Foclóir Tráchtais v1.4

Jeffrey Seathrún Sardina
Eanáir 2025

Achoimre na dTéarmaí

Béarla Gaeilge
0-shot 0-sonra
ablation turgnamh ionadaithe
activation function feidhm ghníomhachtaithe
adjacency matrix maitrís chóngarachta
algorithm algartam
alignment ailíniú
application (in practice) úsáid (phraiticiúil)
to approximate meastachán a dhéanamh (ar)
approximation meastachán
architecture dearadh
artificial intelligence (AI) (concept) intleacht shaorga (IS) (coincheap)
artificial intelligence (AI) (system) córas intleachta saorga (córas IS)
assumption foshuíomh
baseline model samhail bhunlíne
batch baisc
batch size méid na bhfo-thacar
Bayesian Bayes
benchmark dataset tacar sonraí comparáide
binary dénártha
to bound cuimsigh
class aicme
classification aicmiú
to classify aicmigh
Closed World Assumption Foshuíomh an Domhain Dhúnta
cluster braisle (pointí)
to cluster aicmiú ionduchtach a dhéanamh
clustering aicmiú ionduchtach
co-frequency cóimhinicíocht
coefficient comhéifeacht
computer network líonra ríomhairí
computer science ríomheolaíocht
connectivity (frása le 'ceangailte')
correct fitting foghlaim cheart
to correlate comhghaolaigh
correlation comhghaol
correlation coefficient comhéifeacht comhghaolúcháin
counterexample frith-shampla
cross-entropy tras-eantrópacht
data sonraí
data leak sceitheadh sonraí
database bunachar sonraí
dataset tacar sonraí
deep learning foghlaim dhomhain
degree céim
dense dlúth
dense layer ciseal lán-cheangailte
density dlús
dependency graph graf spleáchais
dimension toise
dimensionality (frása le 'toise')
directed dírithe
distribution dáileadh
domain fearann
dropout layer ciseal nialas
edge ceangal
efficiency éifeachtacht (ama, fhuinnimh)
element ball
embedding leabú
end condition coinníoll críochnaithe
entity aonad
entity alignment ailíniú aonad
entropy eantrópacht
environment comhthéacs cóid
epoch seal
equation cothromóid
error tomhas earráide
estimate meastachán
to estimate (about) meastachán a dhéanamh (ar)
to evaluate measúnaigh
evaluation measúnú
expression slonn
family (frása le 'gaolmhar')
feature airí
few-shot cúpla-sonra
filter scagaire
to filter scag
filtering scagaireacht
to finetune mion-fheabhsú
framework creatlach
frequency minicíocht
function feidhm
generative cumadóireachta
genetic algorithm algartam géiniteach
global uilíoch
global maximum uasluach uilíoch
global minimum íosluach uilíoch
graph graf
graph neural network (GNN) líonra néarach graif (LNG)
grid search cuardach ar eangach
histogram histeagram
hits@k (H@k) fíricí@k (F@k)
hyperparameter hipear-pharaiméadar
hyperparameter search cuardach hipear-pharaiméadar
implementation leagan infheidhmithe
information content lucht faisnéise
input ionchur
to input (into) cuir isteach (i)
to instantiate cruthaigh
instantiation (concept) leagan
instantiation (object) réad
instantiation (process) cruthú
interface comhéadan
intersection idirmhír
interval eatramh
inverse inbhéartach
inverse (relation) inbhéarta
knowledge graph (KG) graf eolais (GE)
knowledge graph embedding (KGE) leabú graif eolais (LGE)
knowledge graph embedding model (KGEM) samhail leabaithe graif eolais (SLGE)
label lipéad
labelled le lipéad
latent folaigh
layer ciseal
learning rate ráta foghlama
library leabharlann (chóid)
link prediction (LP) réamhinsint nasc (RN)
link prediction query ceist réamhinsinte nasc
link prediction task tasc réamhinsinte nasc
link predictor réamhinsteoir nasc
linked data (LD) sonraí nasctha (SN)
linked open data (LOD) sonraí nasctha saor-rochtana (SNSR)
local logánta
local maximum uasluach logánta
local minimum íosluach logánta
logic loighic
loss pionós (foghlama)
loss function feidhm phionóis
machine ríomh-
machine learning ríomhfhoghlaim
to map mapáil
mapping mapa
matrix maitrís
maximum uasluach
mean rank (MR) meán-rang (MR)
mean reciprocal rank (MRR) meán na ranganna deilíneacha (MRD)
measure tomhas
to measure tomhais
median airmheán
message passing seachadadh teachtaireachtaí
metric tomhas
minimum íosluach
model samhail
to model samhlaigh
modular modúlach
module modúl
n-shot n-sonra
negative (of number) diúltach
negative (sample) frith-shampla
negative sampler frith-shamplóir
negative sampling frith-shampláil
network líonra
neural néarach
neural network (NN) líonra néarach (LN)
neuro-symbolic néar-shiombalach
node nód
object cuspóir
ontology ointeolaíocht
open source saor-rochtana
Open World Assumption Foshuíomh an Domhain Oscailte
operation oibriú
operator oibreoir
optimisation feabhsúchán
to optimise feabhsaigh
optimiser córas feabhsúcháin
outlier asluiteach
output aschur
to output cuir amach
overfitting ró-fhoghlaim
pairwise function feidhm de phéire (pointí)
parameter paraiméadar
performance éifeachtacht (ama, taisc)
plausibility inchreidteacht
plausibility score scór inchreidteachta
pointwise function feidhm de phointe
positive (of number) deimhneach
positive (triple) fíor-abairt (thriarach)
predicate faisnéis
to pretrain réamh-thraenáil
pretraining réamh-thraenáil
probability dóchúlacht
pseudotype aicme cumtha
to quantify cainníochtaigh
query ceist
random randamach
random sample sampla fánach
random search cuardach randamach
random walk siúlóid fhánach
range raon
rank rang
to rank rangaigh
ranked list liosta ranganna
ranking rangú
to reason (on) réasúnaíocht a dhéanamh (ar)
reasoner córas réasúnaíochta
reasoning réasúnaíocht
reference implementation leagan infheidhmithe caighdeánach
regression cúlú
regularisation tabhairt chun rialtachta
to regularise tabhair chun rialtachta
regulariser córas rialtachta
relation(ship) ceangal
ReLU ReLU
representation leagan
representative ionadaíochta
rule (in logic) riail (loighce)
rule-based bunaithe ar rialacha
to run cuir ar siúl
running ar siúl
sample sampla
to sample sampláil
sampler samplóir
scalar scálach
score scór
to score scóráil
scoring function feidhm scórála
self-supervised faoi fhéin-mhaoirseacht
semantics séimeantaic
semi-supervised faoi leath-mhaoirseacht
set tacar
setwise function feidhm de thacar (pointí)
sigmoid function feidhm shiogmóideach
to simulate insamhail
simulation insamhladh
social network líonra cairdis
softmax softmax
source code (bun-)chód
sparse éadlúth
sparsity éadlús
state of the art (best) scoth an réimse
state of the art (current) staid an réimse
state of the art (the literature) litríocht an réimse
structural alignment ailíniú struchtúir
structural alignment framework creatlach ailínithe struchtúir
structural alignment hypothesis hipitéis ar ailíniú struchtúir
structure struchtúr
subgraph fo-ghraf
subject ainmní
subset fo-thacar
supervised faoi mhaoirseacht
supervision maoirseacht
symbol siombail
symbolic siombalach
symbolic logic loighic shiombalach
symmetric siméadrach
symmetry siméadracht
to test teisteáil
testing teisteáil
testing set tacar teisteála
topology toipeolaíocht
to train traenáil
training traenáil
training loop timthriall traenála
training set tacar traenála
transfer learning tras-fhoghlaim
transitive aistreach
triple abairt thriarach
underfitting foghlaim easnamhach
union aontas
unseen gan feiceáil
unsupervised gan mhaoirseacht
to validate deimhnigh
validation deimhniú
validation set tacar deimhnithe
vector veicteoir
walk siúlóid
to weight ualaigh
weight ualach
weighted ualaithe
weighted random search cuardach randamach ualaithe

Téarmaí

0-shot (ainmfhocal): 0-sonra


Sainmhíniú (ga): Cur chuige mion-fheabsaithe ina dteisteáiltear samhail réamh-thraenáilte ar thacar sonraí nua gan mion-fheabsú ar bith.
Sainmhíniú (en): A finetuning protocol in which a pretrained model is directly tested on a new dataset without any finetuning.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

ablation (ainmfhocal): turgnamh ionadaithe


Sainmhíniú (ga): Turgnamh a dhéantar ar shamhail ríomhfhoghlama ina mbíonn gach aon mhodúl sa tsamhail bainte nó ionadaithe le modúl eile. Déantar é seo chun fáil amach cén tionchar atá ag gach uile mhodúl ar chumas foghlama a mheasúnú go cruinn.
Sainmhíniú (en): An experiment performed on machine learning models in which each module in the model is removed o replaced with another module. This is done to determine the exact effects of each module on the model's performance.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

activation function (ainmfhocal): feidhm ghníomhachtaithe


Sainmhíniú (ga): Feidhm neamh-líneach, m.sh. softmaxReLU, a úsáidtear idir chisil i líonra néarach.
Sainmhíniú (en): A non-linear function, such as softmax or ReLU, that is used between layers in a neural network.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

adjacency matrix (ainmfhocal): maitrís chóngarachta


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif, Maitrís ina bhfuil gach uile nód mar lipéad ar cholúin agus ar shraitheanna, agus ina léiríonn luachanna na maitríse cén ceangal atá idir gach péire nód (má tá cheangal ar bith ann).
Sainmhíniú (en): In the context of graphs, a matrix in which every node is a column and row label, and in which the matrix values describe what sort of connection (if any) exists between each pair of nodes.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

algorithm (ainmfhocal): algartam


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomheolaíochta, próiseas sainmhínithe a bhfuil déanamh taisc mar aidhm aige.
Sainmhíniú (en): In the context of computer science, a fully-defined process that aims to solve some task.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

alignment (ainmfhocal): ailíniú


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, cé chomh maith is a luíonn dhá thomhas / dhá cháilíocht lena chéile ar leibhéal ginearálta.
Sainmhíniú (en): In a mathematical context, how well two measures / quantities relate to each other in general terms.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

application (in practice) (ainmfhocal): úsáid (phraiticiúil)


Sainmhíniú (ga): Úsáid ruda sa bhfíorshaol, i gcontrárthacht le húsáid theoiriciúil gan chur-i-bhfeidhm.
Sainmhíniú (en): The real-world use of something, as contrasted with theoretical use that is not put into practice.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

to approximate (ainmfhocal): meastachán a dhéanamh (ar)


Sainmhíniú (ga): Luach a mheas.
Sainmhíniú (en): To estimate a value.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

approximation (ainmfhocal): meastachán


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, luach a dhéanann cur síos cainníochtúil ar fheiniméan éigin, gan a bheith iomlán cruinn.
Sainmhíniú (en): In a mathematical context, a value that gives a quantitative description of some phenomenon, but which may not be entirely exact.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

architecture (ainmfhocal): dearadh


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, an struchtúr matamaiticiúil atá ar líonra néarach.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, the mathematical structure of a neural network.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

artificial intelligence (AI) (concept) (ainmfhocal): intleacht shaorga (IS) (coincheap)


Sainmhíniú (ga): An coincheap taobh thiar de chórais intleachta saorga; nó, an intleacht atá acu mar choincheap teibí.
Sainmhíniú (en): The concept behind artificial intelligence systems; or, the intelligence they have as an abstract concept.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

artificial intelligence (AI) (system) (ainmfhocal): córas intleachta saorga (córas IS)


Sainmhíniú (ga): Córas ríomhaireachta a bhfuil mar aidhm aige gníomhú ar nós go bhfuil intleacht nó cumas smaointe aige. Ní bhíonn intleacht shaorga bunaithe ar chórais ríomhfhoghlama i gcónaí, ach is sórt intleachta saorga iad chuile chóras ríomhfhoghlama.
Sainmhíniú (en): A computational system that aims to act as though it has intelligence or the ability to think. Artificial intelligence is not always based on machine learning, but all machine learning systems are forms of artificial intelligence.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

assumption (ainmfhocal): foshuíomh


Sainmhíniú (ga): Ráiteas a chuirtear i gcás gur fíor é.
Sainmhíniú (en): A statement that is taken to be true.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

baseline model (ainmfhocal): samhail bhunlíne


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, samhail (chaighdeánach) a úsáidtear chun comparáid a dhéanamh le samhlacha (nua) eile agus iad á meas.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, a (standard) model that is used to compare to other (new) models to evaluate them.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

batch (ainmfhocal): baisc


Sainmhíniú (ga): Tacar sonraí tógtha as an tacar traenála a thugtar do shamhail ríomhfhoghlama agus í ag foghlaim (.i. le linn an phróisis traenála). Uaireanta, úsáidtear fo-thacar de thacar teisteála / deimhnithe le linn an phróisis teisteála / deimhnithe chomh maith.
Sainmhíniú (en): A set of data points taken from the training set that is given to a machine learning model as it is learning (i.e. as a part of the training process). Sometimes, batches of the testing and validation sets are used during testing and validation as well.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

batch size (ainmfhocal): méid na bhfo-thacar


Sainmhíniú (ga): Cé mhéid pointí sonraí atá i chuile fho-thacar den tacar traenála / teisteála / deimhnithe.
Sainmhíniú (en): How many data points are in each batch of the training / testing / validation set.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

Bayesian (aidiacht): Bayes


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs staitistice, bunaithe ar Theoirim Bayes.
Sainmhíniú (en): In the context of statistics, based on Bayes' Theorem.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

benchmark dataset (ainmfhocal): tacar sonraí comparáide


Sainmhíniú (ga): Tacar sonraí a úsáidtear chun samhlacha ríomhfhoghlama a mheasúnú agus a chur i gcomparáid lena chéile.
Sainmhíniú (en): A dataset that is used to evaluate and compare machine learning models.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

binary (aidiacht): dénártha


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomheolaíochta, bunaithe ar dhá luach / rogha / aicme / srl amháin (0 agus 1, go hiondúil).
Sainmhíniú (en): In the context of computer science, based on only two values / choices / classes / etc (typically 0 and 1).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

to bound (briathar): cuimsigh


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, aschur feidhme a choinneáil ar eatramh.
Sainmhíniú (en): In the context of mathematics, to keep the output of a function on an interval.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

class (ainmfhocal): aicme


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs an taisc aicmithe, ceann ar bith de na lipéad ar féidir é a chur le sonraí ionchuir le linn aicmithe. I gcomhthéacs cliarlathais, ointeolaíochta, nó tacsanomaíochta, sórt nó cineál réada sa gcliarlathas / san ointeolaíocht / sa tacsanomaíocht.
Sainmhíniú (en): In the context of classification, any one of the labels that can be given to input data during classification. In the context of a hierarchy, ontology, or taxonomy, a sort or type of object present in the hierarchy / ontology / taxonomy.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

classification (ainmfhocal): aicmiú


Sainmhíniú (ga): Tasc ríomhfhoghlama a bhfuil mar aidhm aige lipéad ('aicme') a chur le chuile phointe sonraí ionchuir. Mar shampla, íomhánna a bhfuil madra nó cat iontu a aicmiú de réir an t-ainmhí atá san íomhá.
Sainmhíniú (en): The machine learning task that aims to assign a label ('class') to every input data point. For example, classifying images of dogs or cats based on the animal in the image.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

to classify (ainmfhocal): aicmigh


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, an tasc aicmithe a chur i gcrích.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, to perform the classification task.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

Closed World Assumption (ainmfhocal): Foshuíomh an Domhain Dhúnta


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graf eolais, an foshuíomh a deir go bhfuil gach uile fhíric ina réimse ann sa ngraf eolais cheana
Sainmhíniú (en): In the context of knowledge graphs, the assumption that says that all facts in the domain of the knowledge graph are already in it.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

cluster (ainmfhocal): braisle (pointí)


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, grúpa pointí atá gar dá chéile, nó cosúil lena chéile, de réir tomhais éigin.
Sainmhíniú (en): In the context of mathematics, a group of points that are close to each other, or similar to each other, according to some metric.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

to cluster (briathar): aicmiú ionduchtach a dhéanamh


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, an tasc aicmithe ionduchtaigh a chur i gcrích.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, to perform the clustering task.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

clustering (ainmfhocal): aicmiú ionduchtach


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, an próiseas a bhaineann le pointí sonraí a aicmiú nuair nach bhfuil eolas ar bith céard iad na haicmí cearta (ná ar an méid aicmí fiú) ar fáil roimh ré, sa gcaoi gur gá iad sin a fhoghlaim go hionduchtach.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, the process related to assigning a class to data points when there is no knowledge in advance of what the correct labels are (or even how many there are), such that the learning must be done inductively.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

co-frequency (ainmfhocal): cóimhinicíocht


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif eolais, cé chomh minic is a bhíonn dhá nód / cheangal (nó níos mó) le chéile sna habairtí triaracha céanna sa ngraf.
Sainmhíniú (en): In the context of a knowledge graph, how often two (or more) nodes / edges are part of the same triples in the graph.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

coefficient (ainmfhocal): comhéifeacht


Sainmhíniú (ga): Uimhir scálach a úsáidtear chun uimhir nó athróg eile a mhéadú fúithi.
Sainmhíniú (en): A scalar value multiplied with another number or variable.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

computer network (ainmfhocal): líonra ríomhairí


Sainmhíniú (ga): Graf nó graf eolais ina gcuireann nóid ríomhairí in iúl, agus ina mbíonn ceangail ann a léiríonn gur féidir le dá ríomhaire nascadh lena chéile.
Sainmhíniú (en): A graph or knowledge graph in which nodes represent computers, and edges represent the that two computers can connect to each other.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

computer science (ainmfhocal): ríomheolaíocht


Sainmhíniú (ga): an réimse staidéar atá dírithe ar algartaim, ar bhogearraí, agus ar ríomhchlárúchán.
Sainmhíniú (en): the field of study that focuses on algorithms, software, and computer programing.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

connectivity (ainmfhocal): (frása le 'ceangailte')


Sainmhíniú (ga): Cé chomh ceangailte is atá cuid de ghraf eolais (.i. nód nó ceangal) le codanna eile den ghraf céanna.
Sainmhíniú (en): How connected one part of a knowledge graph (i.e. a node or edge) is with other parts of the same graph.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

correct fitting (ainmfhocal): foghlaim cheart


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, foghlaim réasúnta iomlán atá in ann patrúin ghinearálta an tacair thraenála a fhoghlaim gan a bheith ag ró-fhoghlaim ná an foghlaim go heasnamhach.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, reasonably complete learning that can extract general patterns from the training set without overfitting or underfitting.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

to correlate (briathar): comhghaolaigh


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, comhghaol a fháil idir dhá shraith sonraí.
Sainmhíniú (en): In a mathematical context, to find the correlation between two datasets.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

correlation (ainmfhocal): comhghaol


Sainmhíniú (ga): Cáilíocht mhatamaiticiúil a dhéanann cur síos ar cé chomh maith is a luíonn dhá shraith uimhreacha lena chéile.
Sainmhíniú (en): A mathematical quantity that describes how well two lists of numbers relate.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

correlation coefficient (ainmfhocal): comhéifeacht comhghaolúcháin


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, luach (a scríobhtar go minic mar 'r') idir -1 agus 1 léiríonn cé chomh mór, agus i cén treo, is atá an comhghaol idir dhá shraith sonraí.
Sainmhíniú (en): In a mathematical context, a value (often written as 'r') between -1 and 1 that describes how strong, and in what direction, correlation is between two datasets.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

counterexample (ainmfhocal): frith-shampla


Sainmhíniú (ga): Sonra a úsáidtear chun cur in iúl do shamhail ríomhaireachta rud atá mícheart nó nár cheart dó a fhoghlaim.
Sainmhíniú (en): A data point that is used to instruct a machine learning model about something that is incorrect or that should not be learned.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

cross-entropy (ainmfhocal): tras-eantrópacht


Sainmhíniú (ga): Tomhas ar cé chomh neamhordaithe is atá dáileadh staitistiúil (de réir dáileadh tagartha eile).
Sainmhíniú (en): A measure of disorder in statistical distributions (in comparison to a reference distribution).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

data (ainmfhocal): sonraí


Sainmhíniú (ga): léiriú cainníochtúil nó cineálach ar rud.
Sainmhíniú (en): a quantitative or qualitative description of something.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

data leak (ainmfhocal): sceitheadh sonraí


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, an rud a tharlaíonn nuair atá sonraí ón tacar deimhnithe / teisteála le feiceáil le linn an phróisis thraenála, rud a bhfuil ró-fhoghlaim mar thoradh air.
Sainmhíniú (en): In the context machine leaning, what happens when data from the validation / testing set can be seen during the training process, leading to overfitting.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

database (ainmfhocal): bunachar sonraí


Sainmhíniú (ga): Bailiúchán sonraí ar ríomhaire a bhfuil struchtúr loighciúil righin leis.
Sainmhíniú (en): A collection of data on a computer with a strict logical structure.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

dataset (ainmfhocal): tacar sonraí


Sainmhíniú (ga): Grúpa sonraí curtha le chéile, go háirithe chun samhlacha ríomhfhoghlama a thraenáil nó a mheasúnú.
Sainmhíniú (en): A set of data that is gathered together, especially to be used for training or evaluating machine learning models.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

deep learning (ainmfhocal): foghlaim dhomhain


Sainmhíniú (ga): Cur chuige ríomhfhoghlama a úsáideann líonraí néaracha móra (le an-chuid ciseal iontu).
Sainmhíniú (en): A machine learning approach that uses large neural networks (with many layers).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

degree (ainmfhocal): céim


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs nóid i ngraf eolais, cé mhéid ceangal atá aige le nóid eile sa ngraf.
Sainmhíniú (en): In the context of a node in a knowledge graph, how many connections it has with other nodes in the graph.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

dense (aidiacht): dlúth


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif eolais (nó fo-ghraif), an-cheangailte le codanna eile den ghraf / den fho-ghraf.
Sainmhíniú (en): In the context of a knowledge graph (or subgraph), highly connected with other parts of the same graph / subgraph.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

dense layer (ainmfhocal): ciseal lán-cheangailte


Sainmhíniú (ga): Ciseal i líonra néarach ina bhfuil chuile néaróg ionchuir ceangailte le chuile néaróg aschuir.
Sainmhíniú (en): A layer in a neural network in which every input neuron is connected to every output neuron.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

density (ainmfhocal): dlús


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif eolais (nó fo-ghraif), cé chomh dlúth is atá sé.
Sainmhíniú (en): In the context of a knowledge graph (or subgraph), how dense it is.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

dependency graph (ainmfhocal): graf spleáchais


Sainmhíniú (ga): Graf a léiríonn ceangail spleáchais idir a chuid nód.
Sainmhíniú (en): A graph that shows dependency relationships among its nodes.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

dimension (ainmfhocal): toise


Sainmhíniú (ga): Ag trácht ar spás veicteora, líon na n-uimhreacha atá i ngach uile veicteoir sa spás céanna; nó, ais amháin den spás sin.
Sainmhíniú (en): Regarding a vector space, the number of elements contained in each vector in that space; or, one axis of that space.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

dimensionality (ainmfhocal): (frása le 'toise')


Sainmhíniú (ga): Ag trácht ar spás veicteora, líon na n-uimhreacha atá i ngach uile veicteoir sa spás céanna; nó, an t-airí a bhaineann le rud a bhfuil toisí aige.
Sainmhíniú (en): Regarding a vector space, the number of elements contained in each vector in that space; or, the property of having dimensions.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

directed (aidiacht): dírithe


Sainmhíniú (ga): Ag tagairt ar ceangal in abairt thriarach, ag ceangal an nód tosaigh (an ainmfhocal) leis an nód deiridh (an cuspóir) in ord.
Sainmhíniú (en): Regarding an edge in a triple, providing an order-aware mapping of a source node (the subject) to a target node (the object).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

distribution (ainmfhocal): dáileadh


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs tacar / liosta uimhreacha, léiriú staitistiúil ar mhinicíocht na luachanna atá ann.
Sainmhíniú (en): In the context of a set / list of numbers, a statistical description of how often each value occurs.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

domain (ainmfhocal): fearann


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, tacar luacha ar féidir iad a úsáid mar ionchur ar fheidhm éigin. I gcomhthéacs faisnéise i ngraf eolais, tacar nód ar féidir leo bheith mar ainmnithe in abairtí triaracha leis an bhfaisnéis sin.
Sainmhíniú (en): In the context of mathematics, the set of values that can be input into some function. In the context of a predicate in a knowledge graph, the set of nodes that can be used as subjects in triples with that predicate.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

dropout layer (ainmfhocal): ciseal nialas


Sainmhíniú (ga): Ciseal i líonra néarach ina bhfuil luach roinnt néaróg ionadaithe le 0 go randamach.
Sainmhíniú (en): A layer in a neural network in which the value of some neurons is randomly replaced by 0.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

edge (ainmfhocal): ceangal


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graf nó graf eolais, cuid de ghraf a nascann (nó a cheanglaíonn) dhá nód le chéile.
Sainmhíniú (en): In the context of graphs or knowledge graphs, an element of a graph that serves to connect two nodes.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

efficiency (ainmfhocal): éifeachtacht (ama, fhuinnimh)


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomheolaíochta, cé chomh maith is atá samhail nó próiseas ar thaobh an ama / úsáid fhuinnimh de.
Sainmhíniú (en): In the context of computer science, how effective a model is according to time taken or energy used.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

element (ainmfhocal): ball


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs tacar, uimhir nó réad atá i dtacar.
Sainmhíniú (en): In the context of sets, a number or object in a set.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

embedding (ainmfhocal): leabú


Sainmhíniú (ga): próiseas ríomhfhoghlama a dhéanann nód nó ceangal a chur i spás veicteora; nó, an veicteoir é féin sa spás veicteora a chuireann nód nó ceangal in iúl.
Sainmhíniú (en): a machine learning process that places nodes or edges into a vector space; or, the vector itself in embedding space that represents a node or edge.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

end condition (ainmfhocal): coinníoll críochnaithe


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomheolaíochta, coinníoll a chinneann cathain ar cheart próiseas a stopadh.
Sainmhíniú (en): In the context of computer science, a condition that determines when a process should be stopped.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

entity (ainmfhocal): aonad


Sainmhíniú (ga): Coincheap nó réad amháin, go háirithe agus é samhlaithe mar nód i ngraf eolais, mar shonra i mbunachar sonraí, nó mar ainm i dtéacs scríofa go nádúrtha.
Sainmhíniú (en): A single concept or object, especially when represented by a node in a knowledge graph, a data point in a database, or a name in a natural language text.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

entity alignment (ainmfhocal): ailíniú aonad


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, tasc a bhfuil i gceist aige réamhinsint a dhéanamh ar cén aonaid ar leith i dtacar sonraí atá dáiríre ag seasamh don choincheap nó don réad céanna.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, the task of predicting which distinct entities in a dataset actually stand for the same concept or object.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

entropy (ainmfhocal): eantrópacht


Sainmhíniú (ga): Tomhas ar cé chomh neamhordaithe is atá dáileadh staitistiúil.
Sainmhíniú (en): A measure of disorder in statistical distributions.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

environment (ainmfhocal): comhthéacs cóid


Sainmhíniú (ga): Comhthéacs a úsáidtear chun tionscadal cóid a scaradh ó thionscadal eile, agus ina bhfuil leaganacha áirithe de gach uile leabharlann chóid atá in úsáid stóráilte agus sainmhínithe.
Sainmhíniú (en): A context that is used to keep various coding projects isolated, and in which specific versions of coding libraries are stored and defined.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

epoch (ainmfhocal): seal


Sainmhíniú (ga): Geábh iomlán feabhsaithe ina fheiceann an tsamhail ríomhfhoghlama chuile shonra sa tacar traenála aon uair amháin.
Sainmhíniú (en): A full pass of optimisation in which the machine learning model sees every data point in the training set exactly once.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

equation (ainmfhocal): cothromóid


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs na matamaitice, abairt matamaiticiúil scoilte ina dhá leath ag an gcomhartha '=', agus a deir go bhfuil an luach céanna ag dá thaobh.
Sainmhíniú (en): In the context of mathematics, a mathematical statement split into two parts by the sign '=', and that says that the two halves of the statement on either side have the same value.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

error (ainmfhocal): tomhas earráide


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, luach a dhéanann tomhas ar cé chomh minic is a dhéanann samhail ríomhfhoghlama earráid, agus ar cé chomh dona is atá na hearráidí sin.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, a value that measures how often a machine learning model errs, and how bad those errors are.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

estimate (ainmfhocal): meastachán


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, luach a dhéanann cur síos cainníochtúil ar fheiniméan éigin, gan a bheith iomlán cruinn.
Sainmhíniú (en): In a mathematical context, a value that gives a quantitative description of some phenomenon, but which may not be entirely exact.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

to estimate (about) (ainmfhocal): meastachán a dhéanamh (ar)


Sainmhíniú (ga): Luach a mheas.
Sainmhíniú (en): To estimate a value.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

to evaluate (briathar): measúnaigh


Sainmhíniú (ga): Próiseas teisteála nó deimhnithe a dhéanamh ar shamhail ríomhfhoghlama.
Sainmhíniú (en): To perform testing or validation on a machine learning model.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

evaluation (ainmfhocal): measúnú


Sainmhíniú (ga): Próiseas a úsáidtear chun fáil amach cé chomh maith (nó cé chomh dona) is a fheidhmíonn samhail ríomhfhoghlama le linn a traenála, nó tar a éis sin.
Sainmhíniú (en): A process that is used to determine how well (or how poorly) a machine learning model works during its training, or after it has been trained.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

expression (ainmfhocal): slonn


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, abairt a bhfuil luach nó brí mhatamaiticiúil léi.
Sainmhíniú (en): In the context of mathematics, a statement that has a value or mathematical meaning attached to it.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

family (ainmfhocal): (frása le 'gaolmhar')


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, grúpa samhlacha atá cosúil lena chéile, agus a thagann ón smaoineamh / ón mbun-samhail chéanna.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, a group of models that are similar to each other, and that come from the same idea / base model.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

feature (ainmfhocal): airí


Sainmhíniú (ga): Ionchur amháin ar shamhail ríomhfhoghlama, nó cuid uimhriúil den tsamhail chéanna, a sheasann do shonra nithiúil nó folaigh den tacar sonraí atá á fhoghlaim.
Sainmhíniú (en): A single input to, or numerical element of, a machine learning model that represents a concrete or latent element of the dataset being learned.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

few-shot (ainmfhocal): cúpla-sonra


Sainmhíniú (ga): Cur chuige mion-fheabsaithe ina bhfuil an tsamhail réamh-thraenáilte in ann cúpla sonra ó thacar sonraí nua a fheiceáil le linn á mion-fheabhsaithe.
Sainmhíniú (en): A finetuning protocol in which the pretrained model is able to see a few data points from the new data set during finetuning.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

filter (ainmfhocal): scagaire


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs próiseála sonraí, córas nó próiseas a scagann sonraí -- sin le rá, a bhaineann roinnt sonraí ó thacar mór sonraí.
Sainmhíniú (en): In the context of data processing, a system or process that filters data -- that is, that removes some data from a larger dataset.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

to filter (briathar): scag


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs próiseála sonraí, roinnt sonraí ó thacar sonraí a bhaint de de réir tomhais nó algartaim éigin.
Sainmhíniú (en): In the context of data processing, to remove some data from a dataset based on some metric or algorithm.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

filtering (ainmfhocal): scagaireacht


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs próiseála sonraí, próiseas a úsáidtear chun cuid de na sonraí ó thacar sonraí a bhaint de réir tomhais nó algartaim éigin.
Sainmhíniú (en): In the context of data processing, a process that is used to remove some of the data from a dataset based on some metric or algorithm.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

to finetune (briathar): mion-fheabhsú


Sainmhíniú (ga): Samhail ríomhfhoghlama atá traenáilte cheana a thraenáil ar shonraí nua.
Sainmhíniú (en): To take a pre-trained machine learning model and train it further on new data.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

framework (ainmfhocal): creatlach


Sainmhíniú (ga): Struchtúr teibí a úsáidtear chun feiniméan a léiriú nó a thuiscint i bhfoirm ghinearálta.
Sainmhíniú (en): An abstract structure used to describe or understand a phenomenon in a general form.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

frequency (ainmfhocal): minicíocht


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif eolais, cé chomh minic is a bhíonn nód / ceangal mar chuid d'abairtí triaracha sa ngraf.
Sainmhíniú (en): In the context of a knowledge graph, how often a node / edge is part of triples in the graph.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

function (ainmfhocal): feidhm


Sainmhíniú (ga): Próiseas nó cur chuige ríomhaireachta atá sainmhínithe (m.sh. mar chód).
Sainmhíniú (en): A computational process or algorithm that can be precisely defined (i.e. in code).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

generative (aidiacht): cumadóireachta


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs intleachta saorga, in ann aschur casta (m.sh. téacs fada, íomhánna, srl), a bhfuil cosúlacht éigin aige le healaín nó saothar duine, a chruthú.
Sainmhíniú (en): In the context of artificial intelligence, able to create complex output (such as long text or images) that has some resemblance to human works or art.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

genetic algorithm (ainmfhocal): algartam géiniteach


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomheolaíochta, algartam ríomhfhoghlama bunaithe ar oibrithe géineolaíochta.
Sainmhíniú (en): In the context of computer science, a machine learning algorithm based on genetic operations.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

global (aidiacht): uilíoch


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif, sonraí, samhla, nó eile, ag trácht ar airíonna an graif / na sonraí / na samhla mar aonad amháin ar leibhéal leathan. Frithchiallach leis an téarma 'logánta'.
Sainmhíniú (en): In the context of a graph, data, a model, etc, relating to features of the graph / data / model as a whole at a very broad level. Antonym to the term 'local'.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

global maximum (ainmfhocal): uasluach uilíoch


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs feabhsaithe nó ríomhfhoghlama, an luach is airde ar féidir é a fháil riamh.
Sainmhíniú (en): In the context of optimisation or machine learning, the highest value that can ever be obtained.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

global minimum (ainmfhocal): íosluach uilíoch


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs feabhsaithe nó ríomhfhoghlama, an luach is ísle ar féidir é a fháil riamh.
Sainmhíniú (en): In the context of optimisation or machine learning, the lowest value that can ever be obtained.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

graph (ainmfhocal): graf


Sainmhíniú (ga): Struchtúr sonraí ina shamhlaítear sonraí mar nóid agus mar cheangail eatarthu.
Sainmhíniú (en): A data structure in which data is modelled as nodes and the connections between them.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

graph neural network (GNN) (ainmfhocal): líonra néarach graif (LNG)


Sainmhíniú (ga): Líonra néarach atá in ann eolas ó ghraif a fhoghlaim, agus taisc ar graif a chur i gcrích (m.sh. aicmiú nód nó réamhinsint nasc), go háirithe nuair atá an líonra néarach sin bunaithe ar chomhéadan sheachadta teachtaireachtaí.
Sainmhíniú (en): A neural network that is able to learn graph-based information and solve graph-based tasks (such as node classification or link prediction), especially when that neural network is based on a message-passing interface.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

grid search (ainmfhocal): cuardach ar eangach


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs cuardaithe hipear-pharaiméadar, cuardach a dhéantar ar eangach hipear-pharaiméadar agus ina mbíonn gach uile theaglaim hipear-pharaiméadar measúnaithe.
Sainmhíniú (en): In the context of a hyperparameter search, a search that is done on a grid of hyperparameters and in which every possible combination of hyperparameters is evaluated .
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

histogram (ainmfhocal): histeagram


Sainmhíniú (ga): Breacadh a dhéanann cur síos ar dháileadh staitistiúil le colúin mhinicíochta i gcomhair chuile réimse luachanna sa dáileadh.
Sainmhíniú (en): A plot that summarises a statistical distribution using frequency columns for every range of values in the distribution.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

hits@k (H@k) (ainmfhocal): fíricí@k (F@k)


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs liosta ranganna, comhréir na ranganna atá comhionann le k, nó níos ísle ná é.
Sainmhíniú (en): In the context of a ranked list, the proportion of ranks that are equal to, or lesser than, k.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

hyperparameter (ainmfhocal): hipear-pharaiméadar


Sainmhíniú (ga): paraiméadar (nach bhfuil fhoghlamtha) nó socrú atá úsáidte chun algartam samhla foghlama a rith.
Sainmhíniú (en): a (non-learnable) parameter or setting that is used to run a machine learning algorithm.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

hyperparameter search (ainmfhocal): cuardach hipear-pharaiméadar


Sainmhíniú (ga): an cur chuige a úsáidtear chun na hipear-pharaiméadair is fearr a fháil do shamhail ríomhfhoghlama.
Sainmhíniú (en): the approach used to find the optimal hyperparameters for a machine learning model.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

implementation (ainmfhocal): leagan infheidhmithe


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomheolaíochta, cód infheidhmithe de shamhail ríomhfhoghlama nó d'algartam eile i dteanga ríomheolaíochta.
Sainmhíniú (en): In the context of computer science, executable code of a machine learning model or other algorithm in a coding language.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

information content (ainmfhocal): lucht faisnéise


Sainmhíniú (ga): An t-eolas ar fad atá istigh i mbunachar nó tacar sonraí mar choincheap teibí nó mar réad neamhspleách ón gcaoi ina bhfuil na sonraí stóráilte / samhlaithe.
Sainmhíniú (en): All of the information contained in a database or dataset as an abstract concept or as an object independent of the way in which the data is stored or modelled.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

input (ainmfhocal): ionchur


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs córais, próisis, nó feidhme, sonraí a chuirtear isteach lena bheith úsáidte chun sprioc éigin a bhaint amach (m.sh. áireamh luach éigin).
Sainmhíniú (en): In the context of a system, process, or function, data that is provided to be used to achieve an end (such as the calculation of a certain value).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

to input (into) (ainmfhocal): cuir isteach (i)


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs córais, próisis, nó feidhme, sonraí ionchuir a tabhairt dó.
Sainmhíniú (en): In the context of a system, process, or function, to give it input data.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

to instantiate (briathar): cruthaigh


Sainmhíniú (ga): Cruth a chur ar réad (matamaiticiúil nó ríomhaireachta), go háirithe de réir creatlaí sainmhínithe éigin.
Sainmhíniú (en): To create a (mathematical or computational) object, especially according to a strictly defined framework.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

instantiation (concept) (ainmfhocal): leagan


Sainmhíniú (ga): Sampla de choincheap nó de chreatlach, nach ionann agus réad matamaiticiúil / ríomhaireachta.
Sainmhíniú (en): An instance or example of a concept or framework, other than a mathematical / computational object.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

instantiation (object) (ainmfhocal): réad


Sainmhíniú (ga): An rud (matamaiticiúil nó ríomhaireachta) atá cruthaithe de réir creatlaí matamaitice / ríomhaireachta.
Sainmhíniú (en): The (mathematical or computational) object created by the process of instantiation from a mathematical / computational framework.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

instantiation (process) (ainmfhocal): cruthú


Sainmhíniú (ga): An próiseas a bhaineann le réad (matamaiticiúil nó ríomhaireachta) a chruthú.
Sainmhíniú (en): The process relating to the instantiation of a (mathematical or computational) object.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

interface (ainmfhocal): comhéadan


Sainmhíniú (ga): Conradh a dhéantar idir dhá (nó níos mó) cuid de chód, de phróiseas, nó de chóras ríomhfhoghlama a shainmhíníonn cén chaoi a oibríonn siad lena chéile.
Sainmhíniú (en): A protocol made between two (or more) parts of code, of a process, or of a machine learning system that defines how they interoperate.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

intersection (ainmfhocal): idirmhír


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs dhá thacar (nó níos mó) fo-thacar na mball atá sna tacar sin ar fad.
Sainmhíniú (en): In the context of two or more sets, the subset of elements that are in all of those sets.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

interval (ainmfhocal): eatramh


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, réimse sainmhínithe luacha.
Sainmhíniú (en): In the context of mathematics, a specific range of values.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

inverse (aidiacht): inbhéartach


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs faisnéise i ngraf eolais, mar leagan contrártha d'fhaisnéis eile. Mar shampla, má tá f' mar inbhéarta ar f, agus más fíor (a,f,c), is fíor (c,f',a).
Sainmhíniú (en): In the context of a predicate in a knowledge graph, being a reverse of another predicate. For example, if p' is the inverse of p, and (s,p,o) is true, then (o,p',s) is true.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

inverse (relation) (ainmfhocal): inbhéarta


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs faisnéise i ngraf eolais, leagan contrártha d'fhaisnéis eile. Mar shampla, má tá f' mar inbhéarta ar f, agus más fíor (a,f,c), is fíor (c,f',a).
Sainmhíniú (en): In the context of a predicate in a knowledge graph, the reverse of another predicate. For example, if p' is the inverse of p, and (s,p,o) is true, then (o,p',s) is true.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

knowledge graph (KG) (ainmfhocal): graf eolais (GE)


Sainmhíniú (ga): Bunachar sonraí a shamhlaíonn eolas mar nóid agus na ceangail eatarthu. Bíonn lipéad ar chuile nód / ceangal, agus bíonn chuile cheangal dírithe.
Sainmhíniú (en): A database consisting of labelled nodes representing concepts and directed, labelled edges describing the relationships between them.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

knowledge graph embedding (KGE) (ainmfhocal): leabú graif eolais (LGE)


Sainmhíniú (ga): Próiseas ríomhfhoghlama a bhfuil leabú graif eolais amháin mar thoradh air; nó, leabú amháin a fhaightear mar thoradh air sin.
Sainmhíniú (en): The machine learning process of embedding a single knowledge graph into vector space; or, a single embedding obtained from said process.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

knowledge graph embedding model (KGEM) (ainmfhocal): samhail leabaithe graif eolais (SLGE)


Sainmhíniú (ga): Samhail ríomhfhoghlama a bhfuil mar aidhm aige graf eolais a leabú.
Sainmhíniú (en): A machine learning model whose aim is to embed a knowledge graph.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

label (ainmfhocal): lipéad


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif eolais, téacs atá nasctha le nód nó le ceangal agus a chuireann in iúl céard dó a sheasann an nód / ceangal sin.
Sainmhíniú (en): In the context of a knowledge graph, text that is linked to a node or edge that indicates what that node / edge represents.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

labelled (aidiacht): le lipéad


Sainmhíniú (ga): Ag tagairt ar nód nó ar ceangal, rud a bhfuil lipéad (uimhir, téacs, nó eile) curtha leis mar shuaitheantas.
Sainmhíniú (en): Referring to a node or edge, having a label (number, text, etc) attached to it as an identifier.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

latent (aidiacht): folaigh


Sainmhíniú (ga): Ag trácht ar veicteoir, ar leabú, nó ar paraiméadair i samhail ríomhfhoghlama, ag trácht ar eolas atá foghlamtha nó impleachtaithe. Is cisil fholaigh iad chuile chiseal i líonra néarach seachas an ciseal ionchuir agus an ciseal aschuir.
Sainmhíniú (en): Of a vector, embedding, or parameters in a machine learning model, representing information that is learned or implicit. In a neural network, all layers except the input and output layers are latent layers.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

layer (ainmfhocal): ciseal


Sainmhíniú (ga): I líonra néarach, bloc néaróg a bhfuil ionchur agus aschur sainmhínithe dó, agus atá mar chuid in-athúsáidte den líonra néarach iomlán.
Sainmhíniú (en): In a neural network, a block of neurons that have clearly-defined input and output, and that are a building block of the larger neural network.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

learning rate (ainmfhocal): ráta foghlama


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs samlach ríomhfhoghlama, luach scálach a cinntíonn cé chomh mór is atá chuile athrú ar pharaiméadair na samhla le linn traenála.
Sainmhíniú (en): In the context of a machine learning mode, a scalar value that determines how large each update to the model's parameters is during training.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

library (ainmfhocal): leabharlann (chóid)


Sainmhíniú (ga): Cnuasach cóid caighdeánach a chuirtear le chéile chun cuidiú le tionscadail chóid eile, agus atá ar fáil (den chuid is mó) go poiblí agus saor in aisce.
Sainmhíniú (en): A collection of standardised code that is put together to help with other coding projects, and that is (typically) available publicly and for free.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

link prediction (LP) (ainmfhocal): réamhinsint nasc (RN)


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif eolais, réamhinsint abairt thriarach nua (nach bhfuil sa ngraf) bunaithe air na habairtí triaracha atá sa ngraf.
Sainmhíniú (en): In the context of a knowledge graph, the act of predicting a new triple (that is not in the graph) based on the triples that are in the graph.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

link prediction query (ainmfhocal): ceist réamhinsinte nasc


Sainmhíniú (ga): Ceist a chuirtear ar réamhinsteoir nasc i bhfoirm abairte triaraí neamhiomlán (s,p,?) nó (?,p,o). Is é an freagra uirthi ná nód o nó s dhéanann abairt iomlán agus cheart as abairt neamhiomlán na ceiste.
Sainmhíniú (en): A query that is posed to a link predictor in the form of an incomplete triple (s,p,?) or (?,p,o). The answer to this query is a node o or s that makes a complete and true triple out of the query triple.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

link prediction task (ainmfhocal): tasc réamhinsinte nasc


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif eolais, tasc a bhfuil mar sprioc aige abairt thriarach nua (nach bhfuil a ngraf) a réamhinsint bunaithe ar na habairtí triaracha atá sa ngraf.
Sainmhíniú (en): In the context of a knowledge graph, the task of predicting a new triple (that is not in the graph) based on the triples that are in the graph.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

link predictor (ainmfhocal): réamhinsteoir nasc


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif eolais, samhail ríomhfhoghlama a dhéanann naisc a réamhinsint.
Sainmhíniú (en): In the context of a knowledge graph, a machine learning model that performs link prediction.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

linked data (LD) (ainmfhocal): sonraí nasctha (SN)


Sainmhíniú (ga): Bailiúchán sonraí i ngraif eolais atá nasctha lena chéile agus atá, go minic, dáilte thar líon mhór suíomhanna / freastalaithe ar an idirlíon.
Sainmhíniú (en): A collection of data in knowledge graphs that are connected to each other and, often, distributed among many sites / servers on the internet.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

linked open data (LOD) (ainmfhocal): sonraí nasctha saor-rochtana (SNSR)


Sainmhíniú (ga): Sonraí nasctha a bhfuil rochtain éasca, saor, agus poiblí air.
Sainmhíniú (en): Linked data that is made available for easy, free, and public access.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

local (aidiacht): logánta


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif, sonraí, samlach, nó eile, ag trácht ar airíonna a bhaineann le codanna áirithe den ghraf / de na sonraí / den tsamhail, gan trácht airíonna an ruda iomláin. Frithchiallach leis an téarma 'uilíoch'.
Sainmhíniú (en): In the context of a graph, data, a model, etc, relating to features of sub-parts of the graph / data / model without reference to properties of the whole. Antonym to 'global'.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

local maximum (ainmfhocal): uasluach logánta


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs feabhsaithe nó ríomhfhoghlama, luach atá ard i gcomparáid le luacha eile in éineacht leis, ach nach gcaithfidh gurb é an luach is airde ar féidir é a fháil (.i. ní chaithfidh sé a bheith mar uaslauch uilíoch).
Sainmhíniú (en): In the context of optimisation or machine learning, a value that is high compared to other values near it, but that may not be the highest possible value (i.e. that may not be a global maximum).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

local minimum (ainmfhocal): íosluach logánta


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs feabhsaithe nó ríomhfhoghlama, luach atá íseal i gcomparáid le luacha eile in éineacht leis, ach nach gcaithfidh gurb é an luach is ísle ar féidir é a fháil (.i. ní chaithfidh sé a bheith mar íoslauch uilíoch).
Sainmhíniú (en): In the context of optimisation or machine learning, a value that is low compared to other values near it, but that may not be the lowest possible value (i.e. that may not be a global minimum).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

logic (ainmfhocal): loighic


Sainmhíniú (ga): An réimse staidéar a bhaineann le réasúnaíocht.
Sainmhíniú (en): The field of study relating to reasoning.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

loss (ainmfhocal): pionós (foghlama)


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs samhla ríomhfhoghlama, luach uimhriúil a chuireann in iúl cé chomh dona is atá an tsamhail (sin le rá, is ionann pionós níos airde samhail níos measa). Úsáidtear an pionós mar chuid mhatamaiticiúil de ríomhfhoghlaim.
Sainmhíniú (en): In the context of a machine learning model, a numerical value that represents how bad the model is (that is, a higher penalty means the model is less effective). Loss is used as a part of the mathematical process of machine learning.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

loss function (ainmfhocal): feidhm phionóis


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs samhla ríomhfhoghlama, feidhm a dhéanann luach an phionóis a áireamh don tsamhail sin ar thacar sonraí éigin.
Sainmhíniú (en): In the context of a machine learning model, a function that calculates the loss value of that model on some set of data points.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

machine (aidiacht): ríomh-


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomheolaíochta, bunaithe ar ríomhfhoghlaim.
Sainmhíniú (en): In the context of computer science, based on machine learning.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

machine learning (ainmfhocal): ríomhfhoghlaim


Sainmhíniú (ga): Cur chuige feabhsúcháin mhatamaiticiúil a chuireann ar chumas do ríomhairí ceisteanna casta a fhreagairt.
Sainmhíniú (en): The process of using mathematical optimisation to allow computers to solve complex problems.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

to map (briathar): mapáil


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomheolaíochta, mapa a chruthú.
Sainmhíniú (en): In the context of computer science, to create a map / mapping.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

mapping (ainmfhocal): mapa


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhaireachta, bunachar a ligeann duit luach amháin (an 'luach') a fháil trí cheangal le luach eile (an eochair).
Sainmhíniú (en): In the context of computer science, a database that allows access to one value (called the 'value') using another value (called the 'key').
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

matrix (ainmfhocal): maitrís


Sainmhíniú (ga): Grúpa uimhreacha in eangach le sraitheanna agus le colún. Is féidir maitrís a shamhlú mar liosta veicteoirí a bhfuil an toise céanna acu uile.
Sainmhíniú (en): A group of numbers in a grid of rows and columns. A matrix can be thought of as a list of vectors with the same dimensionality.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

maximum (ainmfhocal): uasluach


Sainmhíniú (ga): An luach is airde ar féidir a fháil (mar shampla, le linn feabhsaithe samhla ríomhfhoghlama).
Sainmhíniú (en): The highest value that can be obtained (for example, during the optimisation of a machine learning model).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

mean rank (MR) (ainmfhocal): meán-rang (MR)


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs liosta ranganna, meán na ranganna ar fad atá istigh ann.
Sainmhíniú (en): In the context of a ranked list, the mean of all ranks in it.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

mean reciprocal rank (MRR) (ainmfhocal): meán na ranganna deilíneacha (MRD)


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs liosta ranganna, an tomhas 'meán(1 / rang_i) a chomhairtear air (do gach uile rang rang_1...rang_i...rang_n).
Sainmhíniú (en): In the context of a ranked list, the metric 'mean(1 / rank_i) that is calculated on it (for every rank rank_1...rank_i...rank_n)'.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

measure (ainmfhocal): tomhas


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, luach a dhéanann cur síos cainníochtúil ar shonraí nó ar fheiniméan éigin, go háirithe nuair atá sé úsáidte chun dhá shraith sonraí / dhá fheiniméan chur i gcomparáid lena chéile.
Sainmhíniú (en): In a mathematical context, a value that gives a quantitative description of data or some phenomenon, especially when used to compare two such data sets or phenomenons.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

to measure (ainmfhocal): tomhais


Sainmhíniú (ga): Tomhas a dhéanamh ar shonraí nó ar phróiseas éigin.
Sainmhíniú (en): To measure some effect or data.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

median (ainmfhocal): airmheán


Sainmhíniú (ga): Ag trácht ar dáileadh, an luach díreach i lár na luachanna ar fad agus iad sórtáilte.
Sainmhíniú (en): With regards to a distribution, the value directly in the middle of all sorted values.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

message passing (ainmfhocal): seachadadh teachtaireachtaí


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, an próiseas a bhaineann le sonraí a roinnt idir leabuithe i líonra néarach.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, the process relating to sharing information between embeddings in a neural network.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

metric (ainmfhocal): tomhas


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, luach a dhéanann cur síos cainníochtúil ar shonraí nó ar fheiniméan éigin, go háirithe nuair atá sé úsáidte chun dhá shraith sonraí / dhá fheiniméan chur i gcomparáid lena chéile.
Sainmhíniú (en): In a mathematical context, a value that gives a quantitative description of data or some phenomenon, especially when used to compare two such data sets or phenomenons.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

minimum (ainmfhocal): íosluach


Sainmhíniú (ga): An luach is ísle ar féidir a fháil (mar shampla, le linn feabhsaithe samhla ríomhfhoghlama).
Sainmhíniú (en): The lowest value that can be obtained (for example, during the optimisation of a machine learning model).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

model (ainmfhocal): samhail


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, réad matamaiticiúil a úsáideann cur chuige bunaithe ar calcalas chun tasc ríomhfhoghlama a chur i gcrích. I gcomhthéacs sonraí, an fhormáid agus struchtúr ina bhfuil siad léirithe (m.sh. i ngraf nó i dtábla), agus cé chaoi go sonrach atá na sonraí curtha ann (.i. ointeolaíocht graif nó lipéad na gcolún i dtábla).
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, a mathematical object that uses a calculus-based approach to solve a machine learning task. In the context of data, the format or structure in which it is contained (ex. in a graph or in a table), as well as precisely how the data is put in it (i.e. the graph's ontology, or the column labels in a table).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

to model (ainmfhocal): samhlaigh


Sainmhíniú (ga): Samhail ríomhfhoghlama nó staitistiúil a chruthú, nó samhail shonraí a chruthú.
Sainmhíniú (en): To create a (machine learning or statistical) model, or to create a data model.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

modular (aidiacht): modúlach


Sainmhíniú (ga): Ag trácht ar samhail nó ar próiseas, a bhfuil modúl mar chuid de. Is féidir a rá go bhfuil cuid de shamhail nó de phróiseas, atá mar mhodúl é féin, modúlach (.i. cuid mhodúlach).
Sainmhíniú (en): Regarding a model or process, having modules as parts of it. A part of a model or process can be said to be modular if it is itself a module (i.e. a modular component).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

module (ainmfhocal): modúl


Sainmhíniú (ga): Cuid de shamhail nó de phróiseas a bhfuil feidhm ar leith aige agus ar féidir é a úsáid i samhail nó i bpróiseas eile, gan é athrú, chun an tasc céanna a dhéanamh.
Sainmhíniú (en): Part of a model or process that has a specific function and that can be used in other models or processes, without changing it, to do the same task.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

n-shot (ainmfhocal): n-sonra


Sainmhíniú (ga): Cur chuige mion-fheabsaithe ina bhfuil samhail réamh-thraenáilte in ann n sonra ó thacar sonraí nua a fheiceáil le linn á mion-fheabhsaithe.
Sainmhíniú (en): A finetuning protocol in which the pretrained model is able to see n data points from the new data set during finetuning.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

negative (of number) (aidiacht): diúltach


Sainmhíniú (ga): ag caint ar uimhir, faoi 0.
Sainmhíniú (en): regarding a number, below 0.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

negative (sample) (ainmfhocal): frith-shampla


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graf eolais, abairt thriarach bhréagach a úsáidtear mar fhrith-shampla.
Sainmhíniú (en): In the context of knowledge graphs, a fake triple that is used as a counterexample.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

negative sampler (ainmfhocal): frith-shamplóir


Sainmhíniú (ga): cuid de shamhail leabaithe graif eolais a chruthaíonn frith-shamplaí don tsamhail chéanna.
Sainmhíniú (en): the part of a knowledge graph embedding model that creates negative samples for the model.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

negative sampling (ainmfhocal): frith-shampláil


Sainmhíniú (ga): An próiseas a bhaineann le frith-shamplaí a chruthú bunaithe ar shamplaí fírinneacha.
Sainmhíniú (en): The process relating to the creation of negative samples based on ground truth samples.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

network (ainmfhocal): líonra


Sainmhíniú (ga): Tacar ina bhfuil nóid agus na ceangail eatarthu.
Sainmhíniú (en): A set of nodes and the connections between them.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

neural (aidiacht): néarach


Sainmhíniú (ga): Ag baint le néaróga (bíodh siad fíor nó saorga) nó le líonraí néaracha.
Sainmhíniú (en): Relating to nerves (be they real or artificial) or to neural networks.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

neural network (NN) (ainmfhocal): líonra néarach (LN)


Sainmhíniú (ga): Cur chuige agus struchtúr ríomhfhoghlama bunaithe ar úsáid néaróg saorga.
Sainmhíniú (en): An approach to, and structure of, machine learning based on artificial neurons.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

neuro-symbolic (aidiacht): néar-shiombalach


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, bunaithe ar úsáid feabhsúchán uimhriúil agus ar rialacha / ar loighic i gcaoi éigin.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, based on the use of numeric optimisation as well as logic / rules in some manner.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

node (ainmfhocal): nód


Sainmhíniú (ga): Cuid de ghraf a chuireann coincheap, bí, nó ainmfhocal in iúl.
Sainmhíniú (en): An element of a graph that represents a concept, being, or noun.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

object (ainmfhocal): cuspóir


Sainmhíniú (ga): in abairt thriarach (a,f,c), an nód deireanach c atá mar sprioc ag an bhfaisnéis f.
Sainmhíniú (en): in a triple (s,p,o), the final node o that acts as the tail of the predicate p.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

ontology (ainmfhocal): ointeolaíocht


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif eolais, scéimre a chuireann in iúl struchtúr loighce an ghraif chéanna (m.sh. cé acu na ceangail atá aistreach nó siméadrach).
Sainmhíniú (en): In the context of a knowledge graph, a schema that describes the logical structure of the graph (such as which relations are transitive or symmetric).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

open source (aidiacht): saor-rochtana


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs tionscadail nó foilseacháin ar fáil go poiblí agus eile saor in aisce agus gan ceadúnas príobháideach.
Sainmhíniú (en): In the context of a project or publication, publicly and freely available and not under a private license.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

Open World Assumption (ainmfhocal): Foshuíomh an Domhain Oscailte


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graf eolais, an foshuíomh a deir go bhfuil líon mór fíricí i réimse graif eolais nach bhfuil sa ngraf eolais toisc go bhfuil i bhfad níos mó fíricí sa domhan nach bhfuil tuiscint againn fós orthu.
Sainmhíniú (en): In the context of knowledge graphs, the assumption that says that there are many facts in the domain of a knowledge graph which are not in the knowledge graph because most facts about the world remain undiscovered.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

operation (ainmfhocal): oibriú


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice nó ríomheolaíochta, próiseas matamaitice a bhfuil ionchur agus aschur aige. Mar shampla, is oibrithe iad suimiú agus iolrú. Is féidir a rá go bhfuil feidhm ina hoibriú chomh maith.
Sainmhíniú (en): In the context of mathematics or computer science, a mathematical process that has input and output. For example, addition and multiplication are operations. A function can also be said to be an operation.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

operator (ainmfhocal): oibreoir


Sainmhíniú (ga): Siombail nó comhartha a chuireann oibriú in iúl (m.sh. + agus -).
Sainmhíniú (en): A symbol or character that represents an operation (such as + or -).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

optimisation (ainmfhocal): feabhsúchán


Sainmhíniú (ga): An próiseas a bhaineann le samhail ríomhfhoghlama a fheabhsú.
Sainmhíniú (en): The process related to optimising a machine learning model.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

to optimise (briathar): feabhsaigh


Sainmhíniú (ga): Samhail ríomhfhoghlama a chur chun cinn trína cuid paraiméadar a nuashonrú. Is ionann feabhsú agus foghlaim ar leibhéal matamaiticiúil.
Sainmhíniú (en): To improve a machine learning model by updating its parameters. At a mathematical level, optimisation is learning.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

optimiser (ainmfhocal): córas feabhsúcháin


Sainmhíniú (ga): An córas a dhéanann samhail ríomhfhoghlama a fheabhsú.
Sainmhíniú (en): The system that optimises a machine learning model.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

outlier (ainmfhocal): asluiteach


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs staitistice, luach atá i bhfad amach ó luacha eile agus nach leanann a bpatrún.
Sainmhíniú (en): In the context of statistics, a value that is very far from all other values, and that does not follow their pattern.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

output (ainmfhocal): aschur


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs córais, próisis, nó feidhme, sonraí a thagann as an bpróiseas céanna agus é críochnaithe.
Sainmhíniú (en): In the context of a system, process, or function, data that is returned from the process at its end.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

to output (ainmfhocal): cuir amach


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs córais, próisis, nó feidhme, sonraí a fháil mar aschur uaidh.
Sainmhíniú (en): In the context of a system, process, or function, to get data as an output from it.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

overfitting (ainmfhocal): ró-fhoghlaim


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, foghlaim de ghlanmheabhair a dhéantar ar an tacar traenála i gcaoi a chuireann bac ar fhoghlaim phatrún ginearálta sa tacar traenála.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, memorisation of the training set that precludes learning the general patterns of the training set.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

pairwise function (ainmfhocal): feidhm de phéire (pointí)


Sainmhíniú (ga): Feidhm a bhfuil péire pointí sonraí mar ionchur aici.
Sainmhíniú (en): A function that takes a pair of data points as input.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

parameter (ainmfhocal): paraiméadar


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs samhla ríomhfhoghlama, luach uimhriúil in-fhoghlama a bhíonn ag athrú le linn an phróisis thraenála. Is ionann paraiméadair níos fearr a roghnú do shamhail agus éifeachtacht na samhla a chur chun cinn.
Sainmhíniú (en): In the context of a machine learning mode, a learnable numerical value that changes during the training process. Choosing better parameters for a model improves the model's performance.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

performance (ainmfhocal): éifeachtacht (ama, taisc)


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomheolaíochta, cé chomh maith is a dhéanann samhail nó próiseas tasc éigin de réir tomhais éigin.
Sainmhíniú (en): In the context of computer science, how well a model or process does some job as measured by some metric.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

plausibility (ainmfhocal): inchreidteacht


Sainmhíniú (ga): Airí ruda ar (dócha gur) fíor é.
Sainmhíniú (en): The property of being (likely) true.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

plausibility score (ainmfhocal): scór inchreidteachta


Sainmhíniú (ga): Uimhhir a dhéanann cur síos ar an dóchúlacht go bhfuil rud fíor.
Sainmhíniú (en): A number that represents the chance that something is true.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

pointwise function (ainmfhocal): feidhm de phointe


Sainmhíniú (ga): Feidhm a bhfuil pointe sonraí amháin mar ionchur aici.
Sainmhíniú (en): A function that takes a single data point as input.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

positive (of number) (aidiacht): deimhneach


Sainmhíniú (ga): ag caint ar uimhir, níos mó ná 0.
Sainmhíniú (en): regarding a number, above 0.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

positive (triple) (ainmfhocal): fíor-abairt (thriarach)


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graf eolais, abairt thriarach atá mar chuid de GE, agus a ndéantar frith-shamplaí as.
Sainmhíniú (en): In the context of knowledge graphs, a ground-truth triple from the KG from which various negatives are generated.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

predicate (ainmfhocal): faisnéis


Sainmhíniú (ga): In abairt thriarach (a,f,c), an ceangal c a cheanglaíonn an t-ainmfhocal a leis an gcuspóir c.
Sainmhíniú (en): In a triple (s,p,o), the predicate p that connects the subject s to the object o.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

to pretrain (briathair): réamh-thraenáil


Sainmhíniú (ga): Samhail ríomhfhoghlama a thraenáil le plean é a mion-fheabbhsú níos déanaí ar shonraí nua.
Sainmhíniú (en): To train a machine learning model with intent to finetune it later on new data.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

pretraining (ainmfhocal): réamh-thraenáil


Sainmhíniú (ga): An próiseas a bhaineann le samhail ríomhfhoghlama a thraenáil le plean é a mion-fheabbhsú níos déanaí ar shonraí nua.
Sainmhíniú (en): The process of training a machine learning model with intent to finetune it later on new data.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

probability (ainmfhocal): dóchúlacht


Sainmhíniú (ga): An seans go dtarlóidh teagmhas randamach.
Sainmhíniú (en): The chance that a random event will occur.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

pseudotype (ainmfhocal): aicme cumtha


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs nód i ngraf eolais, aicme measta atá curtha leis (nach dtagann as ointeolaíocht an ghraif, má tá ceann ann).
Sainmhíniú (en): In the context of a node in a knowledge graph, an estimated class type that is attached to it (wichh does not come from the graph's ontology, if it has one).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

to quantify (briathar): cainníochtaigh


Sainmhíniú (ga): Cur síos uimhriúil a dhéanamh ar fheiniméan éigin.
Sainmhíniú (en): To give a numerical description of a phenomenon.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

query (ainmfhocal): ceist


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs bunachar sonraí, ordú a chuirtear ar an mbunachar i bhfoirm cód chun freagra a fháil uaidh. Mar shampla, is féidir ceist a chur ar ghraf eolais faoi an bhfuil abairt thriarach éigin sa ngraf, nó nach bhfuil.
Sainmhíniú (en): In the context of a database, an order that is given to the database in the form of code to get an answer in return. For example, a query could be put to a knowledge graph asking if a specific triple is a part of the graph, or if it is not.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

random (aidiacht): randamach


Sainmhíniú (ga): Ag caint ar próiseas, gan bheith in ann é a réamhinsint ach le dóchúlachtaí.
Sainmhíniú (en): Regarding a process, unable to be predicted except with probabilities.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

random sample (ainmfhocal): sampla fánach


Sainmhíniú (ga): Sampla a thógtar go randamach.
Sainmhíniú (en): A sample that is taken randomly.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

random search (ainmfhocal): cuardach randamach


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs cuardaithe hipear-pharaiméadar, cuardach a dhéantar ar thacar mór teaglamaí hipear-pharaiméadar, agus ina mbíonn teaglamaí sampláilte go randamach go dtí go bhfuil coinníoll críochnaithe bainte amach.
Sainmhíniú (en): In the context of a hyperparameter search, a search that is done on a large set of possible hyperparameter combinations, and in which hyperparameter combinations are sampled randomly until some end condition is reached.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

random walk (aidiacht): siúlóid fhánach


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs siúlóid ar graf, siúlóid air a dhéantar go randamach.
Sainmhíniú (en): In the context of a walk on a graph, a walk that is done upon it randomly.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

range (ainmfhocal): raon


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, tacar luacha atá mar aschur ag feidhm éigin. I gcomhthéacs faisnéise i ngraf eolais, tacar nód ar féidir leo bheith mar chuspóirí in abairtí triaracha leis an bhfaisnéis sin.
Sainmhíniú (en): In the context of mathematics, the set of values that can be used as input to some function. In the context of a predicate in a knowledge graph, the set of nodes that can be used as subjects in triples with that predicate.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

rank (ainmfhocal): rang


Sainmhíniú (ga): Ag trácht ar luach i liosta sórtáilte, an t-innéacs sa liosta sin ag bhfuil an luach.
Sainmhíniú (en): Regarding a value in a sorted list, the index at which that value is located.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

to rank (briathar): rangaigh


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs tacar uimhreacha, rang a thabhairt do gach uile uimhir ann ar ioann í agus a hinnéacs is liosta sortáilte na n-uimhreacha sin.
Sainmhíniú (en): In the context of a set of numbers, to give a rank to each number equal to its index in a sorted list of those numbers.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

ranked list (ainmfhocal): liosta ranganna


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs measúnú a dhéantar ar réamhinsteoirí nasc, liosta a dhéantar as na ranganna ar fad ar tugadh iad do gach ceist réamhinsinte nasc le linn an phróisis measúnaithe.
Sainmhíniú (en): In the context the of evaluation of link predictors, a list composed of all ranks assigned to each link prediction query during the evaluation process.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

ranking (ainmfhocal): rangú


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs tacar uimhreacha, an próiseas a bhaineann le rang a thabhairt do gach uile bhall ann.
Sainmhíniú (en): In the context of a list, the process of assigning a rank to each element in it.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

to reason (on) (briathar): réasúnaíocht a dhéanamh (ar)


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, rialacha loighce a úsáid chun fíricí nua a réamhinsint.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, to use logical rules to predict new facts.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

reasoner (ainmfhocal): córas réasúnaíochta


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, córas a úsáideann rialacha loighce chun fíricí nua a réamhinsint.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, a system that uses logical rules to predict new facts.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

reasoning (ainmfhocal): réasúnaíocht


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, úsáid rialacha loighce chun fíricí nua a réamhinsint.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, the use of logical rules to predict new facts.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

reference implementation (ainmfhocal): leagan infheidhmithe caighdeánach


Sainmhíniú (ga): Leagan infheidhmithe a chuirtear ar fáil mar shampla d'fhorbróirí cóid eile, go háirithe mar leagan caighdeánach de.
Sainmhíniú (en): An implementation that is made available for other developers, especially as a standard version.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

regression (ainmfhocal): cúlú


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, an próiseas a bhaineann le cothromóid líne a fháil a dhéanann cur síos cruinn ar phatrúin uimhriúla i sraith sonraí.
Sainmhíniú (en): The the context of mathematics, the process relating to finding a linear equation that accurately describes the numerical patterns in a data set.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

regularisation (ainmfhocal): tabhairt chun rialtachta


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs samhla ríomhfhoghlama, próiseas a bhfuil mar aidhm aige ró-fhoghlaim a laghdú trí mhéid luach na bparaiméadar a shrianadh i gcaoi éigin.
Sainmhíniú (en): In the context of a machine learning mode, a process that aims to reduce overfitting by restricting the size of parameter values in some way.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

to regularise (briathar): tabhair chun rialtachta


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs samhla ríomhfhoghlama, ró-fhoghlaim a laghdú trí mhéid luach na bparaiméadar a shrianadh i caoi éigin.
Sainmhíniú (en): In the context of a machine learning mode, to reduce overfitting by restricting the size of parameter values in some way.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

regulariser (ainmfhocal): córas rialtachta


Sainmhíniú (ga): Córas a dhéanann samhail ríomhfhoghlama a thabhairt chun rialtachta le linn á traenála.
Sainmhíniú (en): A system that regularises a machine learning model as it is being trained.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

relation(ship) (ainmfhocal): ceangal


Sainmhíniú (ga): Cuid de ghraf a nascann (nó a cheanglaíonn) dhá nód le chéile.
Sainmhíniú (en): An element of a graph that serves to connect two nodes.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

ReLU (ainmfhocal): ReLU


Sainmhíniú (ga): An fheidhm ghníomhachtaithe ReLU.
Sainmhíniú (en): The ReLU activation function.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

representation (ainmfhocal): leagan


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs leabuithe graif eolais, leabú nó veicteoir a dhéanann ionad (ar leibhéal matamaiticiúil) réada nó coincheapa sa ngraf.
Sainmhíniú (en): In the context of knowledge graph embeddings, an embedding or vector that (at a mathematical level) stands for an object or concept in the graph.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

representative (aidiacht): ionadaíochta


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs fo-thacar de thacar sonraí, in-úsáidte mar ionadaí ar an tacar sonraí iomlán toisc na patrúin chéanna a bheith ann. I gcomhthéacs samhlacha ríomhfhoghlama, in ann achoimre leathan a dhéanamh ar phatrúin i dtacar sonraí ar a raibh sé traenáilte.
Sainmhíniú (en): In the context of a subset of a dataset, able to used in place of the whole dataset because it contains the same patterns. In the context of machine learning models, able to provide a general summary of the patterns in the dataset on which it was trained..
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

rule (in logic) (ainmfhocal): riail (loighce)


Sainmhíniú (ga): Ráiteas loighce ar féidir é a úsáid chun fíricí nua a fáil amach trí réasúnaíocht.
Sainmhíniú (en): A logical statement that can be used to find new facts based via reasoning.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

rule-based (aidiacht): bunaithe ar rialacha


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, ag baint úsáid as rialacha loighce chun réasúnaíocht a dhéanamh.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, using logical rules to perform reasoning.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

to run (briathar): cuir ar siúl


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomheolaíochta, próiseas a thosú.
Sainmhíniú (en): In the context of computer science, to begin a process.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

running (aidiacht): ar siúl


Sainmhíniú (ga): Ag trácht ar próiseas, tar éis a beith tosaithe agus fós ag obair (gan a bheith críochnaithe go fóill).
Sainmhíniú (en): Regarding a process, having been started and still working (not being finished yet).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

sample (ainmfhocal): sampla


Sainmhíniú (ga): Sonra a thógtar as dáileadh staitistiúil nó as próiseas randamach.
Sainmhíniú (en): A data point that is taken from a statistical distribution or random process.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

to sample (briathar): sampláil


Sainmhíniú (ga): Sampla a thógáil.
Sainmhíniú (en): To take a sample.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

sampler (ainmfhocal): samplóir


Sainmhíniú (ga): rud (m.sh. algartam ríomhaireachta) a dhéanann sampláil.
Sainmhíniú (en): a thing (such as a computer algorithm) that samples.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

scalar (aidiacht): scálach


Sainmhíniú (ga): Uimhir nach athróg é a bhíonn á húsáid le huimhir eile a mhéadú fúithi.
Sainmhíniú (en): A numerical value other than a variable, typically used in multiplication.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

score (ainmfhocal): scór


Sainmhíniú (ga): Uimhir a dhéanann cur síos ar cé chomh maith is atá rud (m.sh. cruinneas samhla foghlama).
Sainmhíniú (en): A number describing how good something is (such as the accuracy of a machine learning model).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

to score (briathar): scóráil


Sainmhíniú (ga): Scór a thabhairt do rud (m.sh. samhail ríomhfhoghlama).
Sainmhíniú (en): To give a score to something (such as a machine learning model).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

scoring function (ainmfhocal): feidhm scórála


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs samhlacha leabaithe graif eolais, feidhm a dhéanann scór inchreidteachta a thabhairt d'abairt thriarach.
Sainmhíniú (en): In the context of knowledge graph embedding models, a function that assigned a plausibility score to a triple.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

self-supervised (aidiacht): faoi fhéin-mhaoirseacht


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, traenáilte i gcaoi a chruthaíonn lipéid / luacha aschuir chearta ó na sonraí ionchuir (mar shampla, trí focal a bhaint as abairt, agus i ndiaidh sin iarracht a dhéanamh as an bearna sin san abairt a líonadh le réamhinsint ón tsamhail fhoghlama).
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, trained in such a way that expected output labels / values are created from the training data (for example, by removing a word from a sentence and then attempting to fill the blank in the sentence using a machine learning model).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

semantics (ainmfhocal): séimeantaic


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graf eolais, staidéar ar bhrí na sonraí atá istigh ann, nó an bhrí sin í féin.
Sainmhíniú (en): In the context of knowledge graphs, study of the meaning of the data they contain, or that meaning itself.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

semi-supervised (aidiacht): faoi leath-mhaoirseacht


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, traenáilte ar shonraí ionchur a bhfuil na lipéid / luacha aschuir chearta nasctha leo uaireanta, ach ní i gcónaí.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, trained on input data that is sometimes, but not always, linked to expected output labels / values.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

set (ainmfhocal): tacar


Sainmhíniú (ga): Grúpa rudaí (m.sh. uimhreacha) nach bhfuil áirí an oird ann, agus nach mbíonn an rud céanna faoi dhó ann.
Sainmhíniú (en): A group of things (such as numbers) that does not have the property of having order, and that does not have repeats.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

setwise function (ainmfhocal): feidhm de thacar (pointí)


Sainmhíniú (ga): Feidhm a bhfuil tacar pointí sonraí mar ionchur aici.
Sainmhíniú (en): A function that takes a set of data points as input.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

sigmoid function (aidiacht): feidhm shiogmóideach


Sainmhíniú (ga): An fheidhm siogma(x) = 1 / (1 + e^(-x)) (a bhfuil cruth cosúil leis an litir 's' air agus é breactha).
Sainmhíniú (en): The function sigma(x) = 1 / (1 + e^(-x)) (which has a shape similar to the letter s when plotted).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

to simulate (briathar): insamhail


Sainmhíniú (ga): Samhlail ríomhfhoghlama (nó uirlisí ríomhaireachta eile) a úsáid chun próiseas casta a shamhlú i bhfoirm níos simplí.
Sainmhíniú (en): To use a machine learning model (or other computational tools) to model a complex process in a simpler form.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

simulation (ainmfhocal): insamhladh


Sainmhíniú (ga): Úsáid shamhla ríomhfhoghlama (nó uirlisí ríomhaireachta eile) chun próiseas casta a shamhlú i bhfoirm níos simplí.
Sainmhíniú (en): The use of a machine learning mode (or other computational tools) to model a complex process in a simpler form.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

social network (ainmfhocal): líonra cairdis


Sainmhíniú (ga): Graf nó graf eolais ina gcuireann nóid daoine in iúl, agus ina mbíonn ceangail ann a léiríonn cén gaol / baint atá ag daoine lena chéile.
Sainmhíniú (en): A graph or knowledge graph in which nodes represent people, and edges represent the relations / connections the people have with each other.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

softmax (ainmfhocal): softmax


Sainmhíniú (ga): An fheidhm ghníomhachtaithe softmax.
Sainmhíniú (en): The softmax activation function.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

source code (ainmfhocal): (bun-)chód


Sainmhíniú (ga): An cód taobh thiar de thionscadal cóid éigin (m.sh. an cód taobh thiar de shamhail ríomhfhoghlama).
Sainmhíniú (en): The code used for some coding project (for example, the code used for a machine learning model).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

sparse (aidiacht): éadlúth


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif eolais (nó fo-ghraif), gan móran ceangail le codanna eile den ghraf / den fho-ghraf.
Sainmhíniú (en): In the context of a knowledge graph (or subgraph), lowly connected with other parts of the same graph / subgraph.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

sparsity (ainmfhocal): éadlús


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif eolais (nó fo-ghraif), cé chomh éadlúth is atá sé.
Sainmhíniú (en): In the context of a knowledge graph (or subgraph), how sparse it is.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

state of the art (best) (ainmfhocal): scoth an réimse


Sainmhíniú (ga): An tuiscint, samhail, eolas, nó eile is fearr i réimse eolaíochta éigin.
Sainmhíniú (en): The best understanding, model, information, etc in a given scientific field.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

state of the art (current) (ainmfhocal): staid an réimse


Sainmhíniú (ga): An tuiscint / leibhéal taighde atá ann faoi láthair i réimse taighde (bíodh sé go maith nó go dona).
Sainmhíniú (en): The understanding or level of current research in a given field of research (whether that is good or bad).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

state of the art (the literature) (ainmfhocal): litríocht an réimse


Sainmhíniú (ga): An litríocht ar fad atá ar fáil i staid an réimse.
Sainmhíniú (en): All of the literature available in the state of the art.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

structural alignment (ainmfhocal): ailíniú struchtúir


Sainmhíniú (ga): Cé chomh maith is a luíonn struchtúr ruda (.i. graf eolais) le cáilíocht mhatamaiticiúil eile.
Sainmhíniú (en): How well the structure of something (i.e. a graph) relates to some other mathematical quantity.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

structural alignment framework (ainmfhocal): creatlach ailínithe struchtúir


Sainmhíniú (ga): An chreatlach atá mar phríomh-thoradh ar an tráchtas seo, a dhéantar trí réamhinsintí na hipitéise ar ailiniú struchtúir a chur i bhfeidhm.
Sainmhíniú (en): The framework that is the core result of this thesis, which is a result of the predictions of the structural alignment hypothesis.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

structural alignment hypothesis (ainmfhocal): hipitéis ar ailíniú struchtúir


Sainmhíniú (ga): An hipitéis taobh thiar den tráchtas seo, a deir go bhfuil ailíniú idir struchtúr graif eolais agus cé chomh maith agus is féidir réamhinsint nasc a dhéanamh air.
Sainmhíniú (en): The central hypothesis of this thesis, which states that there is alignment between the structure of a knowledge graph and how well link prediction can be done on it.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

structure (ainmfhocal): struchtúr


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif, patrúin, achoimrí uimhriúla, agus staitisticí ar féidir iad a áireamh ar an ngraf (gan trácht ar shéimeantaic an ghraif).
Sainmhíniú (en): In the context of a graph, patterns, numerical summaries, and statistics that can be calculated on the graph (without reference to the semantics of the graph).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

subgraph (ainmfhocal): fo-ghraf


Sainmhíniú (ga): Cuid de ghraf eolais, atá mar ghraf eolas (níos lú) é féin.
Sainmhíniú (en): A part of a knowledge graph that itself is a (smaller) knowledge graph.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

subject (ainmfhocal): ainmní


Sainmhíniú (ga): in abairt thriarach (a,f,c), an chéad nód a atá mar thús ag an bhfaisnéis f.
Sainmhíniú (en): in a triple (s,p,o), the first node s that acts as the head of the predicate p.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

subset (ainmfhocal): fo-thacar


Sainmhíniú (ga): Tacar a dhéantar as baill ó tacar (nó tacair) eile, agus nach bhfuil ann ach baill ó na tacair sin.
Sainmhíniú (en): A set whose elements come from another set (or sets), and which only contains those elements.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

supervised (aidiacht): faoi mhaoirseacht


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, traenáilte le sonraí ionchuir agus lena bhfuiltear as súil leis mar aschur (m.sh. íomhánna de chait agus de mhadraí, agus lipéad 'cat' nó 'madra' ar gach uile íomhá ann chun ligean don chóras ríomhfhoghlama a fháil amach an luíonn a aschur féin leis an bhfírinne).
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, trained with input data and with the expected output values (for example, images of cats and dogs, with the label 'cat' or 'dog'' on each image so that the machine learning model can determine if its prediction matches the ground truth).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

supervision (aidiacht): maoirseacht


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, cén chaoi a dhéantar samhail a thraenáil de réir na sonraí ionchuir atá aici.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, how a model is trained according to its input data.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

symbol (ainmfhocal): siombail


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs loighce nó rialacha loighce, comhartha a sheasann do shlonn loighce, d'athróg loighce, d'oibríocht loighce, nó do chuid eile de shlonn loighce.
Sainmhíniú (en): In the context of logic or logical rules, a character that represents a logical expression, a logical variable, a logical operation, or some other part of a logical expression.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

symbolic (aidiacht): siombalach


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs loighce, bainteach le siombailí, nó bunaithe ar úsáid shiombailí.
Sainmhíniú (en): In the context of logic,relating to symbols, or based on the use of symbols.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

symbolic logic (ainmfhocal): loighic shiombalach


Sainmhíniú (ga): An brainse loighce a bhaineann le húsáid siombailí chun rialacha agus tairiscintí loighce a shamhlú.
Sainmhíniú (en): The branch of logic that relates to using symbols to model logical rules and propositions.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

symmetric (aidiacht): siméadrach


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs faisnéise (f) i ngraf eolais, leis an impleacht gur fíor (c,f,a) mar abhairt thiarach más fíor (a,f,c).
Sainmhíniú (en): In the context of a predicate (p) in a knowledge graph, implying that the triple (o,p,s) is true if (s,p,o) is true.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

symmetry (ainmfhocal): siméadracht


Sainmhíniú (ga): An t-airí a bhaineann lena bheith siméadrach.
Sainmhíniú (en): The property of being symmetric.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

to test (briathar): teisteáil


Sainmhíniú (ga): Próiseas teisteála a dhéanamh ar shamhail ríomhfhoghlama.
Sainmhíniú (en): To perform testing on a machine learning model.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

testing (ainmfhocal): teisteáil


Sainmhíniú (ga): An próiseas a úsáidtear chun fáil amach cé chomh maith (nó cé chomh dona) is a fheidhmíonn samhail ríomhfhoghlama tar éis di a bheith traenáilte.
Sainmhíniú (en): The process that is used to determine how well (or how poorly) a machine learning model works after it has been trained.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

testing set (ainmfhocal): tacar teisteála


Sainmhíniú (ga): Tacar sonraí a úsáidtear chun samhail ríomhfhoghlama a theisteáil.
Sainmhíniú (en): The dataset used to test a machine learning model.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

topology (ainmfhocal): toipeolaíocht


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif, cur síos matamaiticiúil ar cé chaoi an bhíonn a chuid nód ceangailte lena chéile; nó, réimse staidéir matamaitice bunaithe ar anailísíocht ar struchtúr graf.
Sainmhíniú (en): In the context of a graph, a mathematical description of how its nodes are connected; or, the field of mathematical study of the analysis of graph structure.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

to train (briathar): traenáil


Sainmhíniú (ga): Próiseas traenála a dhéanamh ar shamhail ríomhfhoghlama.
Sainmhíniú (en): To perform training on a machine learning model.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

training (ainmfhocal): traenáil


Sainmhíniú (ga): An próiseas a bhaineann le feabhsú samhla ríomhfhoghlama trí shonraí a thabhairt di.
Sainmhíniú (en): The process of optimising a machine learning model by giving it data to learn from.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

training loop (ainmfhocal): timthriall traenála


Sainmhíniú (ga): An chuid athfhillteach de phróiseas a úsáidtear chun samhail ríomhfhoghlama a thraenáil.
Sainmhíniú (en): The repeating unit of the process used to train a machine learning model.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

training set (ainmfhocal): tacar traenála


Sainmhíniú (ga): Tacar sonraí a úsáidtear chun samhail ríomhfhoghlama a thraenáil.
Sainmhíniú (en): The dataset used to train a machine learning model.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

transfer learning (ainmfhocal): tras-fhoghlaim


Sainmhíniú (ga): Úsáid cur chuige mion-feabhsaithe chun cur ar chumas do shamhail ríomhfhoghlama atá ann cheana (.i. atá réamh-thraenáilte) tasc eile a dhéanamh.
Sainmhíniú (en): The practice of fine-training a pre-existing (pre-trained) machine learning model to produce a new model that solves a different task.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

transitive (aidiacht): aistreach


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs faisnéise (f) i ngraf eolais, leis an impleacht gur fíor (a,f,c) mar abairt thiarach más fíor (a,f,b) agus (b,f,c).
Sainmhíniú (en): In the context of a predicate (p) in a knowledge graph, implying that the triple (a,p,c) is true if (a,p,b) ang (b,p,c) are true.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

triple (ainmfhocal): abairt thriarach


Sainmhíniú (ga): abairt trí choda (a,f,c) atá mar aonad eolais bunúsach i ngraif eolais.
Sainmhíniú (en): a three-part statement (s,p,o) that acts as the basic unit of knowledge in knowledge graphs.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

underfitting (ainmfhocal): foghlaim easnamhach


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, foghlaim neamh-iomlán a fhágann nach bhfuil an tsamhail in ann patrúin ghinearálta a fhoghlaim ón tacar traenála.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, incomplete learning that results in the model not being able to learn general patterns from the training set.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

union (ainmfhocal): aontas


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs dhá thacar (nó níos mó) tacar na mball in ar a laghad tacar amháin acu.
Sainmhíniú (en): In the context of two or more sets, the set of elements contained in at least one of those sets.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

unseen (aidiacht): gan feiceáil


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs tacar sonraí (m.sh. tacar teisteála / deimhnithe), gan a bheith úsáidte / feicthe le linn an phróisis thraenála ar shamhail ríomhfhoghlama.
Sainmhíniú (en): In the context of a dataset (such as the testing / validation set), not being used / seen during the training phase of a machine learning model.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

unsupervised (aidiacht): gan mhaoirseacht


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, traenáilte ar shonraí ionchuir gan samplaí ar bith dá bhfuiltear ag súil leis mar aschur. Mar shampla, nuair a dhéantar aicmiú ionduchtach, bíonn pointí ionchur ann, ach ní bhíonn lipéad / aicme cheart na bpointe ar fáil roimh ré.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, trained on input data without any examples of what is expected as output. For example, when performing clustering, input points are given, but no information on their labels / classes are given.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

to validate (ainmfhocal): deimhnigh


Sainmhíniú (ga): Próiseas deimhnithe a dhéanamh ar shamhail ríomhfhoghlama.
Sainmhíniú (en): To perform validation on a machine learning model.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

validation (ainmfhocal): deimhniú


Sainmhíniú (ga): An próiseas a úsáidtear chun a mheas cé chomh maith (nó cé chomh dona) is a fheidhmíonn samhail ríomhfhoghlama le linn a traenála.
Sainmhíniú (en): The process that is used to estimate how well (or how poorly) a machine learning model works while it is being trained.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

validation set (ainmfhocal): tacar deimhnithe


Sainmhíniú (ga): Tacar sonraí a úsáidtear chun samhail ríomhfhoghlama a dheimhniú.
Sainmhíniú (en): The dataset used to validate a machine learning model.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

vector (ainmfhocal): veicteoir


Sainmhíniú (ga): Liosta ordaithe uimhreacha a shamhlaíonn pointe i spás, nó aistriú sa spás céanna.
Sainmhíniú (en): An ordered list of numbers that represents a displacement in space, or a point in space.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

walk (ainmfhocal): siúlóid


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif, imeacht ó nód go nód ar cheangail an ghraif chun an graf ar fad, nó cuid de, a thrasnú.
Sainmhíniú (en): In the context of a graph, to go from node to node alone the edges in the graph to traverse the whole graph, or a part of it.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

to weight (briathar): ualaigh


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama nó matamaiticiúil, ualach a chur le slonn nó le luach.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning or mathematics, to apply a numerical weight to an expression or value.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

weight (ainmfhocal): ualach


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama nó matamaiticiúil, uimhir scálach a mhéadaítear le slonn (go háirithe chun raon na luachanna aschuir ón slonn sin a athrú nó a shrianadh); nó, uimhir scálach a úsáidtear mar lipéad (mar shampla, ar chodanna de ghraf).
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning or mathematics, a scalar number that is multiplied with an expression (especially to change or restrict the range of values output by that expression); or, a scalar value used as a label (such as on elements of a graph).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

weighted (aidiacht): ualaithe


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama nó matamaiticiúil, a bhfuil ualach curtha leis.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning or mathematics, having a numerical weight.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

weighted random search (ainmfhocal): cuardach randamach ualaithe


Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs cuardaithe hipear-pharaiméadar, cuardach randamach ina mbíonn an sampláil randamach ualaithe de réir cé chomh maith is a bhí samplaí a mheasúnaíodh cheana (mar shampla, trí shampláil Bayes a dhéanamh).
Sainmhíniú (en): In the context of a hyperparameter search, a random search in which the sampling is weighted by how well past samples have performed (for example, through the use of Bayesian sampling).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: