Foclóir Tráchtais v1.6

Jeffrey Seathrún Sardina
Eanáir 2025

Achoimre na dTéarmaí

Gaeilge Béarla
0-sonra 0-shot
abairt thriarach triple
adamhach atomic
aicme class
aicme chumtha pseudotype
aicmigh to classify
aicmitheoir classifier
aicmitheoir bunaithe ar veicteoirí tacaíochta support vector classifier
aicmiú classification
aicmiú ionduchtach clustering
aicmiú ionduchtach a dhéanamh to cluster
ailíniú alignment
ailíniú aonad entity alignment
ailíniú struchtúir structural alignment
ainmní subject
aird attention
aird a thabhairt ar to attend to
aird il-cheannach multi-headed attention
airí feature
airmheán median (statistic)
airmheánach median
aistreach transitive
algartam algorithm
algartam géiniteach genetic algorithm
aonad entity
aontas union
ar siúl running
aschur output
asluiteach outlier
athraitheas variance
baisc batch
ball element
Bayes Bayesian
bearna margin
braisle (pointí) cluster
buan- constant
buanaigh to freeze
(bun-)chód source code
bun-fhírinne ground truth (data)
bun-fhírinneach ground truth
bunachar sonraí database
bunaithe ar rialacha rule-based
cainníochtaigh to quantify
cainníochtúil quantitative
ceangal edge
ceangal relation(ship)
ceann airde attention head
céim degree
ceist query
ceist réamhinsinte nasc link prediction query
cineálach qualitative
ciseal layer
ciseal airde attention layer
ciseal lán-cheangailte dense layer
ciseal nialas dropout layer
códú aon-innéacs one-hot encoding
cóimheas ratio
cóimhinicíocht co-frequency
coinníoll críochnaithe end condition
coiscéim hop
comharsa neighbour
comhartha signal
comhéadan interface
comhéifeacht coefficient
comhéifeacht comhghaolúcháin correlation coefficient
comhghaol correlation
comhghaolaigh to correlate
comhréir proportion
comhthéacs cóid environment
córas feabhsúcháin optimiser
córas intleachta saorga (córas IS) artificial intelligence (AI) (system)
córas réasúnaíochta reasoner
córas rialtachta regulariser
cothromóid equation
crann tree
crann cinnte decision tree
creatlach framework
creatlach ailínithe struchtúir structural alignment framework
cruthaigh to instantiate
cruthú instantiation (process)
cuar curve
cuardach ar eangach grid search
cuardach hipear-pharaiméadar hyperparameter search
cuardach randamach random search
cuardach randamach ualaithe weighted random search
cuimsigh to bound
cuir amach to output
cuir ar siúl to run
cuir isteach (i) to input (into)
cúlaigh to regress
cúlaitheoir regressor
cúlaitheoir bunaithe ar veicteoirí tacaíochta support vector regressor
cúlú regression
cumadóireachta generative
cúpla-sonra few-shot
cuspóir object
dáileadh distribution
dearadh architecture
deimhneach positive (of number)
deimhnigh to validate
deimhniú validation
dénártha binary
diall caighdeánach standard deviation
dibhéirseacht Kullback-Leibler (KL) Kullback-Leibler (KL) divergence
dírithe directed
diúltach negative (of number)
dlús density
dlúth dense
dóchúlacht probability
domhan world
domhan universe
éadlús sparsity
éadlúth sparse
eangach hipear-pharaiméadar hyperparameter grid
eantrópacht entropy
eantrópacht choibhneasta relative entropy
earráid error
eatramh bin
eatramh interval
éifeachtacht (ama, fhuinnimh) efficiency
éifeachtacht (ama, taisc) performance
faisnéis predicate
faoi fhéin-mhaoirseacht self-supervised
faoi leath-mhaoirseacht semi-supervised
faoi mhaoirseacht supervised
feabhsaigh to optimise
feabhsúchán optimisation
fearann domain
feidhm function
feidhm de phéire (pointí) pairwise function
feidhm de phointe pointwise function
feidhm de thacar (pointí) setwise function
feidhm ghníomhachtaithe activation function
feidhm phionóis loss function
feidhm scórála scoring function
feidhm shiogmóideach sigmoid function
féin-aird self-attention
fíor-abairt (thriarach) positive (triple)
fíricí@k (F@k) hits@k (H@k)
fo-ghraf subgraph
fo-thacar subset
foghlaim cheart correct fitting
foghlaim dhomhain deep learning
foghlaim easnamhach underfitting
folaigh latent
foshuíomh assumption
Foshuíomh an Domhain Dhúnta Closed World Assumption
Foshuíomh an Domhain Oscailte Open World Assumption
(frása le 'ceangailte') connectivity
(frása le 'gaolmhar') family
(frása le 'toise') dimensionality
fréamh randamach random seed
frith-shampla negative (sample)
frith-shampla counterexample
frith-shampláil negative sampling
frith-shamplóir negative sampler
gan feiceáil unseen
gan mhaoirseacht unsupervised
gineadóir uimhreacha randamacha random number generator
ginearáltacht generality
graf graph
graf eolais (GE) knowledge graph (KG)
graf spleáchais dependency graph
hipear-ghraf hyper-graph
hipear-pharaiméadar hyperparameter
hipitéis ar ailíniú struchtúir structural alignment hypothesis
histeagram histogram
iarmhairt consequent
idirmhír intersection
in-athdhéanta reproducible
inbhéarta inverse (relation)
inbhéartach inverse
inchreidteacht plausibility
insamhail to simulate
insamhladh simulation
intleacht shaorga (IS) (coincheap) artificial intelligence (AI) (concept)
ionadaíochta representative
ionchur input
íosluach minimum
íosluach logánta local minimum
íosluach uilíoch global minimum
le haicme chumtha pseudotyped
le lipéad labelled
leabaigh to embed
leabharlann (chóid) library
leabú embedding
leabú graif eolais (LGE) knowledge graph embedding (KGE)
leagan instantiation (concept)
leagan infheidhmithe implementation
leagan infheidhmithe caighdeánach reference implementation
leagan representation
líneach linear
líonra network
líonra cairdis social network
líonra néarach (LN) neural network (NN)
líonra néarach graif (LNG) graph neural network (GNN)
líonra ríomhairí computer network
liosta ranganna ranked list
lipéad label
litríocht an réimse state of the art (the literature)
lódáil to load
logánta local
loighic logic
loighic shiombalach symbolic logic
lucht faisnéise information content
maitrís matrix
maitrís chóngarachta adjacency matrix
malartaigh to corrupt
malartú an ainmní subject corruption
malartú an chuspóra object corruption
maoirseacht supervision
mapa mapping
mapáil to map
meán mean (statistic)
meán na n-earráidí cearnaithe (MEC) mean squared error (MSE)
meán na ranganna deilíneacha (MRD) mean reciprocal rank (MRR)
meán- nó meánach mean
meán-rang (MR) mean rank (MR)
meastachán estimate
meastachán a dhéanamh (ar) to approximate
meastachán a dhéanamh (ar) to estimate (about)
meastachán approximation
measúnaigh to evaluate
measúnú evaluation
méid na mbaisceanna batch size
minicíocht frequency
mion-fheabhsú to finetune
modúl block
modúl module
modúlach modular
móitíf motif
n-sonra n-shot
neamh-líneach non-linear
néar-shiombalach neuro-symbolic
néarach neural
nód node
oibreoir operator
oibriú operation
oibriú airde attention mechanism
ointeolaíocht ontology
paraiméadar parameter
peircintíl percentile
pionós (foghlama) loss
pionós rangaithe le bearna (PRB) margin ranking loss (MRL)
pionós tras-eantrópachta (PTE) cross entropy loss (CEL)
pionós tras-eantrópachta dénártha (PTED) binary cross entropy loss (BCEL)
Pirimid SFEE DIKW Pyramid
randamach random
rang rank
rangaigh to rank
rangú ranking
raon range
ráta foghlama learning rate
réad instantiation (object)
réamh-thraenáil pretraining
réamh-thraenáil to pretrain
réamhinis to predict
réamhinsint prediction
réamhinsint an ainmní subject prediction
réamhinsint an chuspóra object prediction
réamhinsint nasc (RN) link prediction (LP)
réamhinsteoir predictor
réamhinsteoir nasc link predictor
réamhthéarma antecedent
réasúnaíocht reasoning
réasúnaíocht a dhéanamh (ar) to reason (on)
réigiún region
réimse úsáide application domain
ReLU ReLU
riail (loighce) rule (in logic)
ríomh- machine
ríomheolaíocht computer science
ríomhfhoghlaim machine learning
ró-fhoghlaim overfitting
samhail model
samhail (bunaithe ar) veicteoirí tacaíochta (SVT) support vector machine (SVM)
samhail bhunlíne baseline model
samhail fhorais foundation model
samhail fhorais ghraf graph foundation model
samhail leabaithe graif eolais (SLGE) knowledge graph embedding model (KGEM)
samhail theanga (ST) language model (LM)
samhail theanga mhór (STM) large language model (LLM)
samhlaigh to model
sampla sample
sampla fánach random sample
sampláil to sample
samplóir sampler
saor-rochtana open source
scag to filter
scagaire filter
scagaireacht filtering
scaipléaráid scatter plot (or diagram)
scálach scalar
sceitheadh sonraí data leak
scór score
scór inchreidteachta plausibility score
scór-z z-score
scóráil to score
scoth an réimse state of the art (best)
seachadadh teachtaireachtaí message passing
seal epoch
séimeantaic semantics
siméadrach symmetric
siméadracht symmetry
siombail symbol
siombalach symbolic
siúlóid walk
siúlóid fhánach random walk
slonn expression
softmax softmax
sonraí data
sonraí nasctha (SN) linked data (LD)
sonraí nasctha saor-rochtana (SNSR) linked open data (LOD)
staid an réimse state of the art (current)
stór (cóid) repository
struchtúr structure
tabhair chun rialtachta to regularise
tabhairt chun rialtachta regularisation
tacar set
tacar deimhnithe validation set
tacar sonraí dataset
tacar sonraí comparáide benchmark dataset
tacar teisteála testing set
tacar traenála training set
tasc réamhinsinte nasc link prediction task
teaglaim hipear-pharaiméadar hyperparameter combination
tearcaigh to reify
tearcú reification
teibigh to abstract
teibiú abstraction
teisteáil testing
teisteáil to test
teorainn chinnidh decision boundary
timthriall traenála training loop
tionól aggregate
toipeolaíocht topology
toise dimension
tomhais to measure
tomhas metric
tomhas measure
torann noise
torannach noisy
traenáil training
traenáil to train
tras-aird cross-attention
tras-eantrópacht cross-entropy
tras-fhoghlaim transfer learning
trasfhoirm transform
trasfhoirmeoir transformer
trasfhoirmigh to transform
trasfhoirmiú transformation
treallach arbitrary
turgnamh ionadaithe ablation experiment
ualach weight
ualaigh to weight
ualaithe weighted
uasluach maximum
uasluach logánta local maximum
uasluach uilíoch global maximum
uilíoch global
úsáid (phraiticiúil) application (in practice)
veicteoir vector
veicteoir tacaíochta support vector

Téarmaí

Téigh chuig: # A/Á B C D E/É F G H I/Í L M N O/Ó P R S T U/Ú V

#

0-sonra (aidiacht): 0-shot
Sainmhíniú (ga): Cur chuige mion-fheabsaithe ina dteisteáiltear samhail réamh-thraenáilte ar thacar sonraí nua gan mion-fheabsú ar bith.
Sainmhíniú (en): A finetuning protocol in which a pretrained model is directly tested on a new dataset without any finetuning.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

A/Á

abairt thriarach (ainmfhocal): triple
Sainmhíniú (ga): abairt trí choda (a,f,c) atá mar aonad eolais bunúsach i ngraif eolais.
Sainmhíniú (en): a three-part statement (s,p,o) that acts as the basic unit of knowledge in knowledge graphs.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: adamhach (aidiacht): atomic
Sainmhíniú (ga): Gan a bheith in ann a bheith briste síos a thuilleadh chun teacht ar aonad níos bunúsaí.
Sainmhíniú (en): Unable to be broken down further to arrive at a more basic unit.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: aicme (ainmfhocal): class
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs an taisc aicmithe, ceann ar bith de na lipéad ar féidir é a chur le sonraí ionchuir le linn aicmithe. I gcomhthéacs cliarlathais, ointeolaíochta, nó tacsanomaíochta, sórt nó cineál réada sa gcliarlathas / san ointeolaíocht / sa tacsanomaíocht.
Sainmhíniú (en): In the context of classification, any one of the labels that can be given to input data during classification. In the context of a hierarchy, ontology, or taxonomy, a sort or type of object present in the hierarchy / ontology / taxonomy.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: aicme chumtha (ainmfhocal): pseudotype
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs nód i ngraf eolais, aicme measta atá curtha leis (nach dtagann as ointeolaíocht an ghraif, má tá ceann ann).
Sainmhíniú (en): In the context of a node in a knowledge graph, an estimated class type that is attached to it (wichh does not come from the graph's ontology, if it has one).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: aicmigh (ainmfhocal): to classify
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, an tasc aicmithe a chur i gcrích.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, to perform the classification task.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: aicmitheoir (ainmfhocal): classifier
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, samhail a chuireann aicmiú i gcrích.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, a model that performs classification.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: aicmitheoir bunaithe ar veicteoirí tacaíochta (ainmfhocal): support vector classifier
Sainmhíniú (ga): Samhail bunaithe ar veicteoirí tacaíochta a úsáidtear chun aicmiú a chur i gcrích.
Sainmhíniú (en): A support vector machine used to perform classification.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: aicmiú (ainmfhocal): classification
Sainmhíniú (ga): Tasc ríomhfhoghlama a bhfuil mar aidhm aige lipéad ('aicme') a chur le chuile phointe sonraí ionchuir. Mar shampla, íomhánna a bhfuil madra nó cat iontu a aicmiú de réir an t-ainmhí atá san íomhá.
Sainmhíniú (en): The machine learning task that aims to assign a label ('class') to every input data point. For example, classifying images of dogs or cats based on the animal in the image.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: aicmiú ionduchtach (ainmfhocal): clustering
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, an próiseas a bhaineann le pointí sonraí a aicmiú nuair nach bhfuil eolas ar bith céard iad na haicmí cearta (ná ar an méid aicmí fiú) ar fáil roimh ré, sa gcaoi gur gá iad sin a fhoghlaim go hionduchtach.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, the process related to assigning a class to data points when there is no knowledge in advance of what the correct labels are (or even how many there are), such that the learning must be done inductively.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: aicmiú ionduchtach a dhéanamh (briathar): to cluster
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, an tasc aicmithe ionduchtaigh a chur i gcrích.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, to perform the clustering task.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: ailíniú (ainmfhocal): alignment
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, cé chomh maith is a luíonn dhá thomhas / dhá cháilíocht lena chéile ar leibhéal ginearálta.
Sainmhíniú (en): In a mathematical context, how well two measures / quantities relate to each other in general terms.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: ailíniú aonad (ainmfhocal): entity alignment
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, tasc a bhfuil i gceist aige réamhinsint a dhéanamh ar cén aonaid ar leith i dtacar sonraí atá dáiríre ag seasamh don choincheap nó don réad céanna.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, the task of predicting which distinct entities in a dataset actually stand for the same concept or object.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: ailíniú struchtúir (ainmfhocal): structural alignment
Sainmhíniú (ga): Cé chomh maith is a luíonn struchtúr ruda (.i. graf eolais) le cáilíocht mhatamaiticiúil eile.
Sainmhíniú (en): How well the structure of something (i.e. a graph) relates to some other mathematical quantity.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: ainmní (ainmfhocal): subject
Sainmhíniú (ga): in abairt thriarach (a,f,c), an chéad nód a atá mar thús ag an bhfaisnéis f.
Sainmhíniú (en): in a triple (s,p,o), the first node s that acts as the head of the predicate p.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: aird (ainmfhocal): attention
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, córas a dhéanann meastachán ar thábhacht gach uile airí i veicteoir chun ligean do shamhail ríomhfhoghlama díriú ar an hairíonna is tábhachtaí ann.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, a mechanism that estimates the importance of every feature in a vector, so as to allow a machine learning model to focus on the most important features.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: aird a thabhairt ar (ainmfhocal): to attend to
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs oibrithe airde i líonra néarach, díriú ar chodanna ar leith den ionchur de réir an oibrithe airde.
Sainmhíniú (en): In the context of an attention mechanism in a neural network, to focus on some parts of the input based on the attention mechanism.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: aird il-cheannach (ainmfhocal): multi-headed attention
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, modúl airde a bhfuil níos mó ná ceann airde amháin air.
Sainmhíniú (en): In the context of computer science, an attention module with more than one head.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: airí (ainmfhocal): feature
Sainmhíniú (ga): Ionchur amháin ar shamhail ríomhfhoghlama, nó cuid uimhriúil den tsamhail chéanna, a sheasann do shonra nithiúil nó folaigh den tacar sonraí atá á fhoghlaim.
Sainmhíniú (en): A single input to, or numerical element of, a machine learning model that represents a concrete or latent element of the dataset being learned.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: airmheán (ainmfhocal): median (statistic)
Sainmhíniú (ga): Ag trácht ar dáileadh, an luach díreach i lár na luachanna ar fad agus iad sórtáilte.
Sainmhíniú (en): With regards to a distribution, the value directly in the middle of all sorted values.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: airmheánach (aidiacht): median
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs liosta uimhreacha, bainteach le hairmheán an liosta sin.
Sainmhíniú (en): In the context of a list of numbers, relating to the median of that list.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: aistreach (aidiacht): transitive
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs faisnéise (f) i ngraf eolais, leis an impleacht gur fíor (a,f,c) mar abairt thiarach más fíor (a,f,b) agus (b,f,c).
Sainmhíniú (en): In the context of a predicate (p) in a knowledge graph, implying that the triple (a,p,c) is true if (a,p,b) ang (b,p,c) are true.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: algartam (ainmfhocal): algorithm
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomheolaíochta, próiseas sainmhínithe a bhfuil déanamh taisc mar aidhm aige.
Sainmhíniú (en): In the context of computer science, a fully-defined process that aims to solve some task.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: algartam géiniteach (ainmfhocal): genetic algorithm
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomheolaíochta, algartam ríomhfhoghlama bunaithe ar oibrithe géineolaíochta.
Sainmhíniú (en): In the context of computer science, a machine learning algorithm based on genetic operations.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: aonad (ainmfhocal): entity
Sainmhíniú (ga): Coincheap nó réad amháin, go háirithe agus é samhlaithe mar nód i ngraf eolais, mar shonra i mbunachar sonraí, nó mar ainm i dtéacs scríofa go nádúrtha.
Sainmhíniú (en): A single concept or object, especially when represented by a node in a knowledge graph, a data point in a database, or a name in a natural language text.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: aontas (ainmfhocal): union
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs dhá thacar (nó níos mó) tacar na mball in ar a laghad tacar amháin acu.
Sainmhíniú (en): In the context of two or more sets, the set of elements contained in at least one of those sets.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: ar siúl (aidiacht): running
Sainmhíniú (ga): Ag trácht ar próiseas, tar éis a beith tosaithe agus fós ag obair (gan a bheith críochnaithe go fóill).
Sainmhíniú (en): Regarding a process, having been started and still working (not being finished yet).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: aschur (ainmfhocal): output
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs córais, próisis, nó feidhme, sonraí a thagann as an bpróiseas céanna agus é críochnaithe.
Sainmhíniú (en): In the context of a system, process, or function, data that is returned from the process at its end.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: asluiteach (ainmfhocal): outlier
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs staitistice, luach atá i bhfad amach ó luacha eile agus nach leanann a bpatrún.
Sainmhíniú (en): In the context of statistics, a value that is very far from all other values, and that does not follow their pattern.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: athraitheas (ainmfhocal): variance
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, tomhas ar cé chomh héagsúil is atá luachanna i sraith sonraí. Is ionann athraitheas agus diall caighdeánach cearnaithe.
Sainmhíniú (en): In the context of mathematics, a measure of how much the values in a dataset vary. Variance is the square of standard deviation.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

B

baisc (ainmfhocal): batch
Sainmhíniú (ga): Tacar sonraí tógtha as an tacar traenála a thugtar do shamhail ríomhfhoghlama agus í ag foghlaim (.i. le linn an phróisis traenála). Uaireanta, úsáidtear fo-thacar de thacar teisteála / deimhnithe le linn an phróisis teisteála / deimhnithe chomh maith.
Sainmhíniú (en): A set of data points taken from the training set that is given to a machine learning model as it is learning (i.e. as a part of the training process). Sometimes, batches of the testing and validation sets are used during testing and validation as well.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: ball (ainmfhocal): element
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs tacar, uimhir nó réad atá i dtacar.
Sainmhíniú (en): In the context of sets, a number or object in a set.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: Bayes (aidiacht): Bayesian
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs staitistice, bunaithe ar Theoirim Bayes.
Sainmhíniú (en): In the context of statistics, based on Bayes' Theorem.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: bearna (ainmfhocal): margin
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs na feidhme pionóis Pionós Rangaithe le Bearna, hipear-pharaiméadar a chinneann cé chomh fada agus ar ceart scór na n-abairtí triaracha fírinneacha agus scór na bhfrith-shamplaí a choinneáil óna chéile.
Sainmhíniú (en): In the context of the Margin Ranking Loss loss function, a hyperparameter that determines how far the score of true triples and negative samples should be kept from each other.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: braisle (pointí) (ainmfhocal): cluster
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, grúpa pointí atá gar dá chéile, nó cosúil lena chéile, de réir tomhais éigin.
Sainmhíniú (en): In the context of mathematics, a group of points that are close to each other, or similar to each other, according to some metric.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: buan- (aidiacht): constant
Sainmhíniú (ga): Ag trácht ar luach éigin, gan athrú.
Sainmhíniú (en): Regarding a value, unchanging.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: buanaigh (briathar): to freeze
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs líonraí néaracha, cuid de na paraiméadair i líonra néarach a dhéanamh buan, gan ligean dóibh athrú le linn traenála.
Sainmhíniú (en): In the context of neural networks, to make some of the parameters in the neural network constant, not allowing them to change during training.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: (bun-)chód (ainmfhocal): source code
Sainmhíniú (ga): An cód taobh thiar de thionscadal cóid éigin (m.sh. an cód taobh thiar de shamhail ríomhfhoghlama).
Sainmhíniú (en): The code used for some coding project (for example, the code used for a machine learning model).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: bun-fhírinne (ainmfhocal): ground truth (data)
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs sonraí a úsáidtear i gcomhair ríomhfhoghlama, sonraí atá fíor agus ar fáil lena bheith úsáidte le linn traenála, teisteála, nó deimhnithe mar shamplaí den aschur ceart.
Sainmhíniú (en): In the context of data for machine learning, data that is true and available to be used during training, testing, or validation as an example of correct output.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: bun-fhírinneach (aidiacht): ground truth
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs sonraí a úsáidtear i gcomhair ríomhfhoghlama, fíor agus ar fáil lena bheith úsáidte le linn traenála, teisteála, nó deimhnithe mar shampla den aschur ceart.
Sainmhíniú (en): In the context of data for machine learning, true and available to be used during training, testing, or validation as an example of correct output.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: bunachar sonraí (ainmfhocal): database
Sainmhíniú (ga): Bailiúchán sonraí ar ríomhaire a bhfuil struchtúr loighciúil righin leis.
Sainmhíniú (en): A collection of data on a computer with a strict logical structure.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: bunaithe ar rialacha (aidiacht): rule-based
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, ag baint úsáid as rialacha loighce chun réasúnaíocht a dhéanamh.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, using logical rules to perform reasoning.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

C

cainníochtaigh (briathar): to quantify
Sainmhíniú (ga): Cur síos uimhriúil a dhéanamh ar fheiniméan éigin.
Sainmhíniú (en): To give a numerical description of a phenomenon.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: cainníochtúil (aidiacht): quantitative
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs sonraí, bunaithe ar fhaisnéis chainníochtaithe.
Sainmhíniú (en): In the context of data, based on quantified information.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: ceangal (ainmfhocal): edge
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graf nó graf eolais, cuid de ghraf a nascann (nó a cheanglaíonn) dhá nód le chéile.
Sainmhíniú (en): In the context of graphs or knowledge graphs, an element of a graph that serves to connect two nodes.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: ceangal (ainmfhocal): relation(ship)
Sainmhíniú (ga): Cuid de ghraf a nascann (nó a cheanglaíonn) dhá nód le chéile.
Sainmhíniú (en): An element of a graph that serves to connect two nodes.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: ceann airde (ainmfhocal): attention head
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs trasfhoirmeora (nó modúl airde eile), cuid den mhodúl inar féidir sonraí ionchuir a chur isteach.
Sainmhíniú (en): In the context of a transformer (or other attention block), a part of the block in which data can be input.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: céim (ainmfhocal): degree
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs nóid i ngraf eolais, ca mhéad ceangal atá aige le nóid eile sa ngraf.
Sainmhíniú (en): In the context of a node in a knowledge graph, how many connections it has with other nodes in the graph.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: ceist (ainmfhocal): query
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs bunachar sonraí, ordú a chuirtear ar an mbunachar i bhfoirm cód chun freagra a fháil uaidh. Mar shampla, is féidir ceist a chur ar ghraf eolais faoi an bhfuil abairt thriarach éigin sa ngraf, nó nach bhfuil.
Sainmhíniú (en): In the context of a database, an order that is given to the database in the form of code to get an answer in return. For example, a query could be put to a knowledge graph asking if a specific triple is a part of the graph, or if it is not.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: ceist réamhinsinte nasc (ainmfhocal): link prediction query
Sainmhíniú (ga): Ceist a chuirtear ar réamhinsteoir nasc i bhfoirm abairte triaraí neamhiomlán (s,p,?) nó (?,p,o). Is é an freagra uirthi ná nód o nó s dhéanann abairt iomlán agus cheart as abairt neamhiomlán na ceiste.
Sainmhíniú (en): A query that is posed to a link predictor in the form of an incomplete triple (s,p,?) or (?,p,o). The answer to this query is a node o or s that makes a complete and true triple out of the query triple.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: cineálach (aidiacht): qualitative
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs sonraí, bunaithe ar fhaisnéis nó ar ghnéithe atá do-chainníochtaithe nó nach bhfuil cainníochtaithe.
Sainmhíniú (en): In the context of data, based on unquantifiable or unquantified traits or information.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: ciseal (ainmfhocal): layer
Sainmhíniú (ga): I líonra néarach, bloc néaróg a bhfuil ionchur agus aschur sainmhínithe dó, agus atá mar chuid in-athúsáidte den líonra néarach iomlán.
Sainmhíniú (en): In a neural network, a block of neurons that have clearly-defined input and output, and that are a building block of the larger neural network.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: ciseal airde (ainmfhocal): attention layer
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, ciseal i líonra néarach a chuireann oibriú airde i gcrích.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, a layer in a neural network that implements attention.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: ciseal lán-cheangailte (ainmfhocal): dense layer
Sainmhíniú (ga): Ciseal i líonra néarach ina bhfuil chuile néaróg ionchuir ceangailte le chuile néaróg aschuir.
Sainmhíniú (en): A layer in a neural network in which every input neuron is connected to every output neuron.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: ciseal nialas (ainmfhocal): dropout layer
Sainmhíniú (ga): Ciseal i líonra néarach ina bhfuil luach roinnt néaróg ionadaithe le 0 go randamach.
Sainmhíniú (en): A layer in a neural network in which the value of some neurons is randomly replaced by 0.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: códú aon-innéacs (ainmfhocal): one-hot encoding
Sainmhíniú (ga): Códú a dhéantar ar athróga catagóireacha nuair nach bhfuil slí dhíreach ann chun iad a ionadú le huimhreacha aonaracha. Mar shampla, d'fhéadfadh códú aon-innéacs a dhéanamh ar na luachanna 'Frodo, Éowyn, Arwen, Sam' mar '0001, 0010, 0100, 1000'. Ní bhíonn ach an t-aon 1 amháin i ngach uile chódú ann.
Sainmhíniú (en): Encoding that is done on categorical variables when there is no way to directly represent them as single numbers. For example, one-hot coding could be performed on the values 'Frodo, Éowyn, Arwen, Sam' to get '0001, 0010, 0100, 1000'. In each case, the encoding has exactly one 1.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: cóimheas (ainmfhocal): ratio
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, comparáid a dhéantar idir luach dhá athróga nó idir dhá uimhir A agus B, comhairthe mar A / B.
Sainmhíniú (en): In the context of mathematics, a comparison of the values of two numbers or variables A and B, calculated as A / B.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: cóimhinicíocht (ainmfhocal): co-frequency
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif eolais, cé chomh minic is a bhíonn dhá nód / cheangal (nó níos mó) le chéile sna habairtí triaracha céanna sa ngraf.
Sainmhíniú (en): In the context of a knowledge graph, how often two (or more) nodes / edges are part of the same triples in the graph.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: coinníoll críochnaithe (ainmfhocal): end condition
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomheolaíochta, coinníoll a chinneann cathain ar cheart próiseas a stopadh.
Sainmhíniú (en): In the context of computer science, a condition that determines when a process should be stopped.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: coiscéim (ainmfhocal): hop
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graf, fad ceangail amháin idir dhá nód.
Sainmhíniú (en): In the context of graphs, the distance of a single edge between two nodes.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: comharsa (ainmfhocal): neighbour
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs nóid i ngraf, ceann ar bith de na nóid eile atá ceangailte leis.
Sainmhíniú (en): In the context of a node in a graph, any one of the nodes that is connected to it.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: comhartha (ainmfhocal): signal
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, foinse faisnéise i dtacar sonraí ar féidir í a úsáid go díreach mar chuid fhiúntach den phróiseas ríomhfhoghlama.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, the source of information in a data set that can be directly used as a meaningful part of the machine learning process.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: comhéadan (ainmfhocal): interface
Sainmhíniú (ga): Conradh a dhéantar idir dhá (nó níos mó) cuid de chód, de phróiseas, nó de chóras ríomhfhoghlama a shainmhíníonn cén chaoi a oibríonn siad lena chéile.
Sainmhíniú (en): A protocol made between two (or more) parts of code, of a process, or of a machine learning system that defines how they interoperate.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: comhéifeacht (ainmfhocal): coefficient
Sainmhíniú (ga): Uimhir scálach a úsáidtear chun uimhir nó athróg eile a mhéadú fúithi.
Sainmhíniú (en): A scalar value multiplied with another number or variable.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: comhéifeacht comhghaolúcháin (ainmfhocal): correlation coefficient
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, luach (a scríobhtar go minic mar 'r') idir -1 agus 1 léiríonn cé chomh mór, agus i cén treo, is atá an comhghaol idir dhá shraith sonraí.
Sainmhíniú (en): In a mathematical context, a value (often written as 'r') between -1 and 1 that describes how strong, and in what direction, correlation is between two datasets.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: comhghaol (ainmfhocal): correlation
Sainmhíniú (ga): Cáilíocht mhatamaiticiúil a dhéanann cur síos ar cé chomh maith is a luíonn dhá shraith uimhreacha lena chéile.
Sainmhíniú (en): A mathematical quantity that describes how well two lists of numbers relate.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: comhghaolaigh (briathar): to correlate
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, comhghaol a fháil idir dhá shraith sonraí.
Sainmhíniú (en): In a mathematical context, to find the correlation between two datasets.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: comhréir (ainmfhocal): proportion
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, luach ar an eatramh [0,1] a léiríonn cé chomh minic is atá feiniméan éigin, nó cén dóchúlacht atá le teagmhas dóchúlachta.
Sainmhíniú (en): In the context of mathematics, a value on the interval [0,1] that describes how common some phenomenon is, or what probability some probabilistic event has.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: comhthéacs cóid (ainmfhocal): environment
Sainmhíniú (ga): Comhthéacs a úsáidtear chun tionscadal cóid a scaradh ó thionscadal eile, agus ina bhfuil leaganacha áirithe de gach uile leabharlann chóid atá in úsáid stóráilte agus sainmhínithe.
Sainmhíniú (en): A context that is used to keep various coding projects isolated, and in which specific versions of coding libraries are stored and defined.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: córas feabhsúcháin (ainmfhocal): optimiser
Sainmhíniú (ga): An córas a dhéanann samhail ríomhfhoghlama a fheabhsú.
Sainmhíniú (en): The system that optimises a machine learning model.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: córas intleachta saorga (córas IS) (ainmfhocal): artificial intelligence (AI) (system)
Sainmhíniú (ga): Córas ríomhaireachta a bhfuil mar aidhm aige gníomhú ar nós go bhfuil intleacht nó cumas smaointe aige. Ní bhíonn intleacht shaorga bunaithe ar chórais ríomhfhoghlama i gcónaí, ach is sórt intleachta saorga iad chuile chóras ríomhfhoghlama.
Sainmhíniú (en): A computational system that aims to act as though it has intelligence or the ability to think. Artificial intelligence is not always based on machine learning, but all machine learning systems are forms of artificial intelligence.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: córas réasúnaíochta (ainmfhocal): reasoner
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, córas a úsáideann rialacha loighce chun fíricí nua a réamhinsint.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, a system that uses logical rules to predict new facts.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: córas rialtachta (ainmfhocal): regulariser
Sainmhíniú (ga): Córas a dhéanann samhail ríomhfhoghlama a thabhairt chun rialtachta le linn á traenála.
Sainmhíniú (en): A system that regularises a machine learning model as it is being trained.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: cothromóid (ainmfhocal): equation
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs na matamaitice, abairt matamaiticiúil scoilte ina dhá leath ag an gcomhartha '=', agus a deir go bhfuil an luach céanna ag dá thaobh.
Sainmhíniú (en): In the context of mathematics, a mathematical statement split into two parts by the sign '=', and that says that the two halves of the statement on either side have the same value.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: crann (ainmfhocal): tree
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomheolaíochta, struchtúr sonraí nó ríomhfhoghlama a bhfuil nód fréimhe amháin aige agus craobhacha faoi á cheangal le nóid eile sa gcrann. Is féidir crann a úsáid chun próiseas / algartam a chur in iúl, nó chun sonraí a stóráil agus a chuardach go héifeachtach.
Sainmhíniú (en): In the context of computer science, a data or machine learning structure that has a single root node and branches beneath it that connect to other nodes in the tree. A tree can be used to represent a process / algorithm, or to store and search data efficiently.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: crann cinnte (ainmfhocal): decision tree
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomheolaíochta, uirlis ríomhfhoghlama a dhéanann réamhinsintí (nó 'cinntí') de réir rialacha atá samhlaithe ar chraobhacha an chrainn.
Sainmhíniú (en): In the context of computer science, a machine learning tool that makes predictions (or 'decisions') based on rules modelled on the branches of the tree.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: creatlach (ainmfhocal): framework
Sainmhíniú (ga): Struchtúr teibí a úsáidtear chun feiniméan a léiriú nó a thuiscint i bhfoirm ghinearálta.
Sainmhíniú (en): An abstract structure used to describe or understand a phenomenon in a general form.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: creatlach ailínithe struchtúir (ainmfhocal): structural alignment framework
Sainmhíniú (ga): An chreatlach atá mar phríomh-thoradh ar an tráchtas seo, a dhéantar trí réamhinsintí na hipitéise ar ailiniú struchtúir a chur i bhfeidhm.
Sainmhíniú (en): The framework that is the core result of this thesis, which is a result of the predictions of the structural alignment hypothesis.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: cruthaigh (briathar): to instantiate
Sainmhíniú (ga): Cruth a chur ar réad (matamaiticiúil nó ríomhaireachta), go háirithe de réir creatlaí sainmhínithe éigin.
Sainmhíniú (en): To create a (mathematical or computational) object, especially according to a strictly defined framework.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: cruthú (ainmfhocal): instantiation (process)
Sainmhíniú (ga): An próiseas a bhaineann le réad (matamaiticiúil nó ríomhaireachta) a chruthú.
Sainmhíniú (en): The process relating to the instantiation of a (mathematical or computational) object.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: cuar (ainmfhocal): curve
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, breacadh cothromóide nó tacair phointí a leanann patrún éigin.
Sainmhíniú (en): In the context of mathematics, a plot of an equation or of various points that follow some pattern.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: cuardach ar eangach (ainmfhocal): grid search
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs cuardaithe hipear-pharaiméadar, cuardach a dhéantar ar eangach hipear-pharaiméadar agus ina mbíonn gach uile theaglaim hipear-pharaiméadar measúnaithe.
Sainmhíniú (en): In the context of a hyperparameter search, a search that is done on a grid of hyperparameters and in which every possible combination of hyperparameters is evaluated.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: cuardach hipear-pharaiméadar (ainmfhocal): hyperparameter search
Sainmhíniú (ga): an cur chuige a úsáidtear chun na hipear-pharaiméadair is fearr a fháil do shamhail ríomhfhoghlama.
Sainmhíniú (en): the approach used to find the optimal hyperparameters for a machine learning model.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: cuardach randamach (ainmfhocal): random search
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs cuardaithe hipear-pharaiméadar, cuardach a dhéantar ar thacar mór teaglamaí hipear-pharaiméadar, agus ina mbíonn teaglamaí sampláilte go randamach go dtí go bhfuil coinníoll críochnaithe bainte amach.
Sainmhíniú (en): In the context of a hyperparameter search, a search that is done on a large set of possible hyperparameter combinations, and in which hyperparameter combinations are sampled randomly until some end condition is reached.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: cuardach randamach ualaithe (ainmfhocal): weighted random search
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs cuardaithe hipear-pharaiméadar, cuardach randamach ina bhfuil an sampláil ualaithe de réir cé chomh maith is a bhí samplaí eile a mheasúnaíodh cheana (mar shampla, trí shampláil Bayes a dhéanamh).
Sainmhíniú (en): In the context of a hyperparameter search, a random search in which the sampling is weighted by how well past samples have performed (for example, through the use of Bayesian sampling).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: cuimsigh (briathar): to bound
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, aschur feidhme a choinneáil ar eatramh.
Sainmhíniú (en): In the context of mathematics, to keep the output of a function on an interval.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: cuir amach (ainmfhocal): to output
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs córais, próisis, nó feidhme, sonraí a fháil mar aschur uaidh.
Sainmhíniú (en): In the context of a system, process, or function, to get data as an output from it.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: cuir ar siúl (briathar): to run
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomheolaíochta, próiseas a thosú.
Sainmhíniú (en): In the context of computer science, to begin a process.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: cuir isteach (i) (ainmfhocal): to input (into)
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs córais, próisis, nó feidhme, sonraí ionchuir a tabhairt dó.
Sainmhíniú (en): In the context of a system, process, or function, to give it input data.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: cúlaigh (briathar): to regress
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, cúlú a chur i gcrích.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, to perform regression.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: cúlaitheoir (ainmfhocal): regressor
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, samhail a chuireann cúlú i gcrích.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, a model that performs regression.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: cúlaitheoir bunaithe ar veicteoirí tacaíochta (ainmfhocal): support vector regressor
Sainmhíniú (ga): Samhail bunaithe ar veicteoirí tacaíochta a úsáidtear chun cúlú a chur i gcrích.
Sainmhíniú (en): A support vector machine used to perform regression.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: cúlú (ainmfhocal): regression
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, an próiseas a bhaineann le cothromóid líne a fháil a dhéanann cur síos cruinn ar phatrúin uimhriúla i sraith sonraí.
Sainmhíniú (en): The the context of mathematics, the process relating to finding a linear equation that accurately describes the numerical patterns in a data set.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: cumadóireachta (aidiacht): generative
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs intleachta saorga, in ann aschur casta (m.sh. téacs fada, íomhánna, srl), a bhfuil cosúlacht éigin aige le healaín nó saothar duine, a chruthú.
Sainmhíniú (en): In the context of artificial intelligence, able to create complex output (such as long text or images) that has some resemblance to human works or art.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: cúpla-sonra (aidiacht): few-shot
Sainmhíniú (ga): Cur chuige mion-fheabsaithe ina bhfuil an tsamhail réamh-thraenáilte in ann cúpla sonra ó thacar sonraí nua a fheiceáil le linn á mion-fheabhsaithe.
Sainmhíniú (en): A finetuning protocol in which the pretrained model is able to see a few data points from the new data set during finetuning.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: cuspóir (ainmfhocal): object
Sainmhíniú (ga): in abairt thriarach (a,f,c), an nód deireanach c atá mar sprioc ag an bhfaisnéis f.
Sainmhíniú (en): in a triple (s,p,o), the final node o that acts as the tail of the predicate p.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

D

dáileadh (ainmfhocal): distribution
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs tacar / liosta uimhreacha, léiriú staitistiúil ar mhinicíocht na luachanna atá ann.
Sainmhíniú (en): In the context of a set / list of numbers, a statistical description of how often each value occurs.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: dearadh (ainmfhocal): architecture
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, an struchtúr matamaiticiúil atá ar líonra néarach.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, the mathematical structure of a neural network.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: deimhneach (aidiacht): positive (of number)
Sainmhíniú (ga): ag caint ar uimhir, níos mó ná 0.
Sainmhíniú (en): regarding a number, above 0.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: deimhnigh (ainmfhocal): to validate
Sainmhíniú (ga): Próiseas deimhnithe a dhéanamh ar shamhail ríomhfhoghlama.
Sainmhíniú (en): To perform validation on a machine learning model.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: deimhniú (ainmfhocal): validation
Sainmhíniú (ga): An próiseas a úsáidtear chun a mheas cé chomh maith (nó cé chomh dona) is a fheidhmíonn samhail ríomhfhoghlama le linn a traenála.
Sainmhíniú (en): The process that is used to estimate how well (or how poorly) a machine learning model works while it is being trained.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: dénártha (aidiacht): binary
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomheolaíochta, bunaithe ar dhá luach / rogha / aicme / srl amháin (0 agus 1, go hiondúil).
Sainmhíniú (en): In the context of computer science, based on only two values / choices / classes / etc (typically 0 and 1).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: diall caighdeánach (ainmfhocal): standard deviation
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, tomhas ar cé chomh héagsúil is atá luachanna i sraith sonraí. Is ionann diall caighdeánach fréamh chearnach athraithis.
Sainmhíniú (en): In the context of mathematics, a measure of how much the values in a dataset vary. Standard deviation is the square root of variance.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: dibhéirseacht Kullback-Leibler (KL) (ainmfhocal): Kullback-Leibler (KL) divergence
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomheolaíochta agus matamaitice, feidhm a chomhaireann cé chomh difriúil is atá dhá dháileadh staitistiúil óna chéile. Is minic agus é úsáidte mar fheidhm phionóis, agus is ionann é agus eantrópacht choibhneasta.
Sainmhíniú (en): In the context of computer science and mathematics, a function that calculates how different two distributions are from each other. It is often used as a loss function, and it is also referred to as relative entropy.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: dírithe (aidiacht): directed
Sainmhíniú (ga): Ag tagairt ar ceangal in abairt thriarach, ag ceangal an nód tosaigh (an ainmfhocal) leis an nód deiridh (an cuspóir) in ord.
Sainmhíniú (en): Regarding an edge in a triple, providing an order-aware mapping of a source node (the subject) to a target node (the object).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: diúltach (aidiacht): negative (of number)
Sainmhíniú (ga): ag caint ar uimhir, faoi 0.
Sainmhíniú (en): regarding a number, below 0.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: dlús (ainmfhocal): density
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif eolais (nó fo-ghraif), cé chomh dlúth is atá sé.
Sainmhíniú (en): In the context of a knowledge graph (or subgraph), how dense it is.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: dlúth (aidiacht): dense
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif eolais (nó fo-ghraif), an-cheangailte le codanna eile den ghraf / den fho-ghraf.
Sainmhíniú (en): In the context of a knowledge graph (or subgraph), highly connected with other parts of the same graph / subgraph.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: dóchúlacht (ainmfhocal): probability
Sainmhíniú (ga): An seans go dtarlóidh teagmhas randamach.
Sainmhíniú (en): The chance that a random event will occur.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: domhan (ainmfhocal): world
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, tacar formhór uilíoch ina bhfuil gach uile réad a bhaineann le réimse éigin ann.
Sainmhíniú (en): In the context of mathematics, a massive, global set in which all objects belonging to a given domain exist.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: domhan (ainmfhocal): universe
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, tacar formhór uilíoch ina bhfuil gach uile réad a bhaineann le réimse éigin ann.
Sainmhíniú (en): In the context of mathematics, a massive, global set in which all objects belonging to a given domain exist.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

E/É

éadlús (ainmfhocal): sparsity
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif eolais (nó fo-ghraif), cé chomh éadlúth is atá sé.
Sainmhíniú (en): In the context of a knowledge graph (or subgraph), how sparse it is.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: éadlúth (aidiacht): sparse
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif eolais (nó fo-ghraif), gan móran ceangail le codanna eile den ghraf / den fho-ghraf.
Sainmhíniú (en): In the context of a knowledge graph (or subgraph), lowly connected with other parts of the same graph / subgraph.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: eangach hipear-pharaiméadar (ainmfhocal): hyperparameter grid
Sainmhíniú (ga): Tacar teaglamaí hipear-pharaiméadar a úsáidtear chun cuardach hipear-pharaiméadar a chur i gcrích.
Sainmhíniú (en): A set of hyperparameter combinations that is used for hyperparameter searches.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: eantrópacht (ainmfhocal): entropy
Sainmhíniú (ga): Tomhas ar cé chomh neamhordaithe is atá dáileadh staitistiúil.
Sainmhíniú (en): A measure of disorder in statistical distributions.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: eantrópacht choibhneasta (ainmfhocal): relative entropy
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomheolaíochta agus matamaitice, feidhm a chomhaireann cé chomh difriúil is atá dhá dháileadh staitistiúil óna chéile. Is minic agus é úsáidte mar fheidhm phionóis, agus is ionann é agus dibhéirseacht Kullback-Leibler.
Sainmhíniú (en): In the context of computer science and mathematics, a function that calculates how different two distributions are from each other. It is often used as a loss function, and it is also referred to as Kullback-Leibler divergence.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: earráid (ainmfhocal): error
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, luach a dhéanann tomhas ar cé chomh minic is a dhéanann samhail ríomhfhoghlama réamhinsint mícheart, agus ar cé chomh mícheart is atá na réamhinsintí sin.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, a value that measures how often a machine learning model errs in its predictions, and how bad those predictions are.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: eatramh (ainmfhocal): bin
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs histeagraim, ceann ar bith de na raonta luachanna atá úsáidte chun luachanna a bhailiú le chéile agus chun a minicíocht a chomhaireamh.
Sainmhíniú (en): In the context of a histogram, any one of the intervals that is used to group values and calculate their frequency.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: eatramh (ainmfhocal): interval
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, réimse sainmhínithe luacha.
Sainmhíniú (en): In the context of mathematics, a specific range of values.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: éifeachtacht (ama, fhuinnimh) (ainmfhocal): efficiency
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomheolaíochta, cé chomh maith is atá samhail nó próiseas ar thaobh an ama / úsáid fhuinnimh de.
Sainmhíniú (en): In the context of computer science, how effective a model is according to time taken or energy used.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: éifeachtacht (ama, taisc) (ainmfhocal): performance
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomheolaíochta, cé chomh maith is a dhéanann samhail nó próiseas tasc éigin de réir tomhais éigin.
Sainmhíniú (en): In the context of computer science, how well a model or process does some job as measured by some metric.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

F

faisnéis (ainmfhocal): predicate
Sainmhíniú (ga): In abairt thriarach (a,f,c), an ceangal c a cheanglaíonn an t-ainmfhocal a leis an gcuspóir c.
Sainmhíniú (en): In a triple (s,p,o), the predicate p that connects the subject s to the object o.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: faoi fhéin-mhaoirseacht (aidiacht): self-supervised
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, traenáilte i gcaoi a chruthaíonn lipéid / luacha aschuir chearta ó na sonraí ionchuir (mar shampla, trí focal a bhaint as abairt, agus i ndiaidh sin iarracht a dhéanamh as an bearna sin san abairt a líonadh le réamhinsint ón tsamhail fhoghlama).
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, trained in such a way that expected output labels / values are created from the training data (for example, by removing a word from a sentence and then attempting to fill the blank in the sentence using a machine learning model).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: faoi leath-mhaoirseacht (aidiacht): semi-supervised
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, traenáilte ar shonraí ionchur a bhfuil na lipéid / luacha aschuir chearta nasctha leo uaireanta, ach ní i gcónaí.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, trained on input data that is sometimes, but not always, linked to expected output labels / values.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: faoi mhaoirseacht (aidiacht): supervised
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, traenáilte le sonraí ionchuir agus lena bhfuiltear as súil leis mar aschur (m.sh. íomhánna de chait agus de mhadraí, agus lipéad 'cat' nó 'madra' ar gach uile íomhá ann chun ligean don chóras ríomhfhoghlama a fháil amach an luíonn a aschur féin leis an bhfírinne).
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, trained with input data and with the expected output values (for example, images of cats and dogs, with the label 'cat' or 'dog'' on each image so that the machine learning model can determine if its prediction matches the ground truth).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: feabhsaigh (briathar): to optimise
Sainmhíniú (ga): Samhail ríomhfhoghlama a chur chun cinn trína cuid paraiméadar a nuashonrú. Is ionann feabhsú agus foghlaim ar leibhéal matamaiticiúil.
Sainmhíniú (en): To improve a machine learning model by updating its parameters. At a mathematical level, optimisation is learning.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: feabhsúchán (ainmfhocal): optimisation
Sainmhíniú (ga): An próiseas a bhaineann le samhail ríomhfhoghlama a fheabhsú.
Sainmhíniú (en): The process related to optimising a machine learning model.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: fearann (ainmfhocal): domain
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, tacar luacha ar féidir iad a úsáid mar ionchur ar fheidhm éigin. I gcomhthéacs faisnéise i ngraf eolais, tacar nód ar féidir leo bheith mar ainmnithe in abairtí triaracha leis an bhfaisnéis sin.
Sainmhíniú (en): In the context of mathematics, the set of values that can be input into some function. In the context of a predicate in a knowledge graph, the set of nodes that can be used as subjects in triples with that predicate.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: feidhm (ainmfhocal): function
Sainmhíniú (ga): Próiseas nó cur chuige ríomhaireachta atá sainmhínithe (m.sh. mar chód).
Sainmhíniú (en): A computational process or algorithm that can be precisely defined (i.e. in code).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: feidhm de phéire (pointí) (ainmfhocal): pairwise function
Sainmhíniú (ga): Feidhm a bhfuil péire pointí sonraí mar ionchur aici.
Sainmhíniú (en): A function that takes a pair of data points as input.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: feidhm de phointe (ainmfhocal): pointwise function
Sainmhíniú (ga): Feidhm a bhfuil pointe sonraí amháin mar ionchur aici.
Sainmhíniú (en): A function that takes a single data point as input.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: feidhm de thacar (pointí) (ainmfhocal): setwise function
Sainmhíniú (ga): Feidhm a bhfuil tacar pointí sonraí mar ionchur aici.
Sainmhíniú (en): A function that takes a set of data points as input.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: feidhm ghníomhachtaithe (ainmfhocal): activation function
Sainmhíniú (ga): Feidhm neamh-líneach, m.sh. softmaxReLU, a úsáidtear idir chisil i líonra néarach.
Sainmhíniú (en): A non-linear function, such as softmax or ReLU, that is used between layers in a neural network.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: feidhm phionóis (ainmfhocal): loss function
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs samhla ríomhfhoghlama, feidhm a dhéanann luach an phionóis a áireamh don tsamhail sin ar thacar sonraí éigin.
Sainmhíniú (en): In the context of a machine learning model, a function that calculates the loss value of that model on some set of data points.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: feidhm scórála (ainmfhocal): scoring function
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs samhlacha leabaithe graif eolais, feidhm a dhéanann scór inchreidteachta a thabhairt d'abairt thriarach.
Sainmhíniú (en): In the context of knowledge graph embedding models, a function that assigned a plausibility score to a triple.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: feidhm shiogmóideach (aidiacht): sigmoid function
Sainmhíniú (ga): An fheidhm siogma(x) = 1 / (1 + e^(-x)) (a bhfuil cruth cosúil leis an litir 's' air agus é breactha).
Sainmhíniú (en): The function sigma(x) = 1 / (1 + e^(-x)) (which has a shape similar to the letter s when plotted).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: féin-aird (ainmfhocal): self-attention
Sainmhíniú (ga): Oibriú airde ina dtagann an t-ionchur ar fad ón bhfoinse chéanna.
Sainmhíniú (en): An attention operation in which all inputs come from the same source.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: fíor-abairt (thriarach) (ainmfhocal): positive (triple)
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graf eolais, abairt thriarach atá mar chuid de GE, agus a ndéantar frith-shamplaí as.
Sainmhíniú (en): In the context of knowledge graphs, a ground-truth triple from the KG from which various negatives are generated.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: fíricí@k (F@k) (ainmfhocal): hits@k (H@k)
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs liosta ranganna, comhréir na ranganna atá comhionann le k, nó níos ísle ná é.
Sainmhíniú (en): In the context of a ranked list, the proportion of ranks that are equal to, or lesser than, k.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: fo-ghraf (ainmfhocal): subgraph
Sainmhíniú (ga): Cuid de ghraf eolais, atá mar ghraf eolas (níos lú) é féin.
Sainmhíniú (en): A part of a knowledge graph that itself is a (smaller) knowledge graph.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: fo-thacar (ainmfhocal): subset
Sainmhíniú (ga): Tacar a dhéantar as baill ó tacar (nó tacair) eile, agus nach bhfuil ann ach baill ó na tacair sin.
Sainmhíniú (en): A set whose elements come from another set (or sets), and which only contains those elements.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: foghlaim cheart (ainmfhocal): correct fitting
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, foghlaim réasúnta iomlán atá in ann patrúin ghinearálta an tacair thraenála a fhoghlaim gan a bheith ag ró-fhoghlaim ná an foghlaim go heasnamhach.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, reasonably complete learning that can extract general patterns from the training set without overfitting or underfitting.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: foghlaim dhomhain (ainmfhocal): deep learning
Sainmhíniú (ga): Cur chuige ríomhfhoghlama a úsáideann líonraí néaracha móra (a bhfuil an-chuid ciseal iontu).
Sainmhíniú (en): A machine learning approach that uses large neural networks (with many layers).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: foghlaim easnamhach (ainmfhocal): underfitting
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, foghlaim neamh-iomlán a fhágann nach bhfuil an tsamhail in ann patrúin ghinearálta a fhoghlaim ón tacar traenála.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, incomplete learning that results in the model not being able to learn general patterns from the training set.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: folaigh (aidiacht): latent
Sainmhíniú (ga): Ag trácht ar veicteoir, ar leabú, nó ar paraiméadair i samhail ríomhfhoghlama, ag trácht ar eolas atá foghlamtha nó impleachtaithe. Is cisil fholaigh iad chuile chiseal i líonra néarach seachas an ciseal ionchuir agus an ciseal aschuir.
Sainmhíniú (en): Of a vector, embedding, or parameters in a machine learning model, representing information that is learned or implicit. In a neural network, all layers except the input and output layers are latent layers.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: foshuíomh (ainmfhocal): assumption
Sainmhíniú (ga): Ráiteas a chuirtear i gcás gur fíor é.
Sainmhíniú (en): A statement that is taken to be true.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: Foshuíomh an Domhain Dhúnta (ainmfhocal): Closed World Assumption
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graf eolais, an foshuíomh a deir go bhfuil gach uile fhíric i réimse graif eolais sa ngraf cheana.
Sainmhíniú (en): In the context of knowledge graphs, the assumption that says that all facts in the domain of the knowledge graph are already in it.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: Foshuíomh an Domhain Oscailte (ainmfhocal): Open World Assumption
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graf eolais, an foshuíomh a deir go bhfuil líon mór fíricí i réimse graif eolais nach bhfuil sa ngraf eolais toisc go bhfuil i bhfad níos mó fíricí sa domhan nach bhfuil tuiscint againn fós orthu.
Sainmhíniú (en): In the context of knowledge graphs, the assumption that says that there are many facts in the domain of a knowledge graph which are not in the knowledge graph because most facts about the world remain undiscovered.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: (frása le 'ceangailte') (ainmfhocal): connectivity
Sainmhíniú (ga): Cé chomh ceangailte is atá cuid de ghraf eolais (.i. nód nó ceangal) le codanna eile den ghraf céanna.
Sainmhíniú (en): How connected one part of a knowledge graph (i.e. a node or edge) is with other parts of the same graph.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: (frása le 'gaolmhar') (ainmfhocal): family
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, grúpa samhlacha atá cosúil lena chéile, agus a thagann ón smaoineamh / ón mbun-samhail chéanna.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, a group of models that are similar to each other, and that come from the same idea / base model.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: (frása le 'toise') (ainmfhocal): dimensionality
Sainmhíniú (ga): Ag trácht ar spás veicteora, líon na n-uimhreacha atá i ngach uile veicteoir sa spás céanna; nó, an t-airí a bhaineann le rud a bhfuil toisí aige.
Sainmhíniú (en): Regarding a vector space, the number of elements contained in each vector in that space; or, the property of having dimensions.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: fréamh randamach (ainmfhocal): random seed
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomheolaíochta, uimhir a thugtar do ghineadóir uimhreacha randamacha lena bheith úsáidte ina algartam chun sraith uimhreacha randamacha a chumadh.
Sainmhíniú (en): In the context of computer science, a number that is given to a random number generator to be used in its algorithm to generate a series of random numbers.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: frith-shampla (ainmfhocal): negative (sample)
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graf eolais, abairt thriarach bhréagach a úsáidtear mar fhrith-shampla.
Sainmhíniú (en): In the context of knowledge graphs, a fake triple that is used as a counterexample.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: frith-shampla (ainmfhocal): counterexample
Sainmhíniú (ga): Sonra a úsáidtear chun cur in iúl do shamhail ríomhaireachta rud atá mícheart nó nár cheart dó a fhoghlaim.
Sainmhíniú (en): A data point that is used to instruct a machine learning model about something that is incorrect or that should not be learned.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: frith-shampláil (ainmfhocal): negative sampling
Sainmhíniú (ga): An próiseas a bhaineann le frith-shamplaí a chruthú bunaithe ar shamplaí fírinneacha.
Sainmhíniú (en): The process relating to the creation of negative samples based on ground truth samples.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: frith-shamplóir (ainmfhocal): negative sampler
Sainmhíniú (ga): cuid de shamhail leabaithe graif eolais a chruthaíonn frith-shamplaí don tsamhail chéanna.
Sainmhíniú (en): the part of a knowledge graph embedding model that creates negative samples for the model.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

G

gan feiceáil (aidiacht): unseen
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs tacar sonraí (m.sh. tacar teisteála / deimhnithe), gan a bheith úsáidte / feicthe le linn an phróisis thraenála ar shamhail ríomhfhoghlama.
Sainmhíniú (en): In the context of a dataset (such as the testing / validation set), not being used / seen during the training phase of a machine learning model.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: gan mhaoirseacht (aidiacht): unsupervised
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, traenáilte ar shonraí ionchuir gan samplaí ar bith dá bhfuiltear ag súil leis mar aschur. Mar shampla, nuair a dhéantar aicmiú ionduchtach, bíonn pointí ionchur ann, ach ní bhíonn lipéad / aicme cheart na bpointe ar fáil roimh ré.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, trained on input data without any examples of what is expected as output. For example, when performing clustering, input points are given, but no information on their labels / classes are given.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: gineadóir uimhreacha randamacha (ainmfhocal): random number generator
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomheolaíochta, algartam a úsáideann uimhir fréimhe chun sraith uimhreacha randamacha a chumadh agus a chur amach.
Sainmhíniú (en): In the context of computer science, an algorithm that uses a seed number to generate and output a series of random numbers.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: ginearáltacht (ainmfhocal): generality
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, cé chomh ginearálta is atá cothromóid nó slonn.
Sainmhíniú (en): In the context of mathematics, how general an equation or statement is.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: graf (ainmfhocal): graph
Sainmhíniú (ga): Struchtúr sonraí ina shamhlaítear sonraí mar nóid agus mar cheangail eatarthu.
Sainmhíniú (en): A data structure in which data is modelled as nodes and the connections between them.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: graf eolais (GE) (ainmfhocal): knowledge graph (KG)
Sainmhíniú (ga): Bunachar sonraí a shamhlaíonn eolas mar nóid agus na ceangail eatarthu. Bíonn lipéad ar chuile nód / ceangal, agus bíonn chuile cheangal dírithe.
Sainmhíniú (en): A database consisting of labelled nodes representing concepts and directed, labelled edges describing the relationships between them.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: graf spleáchais (ainmfhocal): dependency graph
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomheolaíochta, graf a léiríonn ceangail spleáchais idir a chuid nód.
Sainmhíniú (en): In the context of computer science, a graph that shows dependency relationships among its nodes.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

H

hipear-ghraf (ainmfhocal): hyper-graph
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graf, graf inar féidir le ceangail 3+ nód a cheangal san am céanna, seachas dhá nód amháin.
Sainmhíniú (en): In the context of graphs, a graph in which edges can connect 3+ nodes at once, instead of only two nodes.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: hipear-pharaiméadar (ainmfhocal): hyperparameter
Sainmhíniú (ga): paraiméadar (nach bhfuil fhoghlamtha) nó socrú atá úsáidte chun algartam samhla foghlama a rith.
Sainmhíniú (en): a (non-learnable) parameter or setting that is used to run a machine learning algorithm.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: hipitéis ar ailíniú struchtúir (ainmfhocal): structural alignment hypothesis
Sainmhíniú (ga): An hipitéis taobh thiar den tráchtas seo, a deir go bhfuil ailíniú idir struchtúr graif eolais agus cé chomh maith agus is féidir réamhinsint nasc a dhéanamh air.
Sainmhíniú (en): The central hypothesis of this thesis, which states that there is alignment between the structure of a knowledge graph and how well link prediction can be done on it.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: histeagram (ainmfhocal): histogram
Sainmhíniú (ga): Breacadh a dhéanann cur síos ar dháileadh staitistiúil le colúin mhinicíochta i gcomhair chuile eatramh luachanna sa dáileadh.
Sainmhíniú (en): A plot that summarises a statistical distribution using frequency columns for every range of values in the distribution.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

I/Í

iarmhairt (ainmfhocal): consequent
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs rialach loighce A -> B, an téarma B atá mar chuid dheireanach den riail.
Sainmhíniú (en): In the context of a logical rule A -> B, the term B that is the ending part of the rule.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: idirmhír (ainmfhocal): intersection
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs dhá thacar (nó níos mó) fo-thacar na mball atá sna tacar sin ar fad.
Sainmhíniú (en): In the context of two or more sets, the subset of elements that are in all of those sets.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: in-athdhéanta (aidiacht): reproducible
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs turgnaimh, in ann a bheith déanta arís ag taighdeoirí eile, leis na torthaí céanna (nó comhchosúla) is a bhí ag an gcéad turgnamh.
Sainmhíniú (en): In the context of an experiment, able to be done again by other researchers, with the same or similar results as those originally obtained.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: inbhéarta (ainmfhocal): inverse (relation)
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs faisnéise i ngraf eolais, leagan contrártha d'fhaisnéis eile. Mar shampla, má tá f' mar inbhéarta ar f, agus más fíor (a,f,c), is fíor (c,f',a).
Sainmhíniú (en): In the context of a predicate in a knowledge graph, the reverse of another predicate. For example, if p' is the inverse of p, and (s,p,o) is true, then (o,p',s) is true.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: inbhéartach (aidiacht): inverse
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs faisnéise i ngraf eolais, mar leagan contrártha d'fhaisnéis eile. Mar shampla, má tá f' mar inbhéarta ar f, agus más fíor (a,f,c), is fíor (c,f',a).
Sainmhíniú (en): In the context of a predicate in a knowledge graph, being a reverse of another predicate. For example, if p' is the inverse of p, and (s,p,o) is true, then (o,p',s) is true.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: inchreidteacht (ainmfhocal): plausibility
Sainmhíniú (ga): Airí ruda ar (dócha gur) fíor é.
Sainmhíniú (en): The property of being (likely) true.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: insamhail (briathar): to simulate
Sainmhíniú (ga): Samhlail ríomhfhoghlama (nó uirlisí ríomhaireachta eile) a úsáid chun próiseas casta a shamhlú i bhfoirm níos simplí.
Sainmhíniú (en): To use a machine learning model (or other computational tools) to model a complex process in a simpler form.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: insamhladh (ainmfhocal): simulation
Sainmhíniú (ga): Úsáid shamhla ríomhfhoghlama (nó uirlisí ríomhaireachta eile) chun próiseas casta a shamhlú i bhfoirm níos simplí.
Sainmhíniú (en): The use of a machine learning mode (or other computational tools) to model a complex process in a simpler form.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: intleacht shaorga (IS) (coincheap) (ainmfhocal): artificial intelligence (AI) (concept)
Sainmhíniú (ga): An coincheap taobh thiar de chórais intleachta saorga; nó, an intleacht atá acu mar choincheap teibí.
Sainmhíniú (en): The concept behind artificial intelligence systems; or, the intelligence they have as an abstract concept.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: ionadaíochta (aidiacht): representative
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs fo-thacar de thacar sonraí, in-úsáidte mar ionadaí ar an tacar sonraí iomlán toisc na patrúin chéanna a bheith ann. I gcomhthéacs samhlacha ríomhfhoghlama, in ann achoimre leathan a dhéanamh ar phatrúin i dtacar sonraí ar a raibh sé traenáilte.
Sainmhíniú (en): In the context of a subset of a dataset, able to used in place of the whole dataset because it contains the same patterns. In the context of machine learning models, able to provide a general summary of the patterns in the dataset on which it was trained.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: ionchur (ainmfhocal): input
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs córais, próisis, nó feidhme, sonraí a chuirtear isteach lena bheith úsáidte chun sprioc éigin a bhaint amach (m.sh. áireamh luach éigin).
Sainmhíniú (en): In the context of a system, process, or function, data that is provided to be used to achieve an end (such as the calculation of a certain value).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: íosluach (ainmfhocal): minimum
Sainmhíniú (ga): An luach is ísle ar féidir a fháil (mar shampla, le linn feabhsaithe samhla ríomhfhoghlama).
Sainmhíniú (en): The lowest value that can be obtained (for example, during the optimisation of a machine learning model).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: íosluach logánta (ainmfhocal): local minimum
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs feabhsaithe nó ríomhfhoghlama, luach atá íseal i gcomparáid le luacha eile in éineacht leis, ach nach gcaithfidh gurb é an luach is ísle ar féidir é a fháil (.i. ní chaithfidh sé a bheith mar íoslauch uilíoch).
Sainmhíniú (en): In the context of optimisation or machine learning, a value that is low compared to other values near it, but that may not be the lowest possible value (i.e. that may not be a global minimum).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: íosluach uilíoch (ainmfhocal): global minimum
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs feabhsaithe nó ríomhfhoghlama, an luach is ísle ar féidir é a fháil riamh.
Sainmhíniú (en): In the context of optimisation or machine learning, the lowest value that can ever be obtained.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

L

le haicme chumtha (aidiacht): pseudotyped
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs nód i ngraf eolais, le haicme chumtha curtha leis.
Sainmhíniú (en): In the context of a node in a knowledge graph, having a pseudotype.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: le lipéad (aidiacht): labelled
Sainmhíniú (ga): Ag tagairt ar nód nó ar ceangal, rud a bhfuil lipéad (uimhir, téacs, nó eile) curtha leis mar shuaitheantas.
Sainmhíniú (en): Referring to a node or edge, having a label (number, text, etc) attached to it as an identifier.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: leabaigh (briathar): to embed
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, leabuithe a chruthú i gcomhair nód / ceangal / focal, srl.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, to ceate embeddigns for nodes / edges / words / etc.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: leabharlann (chóid) (ainmfhocal): library
Sainmhíniú (ga): Cnuasach cóid caighdeánach a chuirtear le chéile chun cuidiú le tionscadail chóid eile, agus atá ar fáil (den chuid is mó) go poiblí agus saor in aisce.
Sainmhíniú (en): A collection of standardised code that is put together to help with other coding projects, and that is (typically) available publicly and for free.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: leabú (ainmfhocal): embedding
Sainmhíniú (ga): Próiseas ríomhfhoghlama a dhéanann nód nó ceangal a chur i spás veicteora; nó, an veicteoir é féin sa spás veicteora a chuireann nód nó ceangal in iúl.
Sainmhíniú (en): A machine learning process that places nodes or edges into a vector space; or, the vector itself in embedding space that represents a node or edge.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: leabú graif eolais (LGE) (ainmfhocal): knowledge graph embedding (KGE)
Sainmhíniú (ga): Próiseas ríomhfhoghlama a bhfuil leabú graif eolais amháin mar thoradh air; nó, leabú amháin a fhaightear mar thoradh air sin.
Sainmhíniú (en): The machine learning process of embedding a single knowledge graph into vector space; or, a single embedding obtained from said process.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: leagan (ainmfhocal): instantiation (concept)
Sainmhíniú (ga): Sampla de choincheap nó de chreatlach, nach ionann agus réad matamaiticiúil / ríomhaireachta.
Sainmhíniú (en): An instance or example of a concept or framework, other than a mathematical / computational object.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: leagan infheidhmithe (ainmfhocal): implementation
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomheolaíochta, cód infheidhmithe de shamhail ríomhfhoghlama nó d'algartam eile i dteanga ríomheolaíochta.
Sainmhíniú (en): In the context of computer science, executable code of a machine learning model or other algorithm in a coding language.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: leagan infheidhmithe caighdeánach (ainmfhocal): reference implementation
Sainmhíniú (ga): Leagan infheidhmithe a chuirtear ar fáil mar shampla d'fhorbróirí cóid eile, go háirithe mar leagan caighdeánach de.
Sainmhíniú (en): An implementation that is made available for other developers, especially as a standard version.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: leagan (ainmfhocal): representation
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs leabuithe graif eolais, leabú nó veicteoir a dhéanann ionad (ar leibhéal matamaiticiúil) réada nó coincheapa sa ngraf.
Sainmhíniú (en): In the context of knowledge graph embeddings, an embedding or vector that (at a mathematical level) stands for an object or concept in the graph.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: líneach (aidiacht): linear
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, comhairthe mar shuim ualaithe de roinnt athróga; m.sh. y = aX1 + bX2 ... + kXn.
Sainmhíniú (en): In the context of mathematics, calculated as a weighted sum of various variables; for example, y = aX1 + bX2 ... + kXn.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: líonra (ainmfhocal): network
Sainmhíniú (ga): Tacar ina bhfuil nóid agus na ceangail eatarthu.
Sainmhíniú (en): A set of nodes and the connections between them.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: líonra cairdis (ainmfhocal): social network
Sainmhíniú (ga): Graf nó graf eolais ina gcuireann nóid daoine in iúl, agus ina mbíonn ceangail ann a léiríonn cén gaol / baint atá ag daoine lena chéile.
Sainmhíniú (en): A graph or knowledge graph in which nodes represent people, and edges represent the relations / connections the people have with each other.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: líonra néarach (LN) (ainmfhocal): neural network (NN)
Sainmhíniú (ga): Cur chuige agus struchtúr ríomhfhoghlama bunaithe ar úsáid néaróg saorga.
Sainmhíniú (en): An approach to, and structure of, machine learning based on artificial neurons.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: líonra néarach graif (LNG) (ainmfhocal): graph neural network (GNN)
Sainmhíniú (ga): Líonra néarach atá in ann eolas ó ghraif a fhoghlaim, agus taisc ar graif a chur i gcrích (m.sh. aicmiú nód nó réamhinsint nasc), go háirithe nuair atá an líonra néarach sin bunaithe ar chomhéadan sheachadta teachtaireachtaí.
Sainmhíniú (en): A neural network that is able to learn graph-based information and solve graph-based tasks (such as node classification or link prediction), especially when that neural network is based on a message-passing interface.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: líonra ríomhairí (ainmfhocal): computer network
Sainmhíniú (ga): Graf nó graf eolais ina gcuireann nóid ríomhairí in iúl, agus ina mbíonn ceangail ann a léiríonn gur féidir le dá ríomhaire nascadh lena chéile.
Sainmhíniú (en): A graph or knowledge graph in which nodes represent computers, and edges represent the that two computers can connect to each other.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: liosta ranganna (ainmfhocal): ranked list
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs measúnú a dhéantar ar réamhinsteoirí nasc, liosta a dhéantar as na ranganna ar fad ar tugadh do gach uile cheist réamhinsinte nasc le linn measúnaithe.
Sainmhíniú (en): In the context the of evaluation of link predictors, a list composed of all ranks assigned to each link prediction query during the evaluation process.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: lipéad (ainmfhocal): label
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif eolais, téacs atá nasctha le nód nó le ceangal agus a chuireann in iúl céard dó a sheasann an nód / ceangal sin.
Sainmhíniú (en): In the context of a knowledge graph, text that is linked to a node or edge that indicates what that node / edge represents.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: litríocht an réimse (ainmfhocal): state of the art (the literature)
Sainmhíniú (ga): An litríocht ar fad atá ar fáil i staid an réimse.
Sainmhíniú (en): All of the literature available in the state of the art.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: lódáil (briathar): to load
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomheolaíochta, sonraí nó cód a aistriú ó stóras amháin (m.sh. diosca an ríomhaire) go stóras eile (m.sh. cuimhne an ríomhaire).
Sainmhíniú (en): In the context of computer science, to transfer data from one storage location (such as the computer's disk) to another (for example, the computer's memory).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: logánta (aidiacht): local
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif, sonraí, samlach, nó eile, ag trácht ar airíonna a bhaineann le codanna áirithe den ghraf / de na sonraí / den tsamhail, gan trácht airíonna an ruda iomláin. Frithchiallach leis an téarma 'uilíoch'.
Sainmhíniú (en): In the context of a graph, data, a model, etc, relating to features of sub-parts of the graph / data / model without reference to properties of the whole. Antonym to 'global'.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: loighic (ainmfhocal): logic
Sainmhíniú (ga): An réimse staidéar a bhaineann le réasúnaíocht.
Sainmhíniú (en): The field of study relating to reasoning.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: loighic shiombalach (ainmfhocal): symbolic logic
Sainmhíniú (ga): An brainse loighce a bhaineann le húsáid siombailí chun rialacha agus tairiscintí loighce a shamhlú.
Sainmhíniú (en): The branch of logic that relates to using symbols to model logical rules and propositions.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: lucht faisnéise (ainmfhocal): information content
Sainmhíniú (ga): An t-eolas ar fad atá istigh i mbunachar nó tacar sonraí mar choincheap teibí nó mar réad neamhspleách ón gcaoi ina bhfuil na sonraí stóráilte / samhlaithe.
Sainmhíniú (en): All of the information contained in a database or dataset as an abstract concept or as an object independent of the way in which the data is stored or modelled.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

M

maitrís (ainmfhocal): matrix
Sainmhíniú (ga): Grúpa uimhreacha in eangach le sraitheanna agus le colún. Is féidir maitrís a shamhlú mar liosta veicteoirí a bhfuil an toise céanna acu uile.
Sainmhíniú (en): A group of numbers in a grid of rows and columns. A matrix can be thought of as a list of vectors with the same dimensionality.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: maitrís chóngarachta (ainmfhocal): adjacency matrix
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif, Maitrís ina bhfuil gach uile nód mar lipéad ar cholúin agus ar shraitheanna, agus ina léiríonn luachanna na maitríse cén ceangal atá idir gach péire nód (má tá cheangal ar bith ann).
Sainmhíniú (en): In the context of graphs, a matrix in which every node is a column and row label, and in which the matrix values describe what sort of connection (if any) exists between each pair of nodes.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: malartaigh (briathar): to corrupt
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs frith-shamplála, frith-shampla a chruthú trí nód (an t-ainmní nó an cuspóir) in abairt thriarach bhun-fhírinneach a athrú go nód eile.
Sainmhíniú (en): In the context negative sampling, to create a negative sample by changing a node (the subject or object) in a triple to a different node.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: malartú an ainmní (ainmfhocal): subject corruption
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs frith-shamplála, an próiseas a bhaineann le frith-shampla a chruthú tríd an ainmní a in abairt thriarach (a,f,c) a ionadú le nód eile.
Sainmhíniú (en): In the context of negative sampling, the process of creating a negative sample by replacing the subject s in a triple (s,p,o) with another node.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: malartú an chuspóra (ainmfhocal): object corruption
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs frith-shamplála, an próiseas a bhaineann le frith-shampla a chruthú tríd an gcuspóir c in abairt thriarach (a,f,c) a ionadú le nód eile.
Sainmhíniú (en): In the context of negative sampling, the process of creating a negative sample by replacing the object o in a triple (s,p,o) with another node.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: maoirseacht (aidiacht): supervision
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, cén chaoi a dhéantar samhail a thraenáil de réir na sonraí ionchuir atá aici.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, how a model is trained according to its input data.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: mapa (ainmfhocal): mapping
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhaireachta, bunachar a ligeann duit luach amháin (an 'luach') a fháil trí cheangal le luach eile (an eochair).
Sainmhíniú (en): In the context of computer science, a database that allows access to one value (called the 'value') using another value (called the 'key').
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: mapáil (briathar): to map
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomheolaíochta, mapa a chruthú.
Sainmhíniú (en): In the context of computer science, to create a map / mapping.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: meán (ainmfhocal): mean (statistic)
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs liosta uimhreacha L ina bhfuil n ball ann, an luach suim(L) / n. Úsáidtear an meán mar thomhas ar lár na n-uimhreacha.
Sainmhíniú (en): In the context of a list of numbers L with n elements, the value sum(L) / n. The mean is used as a measure of the center of the list of numbers.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: meán na n-earráidí cearnaithe (MEC) (ainmfhocal): mean squared error (MSE)
Sainmhíniú (ga): Feidhm phionóis a fhaigheann earráid gach uile réamhinsinte, a chearnaítear an earráid sin, agus a chomhaireann ar deireadh meán na n-earráidí cearnaithe.
Sainmhíniú (en): A loss function that finds the error of every prediction, squares that error, and then calculates the mean of all of those squared errors.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: meán na ranganna deilíneacha (MRD) (ainmfhocal): mean reciprocal rank (MRR)
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs liosta ranganna, an tomhas meán(1 / rang_i) a chomhairtear air (do gach uile rang rang_1...rang_i...rang_n).
Sainmhíniú (en): In the context of a ranked list, the metric mean(1 / rank_i) that is calculated on it (for every rank rank_1...rank_i...rank_n).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: meán- nó meánach (aidiacht): mean
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs liosta uimhreacha, bainteach le meán an liosta sin.
Sainmhíniú (en): In the context of a list of numbers, relating to the mean of that list.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: meán-rang (MR) (ainmfhocal): mean rank (MR)
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs liosta ranganna, meán na ranganna ar fad atá istigh ann.
Sainmhíniú (en): In the context of a ranked list, the mean of all ranks in it.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: meastachán (ainmfhocal): estimate
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, luach a dhéanann cur síos cainníochtúil ar fheiniméan éigin, gan a bheith iomlán cruinn.
Sainmhíniú (en): In a mathematical context, a value that gives a quantitative description of some phenomenon, but which may not be entirely exact.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: meastachán a dhéanamh (ar) (ainmfhocal): to approximate
Sainmhíniú (ga): Luach a mheas.
Sainmhíniú (en): To estimate a value.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: meastachán a dhéanamh (ar) (ainmfhocal): to estimate (about)
Sainmhíniú (ga): Luach a mheas.
Sainmhíniú (en): To estimate a value.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: meastachán (ainmfhocal): approximation
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, luach a dhéanann cur síos cainníochtúil ar fheiniméan éigin, gan a bheith iomlán cruinn.
Sainmhíniú (en): In a mathematical context, a value that gives a quantitative description of some phenomenon, but which may not be entirely exact.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: measúnaigh (briathar): to evaluate
Sainmhíniú (ga): Próiseas teisteála nó deimhnithe a dhéanamh ar shamhail ríomhfhoghlama.
Sainmhíniú (en): To perform testing or validation on a machine learning model.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: measúnú (ainmfhocal): evaluation
Sainmhíniú (ga): Próiseas a úsáidtear chun fáil amach cé chomh maith (nó cé chomh dona) is a fheidhmíonn samhail ríomhfhoghlama le linn a traenála, nó tar a éis sin.
Sainmhíniú (en): A process that is used to determine how well (or how poorly) a machine learning model works during its training, or after it has been trained.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: méid na mbaisceanna (ainmfhocal): batch size
Sainmhíniú (ga): Cé mhéid pointí sonraí atá i chuile fho-thacar den tacar traenála / teisteála / deimhnithe.
Sainmhíniú (en): How many data points are in each batch of the training / testing / validation set.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: minicíocht (ainmfhocal): frequency
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif eolais, cé chomh minic is a bhíonn nód / ceangal mar chuid d'abairtí triaracha sa ngraf.
Sainmhíniú (en): In the context of a knowledge graph, how often a node / edge is part of triples in the graph.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: mion-fheabhsú (briathar): to finetune
Sainmhíniú (ga): Samhail ríomhfhoghlama atá traenáilte cheana a thraenáil ar shonraí nua.
Sainmhíniú (en): To take a pre-trained machine learning model and train it further on new data.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: modúl (ainmfhocal): block
Sainmhíniú (ga): Cuid de shamhail nó de phróiseas a bhfuil feidhm ar leith aici agus ar féidir í a úsáid i samhail nó i bpróiseas eile, gan í athrú, chun an tasc céanna a dhéanamh.
Sainmhíniú (en): Part of a model or process that has a specific function and that can be used in other models or processes, without changing it, to do the same task.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: modúl (ainmfhocal): module
Sainmhíniú (ga): Cuid de shamhail nó de phróiseas a bhfuil feidhm ar leith aige agus ar féidir é a úsáid i samhail nó i bpróiseas eile, gan é athrú, chun an tasc céanna a dhéanamh.
Sainmhíniú (en): Part of a model or process that has a specific function and that can be used in other models or processes, without changing it, to do the same task.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: modúlach (aidiacht): modular
Sainmhíniú (ga): Ag trácht ar samhail nó ar próiseas, a bhfuil modúl mar chuid de. Is féidir a rá go bhfuil cuid de shamhail nó de phróiseas, atá mar mhodúl é féin, modúlach (.i. cuid mhodúlach).
Sainmhíniú (en): Regarding a model or process, having modules as parts of it. A part of a model or process can be said to be modular if it is itself a module (i.e. a modular component).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: móitíf (ainmfhocal): motif
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif, patrún struchtúr (go háirithe ceann beag) a fheictear go minic i gcodanna ar leith den ghraf.
Sainmhíniú (en): In the context of a graph, a structural pattern (especially a small one) that repeats often in different parts of the graph.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

N

n-sonra (aidiacht): n-shot
Sainmhíniú (ga): Cur chuige mion-fheabsaithe ina bhfuil samhail réamh-thraenáilte in ann n sonra ó thacar sonraí nua a fheiceáil le linn á mion-fheabhsaithe.
Sainmhíniú (en): A finetuning protocol in which the pretrained model is able to see n data points from the new data set during finetuning.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: neamh-líneach (aidiacht): non-linear
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, gan a bheith líneach.
Sainmhíniú (en): In the context of mathematics, not linear.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: néar-shiombalach (aidiacht): neuro-symbolic
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, bunaithe ar úsáid feabhsúchán uimhriúil agus ar rialacha / ar loighic i gcaoi éigin.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, based on the use of numeric optimisation as well as logic / rules in some manner.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: néarach (aidiacht): neural
Sainmhíniú (ga): Ag baint le néaróga (bíodh siad fíor nó saorga) nó le líonraí néaracha.
Sainmhíniú (en): Relating to nerves (be they real or artificial) or to neural networks.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: nód (ainmfhocal): node
Sainmhíniú (ga): Cuid de ghraf a chuireann coincheap, bí, nó ainmfhocal in iúl.
Sainmhíniú (en): An element of a graph that represents a concept, being, or noun.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

O/Ó

oibreoir (ainmfhocal): operator
Sainmhíniú (ga): Siombail nó comhartha a chuireann oibriú in iúl (m.sh. + agus -).
Sainmhíniú (en): A symbol or character that represents an operation (such as + or -).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: oibriú (ainmfhocal): operation
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice nó ríomheolaíochta, próiseas matamaitice a bhfuil ionchur agus aschur aige. Mar shampla, is oibrithe iad suimiú agus iolrú. Is féidir a rá go bhfuil feidhm ina hoibriú chomh maith.
Sainmhíniú (en): In the context of mathematics or computer science, a mathematical process that has input and output. For example, addition and multiplication are operations. A function can also be said to be an operation.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: oibriú airde (ainmfhocal): attention mechanism
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, na hoibrithe a úsáidtear chun ciseal airde a chur i bhfeidhm.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, the operations used to implement an attention layer.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: ointeolaíocht (ainmfhocal): ontology
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif eolais, scéimre a chuireann in iúl struchtúr loighce an ghraif chéanna (m.sh. cé acu na ceangail atá aistreach nó siméadrach).
Sainmhíniú (en): In the context of a knowledge graph, a schema that describes the logical structure of the graph (such as which relations are transitive or symmetric).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

P

paraiméadar (ainmfhocal): parameter
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs samhla ríomhfhoghlama, luach uimhriúil in-fhoghlama a bhíonn ag athrú le linn an phróisis thraenála. Is ionann paraiméadair níos fearr a roghnú do shamhail agus éifeachtacht na samhla a chur chun cinn.
Sainmhíniú (en): In the context of a machine learning mode, a learnable numerical value that changes during the training process. Choosing better parameters for a model improves the model's performance.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: peircintíl (ainmfhocal): percentile
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs staitistice, is é an pheircintíl Xú ná an luach i ndáileadh staitistiúil a bhfuil X% de na luachanna eile níos ísle ná é.
Sainmhíniú (en): In the context of statistics, the Xth percentile is the value in a statistical distribution which has X% of the other values below it.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: pionós (foghlama) (ainmfhocal): loss
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs samhla ríomhfhoghlama, luach uimhriúil a chuireann in iúl cé chomh dona is atá an tsamhail (sin le rá, is ionann pionós níos airde samhail níos measa). Úsáidtear an pionós mar chuid mhatamaiticiúil de ríomhfhoghlaim.
Sainmhíniú (en): In the context of a machine learning model, a numerical value that represents how bad the model is (that is, a higher penalty means the model is less effective). Loss is used as a part of the mathematical process of machine learning.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: pionós rangaithe le bearna (PRB) (ainmfhocal): margin ranking loss (MRL)
Sainmhíniú (ga): Feidhm phionóis cruthaithe ar son an taisc réamhinsinte nasc a iarrann bearna áirithe a choinneáil idir scór na n-abairtí triaracha fírinneacha agus scór na bhfrith-shamplaí.
Sainmhíniú (en): A loss function created for the link prediction task that attempts to maintain a specific margin between the scores of true triples and the scores of negative samples.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: pionós tras-eantrópachta (PTE) (ainmfhocal): cross entropy loss (CEL)
Sainmhíniú (ga): Feidhm phionóis bunaithe ar thras-eantrópacht. Úsáidtear go minic í i gcomhair an taisc réamhinsinte nasc (i measc tascanna ríomhfhoghlama eile).
Sainmhíniú (en): A loss function based on cross entropy. It is often used in link prediction, among other machine learning tasks.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: pionós tras-eantrópachta dénártha (PTED) (ainmfhocal): binary cross entropy loss (BCEL)
Sainmhíniú (ga): Feidhm phionóis bunaithe ar thras-eantrópacht dénártha. Úsáidtear go minic í i gcomhair an taisc aicmithe agus an taisc réamhinsinte nasc.
Sainmhíniú (en): A loss function based on binary cross entropy. It is typically used in classification and link prediction.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: Pirimid SFEE (ainmfhocal): DIKW Pyramid
Sainmhíniú (ga): Pirimid ceithre chisil ina bhfuil ann, ó bhun go barr, sonraí, faisnéis, eolas, agus eagna.
Sainmhíniú (en): A four-layer pyramid which contains, from the base to the top, data, information, knowledge, and wisdom.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

R

randamach (aidiacht): random
Sainmhíniú (ga): Ag caint ar próiseas, gan bheith in ann é a réamhinsint ach le dóchúlachtaí.
Sainmhíniú (en): Regarding a process, unable to be predicted except with probabilities.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: rang (ainmfhocal): rank
Sainmhíniú (ga): Ag trácht ar luach i liosta sórtáilte, an t-innéacs sa liosta sin ag bhfuil an luach.
Sainmhíniú (en): Regarding a value in a sorted list, the index at which that value is located.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: rangaigh (briathar): to rank
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs tacar uimhreacha, rang a thabhairt do gach uile uimhir ann ar ioann í agus a hinnéacs is liosta sortáilte na n-uimhreacha sin.
Sainmhíniú (en): In the context of a set of numbers, to give a rank to each number equal to its index in a sorted list of those numbers.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: rangú (ainmfhocal): ranking
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs liosta, an próiseas a bhaineann le rang a thabhairt do gach uile bhall ann.
Sainmhíniú (en): In the context of a list, the process of assigning a rank to each element in it.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: raon (ainmfhocal): range
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, tacar luacha atá mar aschur ag feidhm éigin. I gcomhthéacs faisnéise i ngraf eolais, tacar nód ar féidir leo bheith mar chuspóirí in abairtí triaracha leis an bhfaisnéis sin.
Sainmhíniú (en): In the context of mathematics, the set of values that can be used as input to some function. In the context of a predicate in a knowledge graph, the set of nodes that can be used as subjects in triples with that predicate.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: ráta foghlama (ainmfhocal): learning rate
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs samlach ríomhfhoghlama, luach scálach a cinntíonn cé chomh mór is atá chuile athrú ar pharaiméadair na samhla le linn traenála.
Sainmhíniú (en): In the context of a machine learning mode, a scalar value that determines how large each update to the model's parameters is during training.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: réad (ainmfhocal): instantiation (object)
Sainmhíniú (ga): An rud (matamaiticiúil nó ríomhaireachta) atá cruthaithe de réir creatlaí matamaitice / ríomhaireachta.
Sainmhíniú (en): The (mathematical or computational) object created by the process of instantiation from a mathematical / computational framework.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: réamh-thraenáil (ainmfhocal): pretraining
Sainmhíniú (ga): An próiseas a bhaineann le samhail ríomhfhoghlama a thraenáil le plean é a mion-fheabbhsú níos déanaí ar shonraí nua.
Sainmhíniú (en): The process of training a machine learning model with intent to finetune it later on new data.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: réamh-thraenáil (briathair): to pretrain
Sainmhíniú (ga): Samhail ríomhfhoghlama a thraenáil le plean é a mion-fheabbhsú níos déanaí ar shonraí nua.
Sainmhíniú (en): To train a machine learning model with intent to finetune it later on new data.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: réamhinis (briathar): to predict
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, meastachán a dhéanamh ar luach sonra éigin.
Sainmhíniú (en): In the context of computer science, to estimate the value of some data point.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: réamhinsint (ainmfhocal): prediction
Sainmhíniú (ga): Sonra atá réamhinste.
Sainmhíniú (en): A data point that is predicted.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: réamhinsint an ainmní (ainmfhocal): subject prediction
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs an taisc réamhinsinte nasc, an tasc a bhaineann le hainmní a réamhinsint chun ceist réamhinsinte nasc sa bhfoirm (?,f,c) a fhreagairt.
Sainmhíniú (en): In the context of the link prediction task, the task of predicting a subject to answer a link prediction query in the form (?,p,o).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: réamhinsint an chuspóra (ainmfhocal): object prediction
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs an taisc réamhinsinte nasc, an tasc a bhaineann le cuspóir a réamhinsint chun ceist réamhinsinte nasc sa bhfoirm (a,f,?) a fhreagairt.
Sainmhíniú (en): In the context of the link prediction task, the task of predicting an object to answer a link prediction query in the form (s,p,?).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: réamhinsint nasc (RN) (ainmfhocal): link prediction (LP)
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif eolais, réamhinsint abairt thriarach nua (nach bhfuil sa ngraf) bunaithe air na habairtí triaracha atá sa ngraf.
Sainmhíniú (en): In the context of a knowledge graph, the act of predicting a new triple (that is not in the graph) based on the triples that are in the graph.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: réamhinsteoir (ainmfhocal): predictor
Sainmhíniú (ga): Córas ríomhfhoghlama a réamhinsíonn sonraí.
Sainmhíniú (en): A machine learning system that predicts data.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: réamhinsteoir nasc (ainmfhocal): link predictor
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif eolais, samhail ríomhfhoghlama a dhéanann naisc a réamhinsint.
Sainmhíniú (en): In the context of a knowledge graph, a machine learning model that performs link prediction.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: réamhthéarma (ainmfhocal): antecedent
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs rialach loighce A -> B, an téarma A atá mar thús ag an riail.
Sainmhíniú (en): In the context of a logical rule A -> B, the term A that is the beginning of the rule.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: réasúnaíocht (ainmfhocal): reasoning
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, úsáid rialacha loighce chun fíricí nua a réamhinsint.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, the use of logical rules to predict new facts.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: réasúnaíocht a dhéanamh (ar) (briathar): to reason (on)
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, rialacha loighce a úsáid chun fíricí nua a réamhinsint.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, to use logical rules to predict new facts.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: réigiún (ainmfhocal): region
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif, cuid logánta áirithe den ghraf.
Sainmhíniú (en): In the context of a graph, a specific local part of the graph.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: réimse úsáide (ainmfhocal): application domain
Sainmhíniú (ga): An réimse taighde, tionscail, nó eile ina bhfuil córas úsáidte.
Sainmhíniú (en): The research, industry, or other domain in which a system is used.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: ReLU (ainmfhocal): ReLU
Sainmhíniú (ga): An fheidhm ghníomhachtaithe ReLU.
Sainmhíniú (en): The ReLU activation function.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: riail (loighce) (ainmfhocal): rule (in logic)
Sainmhíniú (ga): Ráiteas loighce ar féidir é a úsáid chun fíricí nua a fáil amach trí réasúnaíocht.
Sainmhíniú (en): A logical statement that can be used to find new facts based via reasoning.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: ríomh- (aidiacht): machine
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomheolaíochta, bunaithe ar ríomhfhoghlaim.
Sainmhíniú (en): In the context of computer science, based on machine learning.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: ríomheolaíocht (ainmfhocal): computer science
Sainmhíniú (ga): an réimse staidéar atá dírithe ar algartaim, ar bhogearraí, agus ar ríomhchlárúchán.
Sainmhíniú (en): the field of study that focuses on algorithms, software, and computer programing.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: ríomhfhoghlaim (ainmfhocal): machine learning
Sainmhíniú (ga): Cur chuige feabhsúcháin mhatamaiticiúil a chuireann ar chumas do ríomhairí ceisteanna casta a fhreagairt.
Sainmhíniú (en): The process of using mathematical optimisation to allow computers to solve complex problems.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: ró-fhoghlaim (ainmfhocal): overfitting
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, foghlaim de ghlanmheabhair a dhéantar ar an tacar traenála i gcaoi a chuireann bac ar fhoghlaim phatrún ginearálta sa tacar traenála.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, memorisation of the training set that precludes learning the general patterns of the training set.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

S

samhail (ainmfhocal): model
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, réad matamaiticiúil a úsáideann cur chuige bunaithe ar calcalas chun tasc ríomhfhoghlama a chur i gcrích. I gcomhthéacs sonraí, an fhormáid agus struchtúr ina bhfuil siad léirithe (m.sh. i ngraf nó i dtábla), agus cé chaoi go sonrach atá na sonraí curtha ann (.i. ointeolaíocht graif nó lipéad na gcolún i dtábla).
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, a mathematical object that uses a calculus-based approach to solve a machine learning task. In the context of data, the format or structure in which it is contained (ex. in a graph or in a table), as well as precisely how the data is put in it (i.e. the graph's ontology, or the column labels in a table).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: samhail (bunaithe ar) veicteoirí tacaíochta (SVT) (ainmfhocal): support vector machine (SVM)
Sainmhíniú (ga): Samhail ar bith den ghrúpa samhlacha ríomhfhoghlama atá bunaithe ar úsáid veicteoirí tacaíochta chun éifeachtach ríomhfhoghlama a chur chun cinn.
Sainmhíniú (en): Any one model of the family of machine learning models that are based on the use of support vectors to improve machine learning performance.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: samhail bhunlíne (ainmfhocal): baseline model
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, samhail (chaighdeánach) a úsáidtear chun comparáid a dhéanamh le samhlacha (nua) eile agus iad á meas.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, a (standard) model that is used to compare to other (new) models to evaluate them.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: samhail fhorais (ainmfhocal): foundation model
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomheolaíochta, samhail ríomhfhoghlama amháin ar féidir í a úsáid mar fhoras foghlama i réimse leathan, agus a mbíonn cur chuige tras-fhoghlama bunaithe uirthi chuige sin.
Sainmhíniú (en): In the context of computer science, a single machine learning model that can be used as the foundation of learning in a broad domain, and which is applied in the transfer learning setting to do so.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: samhail fhorais ghraf (ainmfhocal): graph foundation model
Sainmhíniú (ga): Samhail fhorais a chruthaítear chun taisc éagsúla ar ghraif a chur i gcrích.
Sainmhíniú (en): A foundation model built to solve diverse tasks on graphs.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: samhail leabaithe graif eolais (SLGE) (ainmfhocal): knowledge graph embedding model (KGEM)
Sainmhíniú (ga): Samhail ríomhfhoghlama a bhfuil mar aidhm aige graf eolais a leabú.
Sainmhíniú (en): A machine learning model whose aim is to embed a knowledge graph.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: samhail theanga (ST) (ainmfhocal): language model (LM)
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, samhail a bhfuil mar aidhm aici tuiscint a fháil ar theanga nádúrtha na ndaoine chun í a phróiseáil.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, a model that aims to understand and process natural human language.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: samhail theanga mhór (STM) (ainmfhocal): large language model (LLM)
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, samhail theanga a bhfuil na billiúin, na trilliúin, nó níos mó paraiméadair aici.
Sainmhíniú (en): In the context of computer science, a language model with billions, trillions, or more parameters.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: samhlaigh (ainmfhocal): to model
Sainmhíniú (ga): Samhail ríomhfhoghlama nó staitistiúil a chruthú, nó samhail shonraí a chruthú.
Sainmhíniú (en): To create a (machine learning or statistical) model, or to create a data model.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: sampla (ainmfhocal): sample
Sainmhíniú (ga): Sonra a thógtar as dáileadh staitistiúil nó as próiseas randamach.
Sainmhíniú (en): A data point that is taken from a statistical distribution or random process.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: sampla fánach (ainmfhocal): random sample
Sainmhíniú (ga): Sampla a thógtar go randamach.
Sainmhíniú (en): A sample that is taken randomly.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: sampláil (briathar): to sample
Sainmhíniú (ga): Sampla a thógáil.
Sainmhíniú (en): To take a sample.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: samplóir (ainmfhocal): sampler
Sainmhíniú (ga): rud (m.sh. algartam ríomhaireachta) a dhéanann sampláil.
Sainmhíniú (en): a thing (such as a computer algorithm) that samples.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: saor-rochtana (aidiacht): open source
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs tionscadail nó foilseacháin, ar fáil go poiblí agus saor in aisce agus gan ceadúnas príobháideach.
Sainmhíniú (en): In the context of a project or publication, publicly and freely available and not under a private license.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: scag (briathar): to filter
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs próiseála sonraí, roinnt sonraí ó thacar sonraí a bhaint de de réir tomhais nó algartaim éigin.
Sainmhíniú (en): In the context of data processing, to remove some data from a dataset based on some metric or algorithm.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: scagaire (ainmfhocal): filter
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs próiseála sonraí, córas nó próiseas a scagann sonraí -- sin le rá, a bhaineann roinnt sonraí ó thacar mór sonraí.
Sainmhíniú (en): In the context of data processing, a system or process that filters data -- that is, that removes some data from a larger dataset.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: scagaireacht (ainmfhocal): filtering
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs próiseála sonraí, próiseas a úsáidtear chun cuid de na sonraí ó thacar sonraí a bhaint de réir tomhais nó algartaim éigin.
Sainmhíniú (en): In the context of data processing, a process that is used to remove some of the data from a dataset based on some metric or algorithm.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: scaipléaráid (ainmfhocal): scatter plot (or diagram)
Sainmhíniú (ga): Léaráid a léiríonn pointí i ndá thoise, le hais X agus Y.
Sainmhíniú (en): A diagram that shows points in two dimensions, with an X and a Y axis.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: scálach (aidiacht): scalar
Sainmhíniú (ga): Uimhir nach athróg é a bhíonn á húsáid le huimhir eile a mhéadú fúithi.
Sainmhíniú (en): A numerical value other than a variable, typically used in multiplication.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: sceitheadh sonraí (ainmfhocal): data leak
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, an rud a tharlaíonn nuair atá sonraí ón tacar deimhnithe / teisteála le feiceáil le linn an phróisis thraenála, rud a bhfuil ró-fhoghlaim mar thoradh air.
Sainmhíniú (en): In the context machine leaning, what happens when data from the validation / testing set can be seen during the training process, leading to overfitting.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: scór (ainmfhocal): score
Sainmhíniú (ga): Uimhir a dhéanann cur síos ar cé chomh maith is atá rud (m.sh. cruinneas samhla foghlama).
Sainmhíniú (en): A number describing how good something is (such as the accuracy of a machine learning model).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: scór inchreidteachta (ainmfhocal): plausibility score
Sainmhíniú (ga): Uimhhir a dhéanann cur síos ar an dóchúlacht go bhfuil rud fíor.
Sainmhíniú (en): A number that represents the chance that something is true.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: scór-z (ainmfhocal): z-score
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs staitistice, scór a léiríonn cá mhéad dialltaí caighdeánacha is atá sonra amháin ó mheán na sonraí.
Sainmhíniú (en): In the context of statistics, a score that represents how many standard deviations from the mean a data point is.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: scóráil (briathar): to score
Sainmhíniú (ga): Scór a thabhairt do rud (m.sh. samhail ríomhfhoghlama).
Sainmhíniú (en): To give a score to something (such as a machine learning model).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: scoth an réimse (ainmfhocal): state of the art (best)
Sainmhíniú (ga): An tuiscint, samhail, eolas, nó eile is fearr i réimse eolaíochta éigin.
Sainmhíniú (en): The best understanding, model, information, etc in a given scientific field.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: seachadadh teachtaireachtaí (ainmfhocal): message passing
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, an próiseas a bhaineann le sonraí a roinnt idir leabuithe i líonra néarach.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, the process relating to sharing information between embeddings in a neural network.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: seal (ainmfhocal): epoch
Sainmhíniú (ga): Geábh iomlán feabhsaithe ina fheiceann an tsamhail ríomhfhoghlama chuile shonra sa tacar traenála aon uair amháin.
Sainmhíniú (en): A full pass of optimisation in which the machine learning model sees every data point in the training set exactly once.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: séimeantaic (ainmfhocal): semantics
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graf eolais, staidéar ar bhrí na sonraí atá istigh ann, nó an bhrí sin í féin.
Sainmhíniú (en): In the context of knowledge graphs, study of the meaning of the data they contain, or that meaning itself.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: siméadrach (aidiacht): symmetric
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs faisnéise (f) i ngraf eolais, leis an impleacht gur fíor (c,f,a) mar abhairt thiarach más fíor (a,f,c).
Sainmhíniú (en): In the context of a predicate (p) in a knowledge graph, implying that the triple (o,p,s) is true if (s,p,o) is true.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: siméadracht (ainmfhocal): symmetry
Sainmhíniú (ga): An t-airí a bhaineann lena bheith siméadrach.
Sainmhíniú (en): The property of being symmetric.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: siombail (ainmfhocal): symbol
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs loighce nó rialacha loighce, comhartha a sheasann do shlonn loighce, d'athróg loighce, d'oibríocht loighce, nó do chuid eile de shlonn loighce.
Sainmhíniú (en): In the context of logic or logical rules, a character that represents a logical expression, a logical variable, a logical operation, or some other part of a logical expression.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: siombalach (aidiacht): symbolic
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs loighce, bainteach le siombailí, nó bunaithe ar úsáid shiombailí.
Sainmhíniú (en): In the context of logic,relating to symbols, or based on the use of symbols.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: siúlóid (ainmfhocal): walk
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif, imeacht ó nód go nód ar cheangail an ghraif chun an graf ar fad, nó cuid de, a thrasnú.
Sainmhíniú (en): In the context of a graph, to go from node to node alone the edges in the graph to traverse the whole graph, or a part of it.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: siúlóid fhánach (aidiacht): random walk
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs siúlóid ar graf, siúlóid air a dhéantar go randamach.
Sainmhíniú (en): In the context of a walk on a graph, a walk that is done upon it randomly.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: slonn (ainmfhocal): expression
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, abairt a bhfuil luach nó brí mhatamaiticiúil léi.
Sainmhíniú (en): In the context of mathematics, a statement that has a value or mathematical meaning attached to it.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: softmax (ainmfhocal): softmax
Sainmhíniú (ga): An fheidhm ghníomhachtaithe softmax.
Sainmhíniú (en): The softmax activation function.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: sonraí (ainmfhocal): data
Sainmhíniú (ga): léiriú cainníochtúil nó cineálach ar rud.
Sainmhíniú (en): a quantitative or qualitative description of something.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: sonraí nasctha (SN) (ainmfhocal): linked data (LD)
Sainmhíniú (ga): Bailiúchán sonraí i ngraif eolais atá nasctha lena chéile agus atá, go minic, dáilte thar líon mhór suíomhanna / freastalaithe ar an idirlíon.
Sainmhíniú (en): A collection of data in knowledge graphs that are connected to each other and, often, distributed among many sites / servers on the internet.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: sonraí nasctha saor-rochtana (SNSR) (ainmfhocal): linked open data (LOD)
Sainmhíniú (ga): Sonraí nasctha a bhfuil rochtain éasca, saor, agus poiblí air.
Sainmhíniú (en): Linked data that is made available for easy, free, and public access.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: staid an réimse (ainmfhocal): state of the art (current)
Sainmhíniú (ga): An tuiscint / leibhéal taighde atá ann faoi láthair i réimse taighde (bíodh sé go maith nó go dona).
Sainmhíniú (en): The understanding or level of current research in a given field of research (whether that is good or bad).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: stór (cóid) (ainmfhocal): repository
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomheolaíochta, suíomh ar líne (.i. GitHub) nó fillteán logánta ar ríomhaire (.i. fillteán .git/) ina bhfuil cód, agus stair na sean-leaganacha de, stóráilte.
Sainmhíniú (en): In the context of computer science, an online site (i.e. GitHub) or local folder on a computer (i.e. a .git/ folder) in which code, and the history of its previous versions, are stored.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: struchtúr (ainmfhocal): structure
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif, patrúin, achoimrí uimhriúla, agus staitisticí ar féidir iad a áireamh ar an ngraf (gan trácht ar shéimeantaic an ghraif).
Sainmhíniú (en): In the context of a graph, patterns, numerical summaries, and statistics that can be calculated on the graph (without reference to the semantics of the graph).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

T

tabhair chun rialtachta (briathar): to regularise
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs samhla ríomhfhoghlama, ró-fhoghlaim a laghdú trí mhéid luach na bparaiméadar a shrianadh i caoi éigin.
Sainmhíniú (en): In the context of a machine learning mode, to reduce overfitting by restricting the size of parameter values in some way.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: tabhairt chun rialtachta (ainmfhocal): regularisation
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs samhla ríomhfhoghlama, próiseas a bhfuil mar aidhm aige ró-fhoghlaim a laghdú trí mhéid luach na bparaiméadar a shrianadh i gcaoi éigin.
Sainmhíniú (en): In the context of a machine learning mode, a process that aims to reduce overfitting by restricting the size of parameter values in some way.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: tacar (ainmfhocal): set
Sainmhíniú (ga): Grúpa rudaí (m.sh. uimhreacha) nach bhfuil áirí an oird ann, agus nach mbíonn an rud céanna faoi dhó ann.
Sainmhíniú (en): A group of things (such as numbers) that does not have the property of having order, and that does not have repeats.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: tacar deimhnithe (ainmfhocal): validation set
Sainmhíniú (ga): Tacar sonraí a úsáidtear chun samhail ríomhfhoghlama a dheimhniú.
Sainmhíniú (en): The dataset used to validate a machine learning model.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: tacar sonraí (ainmfhocal): dataset
Sainmhíniú (ga): Grúpa sonraí curtha le chéile, go háirithe chun samhlacha ríomhfhoghlama a thraenáil nó a mheasúnú.
Sainmhíniú (en): A set of data that is gathered together, especially to be used for training or evaluating machine learning models.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: tacar sonraí comparáide (ainmfhocal): benchmark dataset
Sainmhíniú (ga): Tacar sonraí a úsáidtear chun samhlacha ríomhfhoghlama a mheasúnú agus a chur i gcomparáid lena chéile.
Sainmhíniú (en): A dataset that is used to evaluate and compare machine learning models.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: tacar teisteála (ainmfhocal): testing set
Sainmhíniú (ga): Tacar sonraí a úsáidtear chun samhail ríomhfhoghlama a theisteáil.
Sainmhíniú (en): The dataset used to test a machine learning model.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: tacar traenála (ainmfhocal): training set
Sainmhíniú (ga): Tacar sonraí a úsáidtear chun samhail ríomhfhoghlama a thraenáil.
Sainmhíniú (en): The dataset used to train a machine learning model.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: tasc réamhinsinte nasc (ainmfhocal): link prediction task
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif eolais, tasc a bhfuil mar sprioc aige abairt thriarach nua (nach bhfuil a ngraf) a réamhinsint bunaithe ar na habairtí triaracha atá sa ngraf.
Sainmhíniú (en): In the context of a knowledge graph, the task of predicting a new triple (that is not in the graph) based on the triples that are in the graph.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: teaglaim hipear-pharaiméadar (ainmfhocal): hyperparameter combination
Sainmhíniú (ga): Tacar amháin (as iliomad tacar eile) luachanna hipear-pharaiméadar ar féidir iad a úsáid chun samhail ríomhfhoghlama shainmhíniú.
Sainmhíniú (en): A set (out of many possible sets) of all hyperparameter values needed to fully define a machine learning model.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: tearcaigh (briathar): to reify
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif, an próiseas tearcaithe a chur i gcrích.
Sainmhíniú (en): In the context of a graph, to perform the reification process.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: tearcú (ainmfhocal): reification
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graf, an próiseas a bhaineann le hipear-graf (nó graf eile a bhfuil lipéid ann nach féidir iad a scríobh go nádúrtha mar abairtí triaracha) aistriú go graf bunaithe ar abairtí triaracha amháin. Chun é seo a dhéanamh, déantar n abairt thriarach as gach aon chuid adamhach den hipear-ghraif, rud a fhágann den chuid is mó go mbíonn an graf tearcaithe níos éadlúithe ná an hipear-ghraif as a gcruthaíodh é.
Sainmhíniú (en): In the context of graphs, the process relating to transforming a hyper-graph (or other graph in which labels are present that cannot be written as simple triples) into a simpler format composed of only triples. To do this, n triples are created out of every atomic unit of the hyper-graph, which generally results in the reified graph being more sparse than the hyper-graph from which it was made.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: teibigh (ainmfhocal): to abstract
Sainmhíniú (ga): Ginearálú a dhéanamh ar bhun-choincheap chun teacht ar choincheap nua ar leibhéal níos airde. Nó, i gcomhthéacs ríomheolaíochta, comhéadan simplí a chur timpeall ar phróiseas nó ar réad casta chun rochtain air a éascú.
Sainmhíniú (en): To generalise a base concept to arrive at a higher-order concept. Or, in the context of computer science, to put a simple interface around a complex process or object to facilitate access to it.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: teibiú (ainmfhocal): abstraction
Sainmhíniú (ga): Ginearálú ar bhun-choincheap chun teacht ar choincheap nua ar leibhéal níos airde. Nó, i gcomhthéacs ríomheolaíochta, comhéadan simplí a chuirtear timpeall ar phróiseas nó ar réad casta chun rochtain air a éascú.
Sainmhíniú (en): Generalisation of a base concept to arrive at a higher-order concept. Or, in the context of computer science, a simple interface put around a complex process or object to facilitate access to it.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: teisteáil (ainmfhocal): testing
Sainmhíniú (ga): An próiseas a úsáidtear chun fáil amach cé chomh maith (nó cé chomh dona) is a fheidhmíonn samhail ríomhfhoghlama tar éis di a bheith traenáilte.
Sainmhíniú (en): The process that is used to determine how well (or how poorly) a machine learning model works after it has been trained.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: teisteáil (briathar): to test
Sainmhíniú (ga): Próiseas teisteála a dhéanamh ar shamhail ríomhfhoghlama.
Sainmhíniú (en): To perform testing on a machine learning model.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: teorainn chinnidh (ainmfhocal): decision boundary
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs aicmithe, cuar a scarann dhá aicme nó níos mó óna chéile. I gcomhthéacs ríomhfhoghlama níos leithne, cuar a scarann dhá shórt réamhinsint (nó níos mó) óna chéile.
Sainmhíniú (en): In the context of classification, a curve that separates two or more classes from each other. In the context of machine learning more generally, a curve that separates two (or more) sorts of predictions from each other.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: timthriall traenála (ainmfhocal): training loop
Sainmhíniú (ga): An chuid athfhillteach den phróiseas a úsáidtear chun samhail ríomhfhoghlama a thraenáil.
Sainmhíniú (en): The repeating unit of the process used to train a machine learning model.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: tionól (ainmfhocal): aggregate
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs sonraí, staitistic amháin atá mar fheidhm de roinnt pointí sonraí ar leith.
Sainmhíniú (en): In the context of data, a single statistic that is a function of multiple data points.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: toipeolaíocht (ainmfhocal): topology
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif, cur síos matamaiticiúil ar cé chaoi an bhíonn a chuid nód ceangailte lena chéile; nó, réimse staidéir matamaitice bunaithe ar anailísíocht ar struchtúr graf.
Sainmhíniú (en): In the context of a graph, a mathematical description of how its nodes are connected; or, the field of mathematical study of the analysis of graph structure.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: toise (ainmfhocal): dimension
Sainmhíniú (ga): Ag trácht ar spás veicteora, líon na n-uimhreacha atá i ngach uile veicteoir sa spás céanna; nó, ais amháin den spás sin.
Sainmhíniú (en): Regarding a vector space, the number of elements contained in each vector in that space; or, one axis of that space.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: tomhais (ainmfhocal): to measure
Sainmhíniú (ga): Tomhas a dhéanamh ar shonraí nó ar phróiseas éigin.
Sainmhíniú (en): To measure some effect or data.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: tomhas (ainmfhocal): metric
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, luach a dhéanann cur síos cainníochtúil ar shonraí nó ar fheiniméan éigin, go háirithe nuair atá sé úsáidte chun dhá shraith sonraí / dhá fheiniméan chur i gcomparáid lena chéile.
Sainmhíniú (en): In a mathematical context, a value that gives a quantitative description of data or some phenomenon, especially when used to compare two such data sets or phenomenons.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: tomhas (ainmfhocal): measure
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, luach a dhéanann cur síos cainníochtúil ar shonraí nó ar fheiniméan éigin, go háirithe nuair atá sé úsáidte chun dhá shraith sonraí / dhá fheiniméan chur i gcomparáid lena chéile.
Sainmhíniú (en): In a mathematical context, a value that gives a quantitative description of data or some phenomenon, especially when used to compare two such data sets or phenomenons.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: torann (ainmfhocal): noise
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, an chuid de thacar sonraí atá (i bpáirt nó go hiomlán) randamach, agus nach bhfuil comhartha in-fhoghlamtha inti dá bharr sin.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, the part of a data set that is (partially or fully) random, and that does not contain signal for learning as a result.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: torannach (aidiacht): noisy
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs tacar sonraí, a bhfuil an-chuid torann randamach ann i gcaoi a chuireann bac ar fhoghlaim ar an tacar sonraí sin.
Sainmhíniú (en): In the context of a data set, having a lot of random noise that limits learning on that data set.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: traenáil (ainmfhocal): training
Sainmhíniú (ga): An próiseas a bhaineann le feabhsú samhla ríomhfhoghlama trí shonraí a thabhairt di.
Sainmhíniú (en): The process of optimising a machine learning model by giving it data to learn from.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: traenáil (briathar): to train
Sainmhíniú (ga): Próiseas traenála a dhéanamh ar shamhail ríomhfhoghlama.
Sainmhíniú (en): To perform training on a machine learning model.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: tras-aird (ainmfhocal): cross-attention
Sainmhíniú (ga): Oibriú airde ina dtagann an t-ionchur ar fad ó fhoinsí éagsúla.
Sainmhíniú (en): An attention operation in which inputs come from different sources.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: tras-eantrópacht (ainmfhocal): cross-entropy
Sainmhíniú (ga): Tomhas ar cé chomh neamhordaithe is atá dáileadh staitistiúil (de réir dáileadh tagartha eile).
Sainmhíniú (en): A measure of disorder in statistical distributions (in comparison to a reference distribution).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: tras-fhoghlaim (ainmfhocal): transfer learning
Sainmhíniú (ga): Úsáid cur chuige mion-feabhsaithe chun cur ar chumas do shamhail ríomhfhoghlama atá ann cheana (.i. atá réamh-thraenáilte) tasc eile a dhéanamh.
Sainmhíniú (en): The practice of fine-training a pre-existing (pre-trained) machine learning model to produce a new model that solves a different task.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: trasfhoirm (ainmfhocal): transform
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, feidhm a úsáidtear chun trasfhoirmiú a chur i gcrích.
Sainmhíniú (en): In the context of mathematics, a function that is used to perform a transformation.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: trasfhoirmeoir (ainmfhocal): transformer
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, dearadh néarach áirithe a úsáideann sraith chisil airde le chéile.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, a specific neural architecture that uses layered attention.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: trasfhoirmigh (briathar): to transform
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, sonraí a athrú le feidhm éigin (mar shampla, chun iad a chuimsiú ar eatramh éigin).
Sainmhíniú (en): In the context of mathematics, to change data according to some function (for example, to bound them on a given interval).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: trasfhoirmiú (ainmfhocal): transformation
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, an próiseas a bhaineann le trasfhoirm a chur i bhfeidhm ar shonraí.
Sainmhíniú (en): In the context of mathematics, the process of transforming data.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: treallach (aidiacht): arbitrary
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs luacha, roghnaithe gan chúis léirithe, go háirithe más féidir an luach a ionadú le rogha threallach ar bith eile gan an ráiteas / cothromóid / feidhm / srl ina bhfuil sé a athrú go mór. Is féidir le rogha threallach a bheith randamach nó a bheith déanta gan a bheith randamach.
Sainmhíniú (en): In the context of a value, chosen without a given justification, especially if the value can be replaced with any other arbitrary value without significantly changing the statement / equation / function / etc it is in. An arbitrary choice can be random or non-random.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: turgnamh ionadaithe (ainmfhocal): ablation experiment
Sainmhíniú (ga): Turgnamh a dhéantar ar shamhail ríomhfhoghlama ina mbíonn gach aon mhodúl sa tsamhail bainte nó ionadaithe le modúl eile. Déantar é seo chun fáil amach cén tionchar atá ag gach uile mhodúl ar chumas foghlama na samhla.
Sainmhíniú (en): An experiment performed on machine learning models in which each module in the model is removed or replaced with another module. This is done to determine the exact effects of each module on the model's performance.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

U/Ú

ualach (ainmfhocal): weight
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama nó matamaiticiúil, uimhir scálach a mhéadaítear le slonn (go háirithe chun raon na luachanna aschuir ón slonn sin a athrú nó a shrianadh); nó, uimhir scálach a úsáidtear mar lipéad (mar shampla, ar chodanna de ghraf).
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning or mathematics, a scalar number that is multiplied with an expression (especially to change or restrict the range of values output by that expression); or, a scalar value used as a label (such as on elements of a graph).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: ualaigh (briathar): to weight
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama nó matamaiticiúil, ualach a chur le slonn nó le luach.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning or mathematics, to apply a numerical weight to an expression or value.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: ualaithe (aidiacht): weighted
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama nó matamaiticiúil, a bhfuil ualach curtha leis.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning or mathematics, having a numerical weight.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: uasluach (ainmfhocal): maximum
Sainmhíniú (ga): An luach is airde ar féidir a fháil (mar shampla, le linn feabhsaithe samhla ríomhfhoghlama).
Sainmhíniú (en): The highest value that can be obtained (for example, during the optimisation of a machine learning model).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: uasluach logánta (ainmfhocal): local maximum
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs feabhsaithe nó ríomhfhoghlama, luach atá ard i gcomparáid le luacha eile in éineacht leis, ach nach gcaithfidh gurb é an luach is airde ar féidir é a fháil (.i. ní chaithfidh sé a bheith mar uaslauch uilíoch).
Sainmhíniú (en): In the context of optimisation or machine learning, a value that is high compared to other values near it, but that may not be the highest possible value (i.e. that may not be a global maximum).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: uasluach uilíoch (ainmfhocal): global maximum
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs feabhsaithe nó ríomhfhoghlama, an luach is airde ar féidir é a fháil riamh.
Sainmhíniú (en): In the context of optimisation or machine learning, the highest value that can ever be obtained.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: uilíoch (aidiacht): global
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif, sonraí, samhla, nó eile, ag trácht ar airíonna an graif / na sonraí / na samhla mar aonad amháin ar leibhéal leathan. Frithchiallach leis an téarma 'logánta'.
Sainmhíniú (en): In the context of a graph, data, a model, etc, relating to features of the graph / data / model as a whole at a very broad level. Antonym to the term 'local'.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: úsáid (phraiticiúil) (ainmfhocal): application (in practice)
Sainmhíniú (ga): Úsáid ruda sa bhfíorshaol, i gcontrárthacht le húsáid theoiriciúil gan chur-i-bhfeidhm.
Sainmhíniú (en): The real-world use of something, as contrasted with theoretical use that is not put into practice.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

V

veicteoir (ainmfhocal): vector
Sainmhíniú (ga): Liosta ordaithe uimhreacha a shamhlaíonn pointe i spás, nó aistriú sa spás céanna.
Sainmhíniú (en): An ordered list of numbers that represents a displacement in space, or a point in space.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: veicteoir tacaíochta (ainmfhocal): support vector
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, veicteoir atá an-ghar don teorainn chinnidh.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, a vector that is very close to the decision boundary.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: