Foclóir Tráchtais v1.0

Jeffrey Seathrún Sardina
Eanáir 2025
Béarla Gaeilge
0-shot 0-sonra
alignment ailíniú
architecture dearadh
assumption foshuíomh
batch fo-thacar
batch size méid na bhfo-thacar
co-frequency cóimhinicíocht
coefficient comhéifeacht
computer science ríomheolaíocht
connectivity (frása le 'ceangailte')
correct fitting foghlaim cheart
correlation comhchoibhneas
counterexample frith-shampla
data sonraí
database bunachar sonraí
degree céim
dense dlúth
dense layer ciseal lán-cheangailte
density dlúth
dimension toise
dimensionality (frása le 'toise')
directed dírithe
distribution dáileadh
dropout layer ciseal nialas
edge ceangal
embedding leabú
epoch seal
evaluation measúnú
feature airí
few-shot cúpla-sonra
framework creatlach
frequency minicíocht
function feidhm
graph graf
histogram histeagram
hyperparameter hipear-pharaiméadar
hyperparameter search cuardach hipear-pharaiméadar
input ionchur
knowledge graph (KG) graf eolais (GE)
knowledge graph embedding leabú graif eolais
knowledge graph embedding model samhail leabaithe graif eolais
label lipéad
labelled le lipéad
latent folaigh
layer ciseal
learning rate ráta foghlama
link prediction réamhinsint nasc
link prediction query ceist réamhinsinte nasc
link prediction task tasc réamhinsinte nasc
link predictor réamhinsteoir nasc
loss pionós
loss function feidhm phionós
machine learning ríomhfhoghlaim
mapping mapa
median airmheán
model samhail
n-shot n-sonra
negative diúltach
negative (sample) frith-shampla
negative sampler frith-shamplóir
network líonra
neural néarach
neural network (NN) líonra néarach (LN)
node nód
object cuspóir
ontology ointeolaíocht
optimisation feabhsúchán
optimiser córas feabhsúcháin
output aschur
overfitting ró-fhoghlaim
parameter paraiméadar
plausibility inchreidteacht
plausibility score scór inchreidteachta
positive deimhneach
positive (triple) fíor-abairt (thriarach)
predicate faisnéis
pretraining réamh-thraenáil
probability dóchúlacht
query ceist
random randamach
random sample sampla fánach
regularisation tabhairt chun rialtachta
regulariser córas rialtachta
relation(ship) ceangal
sample sampla
sampler samplóir
scalar scálach
score scór
set tacar
sigmoid function feidhm siogmóideach
simulation insamhladh
sparse éadlúth
sparsity éadlúth
state of the art scoth na réimse
structural alignment ailíniú struchtúir
structural alignment framework creatlach ailínithe struchtúir
structural alignment hypothesis hipitéis ar ailíniú struchtúir
structure struchtúr
subgraph fo-ghraf
subject ainmní
testing teisteáil
testing set tacar teisteála
to evaluate measúnaigh
to finetune mion-fheabhsú
to model samhlaigh
to optimise feabhsaigh
to pretrain réamh-thraenáil
to sample sampláil
to simulate insamhail
to test teisteáil
to validate deimhnigh
to-regularise tabhair chun rialtachta
to-score scóráil
to-train traenáil
training traenáil
training set tacar traenála
transfer learning tras-fhoghlaim
triple abairt thriarach
underfitting foghlaim easnamhach
unseen neamh-fheicthe
validation deimhniú
vector veicteoir

0-shot (ainmfhocal): 0-sonra
sainmhíniú (ga): Cur chuige mion-fheabsaithe ina bhfuil an tsamhail réamh-thraenáilte teisteáilte ar tacar sonraí nua gan mion-fheabsú ar bith.
sainmhíniú (en): A finetuning protocol in which the pretrained model is directly tested on a new dataset without finetuning.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: alignment (ainmfhocal): ailíniú
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs an tráchtais seo, cé chomh maith is a luíonn dá thomhas / cáilíochtaí le chéile ar leibhéal leathan.
sainmhíniú (en): In the context of this thesis, how well two measures / quantities relate to each other in general terms.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: architecture (ainmfhocal): dearadh
sainmhíniú (ga): An struchtúr matamaiticiúil atá ar líonra néarach.
sainmhíniú (en): The mathematical structure of a neural network.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: assumption (ainmfhocal): foshuíomh
sainmhíniú (ga): Ráiteas a chuirtear i gcás gur fíor é.
sainmhíniú (en): A statement that is taken to be true.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: batch (ainmfhocal): fo-thacar
sainmhíniú (ga): Le linn an phróisis traenála, grúpa sonraí as an tacar traenála a thugtar don tsamhail ríomhfhoghlama chun ligean di foghlaim. Uaireanta, úsáidtear fo-thacar de thacar teisteála / deimhnithe le linn an próisis teisteála / deimhnithe chomh maith.
sainmhíniú (en): During the training process, a group of data points from the training set that are given to the machine learning model to allow it to learn. Sometimes, batches of the testing and validation sets are used during testing and validation as well.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: batch size (ainmfhocal): méid na bhfo-thacar
sainmhíniú (ga): Cé chomh mór (.i. cé mhéid pointe sonraí) atá i chuile fho-thacar le linn ríomhfhoghlama.
sainmhíniú (en): How large (i.e. how many data points) are in each batch during learning.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: co-frequency (ainmfhocal): cóimhinicíocht
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif eolais, cé chomh minic is a bhíonn dhá nód / cheangal (nó níos mó) le chéile sna habairtí thriaracha céanna sa ngraf.
sainmhíniú (en): In the context of a knowledge graph, how often two (or more) nodes / edges are part of the same triples in the graph.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: coefficient (ainmfhocal): comhéifeacht
sainmhíniú (ga): Uimhir scálach a úsáidtear chun uimhir nó athróg eile a mhéadú fúithi.
sainmhíniú (en): A scalar value multiplied with another number or variable.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: computer science (ainmfhocal): ríomheolaíocht
sainmhíniú (ga): an réimse staidéar atá dírithe ar algartaim, ar bogearraí, agus ar ríomhchlárúchán.
sainmhíniú (en): the field of study that focuses on algorithms, software, and computer programing.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: connectivity (ainmfhocal): (frása le 'ceangailte')
sainmhíniú (ga): Cé chomh ceangailte is atá cuid de ghraf eolais (.i. nód nó ceangal) le codanna eile den ghraf céanna.
sainmhíniú (en): How connected one part of a knowledge graph (i.e. a node or edge) is with other parts of the same graph.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: correct fitting (ainmfhocal): foghlaim cheart
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, foghlaim réasúnta iomlán atá in ann patrúin ginearálta an tacair traenála a fhoghlaim gan a bheith ag ró-fhoghlaim ná an foghlaim go heasnamhach.
sainmhíniú (en): In the context of machine learning, reasonably complete learning that can extract general patterns from the training set without overfitting or underfitting.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: correlation (ainmfhocal): comhchoibhneas
sainmhíniú (ga): Cáilíocht matamaiticiúil a dhéanann cur síos ar cé chomh maith is a luíonn dhá shraith uimhreacha lena chéile.
sainmhíniú (en): A mathematical quantity that describes how well two lists of numbers relate.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: counterexample (ainmfhocal): frith-shampla
sainmhíniú (ga): Sonra a úsáidtear chun cur in iúl do shamhail ríomhaireachta rud atá mícheart nó nár cheart dó a fhoghlaim.
sainmhíniú (en): A data point that is used to instruct a machine learning model about something that is incorrect or should not be learned.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: data (ainmfhocal): sonraí
sainmhíniú (ga): léiriú cainníochtúil nó cineálach ar rud.
sainmhíniú (en): a quantitative or qualitative description of something.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: database (ainmfhocal): bunachar sonraí
sainmhíniú (ga): Bailiúchán sonraí ar ríomhaire a bhfuil struchtúr loighciúil righin leis.
sainmhíniú (en): A collection of data on a computer with a strict logical structure.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: degree (ainmfhocal): céim
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs nóid i ngraf eolais, cé mhéid ceangal atá aige le nóid eile sa ngraf.
sainmhíniú (en): In the context of a node in a knowledge graph, how many connections it has with other nodes in the graph.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: dense (aidiacht): dlúth
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif eolais (nó fo-ghraif), an-cheangailte le codanna eile den ghraf / den fho-ghraf.
sainmhíniú (en): In the context of a knowledge graph (or subgraph), highly connected with other parts of the same graph / subgraph.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: dense layer (ainmfhocal): ciseal lán-cheangailte
sainmhíniú (ga): Ciseal i líonra néarach ina bhfuil chuile néaróg ionchuir ceangailte le chuile néaróg aschuir.
sainmhíniú (en): A layer in a neural network in which every input neuron is connected to every output neuron.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: density (ainmfhocal): dlúth
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif eolais (nó fo-ghraif), cé chomh dlúth is atá sé.
sainmhíniú (en): In the context of a knowledge graph (or subgraph), how dense it is.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: dimension (ainmfhocal): toise
sainmhíniú (ga): Ag trácht ar spás veicteora, líon na n-uimhreacha atá i ngach uile veicteoir sa spás céanna; nó, ais amháin den spás sin.
sainmhíniú (en): Regarding a vector space, the number of elements contained in each vector in that space; or, one axis of that space.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: dimensionality (ainmfhocal): (frása le 'toise')
sainmhíniú (ga): Ag trácht ar spás veicteora, líon na n-uimhreacha atá i ngach uile veicteoir sa spás céanna; nó, an t-airí ruda a bhfuil toisí aige.
sainmhíniú (en): Regarding a vector space, the number of elements contained in each vector in that space; or, the property of having dimensions.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: directed (aidiacht): dírithe
sainmhíniú (ga): Ag tagairt ar cheangal in abairte triaraí, ag ceangal an nód tosaigh (an ainmní) leis an nód deiridh (an cuspóir) in ord.
sainmhíniú (en): Regarding an edge in a triple, providing an order-aware mapping of a source node (the subject) to a target node (the object).
tagairtí: nótaí aistriúcháin: distribution (ainmfhocal): dáileadh
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs tacar / liosta uimhreacha, léiriú staitistiúil ar cé chomh minic is a tarlaíonn chuile luach, nó chuile réimse luachanna, ann.
sainmhíniú (en): In the context of a set / list of numbers, a statistical description of how often each value, or each range of values, occurs.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: dropout layer (ainmfhocal): ciseal nialas
sainmhíniú (ga): Ciseal i líonra néarach ina bhfuil luach roinnt néaróg ionadaithe le 0 go randamach.
sainmhíniú (en): A layer in a neural network in which the value of some neurons is randomly replaced by 0.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: edge (ainmfhocal): ceangal
sainmhíniú (ga): cuid de ghraf a nascann (nó a cheanglaíonn) dhá nód le chéile.
sainmhíniú (en): an element of a graph that serves to connect two nodes.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: embedding (ainmfhocal): leabú
sainmhíniú (ga): próiseas ríomhfhoghlama a dhéanann nód nó ceangal a chur i spás veicteora; nó, an veicteoir é féin sa spás veicteora a chuireann nód nó ceangal in iúl.
sainmhíniú (en): a machine learning process that places nodes or edges into a vector space; or, the vector itself in embedding space that represents a node or edge.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: epoch (ainmfhocal): seal
sainmhíniú (ga): Geábh iomlán feabhsaithe ina fheiceann an tsamhail ríomhfhoghlama chuile shonra sa tacar traenála aon uair amháin.
sainmhíniú (en): A full pass of optimisation in which the machine learning model sees every data point in the training set exactly once.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: evaluation (ainmfhocal): measúnú
sainmhíniú (ga): Próiseas a úsáidtear chun fáil amach cé chomh maith (nó cé chomh dona) is a fheidhmíonn samhail ríomhfhoghlama le linn a traenáilte, nó tar a éis sin.
sainmhíniú (en): A process that is used to determine how well (or how poorly) a machine learning model works during its training, or after it has been trained.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: feature (ainmfhocal): airí
sainmhíniú (ga): Ionchur amháin ar shamhail ríomhfhoghlama, nó cuid uimhriúil den tsamhail chéanna, a sheasann do shonra nithiúil nó folaigh den tacar sonraí atá á fhoghlaim.
sainmhíniú (en): A single input to, or numerical element of, a machine learning model that represents a concrete or latent element of the dataset being learned.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: few-shot (ainmfhocal): cúpla-sonra
sainmhíniú (ga): Cur chuige mion-fheabsaithe ina bhfuil an tsamhail réamh-thraenáilte in ann cúpla sonra ó thacar sonraí nua a fheiceáil le linn á mion-fheabhsaithe.
sainmhíniú (en): A finetuning protocol in which the pretrained model is able to see a few data points from the new data set during finetuning.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: framework (ainmfhocal): creatlach
sainmhíniú (ga): Struchtúr teibí a úsáidtear chun feiniméan a léiriú nó a thuiscint i bhfoirm ginearálta.
sainmhíniú (en): An abstract structure used to describe or understand a phenomenon in a general form.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: frequency (ainmfhocal): minicíocht
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif eolais, cé chomh minic is a bhíonn nód / ceangal mar chuid d'abairtí thriaracha sa ngraf.
sainmhíniú (en): In the context of a knowledge graph, how often a node / edge is part of triples in the graph.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: function (ainmfhocal): feidhm
sainmhíniú (ga): Próiseas nó cur chuige ríomhaireachta atá sainmhínithe (m.sh mar chód).
sainmhíniú (en): A computational process or algorithm that can be precisely defined (i.e. in code).
tagairtí: nótaí aistriúcháin: graph (ainmfhocal): graf
sainmhíniú (ga): Struchtúr sonraí ina shamhlaítear sonraí mar nóid agus mar cheangail eatarthu.
sainmhíniú (en): A data structure in which data is modelled as nodes and the connections between them.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: histogram (ainmfhocal): histeagram
sainmhíniú (ga): Breacadh a dhéanann cur síos ar dáileadh staitistiúil le colúin minicíochta do chuile réimse luachanna sa dáileadh.
sainmhíniú (en): A plot that summarises a statistical distribution using frequency columns for every range of values in the distribution.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: hyperparameter (ainmfhocal): hipear-pharaiméadar
sainmhíniú (ga): paraiméadar (nach bhfuil fhoghlamtha) nó socrú atá úsáidte chun algartam samhla foghlama a rith.
sainmhíniú (en): a (non-learnable) parameter or setting that is used to run a machine learning algorithm.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: hyperparameter search (ainmfhocal): cuardach hipear-pharaiméadar
sainmhíniú (ga): an cur chuige a úsáidtear chun na hipear-pharaiméadair is fearr a fháil do shamhail ríomhfhoghlama.
sainmhíniú (en): the approach used to find the optimal hyperparameters for a machine learning model.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: input (ainmfhocal): ionchur
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs córais, próisis, nó feidhme, sonraí a chuirtear isteach lena bheith úsáidte chun sprioc éigin a bhaint amach (m.sh áireamh luach éigin).
sainmhíniú (en): In the context of a system, process, or function, data that is provided to be used to achieve an end (such as the calculation of a certain value).
tagairtí: nótaí aistriúcháin: knowledge graph (KG) (ainmfhocal): graf eolais (GE)
sainmhíniú (ga): Bunachar sonraí a shamhlaíonn eolas mar nóid agus na ceangail eatarthu. Bíonn lipéad ar chuile nód / ceangal, agus bíonn chuile cheangal dírithe.
sainmhíniú (en): A database consisting of labelled nodes representing concepts and directed, labelled edges describing the relationships between them.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: knowledge graph embedding (ainmfhocal): leabú graif eolais
sainmhíniú (ga): Próiseas ríomhfhoghlama a bhfuil leabú graif eolais amháin mar thoradh air; nó, leabú amháin a fhaightear mar thoradh air sin
sainmhíniú (en): The machine learning process of embedding a single knowledge graph into vector space; or, a single embedding obtained from said process.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: knowledge graph embedding model (ainmfhocal): samhail leabaithe graif eolais
sainmhíniú (ga): Samhail ríomhfhoghlama a bhfuil mar aidhm aige graf eolais a leabú.
sainmhíniú (en): A machine learning model whose aim is to embed a knowledge graph.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: label (ainmfhocal): lipéad
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif eolais, téacs atá nasctha le nód nó le ceangal agus a chuireann in iúl céard dó a sheasann an nód / ceangal sin.
sainmhíniú (en): In the context of a knowledge graph, text that is linked to a node or edge that indicates what that node / edge represents.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: labelled (aidiacht): le lipéad
sainmhíniú (ga): Ag tagairt ar nód nó ar ceangal, rud a bhfuil lipéad (uimhir, téacs, nó eile) curtha leis mar shuaitheantas.
sainmhíniú (en): Referring to a node or edge, having a labelled (number, text, etc) attached to it as an identifier.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: latent (aidiacht): folaigh
sainmhíniú (ga): Ag trácht ar veicteoir nó ar leabú i samhail ríomhfhoghlama, ag trácht ar eolas atá foghlamtha nó impleachtaithe, seachas bheith samhlaithe go díreach ag an tsamhail chéanna.
sainmhíniú (en): Of a vector or embedding in a machine learning model, representing information that is learned or implicit, and not explicitly modelled by the model.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: layer (ainmfhocal): ciseal
sainmhíniú (ga): I líonra néarach, bloc néaróg a bhfuil ionchur agus aschur sainmhínithe dó, agus atá mar chuid in-athúsáidte den líonra néarach iomlán.
sainmhíniú (en): In a neural network, a block of neurons that have clearly-defined input and output, and that are a building block of the larger neural network.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: learning rate (ainmfhocal): ráta foghlama
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs samlach ríomhfhoghlama, luach scálach a cinntíonn cé chomh mór is atá chuile athrú ar pharaiméadair na samhla.
sainmhíniú (en): In the context of a machine learning mode, a scalar value that determines how large each update to the model's parameters is.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: link prediction (ainmfhocal): réamhinsint nasc
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif eolais, réamhinsint abairt thriarach nua (nach bhfuil a ngraf) bunaithe air na habairtí triaracha atá sa ngraf.
sainmhíniú (en): In the context of a knowledge graph, the act of predicting a new triple (that is not in the graph) based on the triples that are in the graph.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: link prediction query (ainmfhocal): ceist réamhinsinte nasc
sainmhíniú (ga): Ceist a chuirtear ar réamhinsteoir nasc i bhfoirm abairte triaraí neamhiomlán (s,p,?) nó (?,p,o). Is é an freagra uirthi ná nód o nó s dhéanann abairt iomlán agus cheart as abairt neamhiomlán na ceiste.
sainmhíniú (en): A query that is posed to a link predictor in the form of an incomplete triple (s,p,?) or (?,p,o). The answer to this query is a node o or s that makes a complete and true triple out of the query triple
tagairtí: nótaí aistriúcháin: link prediction task (ainmfhocal): tasc réamhinsinte nasc
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif eolais, tasc a bhfuil mar sprioc air abairt thriarach nua (nach bhfuil a ngraf) a réamhinsint bunaithe air na habairtí triaracha atá sa ngraf.
sainmhíniú (en): In the context of a knowledge graph, the task of predicting a new triple (that is not in the graph) based on the triples that are in the graph.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: link predictor (ainmfhocal): réamhinsteoir nasc
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif eolais, samhail ríomhfhoghlama a dhéanann naisc a réamhinsint.
sainmhíniú (en): In the context of a knowledge graph, a machine learning model that performs link prediction.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: loss (ainmfhocal): pionós
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs samhla ríomhfhoghlama, luach uimhriúil a chuireann in iúl cé chomh dona is atá an tsamhail (sin le rá, is ionann pionós níos airde agus an tsamhail a bheith chomh héifeachtach céanna). Úsáidtear an pionós mar chuid mhatamaiticiúil den ríomhfhoghlaim.
sainmhíniú (en): In the context of a machine learning model, a numerical value that represents how bad the model is (that is, a higher penalty indicates that the model is less effective). Loss is used as a part of the mathematical process of machine learning.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: loss function (ainmfhocal): feidhm phionós
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs samhla ríomhfhoghlama, feidhm a dhéanann luach an phionóis a áireamh don tsamhail sin ar tacar sonraí éigin.
sainmhíniú (en): In the context of a machine learning model, a function that calculates the loss value of that model on some set of data points.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: machine learning (ainmfhocal): ríomhfhoghlaim
sainmhíniú (ga): cur chuige matamaiticiúil a chuireann ar chumas do ríomhairí ceisteanna casta a fhreagairt.
sainmhíniú (en): the process of using mathematical optimisation to allow computers to solve complex problems.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: mapping (ainmfhocal): mapa
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhaireachta, bunachar a ligeann duit luach amháin (an 'luach') a fháil trí cheangal le luach eile (an eochair).
sainmhíniú (en): In the context of computer science, a database that allows access to one value (called the 'value') using another value (called the 'key').
tagairtí: nótaí aistriúcháin: median (ainmfhocal): airmheán
sainmhíniú (ga): Ag caint ar dháileadh, an luach díreach i lár na luachanna ar fad agus iad sórtáilte.
sainmhíniú (en): With regards to a distribution, the value directly in the middle of all sorted values.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: model (ainmfhocal): samhail
sainmhíniú (ga): Réad matamaiticiúil a úsáideann cur chuige bunaithe ar calcalas chun tasc ríomhfhoghlama a chur i gcrích.
sainmhíniú (en): A mathematical object that uses a calculus-based approach to solve a machine learning task.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: n-shot (ainmfhocal): n-sonra
sainmhíniú (ga): Cur chuige mion-fheabsaithe ina bhfuil an tsamhail réamh-thraenáilte in ann n sonra ó thacar sonraí nua a fheiceáil le linn á mion-fheabhsaithe.
sainmhíniú (en): A finetuning protocol in which the pretrained model is able to see n data points from the new data set during finetuning.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: negative (aidiacht): diúltach
sainmhíniú (ga): ag caint ar uimhir, faoi 0.
sainmhíniú (en): regarding a number, below 0.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: negative (sample) (ainmfhocal): frith-shampla
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graf eolais, abairt thriarach bhréagach a úsáidtear mar fhrith-shampla.
sainmhíniú (en): In the context of knowledge graphs, a fake triple that is used as a counterexample.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: negative sampler (ainmfhocal): frith-shamplóir
sainmhíniú (ga): cuid de shamhail leabaithe graif eolais a chruthaíonn frith-shamplaí don tsamhail chéanna.
sainmhíniú (en): the part of a knowledge graph embedding model that creates negative samples for the model.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: network (ainmfhocal): líonra
sainmhíniú (ga): tacar nód agus na gceangal eatarthu.
sainmhíniú (en): a set of nodes and the connections between them.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: neural (aidiacht): néarach
sainmhíniú (ga): Ag baint le néaróga (bíodh siad fíor nó saorga) nó le líonraí néaracha.
sainmhíniú (en): Relating to nerves (be they real or artificial) or to neural networks.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: neural network (NN) (ainmfhocal): líonra néarach (LN)
sainmhíniú (ga): Cur chuige agus struchtúr ríomhfhoghlama bunaithe ar úsáid néaróg saorga.
sainmhíniú (en): An approach to, and structure of, machine learning based on artificial neurons.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: node (ainmfhocal): nód
sainmhíniú (ga): cuid de ghraf a chuireann coincheap, bí, nó ainmfhocal in iúl.
sainmhíniú (en): an element of a graph that represents a concept, being, or noun.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: object (ainmfhocal): cuspóir
sainmhíniú (ga): in abairt thriarach (a,f,c), an nód deireanach c atá mar sprioc ag an gceangal f.
sainmhíniú (en): in a triple (s,p,o), the final node o that acts as the tail of the relationship p.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: ontology (ainmfhocal): ointeolaíocht
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif eolais, scéimre a chuireann in iúl struchtúr loighce an ghraif chéanna (m.sh. cé acu na ceangail atá aistreach nó siméadrach).
sainmhíniú (en): In the context of a knowledge Graph, a schema that describes the logical structure of the graph (such as which relations are transitive or symmetric).
tagairtí: nótaí aistriúcháin: optimisation (ainmfhocal): feabhsúchán
sainmhíniú (ga): An próiseas a bhaineann le samhail ríomhfhoghlama a fheabhsú.
sainmhíniú (en): The process related to optimising a machine learning model.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: optimiser (ainmfhocal): córas feabhsúcháin
sainmhíniú (ga): An córas a dhéanann samhail ríomhfhoghlama a fheabhsú.
sainmhíniú (en): The system that optimises a machine learning model.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: output (ainmfhocal): aschur
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs córais, próisis, nó feidhme, sonraí a thagann as an bpróiseas céanna agus é críochnaithe.
sainmhíniú (en): In the context of a system, process, or function, data that is returned from the process at its end.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: overfitting (ainmfhocal): ró-fhoghlaim
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, foghlaim de ghlanmheabhair ar an tacar traenála i gcaoi a chuireann bac ar patrúin ghinearálta an tacair thraenála a fhoghlaim.
sainmhíniú (en): In the context of machine learning, memorisation of the training set that precludes learning the general patterns of the training set.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: parameter (ainmfhocal): paraiméadar
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs samhla ríomhfhoghlama, luach uimhriúil in-fhoghlama a bhíonn ag athrú le linn an próiseas traenála. Is ionann paraiméadar níos fearr a roghnú do samhail, agus 'tuiscint fhoghlamtha' (mar dhea) na samhla céanna a chur chun cinn.
sainmhíniú (en): In the context of a machine learning mode, a learnable numerical value that changes during the training process. Choosing better parameters for a model improves the model's 'learned understanding' (so to speak).
tagairtí: nótaí aistriúcháin: plausibility (ainmfhocal): inchreidteacht
sainmhíniú (ga): Airí ruda ar (dócha gur) fíor é.
sainmhíniú (en): The property of being (likely) true.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: plausibility score (ainmfhocal): scór inchreidteachta
sainmhíniú (ga): Uimhhir a dhéanann cur síos ar an dóchúlacht go bhfuil rud fíor.
sainmhíniú (en): A number that represents the chance that something is true
tagairtí: nótaí aistriúcháin: positive (aidiacht): deimhneach
sainmhíniú (ga): ag caint ar uimhir, níos mó ná 0.
sainmhíniú (en): regarding a number, above 0.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: positive (triple) (ainmfhocal): fíor-abairt (thriarach)
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graf eolais, abairt thriarach atá mar chuid den GE, agus a ndéantar frith-shamplaí dó.
sainmhíniú (en): In the context of knowledge graphs, a ground-truth triple from the KG for which various negatives are generated.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: predicate (ainmfhocal): faisnéis
sainmhíniú (ga): in abairt thriarach (a,f,c), an ceangal c a cheanglaíonn an t-ainmní a leis an gcuspóir c.
sainmhíniú (en): in a triple (s,p,o), the predicate p that connects the subject s to the object o.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: pretraining (ainmfhocal): réamh-thraenáil
sainmhíniú (ga): An próiseas a bhaineann le samhail ríomhfhoghlama a thraenáil le plean é a mion-fheabbhsú níos déanaí ar shonraí nua.
sainmhíniú (en): The process of training a machine learning model with intent to finetune it later on new data.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: probability (ainmfhocal): dóchúlacht
sainmhíniú (ga): An seans go dtarlóidh rud randamach.
sainmhíniú (en): The chance that a random event will occur.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: query (ainmfhocal): ceist
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs bunachar sonraí, ordú a chuirtear ar an mbunachar i bhfoirm cód chun freagra a fháil uaidh. Mar shampla, is féidir ceist a chur ar ghraf eolais faoi an bhfuil abairt thriarach éigin sa ngraf, nó nach bhfuil.
sainmhíniú (en): In the context of a database, an order that is given to the database in the form of code to get an answer in return. For example, a query could be put to a knowledge graph asking if a specific triple is a part of the graph, or if it is not.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: random (aidiacht): randamach
sainmhíniú (ga): Ag caint ar próiseas, gan bheith in ann é a réamhinsint ach le dóchúlachtaí.
sainmhíniú (en): Regarding a process, unable to be predicted except with probabilities.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: random sample (ainmfhocal): sampla fánach
sainmhíniú (ga): Sampla a thógtar go randamach.
sainmhíniú (en): A sample that is taken randomly.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: regularisation (ainmfhocal): tabhairt chun rialtachta
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs samhla ríomhfhoghlama, próiseas a bhfuil mar aidhm aige ró-fhoghlaim a laghdú trí méid luach na bparaiméadar a shrianadh ar chaoi éigin.
sainmhíniú (en): In the context of a machine learning mode, a process that aims to reduce overfitting by restricting the size of parameter values in some way.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: regulariser (ainmfhocal): córas rialtachta
sainmhíniú (ga): Córas a dhéanann samhail ríomhfhoghlama a thabhairt chun rialtachta le linn á traenála.
sainmhíniú (en): A system that regularises a machine learning model as it is being trained.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: relation(ship) (ainmfhocal): ceangal
sainmhíniú (ga): cuid de ghraf a nascann (nó a cheanglaíonn) dhá nód le chéile.
sainmhíniú (en): an element of a graph that serves to connect two nodes.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: sample (ainmfhocal): sampla
sainmhíniú (ga): sonra a thógtar as dáileadh staitistiúil nó as próiseas randamach.
sainmhíniú (en): a data point that is taken from a statistical distribution or random process.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: sampler (ainmfhocal): samplóir
sainmhíniú (ga): rud (m.sh algartam ríomhaireachta) a dhéanann sampláil.
sainmhíniú (en): a thing (such as a computer algorithm) that samples.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: scalar (aidiacht): scálach
sainmhíniú (ga): Uimhir nach athróg é a bhíonn á húsáid le huimhir eile a mhéadú fúithi.
sainmhíniú (en): A numerical value other than a variable, typically used in multiplication.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: score (ainmfhocal): scór
sainmhíniú (ga): Uimhir a dhéanann cur síos ar cé chomh maith atá rud (m.sh. cruinneas samhla foghlama).
sainmhíniú (en): A number describing how good something is (such as the accuracy of a machine learning mode).
tagairtí: nótaí aistriúcháin: set (ainmfhocal): tacar
sainmhíniú (ga): Grúpa rudaí (m.sh uimhreacha) nach bhfuil áirí an oird ann, agus nach mbíonn an rud céanna faoi dhó ann.
sainmhíniú (en): A group of things (such as numbers) that does not have the property of having order, and that does not have repeats.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: sigmoid function (aidiacht): feidhm siogmóideach
sainmhíniú (ga): An feidhm siogma(x) = 1 / (1 + e^(-x)) (a bhfuil cruth cosúil leis an litir 's' air agus é breactha ar graf).
sainmhíniú (en): The function sigma(x) = 1 / (1 + e^(-x)) (which has a shape similar to the letter s when plotted on a graph).
tagairtí: nótaí aistriúcháin: simulation (ainmfhocal): insamhladh
sainmhíniú (ga): Úsáid samhla ríomhfhoghlama (nó uirlisí ríomhaireachta eile) chun próiseas casta a shamhlú i bhfoirm níos simplí.
sainmhíniú (en): The use of a machine learning mode (or other computational tools) to model a complex process in a simpler form.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: sparse (aidiacht): éadlúth
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif eolais (nó fo-ghraif), gan móran ceangail le codanna eile den ghraf / den fho-ghraf.
sainmhíniú (en): In the context of a knowledge graph (or subgraph), lowly connected with other parts of the same graph / subgraph.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: sparsity (ainmfhocal): éadlúth
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif eolais (nó fo-ghraif), cé chomh éadlúth is atá sé.
sainmhíniú (en): In the context of a knowledge graph (or subgraph), how sparse it is.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: state of the art (ainmfhocal): scoth na réimse
sainmhíniú (ga): An tuiscint, samhail, eolas, nó eile is fearr i réimse eolaíochta éigin.
sainmhíniú (en): The best understanding, model, information, etc in a given scientific field.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: structural alignment (ainmfhocal): ailíniú struchtúir
sainmhíniú (ga): Cé chomh maith is a luíonn struchtúr ruda (.i. graf eolais) le cáilíocht mhatamaiticiúil eile.
sainmhíniú (en): How well the structure of something (i.e. a graph) relates to some other mathematical quantity.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: structural alignment framework (ainmfhocal): creatlach ailínithe struchtúir
sainmhíniú (ga): An hipitéis taobh thiar den tráchtas seo, a deir go bhfuil ailíniú idir struchtúr graif eolais agus cé chomh maith agus is féidir réamhinsint nasc a dhéanamh air.
sainmhíniú (en): The central hypothesis of this thesis, which states that there is alignment between the structure of a knowledge graph and how well link prediction can be done on it.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: structural alignment hypothesis (ainmfhocal): hipitéis ar ailíniú struchtúir
sainmhíniú (ga): An hipitéis taobh thiar den tráchtas seo, a deir go bhfuil ailíniú idir struchtúr graif eolais agus cé chomh maith agus is féidir réamhinsint nasc a dhéanamh air.
sainmhíniú (en): The central hypothesis of this thesis, which states that there is alignment between the structure of a knowledge graph and how well link prediction can be done on it.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: structure (ainmfhocal): struchtúr
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif, patrúin, achoimrí uimhriúil, agus staitisticí ar féidir iad a áireamh ar an ngraf (gan trácht ar brí / ciall an eolais sa ngraf).
sainmhíniú (en): In the context of a graph, patterns, numerical summaries, and statistics that can be calculated on the graph (without reference to the meaning of the information contained in the graph).
tagairtí: nótaí aistriúcháin: subgraph (ainmfhocal): fo-ghraf
sainmhíniú (ga): Cuid de ghraf eolais, atá mar ghraf eolas (níos lú) é féin.
sainmhíniú (en): A part of a knowledge graph that itself is a (smaller) knowledge graph.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: subject (ainmfhocal): ainmní
sainmhíniú (ga): in abairt thriarach (a,f,c), an chéad nód a atá mar thús ag an gceangal f.
sainmhíniú (en): in a triple (s,p,o), the first node s that acts as the head of the relationship p.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: testing (ainmfhocal): teisteáil
sainmhíniú (ga): An próiseas a úsáidtear chun fáil amach cé chomh maith (nó cé chomh dona) is a fheidhmíonn samhail ríomhfhoghlama tar éis di a bheith traenáilte.
sainmhíniú (en): The process that is used to determine how well (or how poorly) a machine learning model works after it has been trained.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: testing set (ainmfhocal): tacar teisteála
sainmhíniú (ga): Tacar sonraí a úsáidtear chun samhail ríomhfhoghlama a theisteáil.
sainmhíniú (en): The dataset used to test a machine learning model.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: to evaluate (briathar): measúnaigh
sainmhíniú (ga): Próiseas teisteála nó deimhnithe a dhéanamh ar shamhail ríomhfhoghlama.
sainmhíniú (en): To perform testing or validation on a machine learning model.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: to finetune (briathar): mion-fheabhsú
sainmhíniú (ga): Samhail ríomhfhoghlama atá traenáilte cheana a thraenáil ar sonraí nua.
sainmhíniú (en): To take a pre-trained machine learning model and train it further on new data.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: to model (ainmfhocal): samhlaigh
sainmhíniú (ga): samhail ríomhaireachta nó staitistiúil a chruthú.
sainmhíniú (en): the process of creating a (machine learning or statistical) model.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: to optimise (briathar): feabhsaigh
sainmhíniú (ga): Samhail ríomhfhoghlama a chur chun cinn trína cuid paraiméadar a nuashonrú. Is ionann feabhsú agus foghlaim ar leibhéal matamaiticiúil.
sainmhíniú (en): To improve a machine learning model by updating its parameters. At a mathematical level, optimisation is learning.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: to pretrain (briathair): réamh-thraenáil
sainmhíniú (ga): Samhail ríomhfhoghlama a thraenáil le plean é a mion-fheabbhsú níos déanaí ar shonraí nua.
sainmhíniú (en): To train a machine learning model with intent to finetune it later on new data.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: to sample (briathar): sampláil
sainmhíniú (ga): sampla a thógáil.
sainmhíniú (en): the process of taking a sample.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: to simulate (briathar): insamhail
sainmhíniú (ga): Samhlail ríomhfhoghlama (nó uirlisí ríomhaireachta eile) a úsáid chun próiseas casta a shamhlú i bhfoirm níos simplí.
sainmhíniú (en): To use a machine learning model (or other computational tools) to model a complex process in a simpler form.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: to test (briathar): teisteáil
sainmhíniú (ga): Próiseas teisteála a dhéanamh ar shamhail ríomhfhoghlama.
sainmhíniú (en): To perform testing on a machine learning model.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: to validate (ainmfhocal): deimhnigh
sainmhíniú (ga): Próiseas deimhnithe a dhéanamh ar shamhail ríomhfhoghlama.
sainmhíniú (en): To perform validation on a machine learning model.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: to-regularise (briathar): tabhair chun rialtachta
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs samhla ríomhfhoghlama, ró-fhoghlaim a laghdú trí méid luach na bparaiméadar a shrianadh ar chaoi éigin.
sainmhíniú (en): In the context of a machine learning mode, reducing overfitting by restricting the size of parameter values in some way.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: to-score (briathar): scóráil
sainmhíniú (ga): Scór a thabhairt do rud (m.sh. samhail ríomhfhoghlama).
sainmhíniú (en): To give a score to something (such as a machine learning model).
tagairtí: nótaí aistriúcháin: to-train (briathar): traenáil
sainmhíniú (ga): Próiseas traenála a dhéanamh ar shamhail ríomhfhoghlama.
sainmhíniú (en): To perform training on a machine learning model.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: training (ainmfhocal): traenáil
sainmhíniú (ga): An próiseas a bhaineann le feabhsú samhla foghlama trí sonraí foghlama a thabhairt di.
sainmhíniú (en): The process of optimising a machine learning model by giving it data to learn from.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: training set (ainmfhocal): tacar traenála
sainmhíniú (ga): Tacar sonraí a úsáidtear chun samhail ríomhfhoghlama a thraenáil.
sainmhíniú (en): The dataset used to train a machine learning model.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: transfer learning (ainmfhocal): tras-fhoghlaim
sainmhíniú (ga): úsáid cur chuige mion-feabhsaithe chun cur ar chumas samhla fhoghlama atá ann cheana (.i. atá réamh-thraenáilte) tasc nua a dhéanamh atá gaolmhar le tasc na bun-samhla.
sainmhíniú (en): the practice of fine-training a pre-existing (pre-trained) machine learning model to produce a new model that solves a different task related to the one the pretrained model could solve.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: triple (ainmfhocal): abairt thriarach
sainmhíniú (ga): abairt trí choda (a,f,c) atá mar aonad eolais bunúsach i ngraf eolais.
sainmhíniú (en): a three-part statement (s,p,o) that acts as the basic unit of knowledge in a knowledge graph.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: underfitting (ainmfhocal): foghlaim easnamhach
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, foghlaim neamh-iomlán a fhágann nach bhfuil an tsamhail in ann patrúin ginearálta a fháil ón tacar traenála.
sainmhíniú (en): In the context of machine learning, incomplete learning that results in the model not being able to learn general patterns from the training set.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: unseen (aidiacht): neamh-fheicthe
sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs tacar sonraí (m.sh. tacar teisteála / deimhnithe), gan a bheith úsáidte / feicthe le linn an próiseas traenála a dhéantar ar shamhail ríomhfhoghlama.
sainmhíniú (en): In the context of a dataset (such as the testing / validation set), not being used / seen during the training phase of a machine learning model.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: validation (ainmfhocal): deimhniú
sainmhíniú (ga): An próiseas a úsáidtear chun a mheas cé chomh maith (nó cé chomh dona) is a fheidhmíonn samhail ríomhfhoghlama le linn a traenáilte.
sainmhíniú (en): The process that is used to estimate how well (or how poorly) a machine learning model works while it is being trained.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: vector (ainmfhocal): veicteoir
sainmhíniú (ga): Liosta ordaithe uimhreacha a shamhlaíonn pointe i spás, nó aistriú sa spás céanna.
sainmhíniú (en): An ordered list of numbers that represents a displacement in space, or a point in space.
tagairtí: nótaí aistriúcháin: