Foclóir Tráchtais v1.2

Jeffrey Seathrún Sardina
Eanáir 2025

Achoimre na dTéarmaí

Gaeilge Béarla
(frása le 'ceangailte') connectivity
(frása le 'toise') dimensionality
0-sonra 0-shot
abairt thriarach triple
aicme class
aicmigh to classify
aicmiú classification
ailíniú alignment
ailíniú aonad entity alignment
ailíniú struchtúir structural alignment
ainmní subject
airmheán median
airí feature
aistreach transitivity
aonad entity
ar siúl running
aschur output
braisle (pointí) cluster
bun-samhail baseline model
bunachar sonraí database
ceangal edge
ceangal relation(ship)
ceist query
ceist réamhinsinte nasc link prediction query
ciseal layer
ciseal lán-cheangailte dense layer
ciseal nialas dropout layer
comhchoibhneas correlation
comhthéacs cóid environment
comhéifeacht coefficient
cothromóid equation
creatlach framework
creatlach ailínithe struchtúir structural alignment framework
cruthaigh to instantiate
cruthú instantiation (process)
cuardach hipear-pharaiméadar hyperparameter search
cuir amach to output
cuir ar siúl to run
cuir in ord to rank
cuir isteach (i) to input (into)
cumadóireachta generative
cuspóir object
céim degree
cóimhinicíocht co-frequency
córas feabhsúcháin optimiser
córas intleachta saorga (córas IS) artificial intelligence (AI) (system)
córas rialtachta regulariser
cúlú regression
cúpla-sonra few-shot
dearadh architecture
deimhneach positive
deimhnigh to validate
deimhniú validation
diúltach negative
dlúth density
dlúth dense
dáileadh distribution
dírithe directed
dóchúlacht probability
faisnéis predicate
feabhsaigh to optimise
feabhsúchán optimisation
fearann domain
feidhm function
feidhm phionóis loss function
feidhm scórála scoring function
feidhm siogmóideach sigmoid function
fo-ghraf subgraph
fo-thacar batch
foghlaim cheart correct fitting
foghlaim easnamhach underfitting
folaigh latent
foshuíomh assumption
frith-shampla negative (sample)
frith-shampla counterexample
frith-shamplóir negative sampler
fíor-abairt (thriarach) positive (triple)
graf graph
graf eolais (GE) knowledge graph (KG)
hipear-pharaiméadar hyperparameter
hipitéis ar ailíniú struchtúir structural alignment hypothesis
histeagram histogram
inbhéarta inverse (relation)
inbhéartach inverse
inchreidteacht plausibility
insamhail to simulate
insamhladh simulation
intleacht shaorga (IS) (coincheap) artificial intelligence (AI) (concept)
ionadaíochta representative
ionchur input
le lipéad labelled
leabharlann (chóid) library
leabú embedding
leabú graif eolais (LGE) knowledge graph embedding (KGE)
leagan instantiation (concept)
leagan infheidhmithe implementation
leagan infheidhmithe caighdeánach reference implementation
leagan representation
lipéad label
logánta local
lucht eolais information content
líonra network
líonra cairdis social network
líonra néarach (LN) neural network (NN)
líonra ríomhairí computer network
mapa mapping
meastachán estimate
meastachán a dhéanamh (ar) to approximate
meastachán a dhéanamh (ar) to estimate (about)
meastachán approximation
measúnaigh to evaluate
measúnú evaluation
minicíocht frequency
mion-fheabhsú to finetune
modúl module
modúlach modular
méid na bhfo-thacar batch size
n-sonra n-shot
neamh-fheicthe unseen
néarach neural
nód node
ointeolaíocht ontology
ord rank
paraiméadar parameter
pionós (foghlama) loss
randamach random
rangú ionduchtach clustering
rangú ionduchtach a dhéanamh to cluster
raon range
ráta foghlama learning rate
réad instantiation (object)
réamh-thraenáil pretraining
réamh-thraenáil to pretrain
réamhinsint nasc (RN) link prediction (LP)
réamhinsteoir nasc link predictor
réasúnaíocht a dhéanamh (ar) to reason (on)
ríomheolaíocht computer science
ríomhfhoghlaim machine learning
ró-fhoghlaim overfitting
samhail model
samhail leabaithe graif eolais (SLGE) knowledge graph embedding model (KGEM)
samhlaigh to model
sampla sample
sampla fánach random sample
sampláil to sample
samplóir sampler
scoth na réimse state of the art (best)
scálach scalar
scór score
scór inchreidteachta plausibility score
scóráil to score
seal epoch
siméadrach symmetric
siméadracht symmetry
slonn expression
sonraí data
sonraí nasctha (SN) linked data (LD)
sonraí nasctha oscailte (SNO) linked open data (LOD)
staid na réimse state of the art (current)
struchtúr structure
séimeantaic semantics
tabhair chun rialtachta to regularise
tabhairt chun rialtachta regularisation
tacar set
tacar deimhnithe validation set
tacar sonraí dataset
tacar sonraí comparáide benchmark dataset
tacar teisteála testing set
tacar traenála training set
tasc réamhinsinte nasc link prediction task
teisteáil testing
teisteáil to test
toipeolaíocht topology
toise dimension
tomhais to measure
tomhas metric
tomhas earráide error
tomhas measure
traenáil training
traenáil to train
tras-fhoghlaim transfer learning
ualach weight
ualaigh to weight
ualaithe weighted
uasluach logánta local maximum
uasluach uilíoch global maximum
uasmhéid maximum
uilíoch global
veicteoir vector
éadlúth sparse
éadlúth sparsity
éifeachtacht (ama, fhuinnimh) efficiency
éifeachtacht (ama, taisc) performance
íosluach minimum
íosluach logánta local minimum
íosluach uilíoch global minimum

Téarmaí

(frása le 'ceangailte') (ainmfhocal): connectivity


sainmhíniú (ga): Cé chomh ceangailte is atá cuid de ghraf eolais (.i. nód nó ceangal) le codanna eile den ghraf céanna.
sainmhíniú (en): How connected one part of a knowledge graph (i.e. a node or edge) is with other parts of the same graph.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

(frása le 'toise') (ainmfhocal): dimensionality


sainmhíniú (ga): Ag trácht ar spás veicteora, líon na n-uimhreacha atá i ngach uile veicteoir sa spás céanna; nó, an t-airí ruda a bhfuil toisí aige.
sainmhíniú (en): Regarding a vector space, the number of elements contained in each vector in that space; or, the property of having dimensions.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

0-sonra (ainmfhocal): 0-shot


sainmhíniú (ga): Cur chuige mion-fheabsaithe ina bhfuil an tsamhail réamh-thraenáilte teisteáilte ar tacar sonraí nua gan mion-fheabsú ar bith.
sainmhíniú (en): A finetuning protocol in which the pretrained model is directly tested on a new dataset without finetuning.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

abairt thriarach (ainmfhocal): triple


sainmhíniú (ga): abairt trí choda (a,f,c) atá mar aonad eolais bunúsach i ngraf eolais.
sainmhíniú (en): a three-part statement (s,p,o) that acts as the basic unit of knowledge in a knowledge graph.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

aicme (ainmfhocal): class


sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs an taisc rangaithe, ceann ar bith de na lipéad ar féidir é a chur le sonraí ionchuir le linn rangaithe. I gcomhthéacs cliarlathais, ointeolaíochta, nó tacsanomaíochta, sórt nó cineál réáda sa gcliarlathas / san ointeolaíocht / sa tacsanomaíocht.
sainmhíniú (en): In the context of classification, any one of the labels that can be given to input data during classification. In the context of a hierarchy, ontology, or taxonomy, a sort or type of object present in the hierarchy / ontology / taxonomy
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

aicmigh (ainmfhocal): to classify


sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, an tasc aicmithe a chur i gcrích.
sainmhíniú (en): In the context of machine learning, to perform the classification task
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

aicmiú (ainmfhocal): classification


sainmhíniú (ga): Tasc ríomhfhoghlama a bhfuil mar aidhm aige lipéad ('rang') a chur le chuile phointe sonraí ionchuir. Mar shampla, íomhánna a bhfuil madra nó cat iontu a rangú de réir an atá sa íomhá.
sainmhíniú (en): The machine learning task that aims to assign a label ('class') to every input data point. For example, classifying images of dogs or cats based on the animal in the image.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

ailíniú (ainmfhocal): alignment


sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs an tráchtais seo, cé chomh maith is a luíonn dá thomhas / cáilíochtaí le chéile ar leibhéal leathan.
sainmhíniú (en): In the context of this thesis, how well two measures / quantities relate to each other in general terms.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

ailíniú aonad (ainmfhocal): entity alignment


sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, tasc a bhfuil i gceist aige réamhinsint a dhéanamh ar cén aonaid ar leith i dtacar sonraí atá dáiríre ag seasamh don choincheap nó don réad céanna.
sainmhíniú (en): In the context of machine learning, the task of predicting which distinct entities in a dataset actually stand for the same concept or object.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

ailíniú struchtúir (ainmfhocal): structural alignment


sainmhíniú (ga): Cé chomh maith is a luíonn struchtúr ruda (.i. graf eolais) le cáilíocht mhatamaiticiúil eile.
sainmhíniú (en): How well the structure of something (i.e. a graph) relates to some other mathematical quantity.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

ainmní (ainmfhocal): subject


sainmhíniú (ga): in abairt thriarach (a,f,c), an chéad nód a atá mar thús ag an gceangal f.
sainmhíniú (en): in a triple (s,p,o), the first node s that acts as the head of the relationship p.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

airmheán (ainmfhocal): median


sainmhíniú (ga): Ag caint ar dháileadh, an luach díreach i lár na luachanna ar fad agus iad sórtáilte.
sainmhíniú (en): With regards to a distribution, the value directly in the middle of all sorted values.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

airí (ainmfhocal): feature


sainmhíniú (ga): Ionchur amháin ar shamhail ríomhfhoghlama, nó cuid uimhriúil den tsamhail chéanna, a sheasann do shonra nithiúil nó folaigh den tacar sonraí atá á fhoghlaim.
sainmhíniú (en): A single input to, or numerical element of, a machine learning model that represents a concrete or latent element of the dataset being learned.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

aistreach (ainmfhocal): transitivity


sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs faisnéise (f) i ngraf eolais, leis an impleacht gur fíor (a,f,c) mar abairt thiarach más fíor (a,f,b) agus (b,f,c).
sainmhíniú (en): In the context of a predicate (p) in a knowledge graph, implying that the triple (a,p,c) is true if (a,p,b) ang (b,p,c) are true.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

aonad (ainmfhocal): entity


sainmhíniú (ga): Coincheap nó réad amháin, go háirithe agus é samhlaithe mar nód i ngraf eolais, mar sonra i mbunachar sonraí, nó mar ainm i dtéacs scríofa go nádúrtha.
sainmhíniú (en): A single concept or object, especially one when represented by a node in a knowledge graph, a data point in a database, or a name in a natural language text.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

ar siúl (aidiacht): running


sainmhíniú (ga): Ag trácht ar próiseas, tar éis a beith tosaithe agus fós ag obair (gan a bheith críochnaithe go fóill).
sainmhíniú (en): Regarding a process, having been started and still working (not being finished yet).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

aschur (ainmfhocal): output


sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs córais, próisis, nó feidhme, sonraí a thagann as an bpróiseas céanna agus é críochnaithe.
sainmhíniú (en): In the context of a system, process, or function, data that is returned from the process at its end.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

braisle (pointí) (ainmfhocal): cluster


sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, grúpa pointí atá ghar dá chéile, nó cosúil lena chéile, de réir tomhais éigin.
sainmhíniú (en): In the context of mathematics, a group of points that are close to each other, or similar to each other, according to some metric.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

bun-samhail (ainmfhocal): baseline model


sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, samhail (chaighdeánach) a úsáidtear chun comparáid a dhéanamh le samhlacha (nua) eile agus iad á meas.
sainmhíniú (en): In the context of machine learning, a (standard) model that is used to compare to other (new) models to evaluate them.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

bunachar sonraí (ainmfhocal): database


sainmhíniú (ga): Bailiúchán sonraí ar ríomhaire a bhfuil struchtúr loighciúil righin leis.
sainmhíniú (en): A collection of data on a computer with a strict logical structure.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

ceangal (ainmfhocal): edge


sainmhíniú (ga): cuid de ghraf a nascann (nó a cheanglaíonn) dhá nód le chéile.
sainmhíniú (en): an element of a graph that serves to connect two nodes.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

ceangal (ainmfhocal): relation(ship)


sainmhíniú (ga): cuid de ghraf a nascann (nó a cheanglaíonn) dhá nód le chéile.
sainmhíniú (en): an element of a graph that serves to connect two nodes.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

ceist (ainmfhocal): query


sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs bunachar sonraí, ordú a chuirtear ar an mbunachar i bhfoirm cód chun freagra a fháil uaidh. Mar shampla, is féidir ceist a chur ar ghraf eolais faoi an bhfuil abairt thriarach éigin sa ngraf, nó nach bhfuil.
sainmhíniú (en): In the context of a database, an order that is given to the database in the form of code to get an answer in return. For example, a query could be put to a knowledge graph asking if a specific triple is a part of the graph, or if it is not.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

ceist réamhinsinte nasc (ainmfhocal): link prediction query


sainmhíniú (ga): Ceist a chuirtear ar réamhinsteoir nasc i bhfoirm abairte triaraí neamhiomlán (s,p,?) nó (?,p,o). Is é an freagra uirthi ná nód o nó s dhéanann abairt iomlán agus cheart as abairt neamhiomlán na ceiste.
sainmhíniú (en): A query that is posed to a link predictor in the form of an incomplete triple (s,p,?) or (?,p,o). The answer to this query is a node o or s that makes a complete and true triple out of the query triple
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

ciseal (ainmfhocal): layer


sainmhíniú (ga): I líonra néarach, bloc néaróg a bhfuil ionchur agus aschur sainmhínithe dó, agus atá mar chuid in-athúsáidte den líonra néarach iomlán.
sainmhíniú (en): In a neural network, a block of neurons that have clearly-defined input and output, and that are a building block of the larger neural network.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

ciseal lán-cheangailte (ainmfhocal): dense layer


sainmhíniú (ga): Ciseal i líonra néarach ina bhfuil chuile néaróg ionchuir ceangailte le chuile néaróg aschuir.
sainmhíniú (en): A layer in a neural network in which every input neuron is connected to every output neuron.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

ciseal nialas (ainmfhocal): dropout layer


sainmhíniú (ga): Ciseal i líonra néarach ina bhfuil luach roinnt néaróg ionadaithe le 0 go randamach.
sainmhíniú (en): A layer in a neural network in which the value of some neurons is randomly replaced by 0.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

comhchoibhneas (ainmfhocal): correlation


sainmhíniú (ga): Cáilíocht matamaiticiúil a dhéanann cur síos ar cé chomh maith is a luíonn dhá shraith uimhreacha lena chéile.
sainmhíniú (en): A mathematical quantity that describes how well two lists of numbers relate.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

comhthéacs cóid (ainmfhocal): environment


sainmhíniú (ga): Comhthéacs a úsáidtear chun tionscadal cóid a scaradh ó thionscadal eile, agus ina bhfuil leaganacha áirithe de gach uile leabharlann chóid atá in úsáid stóráilte agus sainmhínithe.
sainmhíniú (en): A context that is used to keep various coding projects isolated, and in which specific versions of coding libraries are stored and defined.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

comhéifeacht (ainmfhocal): coefficient


sainmhíniú (ga): Uimhir scálach a úsáidtear chun uimhir nó athróg eile a mhéadú fúithi.
sainmhíniú (en): A scalar value multiplied with another number or variable.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

cothromóid (ainmfhocal): equation


sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs na matamaitice, abairt matamaiticiúil scoilte ina dhá leath ag an gcomhartha '=', agus a deir go bhfuil an luach céanna ag dá thaobh.
sainmhíniú (en): In the context of mathematics, a mathematical statement split into two parts by the sign '=', and that says that the two halves of the statement on either side have the same value.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

creatlach (ainmfhocal): framework


sainmhíniú (ga): Struchtúr teibí a úsáidtear chun feiniméan a léiriú nó a thuiscint i bhfoirm ginearálta.
sainmhíniú (en): An abstract structure used to describe or understand a phenomenon in a general form.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

creatlach ailínithe struchtúir (ainmfhocal): structural alignment framework


sainmhíniú (ga): An hipitéis taobh thiar den tráchtas seo, a deir go bhfuil ailíniú idir struchtúr graif eolais agus cé chomh maith agus is féidir réamhinsint nasc a dhéanamh air.
sainmhíniú (en): The central hypothesis of this thesis, which states that there is alignment between the structure of a knowledge graph and how well link prediction can be done on it.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

cruthaigh (briathar): to instantiate


sainmhíniú (ga): Cruth a chur ar réad (matamaiticiúil nó ríomhaireachta), go háirithe de réir creatlaí sainmhínithe éigin.
sainmhíniú (en): To create a (mathematical or computational) object, especially according to a strictly defined framework.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

cruthú (ainmfhocal): instantiation (process)


sainmhíniú (ga): An phróiseas a bhaineann le réad (matamaiticiúil nó ríomhaireachta) a chruthú.
sainmhíniú (en): The process relating to the instantiation of a (mathematical or computational) object.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

cuardach hipear-pharaiméadar (ainmfhocal): hyperparameter search


sainmhíniú (ga): an cur chuige a úsáidtear chun na hipear-pharaiméadair is fearr a fháil do shamhail ríomhfhoghlama.
sainmhíniú (en): the approach used to find the optimal hyperparameters for a machine learning model.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

cuir amach (ainmfhocal): to output


sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs córais, próisis, nó feidhme, sonraí a tabhairt dó lena bheith úsáidte chun sprioc éigin a bhaint amach (m.sh áireamh luach éigin).
sainmhíniú (en): In the context of a system, process, or function, to give it data to be used to achieve an end (such as the calculation of a certain value).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

cuir ar siúl (briathar): to run


sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomheolaíochta, próiseas a chur ar siúl.
sainmhíniú (en): In the context of computer science, to begin a process.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

cuir in ord (briathar): to rank


sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs liosta nó sraithe, é a eagrú de réir luach a mball.
sainmhíniú (en): In the context of a list or sequence, to order it according to the values of its elements.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

cuir isteach (i) (ainmfhocal): to input (into)


sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs córais, próisis, nó feidhme, sonraí a tabhairt dó lena bheith úsáidte chun sprioc éigin a bhaint amach (m.sh áireamh luach éigin).
sainmhíniú (en): In the context of a system, process, or function, to give it data to be used to achieve an end (such as the calculation of a certain value).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

cumadóireachta (aidiacht): generative


sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs intleachta saorga, in ann aschur casta (m.sh. téacs fada, íomhánna, srl), a bhfuil cosúlacht éigin aige le healaín nó saothar duine, a chruthú.
sainmhíniú (en): In the context of artificial intelligence, able to create complex output (such as long text or images) that has some resemblance to human works or art.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

cuspóir (ainmfhocal): object


sainmhíniú (ga): in abairt thriarach (a,f,c), an nód deireanach c atá mar sprioc ag an gceangal f.
sainmhíniú (en): in a triple (s,p,o), the final node o that acts as the tail of the relationship p.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

céim (ainmfhocal): degree


sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs nóid i ngraf eolais, cé mhéid ceangal atá aige le nóid eile sa ngraf.
sainmhíniú (en): In the context of a node in a knowledge graph, how many connections it has with other nodes in the graph.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

cóimhinicíocht (ainmfhocal): co-frequency


sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif eolais, cé chomh minic is a bhíonn dhá nód / cheangal (nó níos mó) le chéile sna habairtí thriaracha céanna sa ngraf.
sainmhíniú (en): In the context of a knowledge graph, how often two (or more) nodes / edges are part of the same triples in the graph.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

córas feabhsúcháin (ainmfhocal): optimiser


sainmhíniú (ga): An córas a dhéanann samhail ríomhfhoghlama a fheabhsú.
sainmhíniú (en): The system that optimises a machine learning model.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

córas intleachta saorga (córas IS) (ainmfhocal): artificial intelligence (AI) (system)


sainmhíniú (ga): Córas ríomhaireachta a bhfuil mar aidhm aige gníomhú ar nós go bhfuil intleacht nó cumas smaointe aige. Ní bhíonn intleacht shaorga bunaithe ar chórais ríomhfhoghlama i gcónaí, ach is sórt intleachta saorga iad chuile córas ríomhfhoghlama.
sainmhíniú (en): A computational system that aims to act as though it has intelligence or the ability to think. Artificial intelligence is not always based on machine learning, but all machine learning systems are forms of artificial intelligence.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

córas rialtachta (ainmfhocal): regulariser


sainmhíniú (ga): Córas a dhéanann samhail ríomhfhoghlama a thabhairt chun rialtachta le linn á traenála.
sainmhíniú (en): A system that regularises a machine learning model as it is being trained.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

cúlú (ainmfhocal): regression


sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, an próiseas a bhaineann le cothromóid líne a fháil a dhéanann cur síos cruinn ar patrúin uimhriúla i sraith sonraí.
sainmhíniú (en): The the context of mathematics, the process relating to finding a linear equation that accurately describes the numerical patterns in a data set.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

cúpla-sonra (ainmfhocal): few-shot


sainmhíniú (ga): Cur chuige mion-fheabsaithe ina bhfuil an tsamhail réamh-thraenáilte in ann cúpla sonra ó thacar sonraí nua a fheiceáil le linn á mion-fheabhsaithe.
sainmhíniú (en): A finetuning protocol in which the pretrained model is able to see a few data points from the new data set during finetuning.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

dearadh (ainmfhocal): architecture


sainmhíniú (ga): An struchtúr matamaiticiúil atá ar líonra néarach.
sainmhíniú (en): The mathematical structure of a neural network.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

deimhneach (aidiacht): positive


sainmhíniú (ga): ag caint ar uimhir, níos mó ná 0.
sainmhíniú (en): regarding a number, above 0.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

deimhnigh (ainmfhocal): to validate


sainmhíniú (ga): Próiseas deimhnithe a dhéanamh ar shamhail ríomhfhoghlama.
sainmhíniú (en): To perform validation on a machine learning model.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

deimhniú (ainmfhocal): validation


sainmhíniú (ga): An próiseas a úsáidtear chun a mheas cé chomh maith (nó cé chomh dona) is a fheidhmíonn samhail ríomhfhoghlama le linn a traenáilte.
sainmhíniú (en): The process that is used to estimate how well (or how poorly) a machine learning model works while it is being trained.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

diúltach (aidiacht): negative


sainmhíniú (ga): ag caint ar uimhir, faoi 0.
sainmhíniú (en): regarding a number, below 0.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

dlúth (ainmfhocal): density


sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif eolais (nó fo-ghraif), cé chomh dlúth is atá sé.
sainmhíniú (en): In the context of a knowledge graph (or subgraph), how dense it is.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

dlúth (aidiacht): dense


sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif eolais (nó fo-ghraif), an-cheangailte le codanna eile den ghraf / den fho-ghraf.
sainmhíniú (en): In the context of a knowledge graph (or subgraph), highly connected with other parts of the same graph / subgraph.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

dáileadh (ainmfhocal): distribution


sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs tacar / liosta uimhreacha, léiriú staitistiúil ar cé chomh minic is a tarlaíonn chuile luach, nó chuile réimse luachanna, ann.
sainmhíniú (en): In the context of a set / list of numbers, a statistical description of how often each value, or each range of values, occurs.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

dírithe (aidiacht): directed


sainmhíniú (ga): Ag tagairt ar cheangal in abairte triaraí, ag ceangal an nód tosaigh (an ainmfhocal) leis an nód deiridh (an cuspóir) in ord.
sainmhíniú (en): Regarding an edge in a triple, providing an order-aware mapping of a source node (the subject) to a target node (the object).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

dóchúlacht (ainmfhocal): probability


sainmhíniú (ga): An seans go dtarlóidh rud randamach.
sainmhíniú (en): The chance that a random event will occur.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

faisnéis (ainmfhocal): predicate


sainmhíniú (ga): in abairt thriarach (a,f,c), an ceangal c a cheanglaíonn an t-ainmfhocal a leis an gcuspóir c.
sainmhíniú (en): in a triple (s,p,o), the predicate p that connects the subject s to the object o.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

feabhsaigh (briathar): to optimise


sainmhíniú (ga): Samhail ríomhfhoghlama a chur chun cinn trína cuid paraiméadar a nuashonrú. Is ionann feabhsú agus foghlaim ar leibhéal matamaiticiúil.
sainmhíniú (en): To improve a machine learning model by updating its parameters. At a mathematical level, optimisation is learning.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

feabhsúchán (ainmfhocal): optimisation


sainmhíniú (ga): An próiseas a bhaineann le samhail ríomhfhoghlama a fheabhsú.
sainmhíniú (en): The process related to optimising a machine learning model.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

fearann (ainmfhocal): domain


sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, tacar luacha ar féidir iad a úsáid mar ionchur i bhfeidhm éigin. I gcomhthéacs faisnéise i ngraf eolais, tacar nód ar féidir leo bheith mar ainmnithe in abairtí triaracha leis an bhfaisnéis sin.
sainmhíniú (en): In the context of mathematics, the set of values that can be output by some function. In the context of a predicate in a knowledge graph, the set of nodes that can be used as objects in triples with that predicate.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

feidhm (ainmfhocal): function


sainmhíniú (ga): Próiseas nó cur chuige ríomhaireachta atá sainmhínithe (m.sh mar chód).
sainmhíniú (en): A computational process or algorithm that can be precisely defined (i.e. in code).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

feidhm phionóis (ainmfhocal): loss function


sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs samhla ríomhfhoghlama, feidhm a dhéanann luach an phionóis a áireamh don tsamhail sin ar tacar sonraí éigin.
sainmhíniú (en): In the context of a machine learning model, a function that calculates the loss value of that model on some set of data points.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

feidhm scórála (ainmfhocal): scoring function


sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs samhlacha leabaithe graif eolais, feidhm a dhéanann scór inchreidteachta a thabhairt d'abairt thriarach.
sainmhíniú (en): In the context of knowledge graph embedding models, a function that assigned a plausibility score to a triple.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

feidhm siogmóideach (aidiacht): sigmoid function


sainmhíniú (ga): An feidhm siogma(x) = 1 / (1 + e^(-x)) (a bhfuil cruth cosúil leis an litir 's' air agus é breactha ar graf).
sainmhíniú (en): The function sigma(x) = 1 / (1 + e^(-x)) (which has a shape similar to the letter s when plotted on a graph).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

fo-ghraf (ainmfhocal): subgraph


sainmhíniú (ga): Cuid de ghraf eolais, atá mar ghraf eolas (níos lú) é féin.
sainmhíniú (en): A part of a knowledge graph that itself is a (smaller) knowledge graph.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

fo-thacar (ainmfhocal): batch


sainmhíniú (ga): Le linn an phróisis traenála, grúpa sonraí as an tacar traenála a thugtar don tsamhail ríomhfhoghlama chun ligean di foghlaim. Uaireanta, úsáidtear fo-thacar de thacar teisteála / deimhnithe le linn an próisis teisteála / deimhnithe chomh maith.
sainmhíniú (en): During the training process, a group of data points from the training set that are given to the machine learning model to allow it to learn. Sometimes, batches of the testing and validation sets are used during testing and validation as well.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

foghlaim cheart (ainmfhocal): correct fitting


sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, foghlaim réasúnta iomlán atá in ann patrúin ginearálta an tacair traenála a fhoghlaim gan a bheith ag ró-fhoghlaim ná an foghlaim go heasnamhach.
sainmhíniú (en): In the context of machine learning, reasonably complete learning that can extract general patterns from the training set without overfitting or underfitting.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

foghlaim easnamhach (ainmfhocal): underfitting


sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, foghlaim neamh-iomlán a fhágann nach bhfuil an tsamhail in ann patrúin ginearálta a fháil ón tacar traenála.
sainmhíniú (en): In the context of machine learning, incomplete learning that results in the model not being able to learn general patterns from the training set.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

folaigh (aidiacht): latent


sainmhíniú (ga): Ag trácht ar veicteoir nó ar leabú i samhail ríomhfhoghlama, ag trácht ar eolas atá foghlamtha nó impleachtaithe, seachas bheith samhlaithe go díreach ag an tsamhail chéanna.
sainmhíniú (en): Of a vector or embedding in a machine learning model, representing information that is learned or implicit, and not explicitly modelled by the model.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

foshuíomh (ainmfhocal): assumption


sainmhíniú (ga): Ráiteas a chuirtear i gcás gur fíor é.
sainmhíniú (en): A statement that is taken to be true.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

frith-shampla (ainmfhocal): negative (sample)


sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graf eolais, abairt thriarach bhréagach a úsáidtear mar fhrith-shampla.
sainmhíniú (en): In the context of knowledge graphs, a fake triple that is used as a counterexample.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

frith-shampla (ainmfhocal): counterexample


sainmhíniú (ga): Sonra a úsáidtear chun cur in iúl do shamhail ríomhaireachta rud atá mícheart nó nár cheart dó a fhoghlaim.
sainmhíniú (en): A data point that is used to instruct a machine learning model about something that is incorrect or should not be learned.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

frith-shamplóir (ainmfhocal): negative sampler


sainmhíniú (ga): cuid de shamhail leabaithe graif eolais a chruthaíonn frith-shamplaí don tsamhail chéanna.
sainmhíniú (en): the part of a knowledge graph embedding model that creates negative samples for the model.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

fíor-abairt (thriarach) (ainmfhocal): positive (triple)


sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graf eolais, abairt thriarach atá mar chuid den GE, agus a ndéantar frith-shamplaí dó.
sainmhíniú (en): In the context of knowledge graphs, a ground-truth triple from the KG for which various negatives are generated.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

graf (ainmfhocal): graph


sainmhíniú (ga): Struchtúr sonraí ina shamhlaítear sonraí mar nóid agus mar cheangail eatarthu.
sainmhíniú (en): A data structure in which data is modelled as nodes and the connections between them.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

graf eolais (GE) (ainmfhocal): knowledge graph (KG)


sainmhíniú (ga): Bunachar sonraí a shamhlaíonn eolas mar nóid agus na ceangail eatarthu. Bíonn lipéad ar chuile nód / ceangal, agus bíonn chuile cheangal dírithe.
sainmhíniú (en): A database consisting of labelled nodes representing concepts and directed, labelled edges describing the relationships between them.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

hipear-pharaiméadar (ainmfhocal): hyperparameter


sainmhíniú (ga): paraiméadar (nach bhfuil fhoghlamtha) nó socrú atá úsáidte chun algartam samhla foghlama a rith.
sainmhíniú (en): a (non-learnable) parameter or setting that is used to run a machine learning algorithm.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

hipitéis ar ailíniú struchtúir (ainmfhocal): structural alignment hypothesis


sainmhíniú (ga): An hipitéis taobh thiar den tráchtas seo, a deir go bhfuil ailíniú idir struchtúr graif eolais agus cé chomh maith agus is féidir réamhinsint nasc a dhéanamh air.
sainmhíniú (en): The central hypothesis of this thesis, which states that there is alignment between the structure of a knowledge graph and how well link prediction can be done on it.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

histeagram (ainmfhocal): histogram


sainmhíniú (ga): Breacadh a dhéanann cur síos ar dáileadh staitistiúil le colúin minicíochta do chuile réimse luachanna sa dáileadh.
sainmhíniú (en): A plot that summarises a statistical distribution using frequency columns for every range of values in the distribution.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

inbhéarta (ainmfhocal): inverse (relation)


sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs faisnéise i ngraf eolais, leagan contrártha d'fhaisnéis eile. Mar shampla, má tá f' mar inbhéarta ar f, agus más fíor (a,f,c), is fíor (c,f',a).
sainmhíniú (en): In the context of a predicate in a knowledge graph, the reverse of another predicate. For example, if p' is the inverse of p, and (s,p,o) is true, then (o,p',s) is true.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

inbhéartach (aidiacht): inverse


sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs faisnéise i ngraf eolais, mar leagan contrártha d'fhaisnéis eile. Mar shampla, má tá f' mar inbhéarta ar f, agus más fíor (a,f,c), is fíor (c,f',a).
sainmhíniú (en): In the context of a predicate in a knowledge graph, being a reverse of another predicate. For example, if p' is the inverse of p, and (s,p,o) is true, then (o,p',s) is true.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

inchreidteacht (ainmfhocal): plausibility


sainmhíniú (ga): Airí ruda ar (dócha gur) fíor é.
sainmhíniú (en): The property of being (likely) true.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

insamhail (briathar): to simulate


sainmhíniú (ga): Samhlail ríomhfhoghlama (nó uirlisí ríomhaireachta eile) a úsáid chun próiseas casta a shamhlú i bhfoirm níos simplí.
sainmhíniú (en): To use a machine learning model (or other computational tools) to model a complex process in a simpler form.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

insamhladh (ainmfhocal): simulation


sainmhíniú (ga): Úsáid samhla ríomhfhoghlama (nó uirlisí ríomhaireachta eile) chun próiseas casta a shamhlú i bhfoirm níos simplí.
sainmhíniú (en): The use of a machine learning mode (or other computational tools) to model a complex process in a simpler form.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

intleacht shaorga (IS) (coincheap) (ainmfhocal): artificial intelligence (AI) (concept)


sainmhíniú (ga): An coincheap taobh thiar de chórais intleachta saorga; nó, an intleacht atá acu mar choincheap teibí.
sainmhíniú (en): The concept behind artificial intelligence msystems; or, the intelligence they have as an abstract concept.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

ionadaíochta (aidiacht): representative


sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs tacar sonraí, fo-thacar ar féidir é a úsáid in ionad an tacair shonraí mhór toisc na patrúin chéanna a bheith ann. I gcomhthéacs samhlacha ríomhfhoghlama, in ann achoimre leathan a dhéanamh ar patrúin i dtacar sonraí ar a raibh sé traenáilte.
sainmhíniú (en): In the context of a dataset, a subset that can be used in place of the whole dataset because it contains the same patterns. In the context of machine learning models, able to provide a general summary of the patterns in the dataset on which it was trained..
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

ionchur (ainmfhocal): input


sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs córais, próisis, nó feidhme, sonraí a chuirtear isteach lena bheith úsáidte chun sprioc éigin a bhaint amach (m.sh áireamh luach éigin).
sainmhíniú (en): In the context of a system, process, or function, data that is provided to be used to achieve an end (such as the calculation of a certain value).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

le lipéad (aidiacht): labelled


sainmhíniú (ga): Ag tagairt ar nód nó ar ceangal, rud a bhfuil lipéad (uimhir, téacs, nó eile) curtha leis mar shuaitheantas.
sainmhíniú (en): Referring to a node or edge, having a labelled (number, text, etc) attached to it as an identifier.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

leabharlann (chóid) (ainmfhocal): library


sainmhíniú (ga): Cnuasach cóid caighdeánach a chuirtear le chéile chun cuidiú le tionscadail chóid eile, agus atá ar fáil (den chuid is mó) go poiblí agus saor in aisce.
sainmhíniú (en): A collection of standardised code that is put together to help with other coding projects, and that is (typically) available publicly and for free.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

leabú (ainmfhocal): embedding


sainmhíniú (ga): próiseas ríomhfhoghlama a dhéanann nód nó ceangal a chur i spás veicteora; nó, an veicteoir é féin sa spás veicteora a chuireann nód nó ceangal in iúl.
sainmhíniú (en): a machine learning process that places nodes or edges into a vector space; or, the vector itself in embedding space that represents a node or edge.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

leabú graif eolais (LGE) (ainmfhocal): knowledge graph embedding (KGE)


sainmhíniú (ga): Próiseas ríomhfhoghlama a bhfuil leabú graif eolais amháin mar thoradh air; nó, leabú amháin a fhaightear mar thoradh air sin
sainmhíniú (en): The machine learning process of embedding a single knowledge graph into vector space; or, a single embedding obtained from said process.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

leagan (ainmfhocal): instantiation (concept)


sainmhíniú (ga): Sampla de choincheap nó de chreatlach, nach ionann agus réad matamaiticiúil / ríomhaireachta.
sainmhíniú (en): An instance or example of a concept or framework, other than a mathematical / computational object.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

leagan infheidhmithe (ainmfhocal): implementation


sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomheolaíochta, cód infheidhmithe de shamhail ríomhfhoghlama nó d'algartam eile i dteanga ríomheolaíochta.
sainmhíniú (en): In the context of computer science, executable code of a machine learning model or other algorithm in a coding language.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

leagan infheidhmithe caighdeánach (ainmfhocal): reference implementation


sainmhíniú (ga): Leagan infheidhmithe a chuirtear ar fáil mar shampla d'fhorbróirí cóid eile, go háirithe mar leagan caighdeánach de.
sainmhíniú (en): An implementation that is made available for other developers, especially as a standard version.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

leagan (ainmfhocal): representation


sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs leabuithe graif eolais, leabú nó veicteoir a dhéanann ionad (ar leibhéal matamaiticiúil) réada nó coincheapa sa ngraf.
sainmhíniú (en): In the context of knowledge graph embeddings, an embedding or vector that (at a mathematical level) stands for an object or concept in the graph.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

lipéad (ainmfhocal): label


sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif eolais, téacs atá nasctha le nód nó le ceangal agus a chuireann in iúl céard dó a sheasann an nód / ceangal sin.
sainmhíniú (en): In the context of a knowledge graph, text that is linked to a node or edge that indicates what that node / edge represents.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

logánta (aidiacht): local


sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif, sonraí, samlach, nó eile, ag trácht ar airíonna a bhaineann le codanna áirithe den ghraf / de na sonraí / den tsamhail, gan trácht airíonna an ruda iomláin. Frithchiallach leis an téarma 'uilíoch'.
sainmhíniú (en): In the context of a graph, data, a model, etc, relating to features of sub-parts of the graph / data / model without reference to properties of the whole. Antonym to global.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

lucht eolais (ainmfhocal): information content


sainmhíniú (ga): An t-eolas ar fad atá istigh i mbunachar nó tacar sonraí mar choincheap teibí nó mar réad neamhspleách ón gcaoi ina bhfuil na sonraí stóráilte / samhlaithe.
sainmhíniú (en): All of the information contained in a database or dataset as an abstract concept or as an object independent of the way in which the data is stored or modelled.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

líonra (ainmfhocal): network


sainmhíniú (ga): tacar nód agus na gceangal eatarthu.
sainmhíniú (en): a set of nodes and the connections between them.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

líonra cairdis (ainmfhocal): social network


sainmhíniú (ga): Graf nó graf eolais ina gcuireann nóid daoine in iúl, agus ina mbíonn ceangail ann a léiríonn cén gaol / baint atá ag daoine lena chéile.
sainmhíniú (en): A graph or knowledge graph in which nodes represent people, and edges represent the relations / connections that people have with each other.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

líonra néarach (LN) (ainmfhocal): neural network (NN)


sainmhíniú (ga): Cur chuige agus struchtúr ríomhfhoghlama bunaithe ar úsáid néaróg saorga.
sainmhíniú (en): An approach to, and structure of, machine learning based on artificial neurons.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

líonra ríomhairí (ainmfhocal): computer network


sainmhíniú (ga): Graf nó graf eolais ina gcuireann nóid daoine in iúl, agus ina mbíonn ceangail ann a léiríonn gur féidir le dá ríomhaire nascadh lena chéile.
sainmhíniú (en): A graph or knowledge graph in which nodes represent computers, and edges represent the that two computers can link to each other.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

mapa (ainmfhocal): mapping


sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhaireachta, bunachar a ligeann duit luach amháin (an 'luach') a fháil trí cheangal le luach eile (an eochair).
sainmhíniú (en): In the context of computer science, a database that allows access to one value (called the 'value') using another value (called the 'key').
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

meastachán (ainmfhocal): estimate


sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, luach a dhéanann cur síos cainníochtúil ar fheiniméan éigin, gan a bheith iomlán cruinn.
sainmhíniú (en): In a mathematical context, a value that gives a quantitative description of some phenomenon, but which may not be entirely exact.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

meastachán a dhéanamh (ar) (ainmfhocal): to approximate


sainmhíniú (ga): Luach a mheas.
sainmhíniú (en): To estimate a value.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

meastachán a dhéanamh (ar) (ainmfhocal): to estimate (about)


sainmhíniú (ga): Luach a mheas.
sainmhíniú (en): To estimate a value.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

meastachán (ainmfhocal): approximation


sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, luach a dhéanann cur síos cainníochtúil ar fheiniméan éigin, gan a bheith iomlán cruinn.
sainmhíniú (en): In a mathematical context, a value that gives a quantitative description of some phenomenon, but which may not be entirely exact.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

measúnaigh (briathar): to evaluate


sainmhíniú (ga): Próiseas teisteála nó deimhnithe a dhéanamh ar shamhail ríomhfhoghlama.
sainmhíniú (en): To perform testing or validation on a machine learning model.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

measúnú (ainmfhocal): evaluation


sainmhíniú (ga): Próiseas a úsáidtear chun fáil amach cé chomh maith (nó cé chomh dona) is a fheidhmíonn samhail ríomhfhoghlama le linn a traenáilte, nó tar a éis sin.
sainmhíniú (en): A process that is used to determine how well (or how poorly) a machine learning model works during its training, or after it has been trained.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

minicíocht (ainmfhocal): frequency


sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif eolais, cé chomh minic is a bhíonn nód / ceangal mar chuid d'abairtí thriaracha sa ngraf.
sainmhíniú (en): In the context of a knowledge graph, how often a node / edge is part of triples in the graph.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

mion-fheabhsú (briathar): to finetune


sainmhíniú (ga): Samhail ríomhfhoghlama atá traenáilte cheana a thraenáil ar sonraí nua.
sainmhíniú (en): To take a pre-trained machine learning model and train it further on new data.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

modúl (ainmfhocal): module


sainmhíniú (ga): Cuid de shamhail nó de phróiseas a bhfuil feidhm ar leith aige agus ar féidir é a úsáid i samhail nó i bpróiseas eile, gan é athrú, chun an tasc céanna a dhéanamh.
sainmhíniú (en): Part of a model or process that has a specific function and that can be used in other models or processes, without changing it, to do the same task.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

modúlach (aidiacht): modular


sainmhíniú (ga): Ag trácht ar samhail nó ar próiseas, a bhfuil modúl mar chuid de. Is féidir a rá go bhfuil cuid de shamhail nó de phróiseas, atá mar modúl é féin, modúlach (.i. cuid mhodúlach).
sainmhíniú (en): Regarding a model or process, having modules as parts of it. A part of a model or process can be said to be modular if it is itself a module (i.e. a modular component).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

méid na bhfo-thacar (ainmfhocal): batch size


sainmhíniú (ga): Cé chomh mór (.i. cé mhéid pointe sonraí) atá i chuile fho-thacar le linn ríomhfhoghlama.
sainmhíniú (en): How large (i.e. how many data points) are in each batch during learning.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

n-sonra (ainmfhocal): n-shot


sainmhíniú (ga): Cur chuige mion-fheabsaithe ina bhfuil an tsamhail réamh-thraenáilte in ann n sonra ó thacar sonraí nua a fheiceáil le linn á mion-fheabhsaithe.
sainmhíniú (en): A finetuning protocol in which the pretrained model is able to see n data points from the new data set during finetuning.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

neamh-fheicthe (aidiacht): unseen


sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs tacar sonraí (m.sh. tacar teisteála / deimhnithe), gan a bheith úsáidte / feicthe le linn an próiseas traenála a dhéantar ar shamhail ríomhfhoghlama.
sainmhíniú (en): In the context of a dataset (such as the testing / validation set), not being used / seen during the training phase of a machine learning model.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

néarach (aidiacht): neural


sainmhíniú (ga): Ag baint le néaróga (bíodh siad fíor nó saorga) nó le líonraí néaracha.
sainmhíniú (en): Relating to nerves (be they real or artificial) or to neural networks.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

nód (ainmfhocal): node


sainmhíniú (ga): cuid de ghraf a chuireann coincheap, bí, nó ainmfhocal in iúl.
sainmhíniú (en): an element of a graph that represents a concept, being, or noun.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

ointeolaíocht (ainmfhocal): ontology


sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif eolais, scéimre a chuireann in iúl struchtúr loighce an ghraif chéanna (m.sh. cé acu na ceangail atá aistreach nó siméadrach).
sainmhíniú (en): In the context of a knowledge Graph, a schema that describes the logical structure of the graph (such as which relations are transitive or symmetric).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

ord (ainmfhocal): rank


sainmhíniú (ga): Ag trácht ar luach i liosta sórtáilte, an t-innéacs sa liosta sin ag bhfuil sé.
sainmhíniú (en): Regarding a value in a sorted list, the index at which that element is located.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

paraiméadar (ainmfhocal): parameter


sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs samhla ríomhfhoghlama, luach uimhriúil in-fhoghlama a bhíonn ag athrú le linn an próiseas traenála. Is ionann paraiméadar níos fearr a roghnú do samhail, agus 'tuiscint fhoghlamtha' (mar dhea) na samhla céanna a chur chun cinn.
sainmhíniú (en): In the context of a machine learning mode, a learnable numerical value that changes during the training process. Choosing better parameters for a model improves the model's 'learned understanding' (so to speak).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

pionós (foghlama) (ainmfhocal): loss


sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs samhla ríomhfhoghlama, luach uimhriúil a chuireann in iúl cé chomh dona is atá an tsamhail (sin le rá, is ionann pionós níos airde agus an tsamhail a bheith chomh héifeachtach céanna). Úsáidtear an pionós mar chuid mhatamaiticiúil den ríomhfhoghlaim.
sainmhíniú (en): In the context of a machine learning model, a numerical value that represents how bad the model is (that is, a higher penalty indicates that the model is less effective). Loss is used as a part of the mathematical process of machine learning.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

randamach (aidiacht): random


sainmhíniú (ga): Ag caint ar próiseas, gan bheith in ann é a réamhinsint ach le dóchúlachtaí.
sainmhíniú (en): Regarding a process, unable to be predicted except with probabilities.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

rangú ionduchtach (ainmfhocal): clustering


sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, an próiseas a bhaineann le pointí sonraí a rangú nuair nach bhfuil eolas ar bith céard iad na ranganna cearta (ná an méid ranganna fiú) ar fáil roimh ré, sa gcaoi gur gá iad sin a fhoghlaim go hionduchtach.
sainmhíniú (en): In the context of machine learning, the process related to assigning a class to data points when there is no knowledge in advance of what the correct labels are (or even how many there are), such that the learning must be done inductively.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

rangú ionduchtach a dhéanamh (briathar): to cluster


sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, an tasc rangaithe ionduchtaigh a chur i gcrích.
sainmhíniú (en): In the context of machine learning, to perform the clustering task.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

raon (ainmfhocal): range


sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, tacar luacha atá mar aschur ag feidhm éigin. I gcomhthéacs faisnéise i ngraf eolais, tacar nód ar féidir leo bheith mar chuspóirí in abairtí triaracha leis an bhfaisnéis sin.
sainmhíniú (en): In the context of mathematics, the set of values that can be used as input to some function. In the context of a predicate in a knowledge graph, the set of nodes that can be used as subjects in triples with that predicate.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

ráta foghlama (ainmfhocal): learning rate


sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs samlach ríomhfhoghlama, luach scálach a cinntíonn cé chomh mór is atá chuile athrú ar pharaiméadair na samhla.
sainmhíniú (en): In the context of a machine learning mode, a scalar value that determines how large each update to the model's parameters is.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

réad (ainmfhocal): instantiation (object)


sainmhíniú (ga): An rud (matamaiticiúil nó ríomhaireachta) atá cruthaithe de réir creatlaí matamaitice / ríomhaireachta.
sainmhíniú (en): The (mathematical or computational) object created by the process of instantiation from a mathematical / computational framework.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

réamh-thraenáil (ainmfhocal): pretraining


sainmhíniú (ga): An próiseas a bhaineann le samhail ríomhfhoghlama a thraenáil le plean é a mion-fheabbhsú níos déanaí ar shonraí nua.
sainmhíniú (en): The process of training a machine learning model with intent to finetune it later on new data.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

réamh-thraenáil (briathair): to pretrain


sainmhíniú (ga): Samhail ríomhfhoghlama a thraenáil le plean é a mion-fheabbhsú níos déanaí ar shonraí nua.
sainmhíniú (en): To train a machine learning model with intent to finetune it later on new data.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

réamhinsint nasc (RN) (ainmfhocal): link prediction (LP)


sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif eolais, réamhinsint abairt thriarach nua (nach bhfuil a ngraf) bunaithe air na habairtí triaracha atá sa ngraf.
sainmhíniú (en): In the context of a knowledge graph, the act of predicting a new triple (that is not in the graph) based on the triples that are in the graph.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

réamhinsteoir nasc (ainmfhocal): link predictor


sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif eolais, samhail ríomhfhoghlama a dhéanann naisc a réamhinsint.
sainmhíniú (en): In the context of a knowledge graph, a machine learning model that performs link prediction.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

réasúnaíocht a dhéanamh (ar) (briathar): to reason (on)


sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, úsáid rialacha loighce chun fíricí nua a réamhinsint.
sainmhíniú (en): In the context of machine learning, the use of logical rules to predict new facts.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

ríomheolaíocht (ainmfhocal): computer science


sainmhíniú (ga): an réimse staidéar atá dírithe ar algartaim, ar bogearraí, agus ar ríomhchlárúchán.
sainmhíniú (en): the field of study that focuses on algorithms, software, and computer programing.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

ríomhfhoghlaim (ainmfhocal): machine learning


sainmhíniú (ga): cur chuige matamaiticiúil a chuireann ar chumas do ríomhairí ceisteanna casta a fhreagairt.
sainmhíniú (en): the process of using mathematical optimisation to allow computers to solve complex problems.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

ró-fhoghlaim (ainmfhocal): overfitting


sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, foghlaim de ghlanmheabhair ar an tacar traenála i gcaoi a chuireann bac ar patrúin ghinearálta an tacair thraenála a fhoghlaim.
sainmhíniú (en): In the context of machine learning, memorisation of the training set that precludes learning the general patterns of the training set.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

samhail (ainmfhocal): model


sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, réad matamaiticiúil a úsáideann cur chuige bunaithe ar calcalas chun tasc ríomhfhoghlama a chur i gcrích. I gcomhthéacs sonraí, an fhormáid agus struchtúr ina bhfuil siad léirithe (m.sh. i ngraf nó i dtábla), agus cé chaoi go sonrach atá na sonraí curtha ann (.i. ointeolaíocht graif nó lipéad na gcolún i dtábla)
sainmhíniú (en): In the context of machine learning, a mathematical object that uses a calculus-based approach to solve a machine learning task. In the context of data, the format or structure in which it is contained (ex. in a graph or in a table), as well as precisely how the data is put in it (i.e. the graph's ontology, or the column labels in a table).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

samhail leabaithe graif eolais (SLGE) (ainmfhocal): knowledge graph embedding model (KGEM)


sainmhíniú (ga): Samhail ríomhfhoghlama a bhfuil mar aidhm aige graf eolais a leabú.
sainmhíniú (en): A machine learning model whose aim is to embed a knowledge graph.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

samhlaigh (ainmfhocal): to model


sainmhíniú (ga): Samhail ríomhaireachta nó staitistiúil a chruthú, nó samhail sonraí a chruthú.
sainmhíniú (en): The process of creating a (machine learning or statistical) model, or the process of creating a data model
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

sampla (ainmfhocal): sample


sainmhíniú (ga): sonra a thógtar as dáileadh staitistiúil nó as próiseas randamach.
sainmhíniú (en): a data point that is taken from a statistical distribution or random process.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

sampla fánach (ainmfhocal): random sample


sainmhíniú (ga): Sampla a thógtar go randamach.
sainmhíniú (en): A sample that is taken randomly.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

sampláil (briathar): to sample


sainmhíniú (ga): sampla a thógáil.
sainmhíniú (en): the process of taking a sample.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

samplóir (ainmfhocal): sampler


sainmhíniú (ga): rud (m.sh algartam ríomhaireachta) a dhéanann sampláil.
sainmhíniú (en): a thing (such as a computer algorithm) that samples.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

scoth na réimse (ainmfhocal): state of the art (best)


sainmhíniú (ga): An tuiscint, samhail, eolas, nó eile is fearr i réimse eolaíochta éigin.
sainmhíniú (en): The best understanding, model, information, etc in a given scientific field.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

scálach (aidiacht): scalar


sainmhíniú (ga): Uimhir nach athróg é a bhíonn á húsáid le huimhir eile a mhéadú fúithi.
sainmhíniú (en): A numerical value other than a variable, typically used in multiplication.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

scór (ainmfhocal): score


sainmhíniú (ga): Uimhir a dhéanann cur síos ar cé chomh maith atá rud (m.sh. cruinneas samhla foghlama).
sainmhíniú (en): A number describing how good something is (such as the accuracy of a machine learning mode).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

scór inchreidteachta (ainmfhocal): plausibility score


sainmhíniú (ga): Uimhhir a dhéanann cur síos ar an dóchúlacht go bhfuil rud fíor.
sainmhíniú (en): A number that represents the chance that something is true
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

scóráil (briathar): to score


sainmhíniú (ga): Scór a thabhairt do rud (m.sh. samhail ríomhfhoghlama).
sainmhíniú (en): To give a score to something (such as a machine learning model).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

seal (ainmfhocal): epoch


sainmhíniú (ga): Geábh iomlán feabhsaithe ina fheiceann an tsamhail ríomhfhoghlama chuile shonra sa tacar traenála aon uair amháin.
sainmhíniú (en): A full pass of optimisation in which the machine learning model sees every data point in the training set exactly once.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

siméadrach (aidiacht): symmetric


sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs faisnéise (f) i ngraf eolais, leis an impleacht gur fíor (c,f,a) mar abhairt thiarach más fíor (a,f,c).
sainmhíniú (en): In the context of a predicate (p) in a knowledge graph, implying that the triple (o,p,s) is true if (s,p,o) is true.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

siméadracht (ainmfhocal): symmetry


sainmhíniú (ga): An t-airí a bhaineann le bheith siméadrach.
sainmhíniú (en): The property of being symmetric.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

slonn (ainmfhocal): expression


sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, abairt a bhfuil luach nó brí matamaiticiúil léi.
sainmhíniú (en): In the context of mathematics, a statement that has a value or mathematical meaning attached to it.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

sonraí (ainmfhocal): data


sainmhíniú (ga): léiriú cainníochtúil nó cineálach ar rud.
sainmhíniú (en): a quantitative or qualitative description of something.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

sonraí nasctha (SN) (ainmfhocal): linked data (LD)


sainmhíniú (ga): Bailiúchán sonraí i ngraif eolais atá nasctha lena chéile agus atá, go minic, dáilte thar líon mhór suíomhanna / freastalaithe ar an idirlíon.
sainmhíniú (en): A collection of data in knowledge graphs that are connected to each other and, often, distributed among many sites / servers on the internet.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

sonraí nasctha oscailte (SNO) (ainmfhocal): linked open data (LOD)


sainmhíniú (ga): Sonraí nasctha a bhfuil rochtain éasca, saor, agus poiblí air (m.sh. toisc é a bheith faoi cheadúnas foinse oscailte).
sainmhíniú (en): Linked data that is made available for easy, free, and public access (e.g. due to it being under an open source license).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

staid na réimse (ainmfhocal): state of the art (current)


sainmhíniú (ga): An tuiscint / leibhéal taighde atá ann faoi láthair i réimse taighde (bíodh sé go maith nó go dona).
sainmhíniú (en): The understanding or level of current research in a given field of research (whether that is good or bad).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

struchtúr (ainmfhocal): structure


sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif, patrúin, achoimrí uimhriúil, agus staitisticí ar féidir iad a áireamh ar an ngraf (gan trácht ar brí / ciall an eolais sa ngraf).
sainmhíniú (en): In the context of a graph, patterns, numerical summaries, and statistics that can be calculated on the graph (without reference to the meaning of the information contained in the graph).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

séimeantaic (ainmfhocal): semantics


sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graf eolais, staidéar ar brí na sonraí atá istigh ann, nó an bhrí sin í féin.
sainmhíniú (en): In the context of knowledge graphs, study of the meaning of the data they contain, or that meaning itself.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

tabhair chun rialtachta (briathar): to regularise


sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs samhla ríomhfhoghlama, ró-fhoghlaim a laghdú trí méid luach na bparaiméadar a shrianadh ar chaoi éigin.
sainmhíniú (en): In the context of a machine learning mode, reducing overfitting by restricting the size of parameter values in some way.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

tabhairt chun rialtachta (ainmfhocal): regularisation


sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs samhla ríomhfhoghlama, próiseas a bhfuil mar aidhm aige ró-fhoghlaim a laghdú trí méid luach na bparaiméadar a shrianadh ar chaoi éigin.
sainmhíniú (en): In the context of a machine learning mode, a process that aims to reduce overfitting by restricting the size of parameter values in some way.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

tacar (ainmfhocal): set


sainmhíniú (ga): Grúpa rudaí (m.sh uimhreacha) nach bhfuil áirí an oird ann, agus nach mbíonn an rud céanna faoi dhó ann.
sainmhíniú (en): A group of things (such as numbers) that does not have the property of having order, and that does not have repeats.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

tacar deimhnithe (ainmfhocal): validation set


sainmhíniú (ga): Tacar sonraí a úsáidtear chun samhail ríomhfhoghlama a dheimhniú.
sainmhíniú (en): The dataset used to validate a machine learning model.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

tacar sonraí (ainmfhocal): dataset


sainmhíniú (ga): Grúpa sonraí curtha le chéile, go háirithe chun samhlacha ríomhfhoghlama a thraenáil nó a mheasúnú.
sainmhíniú (en): A set of data that is gathered together, especially to be used for training or evaluating machine learning models.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

tacar sonraí comparáide (ainmfhocal): benchmark dataset


sainmhíniú (ga): Tacar sonraí a úsáidtear chun samhlacha ríomhfhoghlama a mheasúnú agus a chur i gcomparáid lena chéile.
sainmhíniú (en): A dataset that is used to evaluate and compare machine learning models.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

tacar teisteála (ainmfhocal): testing set


sainmhíniú (ga): Tacar sonraí a úsáidtear chun samhail ríomhfhoghlama a theisteáil.
sainmhíniú (en): The dataset used to test a machine learning model.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

tacar traenála (ainmfhocal): training set


sainmhíniú (ga): Tacar sonraí a úsáidtear chun samhail ríomhfhoghlama a thraenáil.
sainmhíniú (en): The dataset used to train a machine learning model.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

tasc réamhinsinte nasc (ainmfhocal): link prediction task


sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif eolais, tasc a bhfuil mar sprioc air abairt thriarach nua (nach bhfuil a ngraf) a réamhinsint bunaithe air na habairtí triaracha atá sa ngraf.
sainmhíniú (en): In the context of a knowledge graph, the task of predicting a new triple (that is not in the graph) based on the triples that are in the graph.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

teisteáil (ainmfhocal): testing


sainmhíniú (ga): An próiseas a úsáidtear chun fáil amach cé chomh maith (nó cé chomh dona) is a fheidhmíonn samhail ríomhfhoghlama tar éis di a bheith traenáilte.
sainmhíniú (en): The process that is used to determine how well (or how poorly) a machine learning model works after it has been trained.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

teisteáil (briathar): to test


sainmhíniú (ga): Próiseas teisteála a dhéanamh ar shamhail ríomhfhoghlama.
sainmhíniú (en): To perform testing on a machine learning model.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

toipeolaíocht (ainmfhocal): topology


sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif, cur síos matamaiticiúil ar cé chaoi an bhíonn a nóid ceangailte lena chéile; nó, réimse staidéir matamaitice bunaithe ar an anailísíocht ar struchtúr graf.
sainmhíniú (en): In the context of a graph, a mathematical description of how its nodes are connected; or, the field of mathematical study based on analysis of graph structure.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

toise (ainmfhocal): dimension


sainmhíniú (ga): Ag trácht ar spás veicteora, líon na n-uimhreacha atá i ngach uile veicteoir sa spás céanna; nó, ais amháin den spás sin.
sainmhíniú (en): Regarding a vector space, the number of elements contained in each vector in that space; or, one axis of that space.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

tomhais (ainmfhocal): to measure


sainmhíniú (ga): Tomhas a dhéanamh ar phróiseas nó ar sonraí éigin.
sainmhíniú (en): To measure some effect or data.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

tomhas (ainmfhocal): metric


sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, luach a dhéanann cur síos cainníochtúil ar sonraí nó ar fheiniméan éigin, go háirithe nuair atá sé úsáidte chun dhá shraith sonraí / dhá fheiniméan chur i gcomparáid lena chéile.
sainmhíniú (en): In a mathematical context, a value that gives a quantitative description of data or some phenomenon, especially when used to compare two such data sets of phenomenons.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

tomhas earráide (ainmfhocal): error


sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, luach a dhéanann tomhas ar cé chomh minic is a dhéanann samhail ríomhfhoghlama earráid, agus ar cé chomh dona is atá na hearráidí sin.
sainmhíniú (en): In the context of machine learning, a value that measures how often a machine learning model errs, and how bad those errors are.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

tomhas (ainmfhocal): measure


sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, luach a dhéanann cur síos cainníochtúil ar sonraí nó ar fheiniméan éigin, go háirithe nuair atá sé úsáidte chun dhá shraith sonraí / dhá fheiniméan chur i gcomparáid lena chéile.
sainmhíniú (en): In a mathematical context, a value that gives a quantitative description of data or some phenomenon, especially when used to compare two such data sets of phenomenons.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

traenáil (ainmfhocal): training


sainmhíniú (ga): An próiseas a bhaineann le feabhsú samhla foghlama trí sonraí foghlama a thabhairt di.
sainmhíniú (en): The process of optimising a machine learning model by giving it data to learn from.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

traenáil (briathar): to train


sainmhíniú (ga): Próiseas traenála a dhéanamh ar shamhail ríomhfhoghlama.
sainmhíniú (en): To perform training on a machine learning model.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

tras-fhoghlaim (ainmfhocal): transfer learning


sainmhíniú (ga): úsáid cur chuige mion-feabhsaithe chun cur ar chumas samhla fhoghlama atá ann cheana (.i. atá réamh-thraenáilte) tasc nua a dhéanamh atá gaolmhar le tasc na bun-samhla.
sainmhíniú (en): the practice of fine-training a pre-existing (pre-trained) machine learning model to produce a new model that solves a different task related to the one the pretrained model could solve.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

ualach (ainmfhocal): weight


sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama nó matamaiticiúil, uimhir scálach a mhéadaítear le slonn (go háirithe chun raon na luacha aschuir ón slonn sin a athrú nó a shrianadh); nó, uimhir scálach a úsáidtear mar lipéad (mar shampla, ar chodanna de ghraf).
sainmhíniú (en): In the context of machine learning or mathematics, a scalar number that is multiplied with an expression (especially to change or restrict the range of values output by that expression); or, a scalar value used as a label (such as on elements of a graph).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

ualaigh (briathar): to weight


sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama nó matamaiticiúil, ualach a chur le slonn, le huimhir, nó le ní eile.
sainmhíniú (en): In the context of machine learning or mathematics, to apply a numerical weight to an expression, number or other thing.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

ualaithe (aidiacht): weighted


sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama nó matamaiticiúil, ualach a chur le slonn, le huimhir, nó le ní eile.
sainmhíniú (en): In the context of machine learning or mathematics, having a numerical weight.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

uasluach logánta (ainmfhocal): local maximum


sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs feabhsaithe nó ríomhfhoghlama, luach atá ard i gcomparáid le luacha eile in éineacht leis, ach nach gcaithfidh se gurb é an luach is airde ar féidir é a fháil (.i. nach gcaithfidh sé a bheith mar uaslauch uilíoch).
sainmhíniú (en): In the context of optimisation or machine learning, a value that is high compared to other values near it, but that may not be the highest possible value (i.e. that may not be a global maximum).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

uasluach uilíoch (ainmfhocal): global maximum


sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs feabhsaithe nó ríomhfhoghlama, an luach is airde ar féidir é a fháil riamh.
sainmhíniú (en): In the context of optimisation or machine learning, the highest value that can ever be obtained.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

uasmhéid (ainmfhocal): maximum


sainmhíniú (ga): An luach is airde gur féidir a fháil (mar shampla, le linn feabhsaithe samhla ríomhfhoghlama).
sainmhíniú (en): The highest value that can be obtained (for example, during the optimisation of a machine learning model).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

uilíoch (aidiacht): global


sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif, sonraí, samhla, nó eile, ag trácht ar airíonna an graif / na sonraí / na samhla mar aonad amháin ar leibhéal leathan. Frithchiallach le is an téarma 'logánta'.
sainmhíniú (en): In the context of a graph, data, a model, etc, relating to features of the graph / data / model as a unit at a very broad level. Antonym to local.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

veicteoir (ainmfhocal): vector


sainmhíniú (ga): Liosta ordaithe uimhreacha a shamhlaíonn pointe i spás, nó aistriú sa spás céanna.
sainmhíniú (en): An ordered list of numbers that represents a displacement in space, or a point in space.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

éadlúth (aidiacht): sparse


sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif eolais (nó fo-ghraif), gan móran ceangail le codanna eile den ghraf / den fho-ghraf.
sainmhíniú (en): In the context of a knowledge graph (or subgraph), lowly connected with other parts of the same graph / subgraph.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

éadlúth (ainmfhocal): sparsity


sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif eolais (nó fo-ghraif), cé chomh éadlúth is atá sé.
sainmhíniú (en): In the context of a knowledge graph (or subgraph), how sparse it is.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

éifeachtacht (ama, fhuinnimh) (ainmfhocal): efficiency


sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomheolaíochta cé chomh maith is atá samhail nó próiseas ar thaobh an ama / úsáid fhuinnimh de.
sainmhíniú (en): In the context of computer science, how effective a model is according to time take or energy used.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

éifeachtacht (ama, taisc) (ainmfhocal): performance


sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomheolaíochta cé chomh maith is a dhéanann samhail nó próiseas tasc éigin de réir tomhais éigin.
sainmhíniú (en): In the context of computer science, how well a model or process does some job as measured by some metric.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

íosluach (ainmfhocal): minimum


sainmhíniú (ga): An luach is airde gur féidir a fháil (mar shampla, le linn feabhsaithe samhla ríomhfhoghlama).
sainmhíniú (en): The highest value that can be obtained (for example, during the optimisation of a machine learning model).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

íosluach logánta (ainmfhocal): local minimum


sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs feabhsaithe nó ríomhfhoghlama, luach atá íseal i gcomparáid le luacha eile in éineacht leis, ach nach gcaithfidh se gurb é an luach is ísle ar féidir é a fháil (.i. nach gcaithfidh sé a bheith mar íoslauch uilíoch).
sainmhíniú (en): In the context of optimisation or machine learning, a value that is low compared to other values near it, but that may not be the lowest possible value (i.e. that may not be a global minimum).
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin:

íosluach uilíoch (ainmfhocal): global minimum


sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs feabhsaithe nó ríomhfhoghlama, an luach is ísle ar féidir é a fháil riamh.
sainmhíniú (en): In the context of optimisation or machine learning, the lowest value that can ever be obtained.
Tagairtí: Nótaí Aistriúcháin: