainmfhocal): samhail fhorais ghraf
Sainmhíniú (ga): Samhail fhorais a chruthaítear chun taisc éagsúla ar ghraif a chur i gcrích.
Sainmhíniú (en): A foundation model built to solve diverse tasks on graphs.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: graph neural network (GNN) (ainmfhocal): líonra néarach graif (LNG)
Sainmhíniú (ga): Líonra néarach atá in ann eolas ó ghraif a fhoghlaim, agus taisc ar graif a chur i gcrích (m.sh. aicmiú nód nó réamhinsint nasc), go háirithe nuair atá an líonra néarach sin bunaithe ar chomhéadan sheachadta teachtaireachtaí.
Sainmhíniú (en): A neural network that is able to learn graph-based information and solve graph-based tasks (such as node classification or link prediction), especially when that neural network is based on a message-passing interface.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: grid search (ainmfhocal): cuardach ar eangach
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs cuardaithe hipear-pharaiméadar, cuardach a dhéantar ar eangach hipear-pharaiméadar agus ina mbíonn gach uile theaglaim hipear-pharaiméadar measúnaithe.
Sainmhíniú (en): In the context of a hyperparameter search, a search that is done on a grid of hyperparameters and in which every possible combination of hyperparameters is evaluated.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: ground truth (aidiacht): bun-fhírinneach
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs sonraí a úsáidtear i gcomhair ríomhfhoghlama, fíor agus ar fáil lena bheith úsáidte le linn traenála, teisteála, nó deimhnithe mar shampla den aschur ceart.
Sainmhíniú (en): In the context of data for machine learning, true and available to be used during training, testing, or validation as an example of correct output.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: ground truth (data) (ainmfhocal): bun-fhírinne
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs sonraí a úsáidtear i gcomhair ríomhfhoghlama, sonraí atá fíor agus ar fáil lena bheith úsáidte le linn traenála, teisteála, nó deimhnithe mar shamplaí den aschur ceart.
Sainmhíniú (en): In the context of data for machine learning, data that is true and available to be used during training, testing, or validation as an example of correct output.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

H

histogram (ainmfhocal): histeagram
Sainmhíniú (ga): Breacadh a dhéanann cur síos ar dháileadh staitistiúil le colúin mhinicíochta i gcomhair chuile eatramh luachanna sa dáileadh.
Sainmhíniú (en): A plot that summarises a statistical distribution using frequency columns for every range of values in the distribution.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: hits@k (H@k) (ainmfhocal): fíricí@k (F@k)
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs liosta ranganna, comhréir na ranganna atá comhionann le k, nó níos ísle ná é.
Sainmhíniú (en): In the context of a ranked list, the proportion of ranks that are equal to, or lesser than, k.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: hop (ainmfhocal): coiscéim
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graf, fad ceangail amháin idir dhá nód.
Sainmhíniú (en): In the context of graphs, the distance of a single edge between two nodes.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: hyper-graph (ainmfhocal): hipear-ghraf
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graf, graf inar féidir le ceangail 3+ nód a cheangal san am céanna, seachas dhá nód amháin.
Sainmhíniú (en): In the context of graphs, a graph in which edges can connect 3+ nodes at once, instead of only two nodes.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: hyperparameter (ainmfhocal): hipear-pharaiméadar
Sainmhíniú (ga): paraiméadar (nach bhfuil fhoghlamtha) nó socrú atá úsáidte chun algartam samhla foghlama a rith.
Sainmhíniú (en): a (non-learnable) parameter or setting that is used to run a machine learning algorithm.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: hyperparameter combination (ainmfhocal): teaglaim hipear-pharaiméadar
Sainmhíniú (ga): Tacar amháin (as iliomad tacar eile) luachanna hipear-pharaiméadar ar féidir iad a úsáid chun samhail ríomhfhoghlama shainmhíniú.
Sainmhíniú (en): A set (out of many possible sets) of all hyperparameter values needed to fully define a machine learning model.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: hyperparameter grid (ainmfhocal): eangach hipear-pharaiméadar
Sainmhíniú (ga): Tacar teaglamaí hipear-pharaiméadar a úsáidtear chun cuardach hipear-pharaiméadar a chur i gcrích.
Sainmhíniú (en): A set of hyperparameter combinations that is used for hyperparameter searches.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: hyperparameter search (ainmfhocal): cuardach hipear-pharaiméadar
Sainmhíniú (ga): an cur chuige a úsáidtear chun na hipear-pharaiméadair is fearr a fháil do shamhail ríomhfhoghlama.
Sainmhíniú (en): the approach used to find the optimal hyperparameters for a machine learning model.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

I

implementation (ainmfhocal): leagan infheidhmithe
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomheolaíochta, cód infheidhmithe de shamhail ríomhfhoghlama nó d'algartam eile i dteanga ríomheolaíochta.
Sainmhíniú (en): In the context of computer science, executable code of a machine learning model or other algorithm in a coding language.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: information content (ainmfhocal): lucht faisnéise
Sainmhíniú (ga): An t-eolas ar fad atá istigh i mbunachar nó tacar sonraí mar choincheap teibí nó mar réad neamhspleách ón gcaoi ina bhfuil na sonraí stóráilte / samhlaithe.
Sainmhíniú (en): All of the information contained in a database or dataset as an abstract concept or as an object independent of the way in which the data is stored or modelled.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: input (ainmfhocal): ionchur
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs córais, próisis, nó feidhme, sonraí a chuirtear isteach lena bheith úsáidte chun sprioc éigin a bhaint amach (m.sh. áireamh luach éigin).
Sainmhíniú (en): In the context of a system, process, or function, data that is provided to be used to achieve an end (such as the calculation of a certain value).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: to input (into) (ainmfhocal): cuir isteach (i)
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs córais, próisis, nó feidhme, sonraí ionchuir a tabhairt dó.
Sainmhíniú (en): In the context of a system, process, or function, to give it input data.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: to instantiate (briathar): cruthaigh
Sainmhíniú (ga): Cruth a chur ar réad (matamaiticiúil nó ríomhaireachta), go háirithe de réir creatlaí sainmhínithe éigin.
Sainmhíniú (en): To create a (mathematical or computational) object, especially according to a strictly defined framework.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: instantiation (concept) (ainmfhocal): leagan
Sainmhíniú (ga): Sampla de choincheap nó de chreatlach, nach ionann agus réad matamaiticiúil / ríomhaireachta.
Sainmhíniú (en): An instance or example of a concept or framework, other than a mathematical / computational object.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: instantiation (object) (ainmfhocal): réad
Sainmhíniú (ga): An rud (matamaiticiúil nó ríomhaireachta) atá cruthaithe de réir creatlaí matamaitice / ríomhaireachta.
Sainmhíniú (en): The (mathematical or computational) object created by the process of instantiation from a mathematical / computational framework.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: instantiation (process) (ainmfhocal): cruthú
Sainmhíniú (ga): An próiseas a bhaineann le réad (matamaiticiúil nó ríomhaireachta) a chruthú.
Sainmhíniú (en): The process relating to the instantiation of a (mathematical or computational) object.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: interface (ainmfhocal): comhéadan
Sainmhíniú (ga): Conradh a dhéantar idir dhá (nó níos mó) cuid de chód, de phróiseas, nó de chóras ríomhfhoghlama a shainmhíníonn cén chaoi a oibríonn siad lena chéile.
Sainmhíniú (en): A protocol made between two (or more) parts of code, of a process, or of a machine learning system that defines how they interoperate.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: intersection (ainmfhocal): idirmhír
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs dhá thacar (nó níos mó) fo-thacar na mball atá sna tacar sin ar fad.
Sainmhíniú (en): In the context of two or more sets, the subset of elements that are in all of those sets.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: interval (ainmfhocal): eatramh
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, réimse sainmhínithe luacha.
Sainmhíniú (en): In the context of mathematics, a specific range of values.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: inverse (aidiacht): inbhéartach
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs faisnéise i ngraf eolais, mar leagan contrártha d'fhaisnéis eile. Mar shampla, má tá f' mar inbhéarta ar f, agus más fíor (a,f,c), is fíor (c,f',a).
Sainmhíniú (en): In the context of a predicate in a knowledge graph, being a reverse of another predicate. For example, if p' is the inverse of p, and (s,p,o) is true, then (o,p',s) is true.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: inverse (relation) (ainmfhocal): inbhéarta
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs faisnéise i ngraf eolais, leagan contrártha d'fhaisnéis eile. Mar shampla, má tá f' mar inbhéarta ar f, agus más fíor (a,f,c), is fíor (c,f',a).
Sainmhíniú (en): In the context of a predicate in a knowledge graph, the reverse of another predicate. For example, if p' is the inverse of p, and (s,p,o) is true, then (o,p',s) is true.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

K

knowledge graph (KG) (ainmfhocal): graf eolais (GE)
Sainmhíniú (ga): Bunachar sonraí a shamhlaíonn eolas mar nóid agus na ceangail eatarthu. Bíonn lipéad ar chuile nód / ceangal, agus bíonn chuile cheangal dírithe.
Sainmhíniú (en): A database consisting of labelled nodes representing concepts and directed, labelled edges describing the relationships between them.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: knowledge graph embedding (KGE) (ainmfhocal): leabú graif eolais (LGE)
Sainmhíniú (ga): Próiseas ríomhfhoghlama a bhfuil leabú graif eolais amháin mar thoradh air; nó, leabú amháin a fhaightear mar thoradh air sin.
Sainmhíniú (en): The machine learning process of embedding a single knowledge graph into vector space; or, a single embedding obtained from said process.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: knowledge graph embedding model (KGEM) (ainmfhocal): samhail leabaithe graif eolais (SLGE)
Sainmhíniú (ga): Samhail ríomhfhoghlama a bhfuil mar aidhm aige graf eolais a leabú.
Sainmhíniú (en): A machine learning model whose aim is to embed a knowledge graph.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: Kullback-Leibler (KL) divergence (ainmfhocal): dibhéirseacht Kullback-Leibler (KL)
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomheolaíochta agus matamaitice, feidhm a chomhaireann cé chomh difriúil is atá dhá dháileadh staitistiúil óna chéile. Is minic agus é úsáidte mar fheidhm phionóis, agus is ionann é agus eantrópacht choibhneasta.
Sainmhíniú (en): In the context of computer science and mathematics, a function that calculates how different two distributions are from each other. It is often used as a loss function, and it is also referred to as relative entropy.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

L

label (ainmfhocal): lipéad
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif eolais, téacs atá nasctha le nód nó le ceangal agus a chuireann in iúl céard dó a sheasann an nód / ceangal sin.
Sainmhíniú (en): In the context of a knowledge graph, text that is linked to a node or edge that indicates what that node / edge represents.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: labelled (aidiacht): le lipéad
Sainmhíniú (ga): Ag tagairt ar nód nó ar ceangal, rud a bhfuil lipéad (uimhir, téacs, nó eile) curtha leis mar shuaitheantas.
Sainmhíniú (en): Referring to a node or edge, having a label (number, text, etc) attached to it as an identifier.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: language model (LM) (ainmfhocal): eanga (ST)
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, samhail a bhfuil mar aidhm aici tuiscint a fháil ar theanga nádúrtha na ndaoine chun í a phróiseáil.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, a model that aims to understand and process natural human language.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: large language model (LLM) (ainmfhocal): samhail teanga mhór (STM)
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, samhail teanga a bhfuil na billiúin, na trilliúin, nó níos mó paraiméadair aici.
Sainmhíniú (en): In the context of computer science, a language model with billions, trillions, or more parameters.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: latent (aidiacht): folaigh
Sainmhíniú (ga): Ag trácht ar veicteoir, ar leabú, nó ar paraiméadair i samhail ríomhfhoghlama, ag trácht ar eolas atá foghlamtha nó impleachtaithe. Is cisil fholaigh iad chuile chiseal i líonra néarach seachas an ciseal ionchuir agus an ciseal aschuir.
Sainmhíniú (en): Of a vector, embedding, or parameters in a machine learning model, representing information that is learned or implicit. In a neural network, all layers except the input and output layers are latent layers.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: layer (ainmfhocal): ciseal
Sainmhíniú (ga): I líonra néarach, bloc néaróg a bhfuil ionchur agus aschur sainmhínithe dó, agus atá mar chuid in-athúsáidte den líonra néarach iomlán.
Sainmhíniú (en): In a neural network, a block of neurons that have clearly-defined input and output, and that are a building block of the larger neural network.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: learning rate (ainmfhocal): ráta foghlama
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs samlach ríomhfhoghlama, luach scálach a cinntíonn cé chomh mór is atá chuile athrú ar pharaiméadair na samhla le linn traenála.
Sainmhíniú (en): In the context of a machine learning mode, a scalar value that determines how large each update to the model's parameters is during training.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: library (ainmfhocal): leabharlann (chóid)
Sainmhíniú (ga): Cnuasach cóid caighdeánach a chuirtear le chéile chun cuidiú le tionscadail chóid eile, agus atá ar fáil (den chuid is mó) go poiblí agus saor in aisce.
Sainmhíniú (en): A collection of standardised code that is put together to help with other coding projects, and that is (typically) available publicly and for free.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: linear (aidiacht): líneach
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, comhairthe mar shuim ualaithe de roinnt athróga; m.sh. y = aX1 + bX2 ... + kXn.
Sainmhíniú (en): In the context of mathematics, calculated as a weighted sum of various variables; for example, y = aX1 + bX2 ... + kXn.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: link prediction (LP) (ainmfhocal): réamhinsint nasc (RN)
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif eolais, réamhinsint abairt thriarach nua (nach bhfuil sa ngraf) bunaithe air na habairtí triaracha atá sa ngraf.
Sainmhíniú (en): In the context of a knowledge graph, the act of predicting a new triple (that is not in the graph) based on the triples that are in the graph.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: link prediction query (ainmfhocal): ceist réamhinsinte nasc
Sainmhíniú (ga): Ceist a chuirtear ar réamhinsteoir nasc i bhfoirm abairte triaraí neamhiomlán (s,p,?) nó (?,p,o). Is é an freagra uirthi ná nód o nó s dhéanann abairt iomlán agus cheart as abairt neamhiomlán na ceiste.
Sainmhíniú (en): A query that is posed to a link predictor in the form of an incomplete triple (s,p,?) or (?,p,o). The answer to this query is a node o or s that makes a complete and true triple out of the query triple.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: link prediction task (ainmfhocal): tasc réamhinsinte nasc
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif eolais, tasc a bhfuil mar sprioc aige abairt thriarach nua (nach bhfuil a ngraf) a réamhinsint bunaithe ar na habairtí triaracha atá sa ngraf.
Sainmhíniú (en): In the context of a knowledge graph, the task of predicting a new triple (that is not in the graph) based on the triples that are in the graph.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: link predictor (ainmfhocal): réamhinsteoir nasc
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif eolais, samhail ríomhfhoghlama a dhéanann naisc a réamhinsint.
Sainmhíniú (en): In the context of a knowledge graph, a machine learning model that performs link prediction.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: linked data (LD) (ainmfhocal): sonraí nasctha (SN)
Sainmhíniú (ga): Bailiúchán sonraí i ngraif eolais atá nasctha lena chéile agus atá, go minic, dáilte thar líon mhór suíomhanna / freastalaithe ar an idirlíon.
Sainmhíniú (en): A collection of data in knowledge graphs that are connected to each other and, often, distributed among many sites / servers on the internet.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: linked open data (LOD) (ainmfhocal): sonraí nasctha saor-rochtana (SNSR)
Sainmhíniú (ga): Sonraí nasctha a bhfuil rochtain éasca, saor, agus poiblí air.
Sainmhíniú (en): Linked data that is made available for easy, free, and public access.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: to load (briathar): lódáil
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomheolaíochta, sonraí nó cód a aistriú ó stóras amháin (m.sh. diosca an ríomhaire) go stóras eile (m.sh. cuimhne an ríomhaire).
Sainmhíniú (en): In the context of computer science, to transfer data from one storage location (such as the computer's disk) to another (for example, the computer's memory).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: local (aidiacht): logánta
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif, sonraí, samlach, nó eile, ag trácht ar airíonna a bhaineann le codanna áirithe den ghraf / de na sonraí / den tsamhail, gan trácht airíonna an ruda iomláin. Frithchiallach leis an téarma 'uilíoch'.
Sainmhíniú (en): In the context of a graph, data, a model, etc, relating to features of sub-parts of the graph / data / model without reference to properties of the whole. Antonym to 'global'.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: local maximum (ainmfhocal): uasluach logánta
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs feabhsaithe nó ríomhfhoghlama, luach atá ard i gcomparáid le luacha eile in éineacht leis, ach nach gcaithfidh gurb é an luach is airde ar féidir é a fháil (.i. ní chaithfidh sé a bheith mar uaslauch uilíoch).
Sainmhíniú (en): In the context of optimisation or machine learning, a value that is high compared to other values near it, but that may not be the highest possible value (i.e. that may not be a global maximum).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: local minimum (ainmfhocal): íosluach logánta
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs feabhsaithe nó ríomhfhoghlama, luach atá íseal i gcomparáid le luacha eile in éineacht leis, ach nach gcaithfidh gurb é an luach is ísle ar féidir é a fháil (.i. ní chaithfidh sé a bheith mar íoslauch uilíoch).
Sainmhíniú (en): In the context of optimisation or machine learning, a value that is low compared to other values near it, but that may not be the lowest possible value (i.e. that may not be a global minimum).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: logic (ainmfhocal): loighic
Sainmhíniú (ga): An réimse staidéar a bhaineann le réasúnaíocht.
Sainmhíniú (en): The field of study relating to reasoning.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: loss (ainmfhocal): pionós (foghlama)
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs samhla ríomhfhoghlama, luach uimhriúil a chuireann in iúl cé chomh dona is atá an tsamhail (sin le rá, is ionann pionós níos airde samhail níos measa). Úsáidtear an pionós mar chuid mhatamaiticiúil de ríomhfhoghlaim.
Sainmhíniú (en): In the context of a machine learning model, a numerical value that represents how bad the model is (that is, a higher penalty means the model is less effective). Loss is used as a part of the mathematical process of machine learning.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: loss function (ainmfhocal): feidhm phionóis
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs samhla ríomhfhoghlama, feidhm a dhéanann luach an phionóis a áireamh don tsamhail sin ar thacar sonraí éigin.
Sainmhíniú (en): In the context of a machine learning model, a function that calculates the loss value of that model on some set of data points.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

M

machine (aidiacht): ríomh-
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomheolaíochta, bunaithe ar ríomhfhoghlaim.
Sainmhíniú (en): In the context of computer science, based on machine learning.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: machine learning (ainmfhocal): ríomhfhoghlaim
Sainmhíniú (ga): Cur chuige feabhsúcháin mhatamaiticiúil a chuireann ar chumas do ríomhairí ceisteanna casta a fhreagairt.
Sainmhíniú (en): The process of using mathematical optimisation to allow computers to solve complex problems.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: to map (briathar): mapáil
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomheolaíochta, mapa a chruthú.
Sainmhíniú (en): In the context of computer science, to create a map / mapping.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: mapping (ainmfhocal): mapa
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhaireachta, bunachar a ligeann duit luach amháin (an 'luach') a fháil trí cheangal le luach eile (an eochair).
Sainmhíniú (en): In the context of computer science, a database that allows access to one value (called the 'value') using another value (called the 'key').
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: margin (ainmfhocal): bearna
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs na feidhme pionóis Pionós Rangaithe le Bearna, hipear-pharaiméadar a chinneann cé chomh fada agus ar ceart scór na n-abairtí triaracha fírinneacha agus scór na bhfrith-shamplaí a choinneáil óna chéile.
Sainmhíniú (en): In the context of the Margin Ranking Loss loss function, a hyperparameter that determines how far the score of true triples and negative samples should be kept from each other.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: margin ranking loss (MRL) (ainmfhocal): pionós rangaithe le bearna (PRB)
Sainmhíniú (ga): Feidhm phionóis cruthaithe ar son an taisc réamhinsinte nasc a iarrann bearna áirithe a choinneáil idir scór na n-abairtí triaracha fírinneacha agus scór na bhfrith-shamplaí.
Sainmhíniú (en): A loss function created for the link prediction task that attempts to maintain a specific margin between the scores of true triples and the scores of negative samples.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: matrix (ainmfhocal): maitrís
Sainmhíniú (ga): Grúpa uimhreacha in eangach le sraitheanna agus le colún. Is féidir maitrís a shamhlú mar liosta veicteoirí a bhfuil an toise céanna acu uile.
Sainmhíniú (en): A group of numbers in a grid of rows and columns. A matrix can be thought of as a list of vectors with the same dimensionality.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: maximum (ainmfhocal): uasluach
Sainmhíniú (ga): An luach is airde ar féidir a fháil (mar shampla, le linn feabhsaithe samhla ríomhfhoghlama).
Sainmhíniú (en): The highest value that can be obtained (for example, during the optimisation of a machine learning model).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: mean (aidiacht): meán- nó meánach
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs liosta uimhreacha, bainteach le meán an liosta sin.
Sainmhíniú (en): In the context of a list of numbers, relating to the mean of that list.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: mean (statistic) (ainmfhocal): meán
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs liosta uimhreacha L ina bhfuil n ball ann, an luach suim(L) / n. Úsáidtear an meán mar thomhas ar lár na n-uimhreacha.
Sainmhíniú (en): In the context of a list of numbers L with n elements, the value sum(L) / n. The mean is used as a measure of the center of the list of numbers.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: mean rank (MR) (ainmfhocal): meán-rang (MR)
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs liosta ranganna, meán na ranganna ar fad atá istigh ann.
Sainmhíniú (en): In the context of a ranked list, the mean of all ranks in it.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: mean reciprocal rank (MRR) (ainmfhocal): meán na ranganna deilíneacha (MRD)
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs liosta ranganna, an tomhas meán(1 / rang_i) a chomhairtear air (do gach uile rang rang_1...rang_i...rang_n).
Sainmhíniú (en): In the context of a ranked list, the metric mean(1 / rank_i) that is calculated on it (for every rank rank_1...rank_i...rank_n).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: mean squared error (MSE) (ainmfhocal): meán na n-earráidí cearnaithe (MEC)
Sainmhíniú (ga): Feidhm phionóis a fhaigheann earráid gach uile réamhinsinte, a chearnaítear an earráid sin, agus a chomhaireann ar deireadh meán na n-earráidí cearnaithe.
Sainmhíniú (en): A loss function that finds the error of every prediction, squares that error, and then calculates the mean of all of those squared errors.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: measure (ainmfhocal): tomhas
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, luach a dhéanann cur síos cainníochtúil ar shonraí nó ar fheiniméan éigin, go háirithe nuair atá sé úsáidte chun dhá shraith sonraí / dhá fheiniméan chur i gcomparáid lena chéile.
Sainmhíniú (en): In a mathematical context, a value that gives a quantitative description of data or some phenomenon, especially when used to compare two such data sets or phenomenons.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: to measure (ainmfhocal): tomhais
Sainmhíniú (ga): Tomhas a dhéanamh ar shonraí nó ar phróiseas éigin.
Sainmhíniú (en): To measure some effect or data.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: median (aidiacht): airmheánach
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs liosta uimhreacha, bainteach le hairmheán an liosta sin.
Sainmhíniú (en): In the context of a list of numbers, relating to the median of that list.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: median (statistic) (ainmfhocal): airmheán
Sainmhíniú (ga): Ag trácht ar dáileadh, an luach díreach i lár na luachanna ar fad agus iad sórtáilte.
Sainmhíniú (en): With regards to a distribution, the value directly in the middle of all sorted values.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: message passing (ainmfhocal): seachadadh teachtaireachtaí
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, an próiseas a bhaineann le sonraí a roinnt idir leabuithe i líonra néarach.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, the process relating to sharing information between embeddings in a neural network.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: metric (ainmfhocal): tomhas
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, luach a dhéanann cur síos cainníochtúil ar shonraí nó ar fheiniméan éigin, go háirithe nuair atá sé úsáidte chun dhá shraith sonraí / dhá fheiniméan chur i gcomparáid lena chéile.
Sainmhíniú (en): In a mathematical context, a value that gives a quantitative description of data or some phenomenon, especially when used to compare two such data sets or phenomenons.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: minimum (ainmfhocal): íosluach
Sainmhíniú (ga): An luach is ísle ar féidir a fháil (mar shampla, le linn feabhsaithe samhla ríomhfhoghlama).
Sainmhíniú (en): The lowest value that can be obtained (for example, during the optimisation of a machine learning model).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: to model (ainmfhocal): samhlaigh
Sainmhíniú (ga): Samhail ríomhfhoghlama nó staitistiúil a chruthú, nó samhail shonraí a chruthú.
Sainmhíniú (en): To create a (machine learning or statistical) model, or to create a data model.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: model (ainmfhocal): samhail
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, réad matamaiticiúil a úsáideann cur chuige bunaithe ar calcalas chun tasc ríomhfhoghlama a chur i gcrích. I gcomhthéacs sonraí, an fhormáid agus struchtúr ina bhfuil siad léirithe (m.sh. i ngraf nó i dtábla), agus cé chaoi go sonrach atá na sonraí curtha ann (.i. ointeolaíocht graif nó lipéad na gcolún i dtábla).
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, a mathematical object that uses a calculus-based approach to solve a machine learning task. In the context of data, the format or structure in which it is contained (ex. in a graph or in a table), as well as precisely how the data is put in it (i.e. the graph's ontology, or the column labels in a table).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: modular (aidiacht): modúlach
Sainmhíniú (ga): Ag trácht ar samhail nó ar próiseas, a bhfuil modúl mar chuid de. Is féidir a rá go bhfuil cuid de shamhail nó de phróiseas, atá mar mhodúl é féin, modúlach (.i. cuid mhodúlach).
Sainmhíniú (en): Regarding a model or process, having modules as parts of it. A part of a model or process can be said to be modular if it is itself a module (i.e. a modular component).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: module (ainmfhocal): modúl
Sainmhíniú (ga): Cuid de shamhail nó de phróiseas a bhfuil feidhm ar leith aige agus ar féidir é a úsáid i samhail nó i bpróiseas eile, gan é athrú, chun an tasc céanna a dhéanamh.
Sainmhíniú (en): Part of a model or process that has a specific function and that can be used in other models or processes, without changing it, to do the same task.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: motif (ainmfhocal): móitíf
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif, patrún struchtúr (go háirithe ceann beag) a fheictear go minic i gcodanna ar leith den ghraf.
Sainmhíniú (en): In the context of a graph, a structural pattern (especially a small one) that repeats often in different parts of the graph.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: multi-headed attention (ainmfhocal): aird il-cheannach
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, modúl airde a bhfuil níos mó ná ceann airde amháin air.
Sainmhíniú (en): In the context of computer science, an attention module with more than one head.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

N

n-shot (aidiacht): n-sonra
Sainmhíniú (ga): Cur chuige mion-fheabsaithe ina bhfuil samhail réamh-thraenáilte in ann n sonra ó thacar sonraí nua a fheiceáil le linn á mion-fheabhsaithe.
Sainmhíniú (en): A finetuning protocol in which the pretrained model is able to see n data points from the new data set during finetuning.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: negative (of number) (aidiacht): diúltach
Sainmhíniú (ga): ag caint ar uimhir, faoi 0.
Sainmhíniú (en): regarding a number, below 0.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: negative (sample) (ainmfhocal): frith-shampla
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graf eolais, abairt thriarach bhréagach a úsáidtear mar fhrith-shampla.
Sainmhíniú (en): In the context of knowledge graphs, a fake triple that is used as a counterexample.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: negative sampler (ainmfhocal): frith-shamplóir
Sainmhíniú (ga): cuid de shamhail leabaithe graif eolais a chruthaíonn frith-shamplaí don tsamhail chéanna.
Sainmhíniú (en): the part of a knowledge graph embedding model that creates negative samples for the model.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: negative sampling (ainmfhocal): frith-shampláil
Sainmhíniú (ga): An próiseas a bhaineann le frith-shamplaí a chruthú bunaithe ar shamplaí fírinneacha.
Sainmhíniú (en): The process relating to the creation of negative samples based on ground truth samples.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: neighbour (ainmfhocal): comharsa
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs nóid i ngraf, ceann ar bith de na nóid eile atá ceangailte leis.
Sainmhíniú (en): In the context of a node in a graph, any one of the nodes that is connected to it.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: network (ainmfhocal): líonra
Sainmhíniú (ga): Tacar ina bhfuil nóid agus na ceangail eatarthu.
Sainmhíniú (en): A set of nodes and the connections between them.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: neural (aidiacht): néarach
Sainmhíniú (ga): Ag baint le néaróga (bíodh siad fíor nó saorga) nó le líonraí néaracha.
Sainmhíniú (en): Relating to nerves (be they real or artificial) or to neural networks.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: neural network (NN) (ainmfhocal): líonra néarach (LN)
Sainmhíniú (ga): Cur chuige agus struchtúr ríomhfhoghlama bunaithe ar úsáid néaróg saorga.
Sainmhíniú (en): An approach to, and structure of, machine learning based on artificial neurons.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: neuro-symbolic (aidiacht): néar-shiombalach
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, bunaithe ar úsáid feabhsúchán uimhriúil agus ar rialacha / ar loighic i gcaoi éigin.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, based on the use of numeric optimisation as well as logic / rules in some manner.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: node (ainmfhocal): nód
Sainmhíniú (ga): Cuid de ghraf a chuireann coincheap, bí, nó ainmfhocal in iúl.
Sainmhíniú (en): An element of a graph that represents a concept, being, or noun.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: noise (ainmfhocal): torann
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, an chuid de thacar sonraí atá (i bpáirt nó go hiomlán) randamach, agus nach bhfuil comhartha in-fhoghlamtha inti dá bharr sin.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, the part of a data set that is (partially or fully) random, and that does not contain signal for learning as a result.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: noisy (aidiacht): torannach
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs tacar sonraí, a bhfuil an-chuid torann randamach ann i gcaoi a chuireann bac ar fhoghlaim ar an tacar sonraí sin.
Sainmhíniú (en): In the context of a data set, having a lot of random noise that limits learning on that data set.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: non-linear (aidiacht): neamh-líneach
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, gan a bheith líneach.
Sainmhíniú (en): In the context of mathematics, not linear.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

O

object (ainmfhocal): cuspóir
Sainmhíniú (ga): in abairt thriarach (a,f,c), an nód deireanach c atá mar sprioc ag an bhfaisnéis f.
Sainmhíniú (en): in a triple (s,p,o), the final node o that acts as the tail of the predicate p.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: object corruption (ainmfhocal): malartú an chuspóra
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs frith-shamplála, an próiseas a bhaineann le frith-shampla a chruthú tríd an gcuspóir c in abairt thriarach (a,f,c) a ionadú le nód eile.
Sainmhíniú (en): In the context of negative sampling, the process of creating a negative sample by replacing the object o in a triple (s,p,o) with another node.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: object prediction (ainmfhocal): réamhinsint an chuspóra
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs an taisc réamhinsinte nasc, an tasc a bhaineann le cuspóir a réamhinsint chun ceist réamhinsinte nasc sa bhfoirm (a,f,?) a fhreagairt.
Sainmhíniú (en): In the context of the link prediction task, the task of predicting an object to answer a link prediction query in the form (s,p,?).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: one-hot encoding (ainmfhocal): códú aon-innéacs
Sainmhíniú (ga): Códú a dhéantar ar athróga catagóireacha nuair nach bhfuil slí dhíreach ann chun iad a ionadú le huimhreacha aonaracha. Mar shampla, d'fhéadfadh códú aon-innéacs a dhéanamh ar na luachanna 'Frodo, Éowyn, Arwen, Sam' mar '0001, 0010, 0100, 1000'. Ní bhíonn ach an t-aon 1 amháin i ngach uile chódú ann.
Sainmhíniú (en): Encoding that is done on categorical variables when there is no way to directly represent them as single numbers. For example, one-hot coding could be performed on the values 'Frodo, Éowyn, Arwen, Sam' to get '0001, 0010, 0100, 1000'. In each case, the encoding has exactly one 1.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: ontology (ainmfhocal): ointeolaíocht
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif eolais, scéimre a chuireann in iúl struchtúr loighce an ghraif chéanna (m.sh. cé acu na ceangail atá aistreach nó siméadrach).
Sainmhíniú (en): In the context of a knowledge graph, a schema that describes the logical structure of the graph (such as which relations are transitive or symmetric).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: open source (aidiacht): saor-rochtana
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs tionscadail nó foilseacháin, ar fáil go poiblí agus saor in aisce agus gan ceadúnas príobháideach.
Sainmhíniú (en): In the context of a project or publication, publicly and freely available and not under a private license.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: Open World Assumption (ainmfhocal): Foshuíomh an Domhain Oscailte
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graf eolais, an foshuíomh a deir go bhfuil líon mór fíricí i réimse graif eolais nach bhfuil sa ngraf eolais toisc go bhfuil i bhfad níos mó fíricí sa domhan nach bhfuil tuiscint againn fós orthu.
Sainmhíniú (en): In the context of knowledge graphs, the assumption that says that there are many facts in the domain of a knowledge graph which are not in the knowledge graph because most facts about the world remain undiscovered.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: operation (ainmfhocal): oibriú
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice nó ríomheolaíochta, próiseas matamaitice a bhfuil ionchur agus aschur aige. Mar shampla, is oibrithe iad suimiú agus iolrú. Is féidir a rá go bhfuil feidhm ina hoibriú chomh maith.
Sainmhíniú (en): In the context of mathematics or computer science, a mathematical process that has input and output. For example, addition and multiplication are operations. A function can also be said to be an operation.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: operator (ainmfhocal): oibreoir
Sainmhíniú (ga): Siombail nó comhartha a chuireann oibriú in iúl (m.sh. + agus -).
Sainmhíniú (en): A symbol or character that represents an operation (such as + or -).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: optimisation (ainmfhocal): feabhsúchán
Sainmhíniú (ga): An próiseas a bhaineann le samhail ríomhfhoghlama a fheabhsú.
Sainmhíniú (en): The process related to optimising a machine learning model.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: to optimise (briathar): feabhsaigh
Sainmhíniú (ga): Samhail ríomhfhoghlama a chur chun cinn trína cuid paraiméadar a nuashonrú. Is ionann feabhsú agus foghlaim ar leibhéal matamaiticiúil.
Sainmhíniú (en): To improve a machine learning model by updating its parameters. At a mathematical level, optimisation is learning.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: optimiser (ainmfhocal): córas feabhsúcháin
Sainmhíniú (ga): An córas a dhéanann samhail ríomhfhoghlama a fheabhsú.
Sainmhíniú (en): The system that optimises a machine learning model.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: outlier (ainmfhocal): asluiteach
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs staitistice, luach atá i bhfad amach ó luacha eile agus nach leanann a bpatrún.
Sainmhíniú (en): In the context of statistics, a value that is very far from all other values, and that does not follow their pattern.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: output (ainmfhocal): aschur
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs córais, próisis, nó feidhme, sonraí a thagann as an bpróiseas céanna agus é críochnaithe.
Sainmhíniú (en): In the context of a system, process, or function, data that is returned from the process at its end.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: to output (ainmfhocal): cuir amach
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs córais, próisis, nó feidhme, sonraí a fháil mar aschur uaidh.
Sainmhíniú (en): In the context of a system, process, or function, to get data as an output from it.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: overfitting (ainmfhocal): ró-fhoghlaim
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, foghlaim de ghlanmheabhair a dhéantar ar an tacar traenála i gcaoi a chuireann bac ar fhoghlaim phatrún ginearálta sa tacar traenála.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, memorisation of the training set that precludes learning the general patterns of the training set.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

P

pairwise function (ainmfhocal): feidhm de phéire (pointí)
Sainmhíniú (ga): Feidhm a bhfuil péire pointí sonraí mar ionchur aici.
Sainmhíniú (en): A function that takes a pair of data points as input.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: parameter (ainmfhocal): paraiméadar
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs samhla ríomhfhoghlama, luach uimhriúil in-fhoghlama a bhíonn ag athrú le linn an phróisis thraenála. Is ionann paraiméadair níos fearr a roghnú do shamhail agus éifeachtacht na samhla a chur chun cinn.
Sainmhíniú (en): In the context of a machine learning mode, a learnable numerical value that changes during the training process. Choosing better parameters for a model improves the model's performance.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: percentile (ainmfhocal): peircintíl
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs staitistice, is é an pheircintíl Xú ná an luach i ndáileadh staitistiúil a bhfuil X% de na luachanna eile níos ísle ná é.
Sainmhíniú (en): In the context of statistics, the Xth percentile is the value in a statistical distribution which has X% of the other values below it.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: performance (ainmfhocal): éifeachtacht (ama, taisc)
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomheolaíochta, cé chomh maith is a dhéanann samhail nó próiseas tasc éigin de réir tomhais éigin.
Sainmhíniú (en): In the context of computer science, how well a model or process does some job as measured by some metric.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: plausibility (ainmfhocal): inchreidteacht
Sainmhíniú (ga): Airí ruda ar (dócha gur) fíor é.
Sainmhíniú (en): The property of being (likely) true.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: plausibility score (ainmfhocal): scór inchreidteachta
Sainmhíniú (ga): Uimhhir a dhéanann cur síos ar an dóchúlacht go bhfuil rud fíor.
Sainmhíniú (en): A number that represents the chance that something is true.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: pointwise function (ainmfhocal): feidhm de phointe
Sainmhíniú (ga): Feidhm a bhfuil pointe sonraí amháin mar ionchur aici.
Sainmhíniú (en): A function that takes a single data point as input.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: positive (of number) (aidiacht): deimhneach
Sainmhíniú (ga): ag caint ar uimhir, níos mó ná 0.
Sainmhíniú (en): regarding a number, above 0.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: positive (triple) (ainmfhocal): fíor-abairt (thriarach)
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graf eolais, abairt thriarach atá mar chuid de GE, agus a ndéantar frith-shamplaí as.
Sainmhíniú (en): In the context of knowledge graphs, a ground-truth triple from the KG from which various negatives are generated.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: predicate (ainmfhocal): faisnéis
Sainmhíniú (ga): In abairt thriarach (a,f,c), an ceangal c a cheanglaíonn an t-ainmfhocal a leis an gcuspóir c.
Sainmhíniú (en): In a triple (s,p,o), the predicate p that connects the subject s to the object o.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: to predict (briathar): réamhinis
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, meastachán a dhéanamh ar luach sonra éigin.
Sainmhíniú (en): In the context of computer science, to estimate the value of some data point.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: prediction (ainmfhocal): réamhinsint
Sainmhíniú (ga): Sonra atá réamhinste.
Sainmhíniú (en): A data point that is predicted.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: predictor (ainmfhocal): réamhinsteoir
Sainmhíniú (ga): Córas ríomhfhoghlama a réamhinsíonn sonraí.
Sainmhíniú (en): A machine learning system that predicts data.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: to pretrain (briathair): réamh-thraenáil
Sainmhíniú (ga): Samhail ríomhfhoghlama a thraenáil le plean é a mion-fheabbhsú níos déanaí ar shonraí nua.
Sainmhíniú (en): To train a machine learning model with intent to finetune it later on new data.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: pretraining (ainmfhocal): réamh-thraenáil
Sainmhíniú (ga): An próiseas a bhaineann le samhail ríomhfhoghlama a thraenáil le plean é a mion-fheabbhsú níos déanaí ar shonraí nua.
Sainmhíniú (en): The process of training a machine learning model with intent to finetune it later on new data.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: probability (ainmfhocal): dóchúlacht
Sainmhíniú (ga): An seans go dtarlóidh teagmhas randamach.
Sainmhíniú (en): The chance that a random event will occur.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: proportion (ainmfhocal): comhréir
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, luach ar an eatramh [0,1] a léiríonn cé chomh minic is atá feiniméan éigin, nó cén dóchúlacht atá le teagmhas dóchúlachta.
Sainmhíniú (en): In the context of mathematics, a value on the interval [0,1] that describes how common some phenomenon is, or what probability some probabilistic event has.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: pseudotype (ainmfhocal): aicme chumtha
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs nód i ngraf eolais, aicme measta atá curtha leis (nach dtagann as ointeolaíocht an ghraif, má tá ceann ann).
Sainmhíniú (en): In the context of a node in a knowledge graph, an estimated class type that is attached to it (wichh does not come from the graph's ontology, if it has one).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: pseudotyped (aidiacht): le haicme chumtha
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs nód i ngraf eolais, le haicme chumtha curtha leis.
Sainmhíniú (en): In the context of a node in a knowledge graph, having a pseudotype.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

Q

qualitative (aidiacht): cineálach
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs sonraí, bunaithe ar fhaisnéis nó ar ghnéithe atá do-chainníochtaithe nó nach bhfuil cainníochtaithe.
Sainmhíniú (en): In the context of data, based on unquantifiable or unquantified traits or information.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: to quantify (briathar): cainníochtaigh
Sainmhíniú (ga): Cur síos uimhriúil a dhéanamh ar fheiniméan éigin.
Sainmhíniú (en): To give a numerical description of a phenomenon.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: quantitative (aidiacht): cainníochtúil
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs sonraí, bunaithe ar fhaisnéis chainníochtaithe.
Sainmhíniú (en): In the context of data, based on quantified information.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: query (ainmfhocal): ceist
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs bunachar sonraí, ordú a chuirtear ar an mbunachar i bhfoirm cód chun freagra a fháil uaidh. Mar shampla, is féidir ceist a chur ar ghraf eolais faoi an bhfuil abairt thriarach éigin sa ngraf, nó nach bhfuil.
Sainmhíniú (en): In the context of a database, an order that is given to the database in the form of code to get an answer in return. For example, a query could be put to a knowledge graph asking if a specific triple is a part of the graph, or if it is not.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

R

random (aidiacht): randamach
Sainmhíniú (ga): Ag caint ar próiseas, gan bheith in ann é a réamhinsint ach le dóchúlachtaí.
Sainmhíniú (en): Regarding a process, unable to be predicted except with probabilities.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: random number generator (ainmfhocal): gineadóir uimhreacha randamacha
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomheolaíochta, algartam a úsáideann uimhir fréimhe chun sraith uimhreacha randamacha a chumadh agus a chur amach.
Sainmhíniú (en): In the context of computer science, an algorithm that uses a seed number to generate and output a series of random numbers.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: random sample (ainmfhocal): sampla fánach
Sainmhíniú (ga): Sampla a thógtar go randamach.
Sainmhíniú (en): A sample that is taken randomly.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: random search (ainmfhocal): cuardach randamach
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs cuardaithe hipear-pharaiméadar, cuardach a dhéantar ar thacar mór teaglamaí hipear-pharaiméadar, agus ina mbíonn teaglamaí sampláilte go randamach go dtí go bhfuil coinníoll críochnaithe bainte amach.
Sainmhíniú (en): In the context of a hyperparameter search, a search that is done on a large set of possible hyperparameter combinations, and in which hyperparameter combinations are sampled randomly until some end condition is reached.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: random seed (ainmfhocal): fréamh randamach
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomheolaíochta, uimhir a thugtar do ghineadóir uimhreacha randamacha lena bheith úsáidte ina algartam chun sraith uimhreacha randamacha a chumadh.
Sainmhíniú (en): In the context of computer science, a number that is given to a random number generator to be used in its algorithm to generate a series of random numbers.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: random walk (aidiacht): siúlóid fhánach
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs siúlóid ar graf, siúlóid air a dhéantar go randamach.
Sainmhíniú (en): In the context of a walk on a graph, a walk that is done upon it randomly.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: range (ainmfhocal): raon
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, tacar luacha atá mar aschur ag feidhm éigin. I gcomhthéacs faisnéise i ngraf eolais, tacar nód ar féidir leo bheith mar chuspóirí in abairtí triaracha leis an bhfaisnéis sin.
Sainmhíniú (en): In the context of mathematics, the set of values that can be used as input to some function. In the context of a predicate in a knowledge graph, the set of nodes that can be used as subjects in triples with that predicate.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: rank (ainmfhocal): rang
Sainmhíniú (ga): Ag trácht ar luach i liosta sórtáilte, an t-innéacs sa liosta sin ag bhfuil an luach.
Sainmhíniú (en): Regarding a value in a sorted list, the index at which that value is located.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: to rank (briathar): rangaigh
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs tacar uimhreacha, rang a thabhairt do gach uile uimhir ann ar ioann í agus a hinnéacs is liosta sortáilte na n-uimhreacha sin.
Sainmhíniú (en): In the context of a set of numbers, to give a rank to each number equal to its index in a sorted list of those numbers.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: ranked list (ainmfhocal): liosta ranganna
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs measúnú a dhéantar ar réamhinsteoirí nasc, liosta a dhéantar as na ranganna ar fad ar tugadh do gach uile cheist réamhinsinte nasc le linn measúnaithe.
Sainmhíniú (en): In the context the of evaluation of link predictors, a list composed of all ranks assigned to each link prediction query during the evaluation process.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: ranking (ainmfhocal): rangú
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs liosta, an próiseas a bhaineann le rang a thabhairt do gach uile bhall ann.
Sainmhíniú (en): In the context of a list, the process of assigning a rank to each element in it.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: ratio (ainmfhocal): cóimheas
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, comparáid a dhéantar idir luach dhá athróga nó idir dhá uimhir A agus B, comhairthe mar A / B.
Sainmhíniú (en): In the context of mathematics, a comparison of the values of two numbers or variables A and B, calculated as A / B.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: to reason (on) (briathar): réasúnaíocht a dhéanamh (ar)
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, rialacha loighce a úsáid chun fíricí nua a réamhinsint.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, to use logical rules to predict new facts.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: reasoner (ainmfhocal): córas réasúnaíochta
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, córas a úsáideann rialacha loighce chun fíricí nua a réamhinsint.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, a system that uses logical rules to predict new facts.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: reasoning (ainmfhocal): réasúnaíocht
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, úsáid rialacha loighce chun fíricí nua a réamhinsint.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, the use of logical rules to predict new facts.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: reference implementation (ainmfhocal): leagan infheidhmithe caighdeánach
Sainmhíniú (ga): Leagan infheidhmithe a chuirtear ar fáil mar shampla d'fhorbróirí cóid eile, go háirithe mar leagan caighdeánach de.
Sainmhíniú (en): An implementation that is made available for other developers, especially as a standard version.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: region (ainmfhocal): réigiún
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif, cuid logánta áirithe den ghraf.
Sainmhíniú (en): In the context of a graph, a specific local part of the graph.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: to regress (briathar): cúlaigh
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, cúlú a chur i gcrích.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, to perform regression.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: regression (ainmfhocal): cúlú
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, an próiseas a bhaineann le cothromóid líne a fháil a dhéanann cur síos cruinn ar phatrúin uimhriúla i sraith sonraí.
Sainmhíniú (en): The the context of mathematics, the process relating to finding a linear equation that accurately describes the numerical patterns in a data set.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: regressor (ainmfhocal): cúlaitheoir
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, samhail a chuireann cúlú i gcrích.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, a model that performs regression.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: regularisation (ainmfhocal): tabhairt chun rialtachta
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs samhla ríomhfhoghlama, próiseas a bhfuil mar aidhm aige ró-fhoghlaim a laghdú trí mhéid luach na bparaiméadar a shrianadh i gcaoi éigin.
Sainmhíniú (en): In the context of a machine learning mode, a process that aims to reduce overfitting by restricting the size of parameter values in some way.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: to regularise (briathar): tabhair chun rialtachta
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs samhla ríomhfhoghlama, ró-fhoghlaim a laghdú trí mhéid luach na bparaiméadar a shrianadh i caoi éigin.
Sainmhíniú (en): In the context of a machine learning mode, to reduce overfitting by restricting the size of parameter values in some way.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: regulariser (ainmfhocal): córas rialtachta
Sainmhíniú (ga): Córas a dhéanann samhail ríomhfhoghlama a thabhairt chun rialtachta le linn á traenála.
Sainmhíniú (en): A system that regularises a machine learning model as it is being trained.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: reification (ainmfhocal): tearcú
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graf, an próiseas a bhaineann le hipear-graf (nó graf eile a bhfuil lipéid ann nach féidir iad a scríobh go nádúrtha mar abairtí triaracha) aistriú go graf bunaithe ar abairtí triaracha amháin. Chun é seo a dhéanamh, déantar n abairt thriarach as gach aon chuid adamhach den hipear-ghraif, rud a fhágann den chuid is mó go mbíonn an graf tearcaithe níos éadlúithe ná an hipear-ghraif as a gcruthaíodh é.
Sainmhíniú (en): In the context of graphs, the process relating to transforming a hyper-graph (or other graph in which labels are present that cannot be written as simple triples) into a simpler format composed of only triples. To do this, n triples are created out of every atomic unit of the hyper-graph, which generally results in the reified graph being more sparse than the hyper-graph from which it was made.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: to reify (briathar): tearcaigh
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif, an próiseas tearcaithe a chur i gcrích.
Sainmhíniú (en): In the context of a graph, to perform the reification process.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: relation(ship) (ainmfhocal): ceangal
Sainmhíniú (ga): Cuid de ghraf a nascann (nó a cheanglaíonn) dhá nód le chéile.
Sainmhíniú (en): An element of a graph that serves to connect two nodes.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: relative entropy (ainmfhocal): eantrópacht choibhneasta
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomheolaíochta agus matamaitice, feidhm a chomhaireann cé chomh difriúil is atá dhá dháileadh staitistiúil óna chéile. Is minic agus é úsáidte mar fheidhm phionóis, agus is ionann é agus dibhéirseacht Kullback-Leibler.
Sainmhíniú (en): In the context of computer science and mathematics, a function that calculates how different two distributions are from each other. It is often used as a loss function, and it is also referred to as Kullback-Leibler divergence.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: ReLU (ainmfhocal): ReLU
Sainmhíniú (ga): An fheidhm ghníomhachtaithe ReLU.
Sainmhíniú (en): The ReLU activation function.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: repository (ainmfhocal): stór (cóid)
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomheolaíochta, suíomh ar líne (.i. GitHub) nó fillteán logánta ar ríomhaire (.i. fillteán .git/) ina bhfuil cód, agus stair na sean-leaganacha de, stóráilte.
Sainmhíniú (en): In the context of computer science, an online site (i.e. GitHub) or local folder on a computer (i.e. a .git/ folder) in which code, and the history of its previous versions, are stored.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: representation (ainmfhocal): leagan
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs leabuithe graif eolais, leabú nó veicteoir a dhéanann ionad (ar leibhéal matamaiticiúil) réada nó coincheapa sa ngraf.
Sainmhíniú (en): In the context of knowledge graph embeddings, an embedding or vector that (at a mathematical level) stands for an object or concept in the graph.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: representative (aidiacht): ionadaíochta
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs fo-thacar de thacar sonraí, in-úsáidte mar ionadaí ar an tacar sonraí iomlán toisc na patrúin chéanna a bheith ann. I gcomhthéacs samhlacha ríomhfhoghlama, in ann achoimre leathan a dhéanamh ar phatrúin i dtacar sonraí ar a raibh sé traenáilte.
Sainmhíniú (en): In the context of a subset of a dataset, able to used in place of the whole dataset because it contains the same patterns. In the context of machine learning models, able to provide a general summary of the patterns in the dataset on which it was trained.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: reproducible (aidiacht): in-athdhéanta
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs turgnaimh, in ann a bheith déanta arís ag taighdeoirí eile, leis na torthaí céanna (nó comhchosúla) is a bhí ag an gcéad turgnamh.
Sainmhíniú (en): In the context of an experiment, able to be done again by other researchers, with the same or similar results as those originally obtained.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: rule (in logic) (ainmfhocal): riail (loighce)
Sainmhíniú (ga): Ráiteas loighce ar féidir é a úsáid chun fíricí nua a fáil amach trí réasúnaíocht.
Sainmhíniú (en): A logical statement that can be used to find new facts based via reasoning.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: rule-based (aidiacht): bunaithe ar rialacha
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, ag baint úsáid as rialacha loighce chun réasúnaíocht a dhéanamh.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, using logical rules to perform reasoning.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: to run (briathar): cuir ar siúl
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomheolaíochta, próiseas a thosú.
Sainmhíniú (en): In the context of computer science, to begin a process.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: running (aidiacht): ar siúl
Sainmhíniú (ga): Ag trácht ar próiseas, tar éis a beith tosaithe agus fós ag obair (gan a bheith críochnaithe go fóill).
Sainmhíniú (en): Regarding a process, having been started and still working (not being finished yet).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

S

to sample (briathar): sampláil
Sainmhíniú (ga): Sampla a thógáil.
Sainmhíniú (en): To take a sample.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: sample (ainmfhocal): sampla
Sainmhíniú (ga): Sonra a thógtar as dáileadh staitistiúil nó as próiseas randamach.
Sainmhíniú (en): A data point that is taken from a statistical distribution or random process.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: sampler (ainmfhocal): samplóir
Sainmhíniú (ga): rud (m.sh. algartam ríomhaireachta) a dhéanann sampláil.
Sainmhíniú (en): a thing (such as a computer algorithm) that samples.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: scalar (aidiacht): scálach
Sainmhíniú (ga): Uimhir nach athróg é a bhíonn á húsáid le huimhir eile a mhéadú fúithi.
Sainmhíniú (en): A numerical value other than a variable, typically used in multiplication.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: scatter plot (or diagram) (ainmfhocal): scaipléaráid
Sainmhíniú (ga): Léaráid a léiríonn pointí i ndá thoise, le hais X agus Y.
Sainmhíniú (en): A diagram that shows points in two dimensions, with an X and a Y axis.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: to score (briathar): scóráil
Sainmhíniú (ga): Scór a thabhairt do rud (m.sh. samhail ríomhfhoghlama).
Sainmhíniú (en): To give a score to something (such as a machine learning model).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: score (ainmfhocal): scór
Sainmhíniú (ga): Uimhir a dhéanann cur síos ar cé chomh maith is atá rud (m.sh. cruinneas samhla foghlama).
Sainmhíniú (en): A number describing how good something is (such as the accuracy of a machine learning model).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: scoring function (ainmfhocal): feidhm scórála
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs samhlacha leabaithe graif eolais, feidhm a dhéanann scór inchreidteachta a thabhairt d'abairt thriarach.
Sainmhíniú (en): In the context of knowledge graph embedding models, a function that assigned a plausibility score to a triple.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: self-attention (ainmfhocal): féin-aird
Sainmhíniú (ga): Oibriú airde ina dtagann an t-ionchur ar fad ón bhfoinse chéanna.
Sainmhíniú (en): An attention operation in which all inputs come from the same source.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: self-supervised (aidiacht): faoi fhéin-mhaoirseacht
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, traenáilte i gcaoi a chruthaíonn lipéid / luacha aschuir chearta ó na sonraí ionchuir (mar shampla, trí focal a bhaint as abairt, agus i ndiaidh sin iarracht a dhéanamh as an bearna sin san abairt a líonadh le réamhinsint ón tsamhail fhoghlama).
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, trained in such a way that expected output labels / values are created from the training data (for example, by removing a word from a sentence and then attempting to fill the blank in the sentence using a machine learning model).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: semantics (ainmfhocal): séimeantaic
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graf eolais, staidéar ar bhrí na sonraí atá istigh ann, nó an bhrí sin í féin.
Sainmhíniú (en): In the context of knowledge graphs, study of the meaning of the data they contain, or that meaning itself.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: semi-supervised (aidiacht): faoi leath-mhaoirseacht
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, traenáilte ar shonraí ionchur a bhfuil na lipéid / luacha aschuir chearta nasctha leo uaireanta, ach ní i gcónaí.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, trained on input data that is sometimes, but not always, linked to expected output labels / values.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: set (ainmfhocal): tacar
Sainmhíniú (ga): Grúpa rudaí (m.sh. uimhreacha) nach bhfuil áirí an oird ann, agus nach mbíonn an rud céanna faoi dhó ann.
Sainmhíniú (en): A group of things (such as numbers) that does not have the property of having order, and that does not have repeats.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: setwise function (ainmfhocal): feidhm de thacar (pointí)
Sainmhíniú (ga): Feidhm a bhfuil tacar pointí sonraí mar ionchur aici.
Sainmhíniú (en): A function that takes a set of data points as input.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: sigmoid function (aidiacht): feidhm shiogmóideach
Sainmhíniú (ga): An fheidhm siogma(x) = 1 / (1 + e^(-x)) (a bhfuil cruth cosúil leis an litir 's' air agus é breactha).
Sainmhíniú (en): The function sigma(x) = 1 / (1 + e^(-x)) (which has a shape similar to the letter s when plotted).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: signal (ainmfhocal): comhartha
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, foinse faisnéise i dtacar sonraí ar féidir í a úsáid go díreach mar chuid fhiúntach den phróiseas ríomhfhoghlama.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, the source of information in a data set that can be directly used as a meaningful part of the machine learning process.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: to simulate (briathar): insamhail
Sainmhíniú (ga): Samhlail ríomhfhoghlama (nó uirlisí ríomhaireachta eile) a úsáid chun próiseas casta a shamhlú i bhfoirm níos simplí.
Sainmhíniú (en): To use a machine learning model (or other computational tools) to model a complex process in a simpler form.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: simulation (ainmfhocal): insamhladh
Sainmhíniú (ga): Úsáid shamhla ríomhfhoghlama (nó uirlisí ríomhaireachta eile) chun próiseas casta a shamhlú i bhfoirm níos simplí.
Sainmhíniú (en): The use of a machine learning mode (or other computational tools) to model a complex process in a simpler form.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: social network (ainmfhocal): líonra cairdis
Sainmhíniú (ga): Graf nó graf eolais ina gcuireann nóid daoine in iúl, agus ina mbíonn ceangail ann a léiríonn cén gaol / baint atá ag daoine lena chéile.
Sainmhíniú (en): A graph or knowledge graph in which nodes represent people, and edges represent the relations / connections the people have with each other.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: softmax (ainmfhocal): softmax
Sainmhíniú (ga): An fheidhm ghníomhachtaithe softmax.
Sainmhíniú (en): The softmax activation function.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: source code (ainmfhocal): (bun-)chód
Sainmhíniú (ga): An cód taobh thiar de thionscadal cóid éigin (m.sh. an cód taobh thiar de shamhail ríomhfhoghlama).
Sainmhíniú (en): The code used for some coding project (for example, the code used for a machine learning model).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: sparse (aidiacht): éadlúth
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif eolais (nó fo-ghraif), gan móran ceangail le codanna eile den ghraf / den fho-ghraf.
Sainmhíniú (en): In the context of a knowledge graph (or subgraph), lowly connected with other parts of the same graph / subgraph.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: sparsity (ainmfhocal): éadlús
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif eolais (nó fo-ghraif), cé chomh éadlúth is atá sé.
Sainmhíniú (en): In the context of a knowledge graph (or subgraph), how sparse it is.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: standard deviation (ainmfhocal): diall caighdeánach
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, tomhas ar cé chomh héagsúil is atá luachanna i sraith sonraí. Is ionann diall caighdeánach fréamh chearnach athraithis.
Sainmhíniú (en): In the context of mathematics, a measure of how much the values in a dataset vary. Standard deviation is the square root of variance.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: state of the art (best) (ainmfhocal): scoth an réimse
Sainmhíniú (ga): An tuiscint, samhail, eolas, nó eile is fearr i réimse eolaíochta éigin.
Sainmhíniú (en): The best understanding, model, information, etc in a given scientific field.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: state of the art (current) (ainmfhocal): staid an réimse
Sainmhíniú (ga): An tuiscint / leibhéal taighde atá ann faoi láthair i réimse taighde (bíodh sé go maith nó go dona).
Sainmhíniú (en): The understanding or level of current research in a given field of research (whether that is good or bad).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: state of the art (the literature) (ainmfhocal): litríocht an réimse
Sainmhíniú (ga): An litríocht ar fad atá ar fáil i staid an réimse.
Sainmhíniú (en): All of the literature available in the state of the art.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: structural alignment (ainmfhocal): ailíniú struchtúir
Sainmhíniú (ga): Cé chomh maith is a luíonn struchtúr ruda (.i. graf eolais) le cáilíocht mhatamaiticiúil eile.
Sainmhíniú (en): How well the structure of something (i.e. a graph) relates to some other mathematical quantity.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: structural alignment framework (ainmfhocal): creatlach ailínithe struchtúir
Sainmhíniú (ga): An chreatlach atá mar phríomh-thoradh ar an tráchtas seo, a dhéantar trí réamhinsintí na hipitéise ar ailiniú struchtúir a chur i bhfeidhm.
Sainmhíniú (en): The framework that is the core result of this thesis, which is a result of the predictions of the structural alignment hypothesis.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: structural alignment hypothesis (ainmfhocal): hipitéis ar ailíniú struchtúir
Sainmhíniú (ga): An hipitéis taobh thiar den tráchtas seo, a deir go bhfuil ailíniú idir struchtúr graif eolais agus cé chomh maith agus is féidir réamhinsint nasc a dhéanamh air.
Sainmhíniú (en): The central hypothesis of this thesis, which states that there is alignment between the structure of a knowledge graph and how well link prediction can be done on it.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: structure (ainmfhocal): struchtúr
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif, patrúin, achoimrí uimhriúla, agus staitisticí ar féidir iad a áireamh ar an ngraf (gan trácht ar shéimeantaic an ghraif).
Sainmhíniú (en): In the context of a graph, patterns, numerical summaries, and statistics that can be calculated on the graph (without reference to the semantics of the graph).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: subgraph (ainmfhocal): fo-ghraf
Sainmhíniú (ga): Cuid de ghraf eolais, atá mar ghraf eolas (níos lú) é féin.
Sainmhíniú (en): A part of a knowledge graph that itself is a (smaller) knowledge graph.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: subject (ainmfhocal): ainmní
Sainmhíniú (ga): in abairt thriarach (a,f,c), an chéad nód a atá mar thús ag an bhfaisnéis f.
Sainmhíniú (en): in a triple (s,p,o), the first node s that acts as the head of the predicate p.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: subject corruption (ainmfhocal): malartú an ainmní
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs frith-shamplála, an próiseas a bhaineann le frith-shampla a chruthú tríd an ainmní a in abairt thriarach (a,f,c) a ionadú le nód eile.
Sainmhíniú (en): In the context of negative sampling, the process of creating a negative sample by replacing the subject s in a triple (s,p,o) with another node.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: subject prediction (ainmfhocal): réamhinsint an ainmní
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs an taisc réamhinsinte nasc, an tasc a bhaineann le hainmní a réamhinsint chun ceist réamhinsinte nasc sa bhfoirm (?,f,c) a fhreagairt.
Sainmhíniú (en): In the context of the link prediction task, the task of predicting a subject to answer a link prediction query in the form (?,p,o).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: subset (ainmfhocal): fo-thacar
Sainmhíniú (ga): Tacar a dhéantar as baill ó tacar (nó tacair) eile, agus nach bhfuil ann ach baill ó na tacair sin.
Sainmhíniú (en): A set whose elements come from another set (or sets), and which only contains those elements.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: supervised (aidiacht): faoi mhaoirseacht
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, traenáilte le sonraí ionchuir agus lena bhfuiltear as súil leis mar aschur (m.sh. íomhánna de chait agus de mhadraí, agus lipéad 'cat' nó 'madra' ar gach uile íomhá ann chun ligean don chóras ríomhfhoghlama a fháil amach an luíonn a aschur féin leis an bhfírinne).
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, trained with input data and with the expected output values (for example, images of cats and dogs, with the label 'cat' or 'dog'' on each image so that the machine learning model can determine if its prediction matches the ground truth).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: supervision (aidiacht): maoirseacht
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, cén chaoi a dhéantar samhail a thraenáil de réir na sonraí ionchuir atá aici.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, how a model is trained according to its input data.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: support vector (ainmfhocal): veicteoir tacaíochta
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, veicteoir atá an-ghar don teorainn chinnidh.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, a vector that is very close to the decision boundary.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: support vector classifier (ainmfhocal): aicmitheoir bunaithe ar veicteoirí tacaíochta
Sainmhíniú (ga): Samhail bunaithe ar veicteoirí tacaíochta a úsáidtear chun aicmiú a chur i gcrích.
Sainmhíniú (en): A support vector machine used to perform classification.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: support vector machine (SVM) (ainmfhocal): samhail (bunaithe ar) veicteoirí tacaíochta (SVT)
Sainmhíniú (ga): Samhail ar bith den ghrúpa samhlacha ríomhfhoghlama atá bunaithe ar úsáid veicteoirí tacaíochta chun éifeachtach ríomhfhoghlama a chur chun cinn.
Sainmhíniú (en): Any one model of the family of machine learning models that are based on the use of support vectors to improve machine learning performance.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: support vector regressor (ainmfhocal): cúlaitheoir bunaithe ar veicteoirí tacaíochta
Sainmhíniú (ga): Samhail bunaithe ar veicteoirí tacaíochta a úsáidtear chun cúlú a chur i gcrích.
Sainmhíniú (en): A support vector machine used to perform regression.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: symbol (ainmfhocal): siombail
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs loighce nó rialacha loighce, comhartha a sheasann do shlonn loighce, d'athróg loighce, d'oibríocht loighce, nó do chuid eile de shlonn loighce.
Sainmhíniú (en): In the context of logic or logical rules, a character that represents a logical expression, a logical variable, a logical operation, or some other part of a logical expression.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: symbolic (aidiacht): siombalach
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs loighce, bainteach le siombailí, nó bunaithe ar úsáid shiombailí.
Sainmhíniú (en): In the context of logic,relating to symbols, or based on the use of symbols.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: symbolic logic (ainmfhocal): loighic shiombalach
Sainmhíniú (ga): An brainse loighce a bhaineann le húsáid siombailí chun rialacha agus tairiscintí loighce a shamhlú.
Sainmhíniú (en): The branch of logic that relates to using symbols to model logical rules and propositions.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: symmetric (aidiacht): siméadrach
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs faisnéise (f) i ngraf eolais, leis an impleacht gur fíor (c,f,a) mar abhairt thiarach más fíor (a,f,c).
Sainmhíniú (en): In the context of a predicate (p) in a knowledge graph, implying that the triple (o,p,s) is true if (s,p,o) is true.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: symmetry (ainmfhocal): siméadracht
Sainmhíniú (ga): An t-airí a bhaineann lena bheith siméadrach.
Sainmhíniú (en): The property of being symmetric.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

T

to test (briathar): teisteáil
Sainmhíniú (ga): Próiseas teisteála a dhéanamh ar shamhail ríomhfhoghlama.
Sainmhíniú (en): To perform testing on a machine learning model.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: testing (ainmfhocal): teisteáil
Sainmhíniú (ga): An próiseas a úsáidtear chun fáil amach cé chomh maith (nó cé chomh dona) is a fheidhmíonn samhail ríomhfhoghlama tar éis di a bheith traenáilte.
Sainmhíniú (en): The process that is used to determine how well (or how poorly) a machine learning model works after it has been trained.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: testing set (ainmfhocal): tacar teisteála
Sainmhíniú (ga): Tacar sonraí a úsáidtear chun samhail ríomhfhoghlama a theisteáil.
Sainmhíniú (en): The dataset used to test a machine learning model.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: topology (ainmfhocal): toipeolaíocht
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif, cur síos matamaiticiúil ar cé chaoi an bhíonn a chuid nód ceangailte lena chéile; nó, réimse staidéir matamaitice bunaithe ar anailísíocht ar struchtúr graf.
Sainmhíniú (en): In the context of a graph, a mathematical description of how its nodes are connected; or, the field of mathematical study of the analysis of graph structure.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: to train (briathar): traenáil
Sainmhíniú (ga): Próiseas traenála a dhéanamh ar shamhail ríomhfhoghlama.
Sainmhíniú (en): To perform training on a machine learning model.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: training (ainmfhocal): traenáil
Sainmhíniú (ga): An próiseas a bhaineann le feabhsú samhla ríomhfhoghlama trí shonraí a thabhairt di.
Sainmhíniú (en): The process of optimising a machine learning model by giving it data to learn from.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: training loop (ainmfhocal): timthriall traenála
Sainmhíniú (ga): An chuid athfhillteach den phróiseas a úsáidtear chun samhail ríomhfhoghlama a thraenáil.
Sainmhíniú (en): The repeating unit of the process used to train a machine learning model.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: training set (ainmfhocal): tacar traenála
Sainmhíniú (ga): Tacar sonraí a úsáidtear chun samhail ríomhfhoghlama a thraenáil.
Sainmhíniú (en): The dataset used to train a machine learning model.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: transfer learning (ainmfhocal): tras-fhoghlaim
Sainmhíniú (ga): Úsáid cur chuige mion-feabhsaithe chun cur ar chumas do shamhail ríomhfhoghlama atá ann cheana (.i. atá réamh-thraenáilte) tasc eile a dhéanamh.
Sainmhíniú (en): The practice of fine-training a pre-existing (pre-trained) machine learning model to produce a new model that solves a different task.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: transform (ainmfhocal): trasfhoirm
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, feidhm a úsáidtear chun trasfhoirmiú a chur i gcrích.
Sainmhíniú (en): In the context of mathematics, a function that is used to perform a transformation.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: to transform (briathar): trasfhoirmigh
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, sonraí a athrú le feidhm éigin (mar shampla, chun iad a chuimsiú ar eatramh éigin).
Sainmhíniú (en): In the context of mathematics, to change data according to some function (for example, to bound them on a given interval).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: transformation (ainmfhocal): trasfhoirmiú
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, an próiseas a bhaineann le trasfhoirm a chur i bhfeidhm ar shonraí.
Sainmhíniú (en): In the context of mathematics, the process of transforming data.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: transformer (ainmfhocal): trasfhoirmeoir
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, dearadh néarach áirithe a úsáideann sraith chisil airde le chéile.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, a specific neural architecture that uses layered attention.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: transitive (aidiacht): aistreach
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs faisnéise (f) i ngraf eolais, leis an impleacht gur fíor (a,f,c) mar abairt thiarach más fíor (a,f,b) agus (b,f,c).
Sainmhíniú (en): In the context of a predicate (p) in a knowledge graph, implying that the triple (a,p,c) is true if (a,p,b) ang (b,p,c) are true.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: tree (ainmfhocal): crann
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomheolaíochta, struchtúr sonraí nó ríomhfhoghlama a bhfuil nód fréimhe amháin aige agus craobhacha faoi á cheangal le nóid eile sa gcrann. Is féidir crann a úsáid chun próiseas / algartam a chur in iúl, nó chun sonraí a stóráil agus a chuardach go héifeachtach.
Sainmhíniú (en): In the context of computer science, a data or machine learning structure that has a single root node and branches beneath it that connect to other nodes in the tree. A tree can be used to represent a process / algorithm, or to store and search data efficiently.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: triple (ainmfhocal): abairt thriarach
Sainmhíniú (ga): abairt trí choda (a,f,c) atá mar aonad eolais bunúsach i ngraif eolais.
Sainmhíniú (en): a three-part statement (s,p,o) that acts as the basic unit of knowledge in knowledge graphs.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

U

underfitting (ainmfhocal): foghlaim easnamhach
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, foghlaim neamh-iomlán a fhágann nach bhfuil an tsamhail in ann patrúin ghinearálta a fhoghlaim ón tacar traenála.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, incomplete learning that results in the model not being able to learn general patterns from the training set.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: union (ainmfhocal): aontas
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs dhá thacar (nó níos mó) tacar na mball in ar a laghad tacar amháin acu.
Sainmhíniú (en): In the context of two or more sets, the set of elements contained in at least one of those sets.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: universe (ainmfhocal): domhan
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, tacar formhór uilíoch ina bhfuil gach uile réad a bhaineann le réimse éigin ann.
Sainmhíniú (en): In the context of mathematics, a massive, global set in which all objects belonging to a given domain exist.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: unseen (aidiacht): gan feiceáil
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs tacar sonraí (m.sh. tacar teisteála / deimhnithe), gan a bheith úsáidte / feicthe le linn an phróisis thraenála ar shamhail ríomhfhoghlama.
Sainmhíniú (en): In the context of a dataset (such as the testing / validation set), not being used / seen during the training phase of a machine learning model.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: unsupervised (aidiacht): gan mhaoirseacht
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, traenáilte ar shonraí ionchuir gan samplaí ar bith dá bhfuiltear ag súil leis mar aschur. Mar shampla, nuair a dhéantar aicmiú ionduchtach, bíonn pointí ionchur ann, ach ní bhíonn lipéad / aicme cheart na bpointe ar fáil roimh ré.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, trained on input data without any examples of what is expected as output. For example, when performing clustering, input points are given, but no information on their labels / classes are given.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

V

to validate (ainmfhocal): deimhnigh
Sainmhíniú (ga): Próiseas deimhnithe a dhéanamh ar shamhail ríomhfhoghlama.
Sainmhíniú (en): To perform validation on a machine learning model.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: validation (ainmfhocal): deimhniú
Sainmhíniú (ga): An próiseas a úsáidtear chun a mheas cé chomh maith (nó cé chomh dona) is a fheidhmíonn samhail ríomhfhoghlama le linn a traenála.
Sainmhíniú (en): The process that is used to estimate how well (or how poorly) a machine learning model works while it is being trained.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: validation set (ainmfhocal): tacar deimhnithe
Sainmhíniú (ga): Tacar sonraí a úsáidtear chun samhail ríomhfhoghlama a dheimhniú.
Sainmhíniú (en): The dataset used to validate a machine learning model.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: variance (ainmfhocal): athraitheas
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, tomhas ar cé chomh héagsúil is atá luachanna i sraith sonraí. Is ionann athraitheas agus diall caighdeánach cearnaithe.
Sainmhíniú (en): In the context of mathematics, a measure of how much the values in a dataset vary. Variance is the square of standard deviation.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: vector (ainmfhocal): veicteoir
Sainmhíniú (ga): Liosta ordaithe uimhreacha a shamhlaíonn pointe i spás, nó aistriú sa spás céanna.
Sainmhíniú (en): An ordered list of numbers that represents a displacement in space, or a point in space.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

W

walk (ainmfhocal): siúlóid
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif, imeacht ó nód go nód ar cheangail an ghraif chun an graf ar fad, nó cuid de, a thrasnú.
Sainmhíniú (en): In the context of a graph, to go from node to node alone the edges in the graph to traverse the whole graph, or a part of it.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: to weight (briathar): ualaigh
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama nó matamaiticiúil, ualach a chur le slonn nó le luach.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning or mathematics, to apply a numerical weight to an expression or value.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: weight (ainmfhocal): ualach
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama nó matamaiticiúil, uimhir scálach a mhéadaítear le slonn (go háirithe chun raon na luachanna aschuir ón slonn sin a athrú nó a shrianadh); nó, uimhir scálach a úsáidtear mar lipéad (mar shampla, ar chodanna de ghraf).
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning or mathematics, a scalar number that is multiplied with an expression (especially to change or restrict the range of values output by that expression); or, a scalar value used as a label (such as on elements of a graph).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: weighted (aidiacht): ualaithe
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama nó matamaiticiúil, a bhfuil ualach curtha leis.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning or mathematics, having a numerical weight.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: weighted random search (ainmfhocal): cuardach randamach ualaithe
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs cuardaithe hipear-pharaiméadar, cuardach randamach ina bhfuil an sampláil ualaithe de réir cé chomh maith is a bhí samplaí eile a mheasúnaíodh cheana (mar shampla, trí shampláil Bayes a dhéanamh).
Sainmhíniú (en): In the context of a hyperparameter search, a random search in which the sampling is weighted by how well past samples have performed (for example, through the use of Bayesian sampling).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: world (ainmfhocal): domhan
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, tacar formhór uilíoch ina bhfuil gach uile réad a bhaineann le réimse éigin ann.
Sainmhíniú (en): In the context of mathematics, a massive, global set in which all objects belonging to a given domain exist.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

Z

z-score (ainmfhocal): scór-z
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs staitistice, scór a léiríonn cá mhéad dialltaí caighdeánacha is atá sonra amháin ó mheán na sonraí.
Sainmhíniú (en): In the context of statistics, a score that represents how many standard deviations from the mean a data point is.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: