Foclóir Tráchtais v1.1

Jeffrey Seathrún Sardina
Eanáir 2025

Achoimre na dTéarmaí

Gaeilge Béarla
(frása le 'ceangailte') connectivity
(frása le 'toise') dimensionality
0-sonra 0-shot
abairt thriarach triple
ailíniú alignment
ailíniú struchtúir structural alignment
ainmní subject
airmheán median
airí feature
ar siúl running
aschur output
bun-samhail baseline model
bunachar sonraí database
ceangal edge
ceangal relation(ship)
ceist query
ceist réamhinsinte nasc link prediction query
ciseal layer
ciseal lán-cheangailte dense layer
ciseal nialas dropout layer
comhchoibhneas correlation
comhéifeacht coefficient
cothromóid equation
creatlach framework
creatlach ailínithe struchtúir structural alignment framework
cruthaigh to instantiate
cruthú instantiation (process)
cuardach hipear-pharaiméadar hyperparameter search
cuir amach to output
cuir ar siúl to run
cuir isteach (i) to input (into)
cumadóireachta generative
cuspóir object
céim degree
cóimhinicíocht co-frequency
córas feabhsúcháin optimiser
córas intleachta saorga (córas IS) artificial intelligence (AI) (system)
córas rialtachta regulariser
cúpla-sonra few-shot
dearadh architecture
deimhneach positive
deimhnigh to validate
deimhniú validation
diúltach negative
dlúth density
dlúth dense
dáileadh distribution
dírithe directed
dóchúlacht probability
faisnéis predicate
feabhsaigh to optimise
feabhsúchán optimisation
feidhm function
feidhm phionóis loss function
feidhm scórála scoring function
feidhm siogmóideach sigmoid function
fo-ghraf subgraph
fo-thacar batch
foghlaim cheart correct fitting
foghlaim easnamhach underfitting
folaigh latent
foshuíomh assumption
frith-shampla negative (sample)
frith-shampla counterexample
frith-shamplóir negative sampler
fíor-abairt (thriarach) positive (triple)
graf graph
graf eolais (GE) knowledge graph (KG)
hipear-pharaiméadar hyperparameter
hipitéis ar ailíniú struchtúir structural alignment hypothesis
histeagram histogram
inchreidteacht plausibility
insamhail to simulate
insamhladh simulation
intleacht shaorga (IS) (coincheap) artificial intelligence (AI) (concept)
ionadaíochta representative
ionchur input
le lipéad labelled
leabú embedding
leabú graif eolais (LGE) knowledge graph embedding (KGE)
leagan instantiation (concept)
leagan representation
lipéad label
líonra network
líonra cairdis social network
líonra néarach (LN) neural network (NN)
líonra ríomhairí computer network
mapa mapping
meastachán estimate
meastachán a dhéanamh (ar) to approximate
meastachán a dhéanamh (ar) to estimate (about)
meastachán approximation
measúnaigh to evaluate
measúnú evaluation
minicíocht frequency
mion-fheabhsú to finetune
méid na bhfo-thacar batch size
n-sonra n-shot
neamh-fheicthe unseen
néarach neural
nód node
ointeolaíocht ontology
paraiméadar parameter
pionós loss
randamach random
ráta foghlama learning rate
réad instantiation (object)
réamh-thraenáil pretraining
réamh-thraenáil to pretrain
réamhinsint nasc (RN) link prediction (LP)
réamhinsteoir nasc link predictor
réasúnaíocht a dhéanamh (ar) to reason (on)
ríomheolaíocht computer science
ríomhfhoghlaim machine learning
ró-fhoghlaim overfitting
samhail model
samhail leabaithe graif eolais (SLGE) knowledge graph embedding model (KGEM)
samhlaigh to model
sampla sample
sampla fánach random sample
sampláil to sample
samplóir sampler
scoth na réimse state of the art (best)
scálach scalar
scór score
scór inchreidteachta plausibility score
scóráil to score
seal epoch
slonn expression
sonraí data
staid na réimse state of the art (current)
struchtúr structure
tabhair chun rialtachta to regularise
tabhairt chun rialtachta regularisation
tacar set
tacar deimhnithe validation set
tacar sonraí dataset
tacar sonraí comparáide benchmark dataset
tacar teisteála testing set
tacar traenála training set
tasc réamhinsinte nasc link prediction task
teisteáil testing
teisteáil to test
toipeolaíocht topology
toise dimension
tomhais to measure
tomhas metric
tomhas earráide error
tomhas measure
traenáil training
traenáil to train
tras-fhoghlaim transfer learning
ualach weight
ualaigh to weight
ualaithe weighted
uilíoch global
veicteoir vector
áitiúil local
éadlúth sparse
éadlúth sparsity
éifeachtacht (ama, fhuinnimh) efficiency
éifeachtacht (ama, taisc) performance

Téarmaí

(frása le 'ceangailte') (ainmfhocal): connectivity
sainmhíniú (ga): Cé chomh ceangailte is atá cuid de ghraf eolais (.i. nód nó ceangal) le codanna eile den ghraf céanna.
sainmhíniú (en): How connected one part of a knowledge graph (i.e. a node or edge) is with other parts of the same graph.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: (frása le 'toise') (ainmfhocal): dimensionality
sainmhíniú (ga): Ag trácht ar spás veicteora, líon na n-uimhreacha atá i ngach uile veicteoir sa spás céanna; nó, an t-airí ruda a bhfuil toisí aige.
sainmhíniú (en): Regarding a vector space, the number of elements contained in each vector in that space; or, the property of having dimensions.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: 0-sonra (ainmfhocal): 0-shot
sainmhíniú (ga): Cur chuige mion-fheabsaithe ina bhfuil an tsamhail réamh-thraenáilte teisteáilte ar tacar sonraí nua gan mion-fheabsú ar bith.
sainmhíniú (en): A finetuning protocol in which the pretrained model is directly tested on a new dataset without finetuning.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: abairt thriarach (ainmfhocal): triple
sainmhíniú (ga): abairt trí choda (a,f,c) atá mar aonad eolais bunúsach i ngraf eolais.
sainmhíniú (en): a three-part statement (s,p,o) that acts as the basic unit of knowledge in a knowledge graph.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: ailíniú (ainmfhocal): alignment
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs an tráchtais seo, cé chomh maith is a luíonn dá thomhas / cáilíochtaí le chéile ar leibhéal leathan.
sainmhíniú (en): In the context of this thesis, how well two measures / quantities relate to each other in general terms.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: ailíniú struchtúir (ainmfhocal): structural alignment
sainmhíniú (ga): Cé chomh maith is a luíonn struchtúr ruda (.i. graf eolais) le cáilíocht mhatamaiticiúil eile.
sainmhíniú (en): How well the structure of something (i.e. a graph) relates to some other mathematical quantity.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: ainmní (ainmfhocal): subject
sainmhíniú (ga): in abairt thriarach (a,f,c), an chéad nód a atá mar thús ag an gceangal f.
sainmhíniú (en): in a triple (s,p,o), the first node s that acts as the head of the relationship p.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: airmheán (ainmfhocal): median
sainmhíniú (ga): Ag caint ar dháileadh, an luach díreach i lár na luachanna ar fad agus iad sórtáilte.
sainmhíniú (en): With regards to a distribution, the value directly in the middle of all sorted values.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: airí (ainmfhocal): feature
sainmhíniú (ga): Ionchur amháin ar shamhail ríomhfhoghlama, nó cuid uimhriúil den tsamhail chéanna, a sheasann do shonra nithiúil nó folaigh den tacar sonraí atá á fhoghlaim.
sainmhíniú (en): A single input to, or numerical element of, a machine learning model that represents a concrete or latent element of the dataset being learned.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: ar siúl (aidiacht): running
sainmhíniú (ga): Ag trácht ar próiseas, tar éis a beith tosaithe agus fós ag obair (gan a bheith críochnaithe go fóill).
sainmhíniú (en): Regarding a process, having been started and still working (not being finished yet).
tagairtí: nótaí aistriúcháin: aschur (ainmfhocal): output
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs córais, próisis, nó feidhme, sonraí a thagann as an bpróiseas céanna agus é críochnaithe.
sainmhíniú (en): In the context of a system, process, or function, data that is returned from the process at its end.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: bun-samhail (ainmfhocal): baseline model
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, samhail (chaighdeánach) a úsáidtear chun comparáid a dhéanamh le samhlacha (nua) eile agus iad á meas.
sainmhíniú (en): In the context of machine learning, a (standard) model that is used to compare to other (new) models to evaluate them.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: bunachar sonraí (ainmfhocal): database
sainmhíniú (ga): Bailiúchán sonraí ar ríomhaire a bhfuil struchtúr loighciúil righin leis.
sainmhíniú (en): A collection of data on a computer with a strict logical structure.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: ceangal (ainmfhocal): edge
sainmhíniú (ga): cuid de ghraf a nascann (nó a cheanglaíonn) dhá nód le chéile.
sainmhíniú (en): an element of a graph that serves to connect two nodes.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: ceangal (ainmfhocal): relation(ship)
sainmhíniú (ga): cuid de ghraf a nascann (nó a cheanglaíonn) dhá nód le chéile.
sainmhíniú (en): an element of a graph that serves to connect two nodes.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: ceist (ainmfhocal): query
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs bunachar sonraí, ordú a chuirtear ar an mbunachar i bhfoirm cód chun freagra a fháil uaidh. Mar shampla, is féidir ceist a chur ar ghraf eolais faoi an bhfuil abairt thriarach éigin sa ngraf, nó nach bhfuil.
sainmhíniú (en): In the context of a database, an order that is given to the database in the form of code to get an answer in return. For example, a query could be put to a knowledge graph asking if a specific triple is a part of the graph, or if it is not.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: ceist réamhinsinte nasc (ainmfhocal): link prediction query
sainmhíniú (ga): Ceist a chuirtear ar réamhinsteoir nasc i bhfoirm abairte triaraí neamhiomlán (s,p,?) nó (?,p,o). Is é an freagra uirthi ná nód o nó s dhéanann abairt iomlán agus cheart as abairt neamhiomlán na ceiste.
sainmhíniú (en): A query that is posed to a link predictor in the form of an incomplete triple (s,p,?) or (?,p,o). The answer to this query is a node o or s that makes a complete and true triple out of the query triple
tagairtí: nótaí aistriúcháin: ciseal (ainmfhocal): layer
sainmhíniú (ga): I líonra néarach, bloc néaróg a bhfuil ionchur agus aschur sainmhínithe dó, agus atá mar chuid in-athúsáidte den líonra néarach iomlán.
sainmhíniú (en): In a neural network, a block of neurons that have clearly-defined input and output, and that are a building block of the larger neural network.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: ciseal lán-cheangailte (ainmfhocal): dense layer
sainmhíniú (ga): Ciseal i líonra néarach ina bhfuil chuile néaróg ionchuir ceangailte le chuile néaróg aschuir.
sainmhíniú (en): A layer in a neural network in which every input neuron is connected to every output neuron.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: ciseal nialas (ainmfhocal): dropout layer
sainmhíniú (ga): Ciseal i líonra néarach ina bhfuil luach roinnt néaróg ionadaithe le 0 go randamach.
sainmhíniú (en): A layer in a neural network in which the value of some neurons is randomly replaced by 0.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: comhchoibhneas (ainmfhocal): correlation
sainmhíniú (ga): Cáilíocht matamaiticiúil a dhéanann cur síos ar cé chomh maith is a luíonn dhá shraith uimhreacha lena chéile.
sainmhíniú (en): A mathematical quantity that describes how well two lists of numbers relate.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: comhéifeacht (ainmfhocal): coefficient
sainmhíniú (ga): Uimhir scálach a úsáidtear chun uimhir nó athróg eile a mhéadú fúithi.
sainmhíniú (en): A scalar value multiplied with another number or variable.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: cothromóid (ainmfhocal): equation
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs na matamaitice, abairt matamaiticiúil scoilte ina dhá leath ag an gcomhartha '=', agus a deir go bhfuil an luach céanna ag dá thaobh.
sainmhíniú (en): In the context of mathematics, a mathematical statement split into two parts by the sign '=', and that says that the two halves of the statement on either side have the same value.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: creatlach (ainmfhocal): framework
sainmhíniú (ga): Struchtúr teibí a úsáidtear chun feiniméan a léiriú nó a thuiscint i bhfoirm ginearálta.
sainmhíniú (en): An abstract structure used to describe or understand a phenomenon in a general form.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: creatlach ailínithe struchtúir (ainmfhocal): structural alignment framework
sainmhíniú (ga): An hipitéis taobh thiar den tráchtas seo, a deir go bhfuil ailíniú idir struchtúr graif eolais agus cé chomh maith agus is féidir réamhinsint nasc a dhéanamh air.
sainmhíniú (en): The central hypothesis of this thesis, which states that there is alignment between the structure of a knowledge graph and how well link prediction can be done on it.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: cruthaigh (briathar): to instantiate
sainmhíniú (ga): Cruth a chur ar réad (matamaiticiúil nó ríomhaireachta), go háirithe de réir creatlaí sainmhínithe éigin.
sainmhíniú (en): To create a (mathematical or computational) object, especially according to a strictly defined framework.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: cruthú (ainmfhocal): instantiation (process)
sainmhíniú (ga): An phróiseas a bhaineann le réad (matamaiticiúil nó ríomhaireachta) a chruthú.
sainmhíniú (en): The process relating to the instantiation of a (mathematical or computational) object.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: cuardach hipear-pharaiméadar (ainmfhocal): hyperparameter search
sainmhíniú (ga): an cur chuige a úsáidtear chun na hipear-pharaiméadair is fearr a fháil do shamhail ríomhfhoghlama.
sainmhíniú (en): the approach used to find the optimal hyperparameters for a machine learning model.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: cuir amach (ainmfhocal): to output
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs córais, próisis, nó feidhme, sonraí a tabhairt dó lena bheith úsáidte chun sprioc éigin a bhaint amach (m.sh áireamh luach éigin).
sainmhíniú (en): In the context of a system, process, or function, to give it data to be used to achieve an end (such as the calculation of a certain value).
tagairtí: nótaí aistriúcháin: cuir ar siúl (briathar): to run
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomheolaíochta, próiseas a thosú.
sainmhíniú (en): In the context of computer science, to begin a process.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: cuir isteach (i) (ainmfhocal): to input (into)
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs córais, próisis, nó feidhme, sonraí a tabhairt dó lena bheith úsáidte chun sprioc éigin a bhaint amach (m.sh áireamh luach éigin).
sainmhíniú (en): In the context of a system, process, or function, to give it data to be used to achieve an end (such as the calculation of a certain value).
tagairtí: nótaí aistriúcháin: cumadóireachta (aidiacht): generative
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs intleachta saorga, in ann aschur casta (m.sh. téacs fada, íomhánna, srl), a bhfuil cosúlacht éigin aige le healaín nó saothar duine, a chruthú.
sainmhíniú (en): In the context of artificial intelligence, able to create complex output (such as long text or images) that has some resemblance to human works or art.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: cuspóir (ainmfhocal): object
sainmhíniú (ga): in abairt thriarach (a,f,c), an nód deireanach c atá mar sprioc ag an gceangal f.
sainmhíniú (en): in a triple (s,p,o), the final node o that acts as the tail of the relationship p.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: céim (ainmfhocal): degree
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs nóid i ngraf eolais, cé mhéid ceangal atá aige le nóid eile sa ngraf.
sainmhíniú (en): In the context of a node in a knowledge graph, how many connections it has with other nodes in the graph.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: cóimhinicíocht (ainmfhocal): co-frequency
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif eolais, cé chomh minic is a bhíonn dhá nód / cheangal (nó níos mó) le chéile sna habairtí thriaracha céanna sa ngraf.
sainmhíniú (en): In the context of a knowledge graph, how often two (or more) nodes / edges are part of the same triples in the graph.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: córas feabhsúcháin (ainmfhocal): optimiser
sainmhíniú (ga): An córas a dhéanann samhail ríomhfhoghlama a fheabhsú.
sainmhíniú (en): The system that optimises a machine learning model.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: córas intleachta saorga (córas IS) (ainmfhocal): artificial intelligence (AI) (system)
sainmhíniú (ga): Córas ríomhaireachta a bhfuil mar aidhm aige gníomhú ar nós go bhfuil intleacht nó cumas smaointe aige. Ní bhíonn intleacht shaorga bunaithe ar chórais ríomhfhoghlama i gcónaí, ach is sórt intleachta saorga iad chuile córas ríomhfhoghlama.
sainmhíniú (en): A computational system that aims to act as though it has intelligence or the ability to think. Artificial intelligence is not always based on machine learning, but all machine learning systems are forms of artificial intelligence.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: córas rialtachta (ainmfhocal): regulariser
sainmhíniú (ga): Córas a dhéanann samhail ríomhfhoghlama a thabhairt chun rialtachta le linn á traenála.
sainmhíniú (en): A system that regularises a machine learning model as it is being trained.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: cúpla-sonra (ainmfhocal): few-shot
sainmhíniú (ga): Cur chuige mion-fheabsaithe ina bhfuil an tsamhail réamh-thraenáilte in ann cúpla sonra ó thacar sonraí nua a fheiceáil le linn á mion-fheabhsaithe.
sainmhíniú (en): A finetuning protocol in which the pretrained model is able to see a few data points from the new data set during finetuning.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: dearadh (ainmfhocal): architecture
sainmhíniú (ga): An struchtúr matamaiticiúil atá ar líonra néarach.
sainmhíniú (en): The mathematical structure of a neural network.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: deimhneach (aidiacht): positive
sainmhíniú (ga): ag caint ar uimhir, níos mó ná 0.
sainmhíniú (en): regarding a number, above 0.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: deimhnigh (ainmfhocal): to validate
sainmhíniú (ga): Próiseas deimhnithe a dhéanamh ar shamhail ríomhfhoghlama.
sainmhíniú (en): To perform validation on a machine learning model.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: deimhniú (ainmfhocal): validation
sainmhíniú (ga): An próiseas a úsáidtear chun a mheas cé chomh maith (nó cé chomh dona) is a fheidhmíonn samhail ríomhfhoghlama le linn a traenáilte.
sainmhíniú (en): The process that is used to estimate how well (or how poorly) a machine learning model works while it is being trained.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: diúltach (aidiacht): negative
sainmhíniú (ga): ag caint ar uimhir, faoi 0.
sainmhíniú (en): regarding a number, below 0.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: dlúth (ainmfhocal): density
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif eolais (nó fo-ghraif), cé chomh dlúth is atá sé.
sainmhíniú (en): In the context of a knowledge graph (or subgraph), how dense it is.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: dlúth (aidiacht): dense
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif eolais (nó fo-ghraif), an-cheangailte le codanna eile den ghraf / den fho-ghraf.
sainmhíniú (en): In the context of a knowledge graph (or subgraph), highly connected with other parts of the same graph / subgraph.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: dáileadh (ainmfhocal): distribution
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs tacar / liosta uimhreacha, léiriú staitistiúil ar cé chomh minic is a tarlaíonn chuile luach, nó chuile réimse luachanna, ann.
sainmhíniú (en): In the context of a set / list of numbers, a statistical description of how often each value, or each range of values, occurs.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: dírithe (aidiacht): directed
sainmhíniú (ga): Ag tagairt ar cheangal in abairte triaraí, ag ceangal an nód tosaigh (an ainmfhocal) leis an nód deiridh (an cuspóir) in ord.
sainmhíniú (en): Regarding an edge in a triple, providing an order-aware mapping of a source node (the subject) to a target node (the object).
tagairtí: nótaí aistriúcháin: dóchúlacht (ainmfhocal): probability
sainmhíniú (ga): An seans go dtarlóidh rud randamach.
sainmhíniú (en): The chance that a random event will occur.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: faisnéis (ainmfhocal): predicate
sainmhíniú (ga): in abairt thriarach (a,f,c), an ceangal c a cheanglaíonn an t-ainmfhocal a leis an gcuspóir c.
sainmhíniú (en): in a triple (s,p,o), the predicate p that connects the subject s to the object o.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: feabhsaigh (briathar): to optimise
sainmhíniú (ga): Samhail ríomhfhoghlama a chur chun cinn trína cuid paraiméadar a nuashonrú. Is ionann feabhsú agus foghlaim ar leibhéal matamaiticiúil.
sainmhíniú (en): To improve a machine learning model by updating its parameters. At a mathematical level, optimisation is learning.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: feabhsúchán (ainmfhocal): optimisation
sainmhíniú (ga): An próiseas a bhaineann le samhail ríomhfhoghlama a fheabhsú.
sainmhíniú (en): The process related to optimising a machine learning model.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: feidhm (ainmfhocal): function
sainmhíniú (ga): Próiseas nó cur chuige ríomhaireachta atá sainmhínithe (m.sh mar chód).
sainmhíniú (en): A computational process or algorithm that can be precisely defined (i.e. in code).
tagairtí: nótaí aistriúcháin: feidhm phionóis (ainmfhocal): loss function
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs samhla ríomhfhoghlama, feidhm a dhéanann luach an phionóis a áireamh don tsamhail sin ar tacar sonraí éigin.
sainmhíniú (en): In the context of a machine learning model, a function that calculates the loss value of that model on some set of data points.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: feidhm scórála (ainmfhocal): scoring function
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs samhlacha leabaithe graif eolais, feidhm a dhéanann scór inchreidteachta a thabhairt d'abairt thriarach.
sainmhíniú (en): In the context of knowledge graph embedding models, a function that assigned a plausibility score to a triple.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: feidhm siogmóideach (aidiacht): sigmoid function
sainmhíniú (ga): An feidhm siogma(x) = 1 / (1 + e^(-x)) (a bhfuil cruth cosúil leis an litir 's' air agus é breactha ar graf).
sainmhíniú (en): The function sigma(x) = 1 / (1 + e^(-x)) (which has a shape similar to the letter s when plotted on a graph).
tagairtí: nótaí aistriúcháin: fo-ghraf (ainmfhocal): subgraph
sainmhíniú (ga): Cuid de ghraf eolais, atá mar ghraf eolas (níos lú) é féin.
sainmhíniú (en): A part of a knowledge graph that itself is a (smaller) knowledge graph.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: fo-thacar (ainmfhocal): batch
sainmhíniú (ga): Le linn an phróisis traenála, grúpa sonraí as an tacar traenála a thugtar don tsamhail ríomhfhoghlama chun ligean di foghlaim. Uaireanta, úsáidtear fo-thacar de thacar teisteála / deimhnithe le linn an próisis teisteála / deimhnithe chomh maith.
sainmhíniú (en): During the training process, a group of data points from the training set that are given to the machine learning model to allow it to learn. Sometimes, batches of the testing and validation sets are used during testing and validation as well.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: foghlaim cheart (ainmfhocal): correct fitting
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, foghlaim réasúnta iomlán atá in ann patrúin ginearálta an tacair traenála a fhoghlaim gan a bheith ag ró-fhoghlaim ná an foghlaim go heasnamhach.
sainmhíniú (en): In the context of machine learning, reasonably complete learning that can extract general patterns from the training set without overfitting or underfitting.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: foghlaim easnamhach (ainmfhocal): underfitting
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, foghlaim neamh-iomlán a fhágann nach bhfuil an tsamhail in ann patrúin ginearálta a fháil ón tacar traenála.
sainmhíniú (en): In the context of machine learning, incomplete learning that results in the model not being able to learn general patterns from the training set.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: folaigh (aidiacht): latent
sainmhíniú (ga): Ag trácht ar veicteoir nó ar leabú i samhail ríomhfhoghlama, ag trácht ar eolas atá foghlamtha nó impleachtaithe, seachas bheith samhlaithe go díreach ag an tsamhail chéanna.
sainmhíniú (en): Of a vector or embedding in a machine learning model, representing information that is learned or implicit, and not explicitly modelled by the model.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: foshuíomh (ainmfhocal): assumption
sainmhíniú (ga): Ráiteas a chuirtear i gcás gur fíor é.
sainmhíniú (en): A statement that is taken to be true.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: frith-shampla (ainmfhocal): negative (sample)
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graf eolais, abairt thriarach bhréagach a úsáidtear mar fhrith-shampla.
sainmhíniú (en): In the context of knowledge graphs, a fake triple that is used as a counterexample.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: frith-shampla (ainmfhocal): counterexample
sainmhíniú (ga): Sonra a úsáidtear chun cur in iúl do shamhail ríomhaireachta rud atá mícheart nó nár cheart dó a fhoghlaim.
sainmhíniú (en): A data point that is used to instruct a machine learning model about something that is incorrect or should not be learned.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: frith-shamplóir (ainmfhocal): negative sampler
sainmhíniú (ga): cuid de shamhail leabaithe graif eolais a chruthaíonn frith-shamplaí don tsamhail chéanna.
sainmhíniú (en): the part of a knowledge graph embedding model that creates negative samples for the model.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: fíor-abairt (thriarach) (ainmfhocal): positive (triple)
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graf eolais, abairt thriarach atá mar chuid den GE, agus a ndéantar frith-shamplaí dó.
sainmhíniú (en): In the context of knowledge graphs, a ground-truth triple from the KG for which various negatives are generated.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: graf (ainmfhocal): graph
sainmhíniú (ga): Struchtúr sonraí ina shamhlaítear sonraí mar nóid agus mar cheangail eatarthu.
sainmhíniú (en): A data structure in which data is modelled as nodes and the connections between them.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: graf eolais (GE) (ainmfhocal): knowledge graph (KG)
sainmhíniú (ga): Bunachar sonraí a shamhlaíonn eolas mar nóid agus na ceangail eatarthu. Bíonn lipéad ar chuile nód / ceangal, agus bíonn chuile cheangal dírithe.
sainmhíniú (en): A database consisting of labelled nodes representing concepts and directed, labelled edges describing the relationships between them.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: hipear-pharaiméadar (ainmfhocal): hyperparameter
sainmhíniú (ga): paraiméadar (nach bhfuil fhoghlamtha) nó socrú atá úsáidte chun algartam samhla foghlama a rith.
sainmhíniú (en): a (non-learnable) parameter or setting that is used to run a machine learning algorithm.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: hipitéis ar ailíniú struchtúir (ainmfhocal): structural alignment hypothesis
sainmhíniú (ga): An hipitéis taobh thiar den tráchtas seo, a deir go bhfuil ailíniú idir struchtúr graif eolais agus cé chomh maith agus is féidir réamhinsint nasc a dhéanamh air.
sainmhíniú (en): The central hypothesis of this thesis, which states that there is alignment between the structure of a knowledge graph and how well link prediction can be done on it.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: histeagram (ainmfhocal): histogram
sainmhíniú (ga): Breacadh a dhéanann cur síos ar dáileadh staitistiúil le colúin minicíochta do chuile réimse luachanna sa dáileadh.
sainmhíniú (en): A plot that summarises a statistical distribution using frequency columns for every range of values in the distribution.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: inchreidteacht (ainmfhocal): plausibility
sainmhíniú (ga): Airí ruda ar (dócha gur) fíor é.
sainmhíniú (en): The property of being (likely) true.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: insamhail (briathar): to simulate
sainmhíniú (ga): Samhlail ríomhfhoghlama (nó uirlisí ríomhaireachta eile) a úsáid chun próiseas casta a shamhlú i bhfoirm níos simplí.
sainmhíniú (en): To use a machine learning model (or other computational tools) to model a complex process in a simpler form.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: insamhladh (ainmfhocal): simulation
sainmhíniú (ga): Úsáid samhla ríomhfhoghlama (nó uirlisí ríomhaireachta eile) chun próiseas casta a shamhlú i bhfoirm níos simplí.
sainmhíniú (en): The use of a machine learning mode (or other computational tools) to model a complex process in a simpler form.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: intleacht shaorga (IS) (coincheap) (ainmfhocal): artificial intelligence (AI) (concept)
sainmhíniú (ga): An coincheap taobh thiar de chórais intleachta saorga; nó, an intleacht atá acu mar choincheap teibí.
sainmhíniú (en): The concept behind artificial intelligence msystems; or, the intelligence they have as an abstract concept.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: ionadaíochta (aidiacht): representative
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs tacar sonraí, fo-thacar ar féidir é a úsáid in ionad an tacair shonraí mhór toisc na patrúin chéanna a bheith ann. I gcomhthéacs samhlacha ríomhfhoghlama, in ann achoimre leathan a dhéanamh ar patrúin i dtacar sonraí ar a raibh sé traenáilte.
sainmhíniú (en): In the context of a dataset, a subset that can be used in place of the whole dataset because it contains the same patterns. In the context of machine learning models, able to provide a general summary of the patterns in the dataset on which it was trained..
tagairtí: nótaí aistriúcháin: ionchur (ainmfhocal): input
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs córais, próisis, nó feidhme, sonraí a chuirtear isteach lena bheith úsáidte chun sprioc éigin a bhaint amach (m.sh áireamh luach éigin).
sainmhíniú (en): In the context of a system, process, or function, data that is provided to be used to achieve an end (such as the calculation of a certain value).
tagairtí: nótaí aistriúcháin: le lipéad (aidiacht): labelled
sainmhíniú (ga): Ag tagairt ar nód nó ar ceangal, rud a bhfuil lipéad (uimhir, téacs, nó eile) curtha leis mar shuaitheantas.
sainmhíniú (en): Referring to a node or edge, having a labelled (number, text, etc) attached to it as an identifier.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: leabú (ainmfhocal): embedding
sainmhíniú (ga): próiseas ríomhfhoghlama a dhéanann nód nó ceangal a chur i spás veicteora; nó, an veicteoir é féin sa spás veicteora a chuireann nód nó ceangal in iúl.
sainmhíniú (en): a machine learning process that places nodes or edges into a vector space; or, the vector itself in embedding space that represents a node or edge.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: leabú graif eolais (LGE) (ainmfhocal): knowledge graph embedding (KGE)
sainmhíniú (ga): Próiseas ríomhfhoghlama a bhfuil leabú graif eolais amháin mar thoradh air; nó, leabú amháin a fhaightear mar thoradh air sin
sainmhíniú (en): The machine learning process of embedding a single knowledge graph into vector space; or, a single embedding obtained from said process.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: leagan (ainmfhocal): instantiation (concept)
sainmhíniú (ga): Sampla de choincheap nó de chreatlach, nach ionann agus réad matamaiticiúil / ríomhaireachta.
sainmhíniú (en): An instance or example of a concept or framework, other than a mathematical / computational object.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: leagan (ainmfhocal): representation
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs leabuithe graif eolais, leabú nó veicteoir a dhéanann ionad (ar leibhéal matamaiticiúil) réada nó coincheapa sa ngraf.
sainmhíniú (en): In the context of knowledge graph embeddings, an embedding or vector that (at a mathematical level) stands for an object or concept in the graph.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: lipéad (ainmfhocal): label
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif eolais, téacs atá nasctha le nód nó le ceangal agus a chuireann in iúl céard dó a sheasann an nód / ceangal sin.
sainmhíniú (en): In the context of a knowledge graph, text that is linked to a node or edge that indicates what that node / edge represents.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: líonra (ainmfhocal): network
sainmhíniú (ga): tacar nód agus na gceangal eatarthu.
sainmhíniú (en): a set of nodes and the connections between them.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: líonra cairdis (ainmfhocal): social network
sainmhíniú (ga): Graf nó graf eolais ina gcuireann nóid daoine in iúl, agus ina mbíonn ceangail ann a léiríonn cén gaol / baint atá ag daoine lena chéile.
sainmhíniú (en): A graph or knowledge graph in which nodes represent people, and edges represent the relations / connections that people have with each other.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: líonra néarach (LN) (ainmfhocal): neural network (NN)
sainmhíniú (ga): Cur chuige agus struchtúr ríomhfhoghlama bunaithe ar úsáid néaróg saorga.
sainmhíniú (en): An approach to, and structure of, machine learning based on artificial neurons.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: líonra ríomhairí (ainmfhocal): computer network
sainmhíniú (ga): Graf nó graf eolais ina gcuireann nóid daoine in iúl, agus ina mbíonn ceangail ann a léiríonn gur féidir le dá ríomhaire nascadh lena chéile.
sainmhíniú (en): A graph or knowledge graph in which nodes represent computers, and edges represent the that two computers can link to each other.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: mapa (ainmfhocal): mapping
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhaireachta, bunachar a ligeann duit luach amháin (an 'luach') a fháil trí cheangal le luach eile (an eochair).
sainmhíniú (en): In the context of computer science, a database that allows access to one value (called the 'value') using another value (called the 'key').
tagairtí: nótaí aistriúcháin: meastachán (ainmfhocal): estimate
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, luach a dhéanann cur síos cainníochtúil ar fheiniméan éigin, gan a bheith iomlán cruinn.
sainmhíniú (en): In a mathematical context, a value that gives a quantitative description of some phenomenon, but which may not be entirely exact.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: meastachán a dhéanamh (ar) (ainmfhocal): to approximate
sainmhíniú (ga): Luach a mheas.
sainmhíniú (en): To estimate a value.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: meastachán a dhéanamh (ar) (ainmfhocal): to estimate (about)
sainmhíniú (ga): Luach a mheas.
sainmhíniú (en): To estimate a value.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: meastachán (ainmfhocal): approximation
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, luach a dhéanann cur síos cainníochtúil ar fheiniméan éigin, gan a bheith iomlán cruinn.
sainmhíniú (en): In a mathematical context, a value that gives a quantitative description of some phenomenon, but which may not be entirely exact.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: measúnaigh (briathar): to evaluate
sainmhíniú (ga): Próiseas teisteála nó deimhnithe a dhéanamh ar shamhail ríomhfhoghlama.
sainmhíniú (en): To perform testing or validation on a machine learning model.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: measúnú (ainmfhocal): evaluation
sainmhíniú (ga): Próiseas a úsáidtear chun fáil amach cé chomh maith (nó cé chomh dona) is a fheidhmíonn samhail ríomhfhoghlama le linn a traenáilte, nó tar a éis sin.
sainmhíniú (en): A process that is used to determine how well (or how poorly) a machine learning model works during its training, or after it has been trained.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: minicíocht (ainmfhocal): frequency
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif eolais, cé chomh minic is a bhíonn nód / ceangal mar chuid d'abairtí thriaracha sa ngraf.
sainmhíniú (en): In the context of a knowledge graph, how often a node / edge is part of triples in the graph.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: mion-fheabhsú (briathar): to finetune
sainmhíniú (ga): Samhail ríomhfhoghlama atá traenáilte cheana a thraenáil ar sonraí nua.
sainmhíniú (en): To take a pre-trained machine learning model and train it further on new data.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: méid na bhfo-thacar (ainmfhocal): batch size
sainmhíniú (ga): Cé chomh mór (.i. cé mhéid pointe sonraí) atá i chuile fho-thacar le linn ríomhfhoghlama.
sainmhíniú (en): How large (i.e. how many data points) are in each batch during learning.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: n-sonra (ainmfhocal): n-shot
sainmhíniú (ga): Cur chuige mion-fheabsaithe ina bhfuil an tsamhail réamh-thraenáilte in ann n sonra ó thacar sonraí nua a fheiceáil le linn á mion-fheabhsaithe.
sainmhíniú (en): A finetuning protocol in which the pretrained model is able to see n data points from the new data set during finetuning.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: neamh-fheicthe (aidiacht): unseen
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs tacar sonraí (m.sh. tacar teisteála / deimhnithe), gan a bheith úsáidte / feicthe le linn an próiseas traenála a dhéantar ar shamhail ríomhfhoghlama.
sainmhíniú (en): In the context of a dataset (such as the testing / validation set), not being used / seen during the training phase of a machine learning model.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: néarach (aidiacht): neural
sainmhíniú (ga): Ag baint le néaróga (bíodh siad fíor nó saorga) nó le líonraí néaracha.
sainmhíniú (en): Relating to nerves (be they real or artificial) or to neural networks.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: nód (ainmfhocal): node
sainmhíniú (ga): cuid de ghraf a chuireann coincheap, bí, nó ainmfhocal in iúl.
sainmhíniú (en): an element of a graph that represents a concept, being, or noun.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: ointeolaíocht (ainmfhocal): ontology
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif eolais, scéimre a chuireann in iúl struchtúr loighce an ghraif chéanna (m.sh. cé acu na ceangail atá aistreach nó siméadrach).
sainmhíniú (en): In the context of a knowledge Graph, a schema that describes the logical structure of the graph (such as which relations are transitive or symmetric).
tagairtí: nótaí aistriúcháin: paraiméadar (ainmfhocal): parameter
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs samhla ríomhfhoghlama, luach uimhriúil in-fhoghlama a bhíonn ag athrú le linn an próiseas traenála. Is ionann paraiméadar níos fearr a roghnú do samhail, agus 'tuiscint fhoghlamtha' (mar dhea) na samhla céanna a chur chun cinn.
sainmhíniú (en): In the context of a machine learning mode, a learnable numerical value that changes during the training process. Choosing better parameters for a model improves the model's 'learned understanding' (so to speak).
tagairtí: nótaí aistriúcháin: pionós (ainmfhocal): loss
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs samhla ríomhfhoghlama, luach uimhriúil a chuireann in iúl cé chomh dona is atá an tsamhail (sin le rá, is ionann pionós níos airde agus an tsamhail a bheith chomh héifeachtach céanna). Úsáidtear an pionós mar chuid mhatamaiticiúil den ríomhfhoghlaim.
sainmhíniú (en): In the context of a machine learning model, a numerical value that represents how bad the model is (that is, a higher penalty indicates that the model is less effective). Loss is used as a part of the mathematical process of machine learning.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: randamach (aidiacht): random
sainmhíniú (ga): Ag caint ar próiseas, gan bheith in ann é a réamhinsint ach le dóchúlachtaí.
sainmhíniú (en): Regarding a process, unable to be predicted except with probabilities.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: ráta foghlama (ainmfhocal): learning rate
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs samlach ríomhfhoghlama, luach scálach a cinntíonn cé chomh mór is atá chuile athrú ar pharaiméadair na samhla.
sainmhíniú (en): In the context of a machine learning mode, a scalar value that determines how large each update to the model's parameters is.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: réad (ainmfhocal): instantiation (object)
sainmhíniú (ga): An rud (matamaiticiúil nó ríomhaireachta) atá cruthaithe de réir creatlaí matamaitice / ríomhaireachta.
sainmhíniú (en): The (mathematical or computational) object created by the process of instantiation from a mathematical / computational framework.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: réamh-thraenáil (ainmfhocal): pretraining
sainmhíniú (ga): An próiseas a bhaineann le samhail ríomhfhoghlama a thraenáil le plean é a mion-fheabbhsú níos déanaí ar shonraí nua.
sainmhíniú (en): The process of training a machine learning model with intent to finetune it later on new data.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: réamh-thraenáil (briathair): to pretrain
sainmhíniú (ga): Samhail ríomhfhoghlama a thraenáil le plean é a mion-fheabbhsú níos déanaí ar shonraí nua.
sainmhíniú (en): To train a machine learning model with intent to finetune it later on new data.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: réamhinsint nasc (RN) (ainmfhocal): link prediction (LP)
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif eolais, réamhinsint abairt thriarach nua (nach bhfuil a ngraf) bunaithe air na habairtí triaracha atá sa ngraf.
sainmhíniú (en): In the context of a knowledge graph, the act of predicting a new triple (that is not in the graph) based on the triples that are in the graph.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: réamhinsteoir nasc (ainmfhocal): link predictor
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif eolais, samhail ríomhfhoghlama a dhéanann naisc a réamhinsint.
sainmhíniú (en): In the context of a knowledge graph, a machine learning model that performs link prediction.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: réasúnaíocht a dhéanamh (ar) (briathar): to reason (on)
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, úsáid rialacha loighce chun fíricí nua a réamhinsint.
sainmhíniú (en): In the context of machine learning, the use of logical rules to predict new facts.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: ríomheolaíocht (ainmfhocal): computer science
sainmhíniú (ga): an réimse staidéar atá dírithe ar algartaim, ar bogearraí, agus ar ríomhchlárúchán.
sainmhíniú (en): the field of study that focuses on algorithms, software, and computer programing.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: ríomhfhoghlaim (ainmfhocal): machine learning
sainmhíniú (ga): cur chuige matamaiticiúil a chuireann ar chumas do ríomhairí ceisteanna casta a fhreagairt.
sainmhíniú (en): the process of using mathematical optimisation to allow computers to solve complex problems.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: ró-fhoghlaim (ainmfhocal): overfitting
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, foghlaim de ghlanmheabhair ar an tacar traenála i gcaoi a chuireann bac ar patrúin ghinearálta an tacair thraenála a fhoghlaim.
sainmhíniú (en): In the context of machine learning, memorisation of the training set that precludes learning the general patterns of the training set.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: samhail (ainmfhocal): model
sainmhíniú (ga): Réad matamaiticiúil a úsáideann cur chuige bunaithe ar calcalas chun tasc ríomhfhoghlama a chur i gcrích.
sainmhíniú (en): A mathematical object that uses a calculus-based approach to solve a machine learning task.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: samhail leabaithe graif eolais (SLGE) (ainmfhocal): knowledge graph embedding model (KGEM)
sainmhíniú (ga): Samhail ríomhfhoghlama a bhfuil mar aidhm aige graf eolais a leabú.
sainmhíniú (en): A machine learning model whose aim is to embed a knowledge graph.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: samhlaigh (ainmfhocal): to model
sainmhíniú (ga): samhail ríomhaireachta nó staitistiúil a chruthú.
sainmhíniú (en): the process of creating a (machine learning or statistical) model.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: sampla (ainmfhocal): sample
sainmhíniú (ga): sonra a thógtar as dáileadh staitistiúil nó as próiseas randamach.
sainmhíniú (en): a data point that is taken from a statistical distribution or random process.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: sampla fánach (ainmfhocal): random sample
sainmhíniú (ga): Sampla a thógtar go randamach.
sainmhíniú (en): A sample that is taken randomly.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: sampláil (briathar): to sample
sainmhíniú (ga): sampla a thógáil.
sainmhíniú (en): the process of taking a sample.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: samplóir (ainmfhocal): sampler
sainmhíniú (ga): rud (m.sh algartam ríomhaireachta) a dhéanann sampláil.
sainmhíniú (en): a thing (such as a computer algorithm) that samples.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: scoth na réimse (ainmfhocal): state of the art (best)
sainmhíniú (ga): An tuiscint, samhail, eolas, nó eile is fearr i réimse eolaíochta éigin.
sainmhíniú (en): The best understanding, model, information, etc in a given scientific field.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: scálach (aidiacht): scalar
sainmhíniú (ga): Uimhir nach athróg é a bhíonn á húsáid le huimhir eile a mhéadú fúithi.
sainmhíniú (en): A numerical value other than a variable, typically used in multiplication.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: scór (ainmfhocal): score
sainmhíniú (ga): Uimhir a dhéanann cur síos ar cé chomh maith atá rud (m.sh. cruinneas samhla foghlama).
sainmhíniú (en): A number describing how good something is (such as the accuracy of a machine learning mode).
tagairtí: nótaí aistriúcháin: scór inchreidteachta (ainmfhocal): plausibility score
sainmhíniú (ga): Uimhhir a dhéanann cur síos ar an dóchúlacht go bhfuil rud fíor.
sainmhíniú (en): A number that represents the chance that something is true
tagairtí: nótaí aistriúcháin: scóráil (briathar): to score
sainmhíniú (ga): Scór a thabhairt do rud (m.sh. samhail ríomhfhoghlama).
sainmhíniú (en): To give a score to something (such as a machine learning model).
tagairtí: nótaí aistriúcháin: seal (ainmfhocal): epoch
sainmhíniú (ga): Geábh iomlán feabhsaithe ina fheiceann an tsamhail ríomhfhoghlama chuile shonra sa tacar traenála aon uair amháin.
sainmhíniú (en): A full pass of optimisation in which the machine learning model sees every data point in the training set exactly once.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: slonn (ainmfhocal): expression
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, abairt a bhfuil luach nó brí matamaiticiúil léi.
sainmhíniú (en): In the context of mathematics, a statement that has a value or mathematical meaning attached to it.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: sonraí (ainmfhocal): data
sainmhíniú (ga): léiriú cainníochtúil nó cineálach ar rud.
sainmhíniú (en): a quantitative or qualitative description of something.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: staid na réimse (ainmfhocal): state of the art (current)
sainmhíniú (ga): An tuiscint / leibhéal taighde atá ann faoi láthair i réimse taighde (bíodh sé go maith nó go dona).
sainmhíniú (en): The understanding or level of current research in a given field of research (whether that is good or bad).
tagairtí: nótaí aistriúcháin: struchtúr (ainmfhocal): structure
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif, patrúin, achoimrí uimhriúil, agus staitisticí ar féidir iad a áireamh ar an ngraf (gan trácht ar brí / ciall an eolais sa ngraf).
sainmhíniú (en): In the context of a graph, patterns, numerical summaries, and statistics that can be calculated on the graph (without reference to the meaning of the information contained in the graph).
tagairtí: nótaí aistriúcháin: tabhair chun rialtachta (briathar): to regularise
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs samhla ríomhfhoghlama, ró-fhoghlaim a laghdú trí méid luach na bparaiméadar a shrianadh ar chaoi éigin.
sainmhíniú (en): In the context of a machine learning mode, reducing overfitting by restricting the size of parameter values in some way.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: tabhairt chun rialtachta (ainmfhocal): regularisation
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs samhla ríomhfhoghlama, próiseas a bhfuil mar aidhm aige ró-fhoghlaim a laghdú trí méid luach na bparaiméadar a shrianadh ar chaoi éigin.
sainmhíniú (en): In the context of a machine learning mode, a process that aims to reduce overfitting by restricting the size of parameter values in some way.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: tacar (ainmfhocal): set
sainmhíniú (ga): Grúpa rudaí (m.sh uimhreacha) nach bhfuil áirí an oird ann, agus nach mbíonn an rud céanna faoi dhó ann.
sainmhíniú (en): A group of things (such as numbers) that does not have the property of having order, and that does not have repeats.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: tacar deimhnithe (ainmfhocal): validation set
sainmhíniú (ga): Tacar sonraí a úsáidtear chun samhail ríomhfhoghlama a dheimhniú.
sainmhíniú (en): The dataset used to validate a machine learning model.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: tacar sonraí (ainmfhocal): dataset
sainmhíniú (ga): Grúpa sonraí curtha le chéile, go háirithe chun samhlacha ríomhfhoghlama a thraenáil nó a mheasúnú.
sainmhíniú (en): A set of data that is gathered together, especially to be used for training or evaluating machine learning models.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: tacar sonraí comparáide (ainmfhocal): benchmark dataset
sainmhíniú (ga): Tacar sonraí a úsáidtear chun samhlacha ríomhfhoghlama a mheasúnú agus a chur i gcomparáid lena chéile.
sainmhíniú (en): A dataset that is used to evaluate and compare machine learning models.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: tacar teisteála (ainmfhocal): testing set
sainmhíniú (ga): Tacar sonraí a úsáidtear chun samhail ríomhfhoghlama a theisteáil.
sainmhíniú (en): The dataset used to test a machine learning model.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: tacar traenála (ainmfhocal): training set
sainmhíniú (ga): Tacar sonraí a úsáidtear chun samhail ríomhfhoghlama a thraenáil.
sainmhíniú (en): The dataset used to train a machine learning model.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: tasc réamhinsinte nasc (ainmfhocal): link prediction task
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif eolais, tasc a bhfuil mar sprioc air abairt thriarach nua (nach bhfuil a ngraf) a réamhinsint bunaithe air na habairtí triaracha atá sa ngraf.
sainmhíniú (en): In the context of a knowledge graph, the task of predicting a new triple (that is not in the graph) based on the triples that are in the graph.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: teisteáil (ainmfhocal): testing
sainmhíniú (ga): An próiseas a úsáidtear chun fáil amach cé chomh maith (nó cé chomh dona) is a fheidhmíonn samhail ríomhfhoghlama tar éis di a bheith traenáilte.
sainmhíniú (en): The process that is used to determine how well (or how poorly) a machine learning model works after it has been trained.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: teisteáil (briathar): to test
sainmhíniú (ga): Próiseas teisteála a dhéanamh ar shamhail ríomhfhoghlama.
sainmhíniú (en): To perform testing on a machine learning model.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: toipeolaíocht (ainmfhocal): topology
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif, cur síos matamaiticiúil ar cé chaoi an bhíonn a nóid ceangailte lena chéile; nó, réimse staidéir matamaitice bunaithe ar an anailísíocht ar struchtúr graf.
sainmhíniú (en): In the context of a graph, a mathematical description of how its nodes are connected; or, the field of mathematical study based on analysis of graph structure.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: toise (ainmfhocal): dimension
sainmhíniú (ga): Ag trácht ar spás veicteora, líon na n-uimhreacha atá i ngach uile veicteoir sa spás céanna; nó, ais amháin den spás sin.
sainmhíniú (en): Regarding a vector space, the number of elements contained in each vector in that space; or, one axis of that space.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: tomhais (ainmfhocal): to measure
sainmhíniú (ga): Tomhas a dhéanamh ar phróiseas nó ar sonraí éigin.
sainmhíniú (en): To measure some effect or data.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: tomhas (ainmfhocal): metric
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, luach a dhéanann cur síos cainníochtúil ar sonraí nó ar fheiniméan éigin, go háirithe nuair atá sé úsáidte chun dhá shraith sonraí / dhá fheiniméan chur i gcomparáid lena chéile.
sainmhíniú (en): In a mathematical context, a value that gives a quantitative description of data or some phenomenon, especially when used to compare two such data sets of phenomenons.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: tomhas earráide (ainmfhocal): error
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, luach a dhéanann tomhas ar cé chomh minic is a dhéanann samhail ríomhfhoghlama earráid, agus ar cé chomh dona is atá na hearráidí sin.
sainmhíniú (en): In the context of machine learning, a value that measures how often a machine learning model errs, and how bad those errors are.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: tomhas (ainmfhocal): measure
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, luach a dhéanann cur síos cainníochtúil ar sonraí nó ar fheiniméan éigin, go háirithe nuair atá sé úsáidte chun dhá shraith sonraí / dhá fheiniméan chur i gcomparáid lena chéile.
sainmhíniú (en): In a mathematical context, a value that gives a quantitative description of data or some phenomenon, especially when used to compare two such data sets of phenomenons.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: traenáil (ainmfhocal): training
sainmhíniú (ga): An próiseas a bhaineann le feabhsú samhla foghlama trí sonraí foghlama a thabhairt di.
sainmhíniú (en): The process of optimising a machine learning model by giving it data to learn from.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: traenáil (briathar): to train
sainmhíniú (ga): Próiseas traenála a dhéanamh ar shamhail ríomhfhoghlama.
sainmhíniú (en): To perform training on a machine learning model.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: tras-fhoghlaim (ainmfhocal): transfer learning
sainmhíniú (ga): úsáid cur chuige mion-feabhsaithe chun cur ar chumas samhla fhoghlama atá ann cheana (.i. atá réamh-thraenáilte) tasc nua a dhéanamh atá gaolmhar le tasc na bun-samhla.
sainmhíniú (en): the practice of fine-training a pre-existing (pre-trained) machine learning model to produce a new model that solves a different task related to the one the pretrained model could solve.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: ualach (ainmfhocal): weight
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama nó matamaiticiúil, uimhir scálach a mhéadaítear le slonn (go háirithe chun raon na luacha aschuir ón slonn sin a athrú nó a shrianadh); nó, uimhir scálach a úsáidtear mar lipéad (mar shampla, ar chodanna de ghraf).
sainmhíniú (en): In the context of machine learning or mathematics, a scalar number that is multiplied with an expression (especially to change or restrict the range of values output by that expression); or, a scalar value used as a label (such as on elements of a graph).
tagairtí: nótaí aistriúcháin: ualaigh (briathar): to weight
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama nó matamaiticiúil, ualach a chur le slonn, le huimhir, nó le ní eile.
sainmhíniú (en): In the context of machine learning or mathematics, to apply a numerical weight to an expression, number or other thing.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: ualaithe (aidiacht): weighted
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama nó matamaiticiúil, ualach a chur le slonn, le huimhir, nó le ní eile.
sainmhíniú (en): In the context of machine learning or mathematics, having a numerical weight.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: uilíoch (aidiacht): global
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif, sonraí, samhla, nó eile, ag trácht ar airíonna an graif / na sonraí / na samhla mar aonad amháin ar leibhéal leathan. Frithchiallach le is an téarma 'áitiúil'.
sainmhíniú (en): In the context of a graph, data, a model, etc, relating to features of the graph / data / model as a unit at a very broad level. Antonym to local.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: veicteoir (ainmfhocal): vector
sainmhíniú (ga): Liosta ordaithe uimhreacha a shamhlaíonn pointe i spás, nó aistriú sa spás céanna.
sainmhíniú (en): An ordered list of numbers that represents a displacement in space, or a point in space.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: áitiúil (aidiacht): local
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif, sonraí, samlach, nó eile, ag trácht ar airíonna a bhaineann le codanna áirithe den ghraf / de na sonraí / den tsamhail, gan trácht airíonna an ruda iomláin. Frithchiallach leis an téarma 'uilíoch'.
sainmhíniú (en): In the context of a graph, data, a model, etc, relating to features of sub-parts of the graph / data / model without reference to properties of the whole. Antonym to global.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: éadlúth (aidiacht): sparse
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif eolais (nó fo-ghraif), gan móran ceangail le codanna eile den ghraf / den fho-ghraf.
sainmhíniú (en): In the context of a knowledge graph (or subgraph), lowly connected with other parts of the same graph / subgraph.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: éadlúth (ainmfhocal): sparsity
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif eolais (nó fo-ghraif), cé chomh éadlúth is atá sé.
sainmhíniú (en): In the context of a knowledge graph (or subgraph), how sparse it is.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: éifeachtacht (ama, fhuinnimh) (ainmfhocal): efficiency
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomheolaíochta cé chomh maith is atá samhail nó próiseas ar thaobh an ama / úsáid fhuinnimh de.
sainmhíniú (en): In the context of computer science, how effective a model is according to time take or energy used.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: éifeachtacht (ama, taisc) (ainmfhocal): performance
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomheolaíochta cé chomh maith is a dhéanann samhail nó próiseas tasc éigin de réir tomhais éigin.
sainmhíniú (en): In the context of computer science, how well a model or process does some job as measured by some metric.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: